Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cornadh bhun na casóige rolling the hem of the jacket
" "An ndéanfaidh mé gnaithe?" arsa Hannah agus í ag cornadh bhun na casóige.
isteach i muinchille a chasóige into the sleeve of his jacket
" “Is mise Dia!” Labhair an boc mór rúnda isteach i muinchille a chasóige agus chruinnigh a chuid fórsaí dúrúnda thart ar an chéad duine eile a raibh cuma chlúiteach air.
casóg jacket
" Níl a fhios agam an bhfuair siad uilig casóg saor in aisce ón chomhlacht Meiriceánach seo, nó breab chun a gcuid éadaí a chaitheamh, ach cibé ar bith, poiblíocht d’aon ghnó a bhí ann.
fear na casóige oifigigh i marcshlua the cavalry officer-tunic man
" Ansin, bhí fear an bhríste duibh leathair, fear na casóige oifigigh i marcshlua Arm an Tuaiscirt, fear feistithe faoi hata dubh na ‘Long Riders’, fear féasóige agus chroiméal an Grandee Spáinnigh – sea go deimhin, bhí Bob Dylan tagtha inár measc.
a chasóg his jacket
" “Ar a chlár teilifíse Frontline beidh fáinne na Gaeilge ag lonrú ar a chasóg agus nuair nach mbeidh focal cáinte ar bith ag teacht as a bhéal faoi mhúinteoirí na tíre, creidfidh an lucht féachana nach easpa Gaeilge is cúis leis.
casóg olla a woollen jacket
" Tá sé á ghléasadh féin chun bóthair: maide fada cuilinn ina ghlaic, hata stuacach os cionn an dá chluais, casóg olla air agus crios aniar faoina lár.
gléasta i gcasóga cochaill dubh dressed in black hoodies
" Bhí siad gléasta i gcasóga cochaill dubh agus bhí aghaidheanna fidil sciála á gcaitheamh acu.
Bhain sé dhó a chasóg he took of his jacket
" Bhain sé dhó a chasóg, agus leag sé ar an bpoll é agus bhí sé ag coinneáil amach an uisce go breá.
bhuail sé a sháil in aghaidh an chasóg he stroke his heel against the coat
" Seo í caint Mhichíl Uí Choinceanainn arís: 'Tháinig sé agus bhuail sé a sháil in aghaidh an chasóg ag iarraidh i a theannadh níos fearr mar bhudh ea, agus chuir sé an clár amach bunáite ó sháil go rinn, agus ansin ar ndóigh nuair a chuir, seod isteach an t-uisce, agus mar a dúirt an t-amhrán, sloigeadh an bád ansin, agus báthadh na daoine agus scaip na caoirigh anonn 's anall.