Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na cathanna céanna the same battles
"na cathanna céanna le troid acu agus atá ag Gaeltachtaí beaga eile lena gcultúr a thabhairt slán, ach tá ag éirí leo é sin a dhéanamh.
éide chatha battle armour
" Ba phíosa gualainne é den éide chatha a bhí ar Ned Kelly, an ceithearnach coille ba mhó cáil sa tír, nuair a gabhadh é in Glenrowan in 1880.
chathanna glórmhara glorious battles
" Agus scéalta fá chathanna glórmhara á n-inse cois teallaigh, ní iontas ar bith go raibh an míleatachas ina ábhar spreagtha ag daoine nuair a iarradh orthu troid ar son a muintire.
Cath na Bóinne the Battle of the Boyne
" Bhí fir as Gleann Fhinne ag Cath na Bóinne i 1690 nuair a bhuaigh Liam Oráiste ar arm an Rí Séamas II.
ag fógairt catha proclaiming battle
" Is é an chéad rud eile a mbeadh dúil ag an léitheoir leis sa scéal ar léamh na n-abairtí tosaigh sin dó - ós rud go gcastar Bullaí Mhártain air agus é ag imeacht as baile ag fógairt catha ar shaol sin an rince nár casadh ar an léitheoir go fóill - go léireofar sa scéal contrárthacht a bheith fada buan idir an dá ghné de shaol Bhullaí Mhártain, idir saol an bhaile agus saol an rince.
cath battle
" Teachta Dála agus iar-aire é Eoin Ryan, fear ó chúlra meánaicmeach i ndeisceart na cathrach a raibh a athair agus a sheanathair roimhe beirt lárnach i bhFianna Fáil.
mhachaire catha battlefield
" " Dúradh sa tuairisc chéanna: "Thosaigh na caismirtí Dé Luain i gceantar Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste agus fir Oráiste Phrotastúnacha ag máirseáil tríd an cheantar le ceiliúradh a dhéanamh ar bhua cáiliúil ar na Caitlicigh ar an mhachaire catha breis is 300 bliain ó shin.
cathanna inimirce immigration battles
" "Seo an chéad uair nach raibh muid ábalta fadhb chomh mór seo a shárú," a deir Siobhan Dennehy, bean a bhfuil neart cathanna inimirce troidte aici ó bhí na hochtóidí ann.
ag troid cath laochta fighting an heroic battle
" Is minic a ritheann sé liom go bhfuil siad ag troid cath laochta.
ag troid cath laochta fighting an heroic battle
" Is minic a ritheann sé liom go bhfuil siad ag troid cath laochta.
cath battle
" ” Tá sé tógtha le cúrsaí pleanála faoi láthair, ach beidh ceist éigin eile ann amach seo, nuair a bheidh an cath seo troidte aige.
Cath Thaobh an Bhogaigh the Battle of the Bogside
" Tá “Cath Thaobh an Bhogaigh” agus an bhatráil a tugadh do phobal náisiúnach Dhoire beo fós i gcuimhne mhuintir na cathrach sin.
cath Chionn tSáile the battle of Kinsale
" Ba ghearr le tubaiste náisiúnta ar aon dul le cath Chionn tSáile an toradh i gcoinne na hEilvéise i bhfianaise a raibh á thuairisciú i nuachtáin, agus ar stáisiúin raidió agus teilifíse na tíre.
láithreacha catha battlefields
" Chaith mé dhá lá i mbaile Bruges i mí Lúnasa ag baint taitnimh as an atmaisféar agus as na foirgnimh mheánaoiseacha, ag triail na mbeoracha áitiúla agus ag ithe go leor seacláide! Bhí sé beartaithe agam le fada iarracht a dhéanamh láithreacha catha an Chéad Chogadh Domhanda a fheiscint, toisc grinnstaidéar a bheith déanta agam ar an ábhar seo nuair a bhí mé i mo mhac léinn staire.
seanláthair chatha an old battlefield
" seanláthair chatha ======= Thugamar cuairt ar Chnoc 60, seanláthair chatha atá fágtha díreach mar a bhí sé i 1918, toisc gur thit na mílte fear ansin.
gháir chatha battle cry
" Bunaíodh as muintir na hÉireann iad 150 bliain ó shin i Nua-Eabhrac, faoin mana atá mar gháir chatha acu go fóill, "Faugh A Ballagh," mana a fheictear scríofa ar a mbratacha go fóill.
Cath Ghort na Lonta Dubha the Battle of the Field of Blackbirds
" Creach oscailte ======= Téann fréamhacha na caismirte seo siar chomh fada le Cath Ghort na Lonta Dubha i 1389.
láthair an chatha ab fhuiltí den chogadh sin the site of the bloodiest battle of that war
" Múnla is ea an t-éirí amach do nach mór gach réabhlóid náisiúnta ó shin i leith, ach cad mar gheall ar an gcogadh cathartha? Cén rian a d'fhág sin ar Mheiriceá? Thugamar cuairt ar Gettysburg, láthair an chatha ab fhuiltí den chogadh sin, chun níos mó a fhoghlaim faoin gcogadh agus faoin eachtra féin.
blár an chatha the battlefield
" Más ea, ámh, thuigeamar ar an gcéad lá nárbh fhéidir linn blár an chatha a shiúl mar shaighdiúirí, agus é 3,000 acra ar mhéid.
gur thit an cath amach that the battle occurred
" I ndáiríre, b’in an fáth gur thit an cath amach in Gettysburg – b’fhurasta na saighdiúirí a mháirseáil ann ar na seacht mbóthar mhóra a tháinig isteach go dtí an baile.
ar gháir chatha Gaelach on an Irish battle-cry
" Deirtear go bhfuil an t-amhrán “A Rush and a Push and the Land is Ours” bunaithe ar gháir chatha Gaelach a dtagraítear di i ndán de chuid Speranza (máthair Oscar Wilde).
ní chaithfear puinn níos fear leosan má ghabhtar iad i gcath they won't be treated any better if they're caught in battle
" A réasúnaíocht: má chuireann arm Mheiriceá Coinbhinsiún na Ginéive ar leataobh agus iad ag déileáil lena gcéilí comhraic, ní chaithfear puinn níos fear leosan má ghabhtar iad i gcath.
athachtú cathanna battle enactments
" ” Tá Mark agus Paul ina mbaill de Ghild Eorpach an Chomhraic Stairiúil, dream a bhíonn páirteach go minic in athachtú cathanna.
nuair a cheiliúrann dílseoirí Cath na Bóinne when the loyalists celebrate the Battle of the Boyne
" Bhí an 12 Iúil ag teacht, nuair a cheiliúrann dílseoirí Cath na Bóinne, agus bhí an caisleán maisithe le bratacha.
i gcath in a battle
" Deirtear gur faoi thalamh a d’imigh na Tuatha Dé Danann nuair a cloíodh iad i gcath le muintir Aimhirgin.
go bhfuil an cath áirithe sin caillte that that particular battle is lost
" Bíodh sin amhlaidh, is dócha go bhfuil an cath áirithe sin caillte agus is fearr aithne ag daoine air mar “Phádraig” agus gurbh fhearr, i bhfianaise lucht léitheoireachta an leabhair seo, cloí leis an leagan coitianta.
tá tús curtha leis an gcath, the battle has begun,
" “I gcás an bhithsféir, a éiceachórais, tá tús curtha leis an gcath, ar a laghad.
cathanna battles
" Troideadh cathanna i Manhattan aimsir na Réabhlóide, creid nó ná creid.
láithreán an chatha. the site of the battle.
" Is féidir siúlóid a dhéanamh go láithreán an chatha.
níl an cath caillte fós. the battle isn't lost yet.
" Nach féidir? An féidir? Ná bíodh imní oraibh a mhuintir Chónra na Gaeilge, níl an cath caillte fós.
Cath na sléibhte battle of the mountains
" **Cath na sléibhte** De réir na Maorach, ba dhéithe agus laochra iad na sléibhte i lár an oileáin thuaidh.
cuireadh tús leis an gcath, the battle began,
" Ansin cuireadh tús leis an gcath, le toirneach, tuar ceatha cloiche agus rachtanna feirge uathu uilig a mhair ar feadh laethanta fada.
chuig comórtas chath na mbannaí. to a battle of the bands competition
" Tá muid ag breathnú ar amaidíocht Jack Black sa scannán *The School of Rock *agus é ag tógáil scaifte páistí scoile chuig comórtas chath na mbannaí.
sa chath. in the battle
" Chuir sé ina luí ar a mhac ceithre bliana déag d’aois páirt a ghlacadh sa chath.
Chath battle
" Más fíor do Boutros-Ghali, cén fáth nach raibh na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain ag iarraidh stop a chur leis an gcinedhíothú? Deirtear go minic go raibh drogall ar na Meiriceánaigh dul isteach i dtír Afracach eile mar gheall ar Chath Mogadishu, eachtra “threampánach”, inar maraíodh ocht saighdiúir déag, a tharla sa tSomáil sa bhliain roimhe sin (http://www.
cathanna sráide street battles
" Agus lucht an pháirtí ag argóint eatarthu féin in International Amphitheatre, Chicago, bhí póilíní i mbun cathanna sráide le lucht agóide ar fud na cathrach, agus ar ndóigh, craoladh an t-ainriail seo go léir beo ar an teilifís.
Cath Thaobh an Bhogaigh The Battle of the Bogside
" He then failed to take action such as control over security following the Burntollet Bridge ambush in January 1969 and he failed to ban the Apprentice Boys march in Derry on August 12 1969, even though he said he opposed it taking place," Thosaigh an pharáid seo Cath Thaobh an Bhogaigh agus bhí McNamara i nDoire ó 11 Lúnasa.
gháir chatha battle cry
" Ní tharlaíonn rud ar bith ar feadh bomaite uafásach go dtí go n-éiríonn cineál de gháir chatha agus tarraingítear na príosúnaigh nochta amach duine ar dhuine le smísteáil fhíochmhar a fháil agus iad ar na ceithre boinn ag dul suas an dorchla.
cath le cur war to be fought
" Ba é tuairim na saineolaithe le fada, freisin, gurbh obair in aisce é cogadh na hIaráice, agus gur san Afganastáin a bhí an cath le cur dáiríre.
mhachaire chatha battle field
" Is pictiúr íocónach é an ‘Saighdiúir ag Titim’ ach deir an léachtóir José Manuel Susperregui nár glacadh é ar an mhachaire chatha i Cerro Murianao, mar a chreidtear, ach in áit tuaithe eile darb ainm Llano de Banda, cúig míle fichead ar shiúl.
cath battle
" Oilithreacht Cholm De réir na staire, bronnadh an t-oileán ar Cholm Cille nuair a bheartaigh sé dul ar deoraíocht tar éis cath fuilteach Chúil Dreimhne (sa bhliain 561), ar bhraith sé féin ciontach as, i mbealach nach dtuigim, ach tugadh breith air: Mona beith briathra MolaisiGun crois os Áth Iomlaise, Nochon fhuicfindse re mo lindSaeth nó galar a nÉirind.
Cath battle
" In iarthar na Cathrach, thart ar 40 nóiméad ar an traein ó Ardeaglais Notre Dame i gceartlár Pháras, atá an baile St Germain-en-Laye.
gáir chatha war cries
" Ní hé go bhfuil buille na gclaimhte nó gáir chatha le cluinstean, nó bhí trí céad bliain idir seasamh deireanach na bhfíor-Ghael agus an daonáireamh atá i gceist againn anseo.
chatha battle
" Tá focail eile ar fáil sa Ghaeilge don ghnó céanna, focail a thagann ó réimse na saighdiúireachta agus an chatha ar nós ‘cafarr’ agus ‘ceannbheart’.
cath battle
" Mar a dúirt mé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite, níl an cath caillte ná baol air.
cath battle
" An Ghaeilge Éigeantach Bhíos im’ dhíograiseoir óg siar sna seascaidí nuair a troideadh an cath faoi Ghaeilge éigeantach.
éinín na gcéadta cath survivor of many battles
" Tá lucht leanta sacair an domhain fós faoi dhraíocht ag Diego Armando Maradona ach is beag acu, dar liom, a bhí ag súil go mbeadh ról baileach chomh lárnach ag éinín na gcéadta cath i bpríomhócáid spóirt an tsamhraidh seo.
cath fíochmhar fierce contest
" 
“Ní athróidh próiseacht s'againne,” arsa Sinn Féineach amháin liom agus é ar nós cuma liom, ach beidh cath fíochmhar le troid acu féin agus ag an SDLP faoi leasa sóisialaigh, faoi fhostaíocht, faoi aire a chinntiú do sheandaoine agus do pháistí, a thuar sé.
rosc catha anthem
" "Cosa nite, lámha glana," a bheas againn mar rosc catha don am atá le teacht.
buafar an cath the battle shall be won
" Le haontas agus le glór phobal na Gaeilge (agus cás cúirte i gcoinne na Roinne Oideachais agus Scileanna) buafar an cath seo, táim cinnte.
Cath battle
" Níl sléacht 1641, Cath an Somme, Síniú an Cúnaint agus Parlaimint Phrotastúnach do phobal Protastúnach anois mar spreagadh ag na páirtithe Aontachtacha níos mó.
cath a throid to fight a battle
" Dá bharr sin, is beag a bhfaighidh aon phobal nach mbeidh in ann é féin a eagrú agus a chur chun cinn, agus a mbeidh ar a chumas cath a throid ar son acmhainní an stáit.
an cath bainte the battle's won
" Ó thaobh na miondíola de, tá sé soiléir le fada go bhfuil an cath bainte ag leithéidí Amazon agus gur gearr go mbeidh deireadh ar fad leis an tseansiopa leabhair.
cathanna luatha early battles
" Chuir Risteard na cathanna luatha ar son na Gaeilge san ollscoil sin agus bhain sé na cathanna luatha.
Chath battle
" Bhí parlaimint acu féin, in áit darbh ainm Thingwall (cosúil leis an Tynwald i Manann agus Dingwall in Albain) Tháinig teifigh eile as Éirinn go dtí an Cilgwri tar éis Chath Chluain Tarbh 1014.
gcath battle
" Ina leabhar breá, The Great War and Modern Memory, do cháin Paul Fussell na foinsí stairiúla traidisiúnta a d’úsáidtí de ghnáth chun uafás an Chogaidh Mhóir a scagadh; nuachtáin, díospóireachtaí parlaiminte, dialanna pearsanta, litreacha dar cuireadh abhaile ón gcath.
cosmhuintir na gcath the basic foot-soldiers
" Toisc ná raibh na scileanna liteartha seo ag cosmhuintir na gcath, ’sé sin na saighdiúirí íosaicmeacha ach go háirithe, ní fhéadfaí a rá gur chuir siad claonadh liteartha ex post facto ar a gcuid scríbhinní.
ar pháirc an chatha on the playing field
" Cur isteach ar lá iomlán ceiliúrtha ab ea comórtas seo na caide, ach níor chuir sé sin as dá ndíograis ar pháirc an chatha i ndeireadh na dála! Laghdú Foirne ===== Toisc gurbh é an babhta deiridh de chraobh na bliana seo níor éirigh leis an uile fhoireann an turas a dhéanamh go dtí an Cruinne.
pé ar bith faoi chathanna caide whatever about football battles
" Fillfidh na míoltóga ar an gcathair seo, ar ndóigh, agus caithfear dul i gcomhrac go glic leo an athuair; ach fillfidh lucht na peile, leis, agus pé ar bith faoi chathanna caide a fhearadh orthu siúd amach anseo, cuirfear fáilte mhór rompu chomh maith leis!
cailleadh le linn chath killed in the battle
" Ní furaist éalú ó scáth drúiseach Whitman agus úrscéal conspóideach Vidal The City and the Pillar (1948), nó na chéad chaibidilí dhraíochtúla sin ina chuid cuimhní cinn, Palimpsest (1995) a bhaineas lena ghrá geal do Jimmy Trimble, ógánach caillte an chúil cheangailte dár cailleadh le linn chath Iwo Jima i 1945.
Cath Taobh an Bhogaidh The Battle of the Bogside
" Níl mé ag rá gur chuir mé tús leis na Trioblóidí ach phléasc achan rud ansin agus thosaigh Cath Taobh an Bhogaidh.
Mhair an cath ar feadh the battle lasted
" " Mhair an cath ar feadh thrí lá agus thrí oíche agus gach duine sa phobal diongbháilte nach mbeadh an bua ag an RUC a raibh oiread sin fuatha acu dóibh nó ag na Paisleyites a bhí ag cuidiú leo.
An Seanad, Blár Catha na Bliana the Senate, the real decider
" An Seanad, Blár Catha na Bliana ================= Ar dtús, Teach na nIonadaithe.
mar a bheadh láthair chatha ann like a battle field
" Bhí barr an tsléibhe mar a bheadh láthair chatha ann agus na cosa ag imeacht ó na cnocadóirí cróga.
Bhí fuadar fúthu ag breacadh rosc catha they were busy writing slogans
" Bhí fuadar fúthu ag breacadh rosc catha ar ghiotaí cartchláir agus ag péinteáil aghaidheanna a chéile.
faoin gcath a chuir sé suas le fanacht ina bheatha about his fight for life
" Bliain is fiche d’aois, 5’11” ar airde agus meáchan breá folláin 10 gcloch ann, ní bheadh a fhios agat ag breathnú ar Simon Metin faoin gcath a chuir sé suas le fanacht ina bheatha.
atá i lár cathanna le bia who are in the middle of battling with food
" “Tá na céadta teachtaireachtaí faighte agam ar Youtube ó fhir óige atá i lár cathanna le bia.
Tá cath caillte ag an ngluaiseacht ar son na beatha the movement for the protection of the unborn has lost the battle
" **SMM: Tá cath caillte ag an ngluaiseacht ar son na beatha.
Tá an cath sin tugtha that battle has been fought
" Tá an cath sin tugtha agus tá súil ag an rialtas go gcoinneoidh Comhaontú Bhóthar Haddington srian ar chostas páidhe agus go gcuideoidh sé le feidhmiúlacht na státseirbhíse a fheabhsú.
ina láithreacha catha acu their battlegrounds
" Coimhlintí dúichíocha, seicteacha a bhí ar bun don chuid is mó agus bhí pictiúrlanna, hallaí damhsa agus páirceanna peile ina láithreacha catha acu.
san iliomad cath in so many battle(s)
" Ar ndóigh, bhí an-dáimh ag Éireannaigh leis an Spáinn agus bhí na Spáinnigh an-bhuíoch de na Gaeil a throid ar a son san iliomad cath agus mar gheall ar nasc ársa a maíodh idir an dá thír fríd Chlann Míleadh.
cath ríthábhachtach a very important battle
" Chomh maith, ba é Brown a bhain an cogadh idir an Airgintín agus an Bhrasaíl ar bunaíodh Uraguaí mar thoradh air agus a bhain cath ríthábhachtach a chuir bun faoi neamhspleáchas Buenos Aires.
teoranta do chathanna inmheánacha limited to internal battles
" Ach ní gá go mbeadh sé sin teoranta do chathanna inmheánacha sna heagrais Ghaeilge, nach mbeadh ina ábhar suime ach do dhornán beag daoine.
Ní Mór an Cath a Throid the battle must be fought
" An tír nach bhfuil in ann í féin a riaradh agus a rialú mar is ceart, cén chaoi a mbeadh sí aontaithe in uair na cinniúna? Cén chaoi a mbeadh sí in ann polasaithe fad-téarmacha éifeachtacha a chur le chéile? Ní Mór an Cath a Throid ======== Is cinnte go bhfuil fórsaí cumhachtacha domhanda ag brú an daonlathais as a riocht.
an cath ar son na Gaeilge the battle for Irish
" Dhá lá tar éis an cinneadh cinniúnach a bheith déanta scríobh Tomás Bán Ó Con Cheanainn, litir ag cara inar dúirt sé go raibh an cath ar son na Gaeilge san Ollscoil nua buaite agus lean sé air lena rá: *“Hyde says it is the biggest and most momentous event in the history of the country of the past 200 years.
mblár catha battle field
" Tuigtear do Bhearnaí Ó Doibhlin go bhfuil an t-athmheas, in ionad an drochmheasa mar a bhíodh, ag muintir na hAstráile ar na sluaite saighdiúirí a fuair bás ar an mblár catha ag Gallipoli sa Tuirc in earrach na bliana 1915.
gháir chatha battle cry
" Is é a gháir chatha feasta: Éalaímis as an Duibheagán!
bhfuil an cath caillte the battle’s lost
" Bhí Donncha Ó hÉallaithe i láthair ag seoladh an straitéis is deireanaí ag an rialtas chun an Ghaeilge a shlánú sa nGaeltacht, ach ceapann sé go bhfuil an cath caillte sa nGaeltacht de dheasca an chur chuige atá molta.