Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cogadh cathartha civil war
" Go stairiúil bhí DC ina cheann scríbe do go leor inimirceach, ach tháinig méadú ar an líon daoine a bhí ag triall ar an chathair de réir mar a chuaigh an cogadh cathartha in El Salvador in olcas sna hochtóidí.
chogaidh chathartha civil war
" "Bhí Oliver Cromwell ina chónaí i Warrington i rith an chogaidh chathartha.
an Chogaidh Chathartha The US Civil War
" Tá cur síos den scoth ag Golway are an FDNY le linn an Chogaidh Chathartha, an t-athrú trioblóideach ó fhoireann dheonach go foireann a íocadh sna 1860í, agus "blianta cogaidh" na 1960í agus na 1970í, ach tá dhá théama a thagann chun cinn arís agus arís eile in *So Other Might Live*: uafás an 11 Meán Fómhair agus an ról lárnach a bhí ag na hÉireannaigh sa rannóg.
cogadh cathartha civil war
" Is eagal liom, nuair a bheidh dearmad déanta ar na scannail go léir a nochtadh faoi mhórúdaráis an stáit seo, go mbeidh líon mór daoine, agus ní i gCorcaigh amháin, a mbeidh fós cuimhne acu ar an dara cogadh cathartha, mar a chonacthas dóibhsean é, a bhris amach ar an oileán seo le linn mhí an Mheithimh 2002.
Chogadh Cathartha na Spáinne the Spanish Civil War
" Chuir Hitler na buamadóirí isteach chun tacaíocht a thabhairt do na faisistigh le linn Chogadh Cathartha na Spáinne.
leis an Chogadh Cathartha a bhuachan to win the Civil War
" Chabhraigh sé leis an Aontacht an t-airgead a bhailiú leis an Chogadh Cathartha a bhuachan, ag am a bhí siad ar an ghannchuid.
le linn an chogaidh chathartha during the civil war
" Ag an am bhí a hathair i bpríosún ar chúiseanna polaitiúla, agus ní raibh sé ró-éasca dá máthair post a fháil, toisc nach raibh sí sásta an mhóid dílseachta a bhí ar oibrithe an stáit a ghlacadh le linn an chogaidh chathartha a ghlacadh.
cogadh cathartha civil war
" Doiligh daoine a mhealladh ======= Rud eile a chuireann isteach ar an SDLP, dar le Bríd, ná go raibh 23 éigin bliain ann, ó thitim an Comhthionóil dheireanaigh i 1975, nuair ba bheag polaitíocht a bhí ann; bhí sé dainséarach a bheith páirteach sa pholaitíocht agus bhí cogadh cathartha ann i ndáiríre.
chogadh cathartha civil war
" Anuraidh, cuireadh 2,000 saighdiúir faoi cheannas na hAstráile go dtí Oileáin Sholomon le réiteach a fháil ar chogadh cathartha a bhí ar siúl ansin.
le linn an chogaidh chathartha during the civil war
" D’fhan sé féin i mBéiriút le linn an chogaidh chathartha sa tír sin.
aimsir an chogaidh chathartha during the time of the civil war
" Thar na trí lá a chaitheamar i bhfoisceacht an bhláir, chonaiceamar scórtha de na daoine seo ag máirseáil, ag campáil, ag druileáil, agus ag déanamh gach rud eile a dhéanadh an gnáthshaighdiúir aimsir an chogaidh chathartha.
búistéir an chogaidh chathartha the butcher of the civil war
" Ní raghadh sé in aon chomhrialtas le Fine Gael dá mbeadh “búistéir an chogaidh chathartha” ina Thaoiseach.
le linn an chogaidh chathartha during the civil war
" Seachas an t-amhrán sin agus na scéalta uafáis a tháinig ón ait le linn an chogaidh chathartha sna nóchaidí, ba bheag eolas a bhí agam faoi Mhósaimbíc go dtí gur shroich mé í ón Afraic Theas ag tús mhí an Mheithimh.
de bharr an Chogaidh Chathartha because of the Civil War
" Leis an leathadh daoine a tharla de bharr an Chogaidh Chathartha, scaip an cluiche ar fud na Stát Aontaithe.
ó aimsir an chogaidh chathartha. since the time of the civil war.
" Má thoghtar Ford, beidh seanadóir gorm i ndeisceart na Stát Aontaithe den chéad uair ó aimsir an chogaidh chathartha.
sa chogadh cathartha, in the civil war,
" Ba chosúil, dar leis, go raibh ag éirí go maith le harm na hAontachta sa chogadh cathartha, agus ba mhian leis altú a thabhairt dá réir.
cogadh cathartha, civil war,
" Faraor, ní raibh sé ag súil le cogadh cathartha, gan go leor trúpaí aige chun smacht a choinneáil ar an tír.
mórthubaiste an Chogaidh Chathartha the big disaster of the Civil War
" Cé go raibh críoch chaithréimeach leis an scannán *Mise Éire *a tháinig amach dhá bhliain roimhe sin, ní hamhlaidh do *Saoirse?* An chúis atá leis sin ná go gcuimsíonn sé tréimhse inar tharla ní hamháin Cogadh na nDubhchrónach, an sos cogaidh, an Conradh, bunú an tSaorstáit agus córas rialtais Stormont ach ar ndóigh mórthubaiste an Chogaidh Chathartha freisin.
na himeachtaí ba chionsiocair leis an gCogadh Cathartha the events that gave rise to the Civil War
" Ríomhann an scannán na himeachtaí ba chionsiocair leis an gCogadh Cathartha nó Cogadh na gCarad.
cogadh cathartha civil war
" Is taisce púdair an réigiún uilig, réigiún a bhfuil an ghráin aige ar an bhfolús, agus réigiún a líonfaidh an folús sin le cogadh cathartha a tharraingeoidh gach comharsa, Iosrael san áireamh, isteach.
i gCogadh Cathartha na Spáinne. in the Spanish Civil War.
" Tá saothar a rinne an bheirt acu féin le feiceáil thart timpeall Bhéal Feirste, chomh maith le dhá mhúrmhaisiú shuntasacha ar oibrigh an bheirt acu le chéile orthu – ceann amháin atá bunaithe ar leagan de *Guernica*, pictiúr cáiliúil Picasso, agus ceann eile a dhéanann ceiliúradh ar na briogáidí idirnáisiúnta a throid in éadan Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne.
i rith chogadh cathartha na Liobáine during the Lebanese civil war
" Chaith sé tréimhsí ag tuairisciú ó ionaid choinbhleachta i rith chogadh cathartha na Liobáine sna hochtóidí agus sa Bhoisnia le linn na nóchaidí.
faoi thús an chogaidh chathartha by the beginning of the civil war
" Cé go raibh méadú tagtha ar líon na sclábhaithe i Meiriceá faoi thús an chogaidh chathartha – uair a bhí 4.
i rith an Chogaidh Chathartha. during the Civil War.
" Cailleadh athair Chaitlín san eachtra a tharla i mBaile an tSíoda i rith an Chogaidh Chathartha.
cogadh cathartha civil war
" Ach ní háiféis é a rá go mbrisfeadh cogadh cathartha amach dá mbainfí de líon na n-arm atá acu faoi láthair.
roimh an gcogadh cathartha before the civil war
" **Tacaíocht láidir**Is amhlaidh go raibh na Stáit Aontaithe ag tabhairt tacaíocht láidir d’arm treallchogaíoch na Batutsi – Rwandan Patriotic Front (RPF) – roimh an gcogadh cathartha i Ruanda.
Cathartha civil
" Teideal a thuill sé as na pictiúir fuinniúla, neamhghéilliúla a sheol sé chucu inar thaispeáin sé saighdiúirí Meiriceánacha ag teacht i dtír ar D-Day nó radharcanna ó Chogadh Cathartha na Spáinne.
cogadh cathartha civil war
" D’éirigh deighilt ghéar áfach, idir an dá pháirtí polaitíochta is mó ann a bhí ar son neamhspleáchais sa bhliain 1975, agus d’eascair cogadh cathartha as an agóid eatarthu.
chathartha civic
" Bhí an Fóram ina fhaiche mhargaidh chomh maith le bheith ina cheantar ghnó/chathartha agus bhíodh teampaill, teach seanaid agus cúirteanna dlíthe ann fosta.
chogadh cathartha civil war
" Chaith Keenan 1574 lá i mbraighdeanas, é ceilte in áiteanna éagsúla sa chathair agus ar fud na Liobáine, tír a bhí á scriosadh de réir a chéile sa chogadh cathartha idir Hezbollah, na Falangaithe, buíonta Moslamacha agus airm Iosrael agus na Siria i rith na n-ochtóidí.
chogadh cathartha civil war
" Bhí sé páirteach sa chogadh cathartha san Afganastáin an bhliain dár gcionn, ag troid ar son na dTalaban.
le cogadh cathartha a sheachaint to avoid a civil war
" Tá Parlaimint Shasana ann le cogadh cathartha a sheachaint, ach d'fhobair do chogadh cathartha titim amach in Éirinn le linn an ama sin mar shantaigh ceann de pháirtithe móra Wesminster, An Páirti Coimeadach agus Aontachtach, shantaigh siad cumhacht nach raibh acu ó 1905.
d'fhobair do chogadh cathartha titim amach a civil war almost happened
" Tá Parlaimint Shasana ann le cogadh cathartha a sheachaint, ach d'fhobair do chogadh cathartha titim amach in Éirinn le linn an ama sin mar shantaigh ceann de pháirtithe móra Wesminster, An Páirti Coimeadach agus Aontachtach, shantaigh siad cumhacht nach raibh acu ó 1905.
Críoch luath an Chogaidh Chathartha the early endo f the Civil War
" Críoch luath an Chogaidh Chathartha curtha sa bhfiontar aige dá bharr.
cogadh cathartha civil war
" Cé nárbh é an sclábhaíocht an t-aon chúis le cogadh cathartha na Stát Aontaithe in 1861, ba cheist lárnach í, agus faoi 1865 bhí úinéaracht daoine in aghaidh an dlí in gach ceann de na Stáit Aontaithe.
cuireadh tús le cogadh cathartha the civil war was started
" Mar thoradh ar an coup d’état seo, cuireadh tús le cogadh cathartha i nGuatamala a mhair ó 1960 go 1996 inar maraíodh suas le ceathrú milliúin Guatamalach.
i ndiaidh cogadh cathartha na tire after the civil war
" Bhí mórchuid de lucht gorm na háite sin ina sclábhaithe go dtí 150 bliana ó shin, ach fiú má saoradh iad i ndiaidh cogadh cathartha na tire in 1865, níor coscadh an ciníochas.
cogadh cathartha ag leanacht ar aghaidh civil war going on
" Agus tá an cogadh cathartha ag leanacht ar aghaidh sa tSiria le dhá bhliain anuas.
Chogaidh Chathartha civil war
" Faraor, scriosadh na gnólachtaí sin ag tús an Chogaidh Chathartha sa Spáinn agus bhí air Balenciaga bogadh go Páras na Fraince agus tosú in athuair.
le linn an Chogaidh Chathartha during the Civil War
" Tá an-mheas go fóill, a deir Tony Birtill, orthu siúd as Éirinn agus an Bhreatain a throid in aghaidh na bhfaisisteach sa Spáinn le linn an Chogaidh Chathartha sna tríochaidí.