Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann All-Ireland Hurling Final
" I 1961 d'imir foireann shinsear Átha Cliath i gcoinne Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann.
Bhanc Ceannais na hEorpa European Central Bank
" Tá na rátaí úis athraitheacha nasctha le ráta úis Bhanc Ceannais na hEorpa (BCE) (3.
Cluiche Ceannais na hÉireann The All-Ireland Final
" Ar nós mar a rinne Kevin Heffernan le hÁth Cliath sa pheil, d'éirigh le Cyril Farrell foireann iomána na Gaillimhe a thabhairt ó umar na haimléise go dtí an buaicphointe i 1980, nuair a bhuaigh siad ar Luimneach i gCluiche Ceannais na hÉireann.
ceathrú ceannais quarter-final
" Is aisteach ar bhealach méid an fháiltithe agus an ceiliúradh a deineadh mar, tar éis an tsaoil, is foireann í seo nár bhuaigh aon chraobh ná corn agus nár éirigh léi dul chomh fada fiú amháin le cluiche ceathrú ceannais an chomórtais.
Cluiche Ceannais na hÉireann All-Ireland Final
" Sa chéad bhliain sin d'éirigh le Tiobraid Árann Cluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach in ainneoin gur bhuail an Clár iad i gcluiche ceannais na Mumhan.
cluiche ceathrú ceannais peile quarter-final football match
" An lá a chuaigh mé féin ar cuairt chuige bhí an cluiche ceathrú ceannais peile idir Dún na Gall agus Baile Átha Cliath le bheith beo ar an teilifís ón ceathair a chlog ar aghaidh agus, mar sin, d'iarr sé orm bualadh isteach chuige timpeall leath i ndiaidh a dó.
ghabháil ceannais míleata military coup
" " Cén fáth a bhfuil scannáin chomh maith seo ag teacht ón Iaráin, tír a bhfuil droch-chlú uirthi san Iarthar mar gheall ar ré na gcléireach Ioslamach, a thosaigh sa bhliain 1979? Thosaigh Ré Nua na Scannánaíochta Iaránaí i rith réimeas an tSeá, a fuair a ríchathaoir ar ais i 1953 mar gheall ar ghabháil ceannais míleata a d'eagraigh an CIA agus seirbhís rúnda na Breataine.
cluichí leath ceannais agus ceannais semi-final and final matches
" Agus mé i láthair ag cluichí leath ceannais agus ceannais na hÉireann i mbliana, bhain imirt Chill Chainnigh, Thiobraid Árann agus uaireanta imirt an Chláir, na Gaillimhe agus Phort Láirge an anáil díom.
i gCluiche Ceannais Chorn an FA in the FA Cup Final
" Bhí mé ag Wembley i 1989 nuair a fuair sé an chéad chúl sa bhua 3-2 in aghaidh Everton i gCluiche Ceannais Chorn an FA.
an cluiche ceathrú ceannais the quarter-finals
" Cé go bhfuil siad sa dara roinn anois, rinne siad go maith i gCorn an FA (bhain siad an cluiche ceathrú ceannais amach) agus i gCorn Worthington (cluiche ceannais) nuair a bhí Aldridge ina bhainisteoir.
i gceannas in charge
" An bhliain chéanna d'iarr John Bailey, Cathaoirleach Choiste Átha Cliath, air dul i gceannas ar fhoireann shinsear iománaíochta Átha Cliath (bhí tamall gairid caite aige roimhe sin ag cabhrú le foireann Choláistí Átha Cliath).
gcluiche ceannais final
" Bhuaigh siad ar Thiobraid Árann (a raibh Pat Fox agus Nicky English ag imirt dóibh) sa chéad bhabhta ach bhuaigh Corcaigh orthu i gcluiche ceannais na Mumhan.
faoi cheannas na Sasanach under the control of the English
" Bhí Fánaid anois faoi cheannas na Sasanach agus tugadh an talamh don Tiarna Liatroma.
tráth a bhí na Gaill i gceannas sa tír when the English were in power in the country
" Mhínigh Barra dhom go raibh cosc ar Ghaeil, tráth a bhí na Gaill i gceannas sa tír, aon bhall éadaigh buí a chaitheamh agus, dá bhrí sin, gur chúis mhórála dó féin an dath buí a bheith air go minic.
sa chluiche ceathrú ceannais in the quarter-final
" Ach is é córas an chraobhchomórtais, a chinntíonn go mbíonn míbhuntáiste na heaspa taithí ag gach foireann as Ulaidh (an cuimhin le héinne Doire dhá bhliain ó shin i gcoinne Uíbh Fháilí?) nuair a théann siad chun páirce sa chluiche ceathrú ceannais croílár na faidhbe.
i gceannas air in charge of it
" Ionsaí ar Trimble ======= Ach cad é fán UUP? An féidir gur UUP agus Jeffrey Donaldson i gceannas air a bheas ag glacadh páirte i cibé idirbheartaíocht a bheas i gceist? Is léir go bhfuil eite fhrith-Chomhaontaithe an pháirtí réidh le hionsaí mór a dhéanamh ar Trimble le hé a dhíshealbhú.
Bhanc Ceannais na hÉireann the Central Bank of Ireland
" Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am).
i gceannas ar in charge of
" Dúirt sé liom go dtáinig an conraitheoir a fhad leis agus gur chuir sé ceist ar mo dhuine cé bhí i gceannas ar an cheantar.
i gceannas ar in charge of
" Mar a léirigh clár "Panorama" an BBC anuraidh, tá an té a bhí i gceannas ar an FRU anois ag obair in Ambasáid na Breataine i mBeijing.
an Banc Ceannais the Reserve Bank
" Is iad an Banc Ceannais, atá neamhspleách ar an rialtas, a shocraíonn na rátaí oifigiúla (5.
ceannas charge
" Ansin rinne sí saibhreas mór a charnadh sa chéad Chrosáid, nuair a ghlac Ardeaspag Pisa ceannas ar loingeas iomlán na cathrach i gcogadh in éadan na Moslamach.
cluichí ceannais finals
" Lá Fhéile Pádraig agus cluichí ceannais na gclub thart le haghaidh bliana eile.
i gceannas orthu in command of them
" Bhí 1,000 saighdiúir ar bord agus an Ginearál Humbert i gceannas orthu.
i gcluiche ceannais Chorn na hEorpa in the European Cup final
" Ní bratach Celtic a bhí ann ná trídhathach féin! Bratach Liverpool a bhí ann i ndiaidh a mbua ar AC Milan (a bhunaigh Sasanach, dála an scéil!) i gcluiche ceannais Chorn na hEorpa.
i gceannas in charge
" Leithéidí Malcolm Glazer a bheas i gceannas feasta.
i gceannas ar in charge of
" Fuair sé ardmholadh de bhrí go raibh sé i gceannas ar an chomhlacht le linn na mblianta ba bhrabúsaí dá raibh aige riamh, díreach sular tharla comhcheangal $10 mbilliún idir é agus Norfolk Southern and CSX.
i gceannas in charge
" An cheist ná cé tá i gceannas? Dar le daoine áirithe, is praiseach é an córas smachta i láthair na huaire agus ní mór don chumann gníomhú go tapa agus go ciallmhar sula mbíonn smacht caillte uilig.
i gceannas in charge
" Tá sé tugtha le fios le seachtain anuas go raibh a fhios ag an AFP beagnach chuile rud faoin naonúr agus an plean a bhí acu ocht gcileagram hearóine a thabhairt ar eitilt go Sydney – an t-ainm a bhí orthu, cá raibh siad ag fanacht, cé a bhí i gceannas, cén chaoi a mbeadh na drugaí stóráilte acu agus mar sin de, agus gur thug siad an t-eolas sin ar fad do phóilíní na hIndinéise.
cluichí ceannais Chorn an Domhain the World Cup finals
" Rinne sé a sheacht míle dícheall ar feadh dhá bhliain go leith chun foireann na hÉireann a ullmhú agus a threorú chomh fada le cluichí ceannais Chorn an Domhain sa Ghearmáin in 2006.
i gceannas ar fhoireann in charge of a team
" Aon uair a bhíos féin i gceannas ar fhoireann, cuma cén grád nó aois, bhínn an-dian orm féin aon uair a bhí cluiche caillte.
i gceannas in charge
" Aon uair a bhíos féin i gceannas ar fhoireann, cuma cén grád nó aois, bhínn an-dian orm féin aon uair a bhí cluiche caillte.
gcluiche ceannais final
" Imreoidh dhá foireann lánaimseartha i gcluiche ceannais Chorn an FAI den chéad uair riamh i gceann cúig seachtaine nuair a thabharfaidh Cathair Chorcaí agus Droichead Átha aghaidh ar a chéile.
an cluiche ceathrú ceannais the quarter finals
" Shroich siad an chéad bhabhta i gCorn UEFA i mbliana agus an cluiche ceathrú ceannais i gCorn Intertoto an bhliain seo caite.
Banc Ceannais na hÉireann the Central Bank
" Meastar go n-ardóidh an figiúir seo go €16,000 faoin bhliain 2008 agus tá Banc Ceannais na hÉireann ag tuar gur gearr go mbeidh muid ar bharr na sraithe Eorpaí don chóimheas seo.
i gceannas air in charge of it
" Rinne an comhrialtas a toghadh in 2007 an chéad leasú ar an Transport21, agus ar ndóigh ba é an comhrialtas a raibh an chéad Taoiseach Glas i gceannas air, a toghadh mar iarmhairt ar ghéarchéim na hola i 2010, a rinne na leasuithe ba mhó.
babhtaí ceannais finals
" Cinnte bhí buanna ar leith ag daoine áirithe sa ghrúpa ach ní thar moladh beirte a bhíomar i ndáiríre agus, mar sin, níor shroicheamar babhtaí ceannais leithéidí Shlógadh, mar ba dhual do ghrúpaí ceoil na scoile.
Bhanc Ceannais na Stát Aontaithe the US Central Bank
" I 2004 tosaíodh fiosrúchán faoin scéim faoi cheannas Paul Volcker, iarchathaoirleach Bhanc Ceannais na Stát Aontaithe.
cluiche ceannais na hÉireann the All-Ireland final
" Ticéid – méid áirithe ticéad saor in aisce agus le ceannach le haghaidh cluichí idirchontae, cluiche ceannais na hÉireann san áireamh.
an cluiche ceannais the final
" Tá dhá chluiche ón gcomórtas sin a mhaireann i mo chuimhne, is é sin an Bhrasaíl in aghaidh Shasana, seaimpíní 1966, agus an cluiche ceannais idir an Bhrasaíl agus an Iodáil.
cáiliú do cheithre chluiche ceannais qualifying for four finals
" Má tá sin fíor, is foireann thar barr ar fad í foireann Chorcaí tar éis dóibh dhá chraobh as a chéile a bhuachan in 2004 agus 2005 agus cáiliú do cheithre chluiche ceannais as a chéile.
go gcasfaidís ar a chéile sa chluiche ceannais that they would meet in the final
" Bhí cuma thraidisiúnta le sonrú ar chúrsaí peile freisin agus Áth Cliath agus Ciarraí ag déanamh go maith i mí Lúnasa agus gach cosúlacht ar an scéal go gcasfaidís ar a chéile sa chluiche ceannais.
cluichí ceannais finals
" Mí an-tábhachtach i gcónaí i gcúrsaí spóirt na hÉireann is ea mí an Mheán Fómhair, mar go mbíonn cluichí ceannais na hÉireann san iomáint agus sa pheil ar siúl, ach bhí tábhacht bhreise léi i mbliana de bhrí go raibh Corn Ryder á reáchtáil sa K Club i gContae Chill Dara.
gceannas in charge
" Bhí an dearg-ghráin ag go leor de náisiúnaithe na sé chontae ar an eagras sna nóchaidí de bhrí gurbh é rialtas na Breataine a chuir maoiniú ar fáil dó ag an am agus chaith go leor acu go suarach leis an té a bhí agus atá i gceannas air, an Béal Feirsteach Aodán Mac Póilín.
cluichí ceannais finals
" An uair úd, ceathracha éigin bliain ó shin, bhíodh sluaite móra ag freastal ar Pháirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig gach bliain chun cluichí ceannais Chorn an Bhóthair Iarainn san pheil agus san iomáint a fheiceáil.
Banc Ceannais na hÉireann the Central Bank of Ireland
" Thug Banc Ceannais na hÉireann rabhadh níos láidre ina dtuarascáil ráithiúil agus dhearbhaigh siad gur cinnte go raibh laghdú ag teacht ar acmhainn iomaíochta na tíre, agus ag moladh don rialtas dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála sa tír seo agus an méadú ar an ráta boilscithe.
cluiche ceannais iomána na hÉireann the all-Ireland hurling final
" An cluiche a bhí ar siúl le déanaí agus ar chuir mé an-suim ann ná cluiche ceannais iomána na hÉireann 1995 nuair a bhuaigh an Clár a gcéad chraobh le 70 bliain nó mar sin.
faoi cheannas under the leadership of
" Blianta tosaigh na SasanachTháinig Sasanaigh i dtír san Oileán Úr sna 1580í faoi cheannas Walter Raleigh.
bhuaigh Áth Cliath ar Chiarraí sa chluiche ceannais. Dublin beat Kerry in the final.
" An bhliain roimhe sin, 1976, bhuaigh Áth Cliath ar Chiarraí sa chluiche ceannais.
i gceannas um an dtaca sin in charge by then
" D’oibrigh an plean i 1976 agus arís i 1977 (cé nach raibh Ó hIfearnáin i gceannas um an dtaca sin ach Antaine Ó hEanchaí, an captaen).
faoi cheannas an scríbhneora cháiliúil under the leadership of the famous writer
" B’as scríbhneoirí an cheantair seo, ar ndóigh, faoi cheannas an scríbhneora cháiliúil Langston Hughes, a d’eascair an “Harlem Renaissance” sna tríochaidí.
i gcluiche ceannais na Mumhan in the Munster final
" Bhí sin le sonrú ar a gcuid imeartha i gcoinne Chorcaí i gcluiche ceannais na Mumhan agus i gcoinne Mhuineacháin agus Átha Cliath ina dhiaidh sin.
sna cluichí ceannais, in the finals.
" Níos measa fós, le trí bliana anuas ní raibh fiú foireann amháin as Victoria páirteach sna cluichí ceannais, a imrítear gach bliain ag deireadh mhí Mheán Fómhair ar an fhaiche cruicéid in Melbourne.
i gcluichí ceannais na hÉireann in All-Ireland finals
" Bhí cáil náisiúnta bainte amach ag Mick mar pheileadóir a d’imir i gcluichí ceannais na hÉireann ar fhoireann Bhaile Áth Cliath sna blianta 1979, 1983 agus 1984, agus mar imreoir ionaid sa bhliain 1985.
i gceannas in charge
" I rith na trialach, rinne Bobby Molloy – a bhí ina aire stáit ag an am – iarracht teagmháil a dhéanamh leis an mBreitheamh Philip O’Sullivan, breitheamh den Ard-Chúirt a bhí i gceannas ar an triail.
i gceannas na bpáirtithe móra in charge of the big parties
" **Dualgas** Sa chomhthéacs sin, is dóigh liom, bhí dualgas ar pholaiteoirí – go háirithe orthu siúd a bhí i gceannas na bpáirtithe móra – ráitis a mhúsclódh fuath a sheachaint.
a bhí i gceannas ar chúrsaí. who was in charge of matters
" Nuair a chuaigh Lunny isteach sa stiúideo i 1968 le baill eile Emmet Spiceland, Michael agus Brian Byrne, leis an taifeadadh a dhéanamh ba é Phil Coulter, an ceoltóir agus léiritheoir as Doire, a bhí i gceannas ar chúrsaí.
i gceannas ar fheachtas in charge of a campaign
" ” Ní neart go cur le chéile, mar deirtear, agus is fealsúnacht í seo a bhí i gceist agus é ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-’01, tráth a bhí sé i gceannas ar fheachtas a bhí ar bun ag mic léinn altranais chun maoiniú breise a fháil ón rialtas, feachtas ar éirigh leis £15 milliún breise a fháil.
i gceannas in charge
" Cuireadh deireadh le himscrúdú Hourigan, áfach, i ndiaidh – dar leis féin – do Státrúnaí SAM, Madeleine Albright, labhairt lena cara Louise Arbour, an breitheamh Ceanadach a bhí i gceannas ar an imscrúdú.
i gceannas an tionscadail in charge of the project
" Chuir mé glao ar Joe Gatings ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra; is eisean atá i gceannas an tionscadail ar Shliabh Liag.
Bhanc Ceannais na hÉireann Central Bank of Ireland
" Dá mbeadh an ráta úis faoi chúram Bhanc Ceannais na hÉireann anois is dócha go n-ísleoidís an ráta le hinfheistíocht agus caiteachas a spreagadh.
cluichí ceannais championship games
" I measc na n-imeachtaí sin, bhí ar ndóigh, na cluichí Gaelacha, agus bhíodh nóiméad nó dhó de chluiche mór peile nó iomána éigin le feiceáil ag an bpobal go rialta agus trí nóiméad i gcás cluichí ceannais na hÉireann! Ceann de bhuanna na sraithe ab ea gur i nGaeilge a bhíodh an tráchtaireacht agus bhíodh lucht féachana agus lucht éisteachta mór i gceist.
chluiche ceannais the championship
" Don chéad uair, in 1960, agus mar chuid den scannán ‘Peil’, baineadh leas as dhá cheamara chun scannánú a dhéanamh ar chluiche ceannais na hÉireann - an Dún in aghaidh Ciarraí - chun scileanna na himeartha a léiriú.
i gceannas in charge
" Ba iad muintir Bronfman (atá i gceannas ar an gComhdháil Ghiúdach Dhomhanda) i gCeanada, ar leo Seagram & Sons, ba mhó a rinne go maith as an smugláil alcóil i bpáirtíocht leis an mbithiúnach Giúdach míchlúiteach Meyer Lansky.
ceannais final
" Léirigh siad an aigne chéanna sin i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh i gcoinne Phort Láirge nuair b’éasca dóibh maolú ar a gcuid iarrachtaí sa dara leath i ngeall ar a bheith chomh fada chun tosaigh is a bhí siad, ach ní raibh sé iontu é sin a dhéanamh.
fhear cheannais leader
" Grád: C Dermot Ahern (An tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí): Tá sé de bhuntáiste aige nach bhfuil sé rómhór nó róbheag leis an fhear cheannais.
cheannas command
" Is faoi cheannas an Wehrmacht ceithre lá níos déanaí a thit an phríomhchathair.
Cluiche Ceannais na Mumhan Munster Championship
" Is mar a chéile domsa lá an chomhairimh agus Cluiche Ceannais na Mumhan le Tiobraid Árann ag imirt i bPáirc Semple.
i gceannas ar leading, in charge
" org/) bean Rajiv Gandhi a feallmharaíodh i 1991, (feallmharaíodh a mháthair siúd, Indira Gandhi, chomh maith sa bhliain 1984) i gceannas ar an pháirtí seo agus tá clann Nehru fite fuaite leis freisin (Ba é Jawaharlal Nehru an chéad Taoiseach ar an India tar éis dóibh an tsaoirse a bhaint amach ón Bhreatain Mhór).
i gceannas in charge
" Sa ré réamhchoilíneach tháinig pobail socraithe i gceannas ar an Réigiún Mór-Lochanna.
lucht ceannais leaders
" Nuair nach ndearna lucht ceannais na scéimeanna sin a gcuid leasuithe féin as a stuaim féin in imeacht na mblianta fada, d’fhágadar an gort ag an Uasal McCarty agus a chairde.
cluichí ceannais na hÉireann All-Irelands
" Deireadh na gcaogadaí, tús na seascaidí a bhí ann agus bhí oiread aithne ag Charlie ar imreoirí de chuid foireann Chiarraí go mbíodh cead isteach aige i seomra feistis Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh lá cluichí ceannais na hÉireann.
mbabhta ceannais final round
" “Chuir mé mé féin i láthair trí Ghaeilge i mbabhta ceannais Chomórtas Áilleachta Miss Cork agus bhí mé i láthair cúpla mí ó shin chun Gradam Phádraig Uí Chuanacháin 2009 a sheoladh ar son na heagraíochta Gael-Taca.
cluiche ceannais championship game
" “Nuair a d’ardaigh mo dheartháir Seán Óg Corn Liam Mhic Cárthaigh i 2005 nuair a bhuaigh Corcaigh cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann.
ceannas command
" (Betha Colaim Chille, DIAS) Ba é a chol ochtair, Conall a bhí ina rí ar Dhál Riata ag an am agus ceannas dá réir aige ar thailte in Albain agus in Aontroim ar an dá thaobh de Shruth na Maoile.
roinnt an cheannais divison of (leadership) power(s)
" Leis an Aontas Eorpach, áfach, tá cumhacht éigin ag an stát ar roinnt an cheannais.
Cluiche Ceannais championship
" Chuir an cluiche sin deireadh le réimeas Chorcaigh san iomaíocht i gCúige Mumhan agus chuir sé tús le ré órga Thiobraid Árann, a mhair go Cluiche Ceannais na hÉireann i 1967, nuair a bhuail Cill Chainnigh na Tiobradaigh go cuimsitheach agus 4 cúilín le spáráil.
i gceannas in charge
" Creidim go bhféadfadh sé a bheith chun leas na Gaeltachta, an RGPT&G a bhriseadh suas agus Roinn faoi leith a dhéanamh de Roinn na Gaeltachta, le hAire Sóisearach i gceannas air agus é/í freagrach don Taoiseach.
ceathrú ceannais quarter final
" Beidh ochtar i mbliana agus beidh babhtaí ceathrú ceannais, leath ceannais agus babhtaí ceannais.
leath ceannais semi-final
" Beidh ochtar i mbliana agus beidh babhtaí ceathrú ceannais, leath ceannais agus babhtaí ceannais.
ceannais final
" Beidh ochtar i mbliana agus beidh babhtaí ceathrú ceannais, leath ceannais agus babhtaí ceannais.
ceannais management
" Is mó den locht atá ar dhreamanna ceannais na meán nach gcuireann siad suas den áiféis a chloisimid lá agus oíche ó chraoltóirí óga.
ceannais championship
" Aisteach le rá, is é sacar, an cineál peile ar a dtugtar ‘cluiche an domhain’, atá ag streachailt san iomaíocht seo, in ainneoin go mbeidh foireann náisiúnta na hAstráile páirteach i gcluichí ceannais an Choirn Dhomhanda san Afraic Theas i mbliana.
ceannais leadership
" Struchtúr ceannais Cén duine ba cheart a bheith i gceannas ar chur i bhfeidhm na straitéise? “Léarscáil bóthair don Ghaeilge don fiche bliain atá romhainn,” a thug Éamon Ó Cuív ar an straitéis, ach cé air a dtitfidh an cúram an léarscáil a léamh? Cén treoraí a bheidh ann?De réir na straitéise is ‘aonad straitéise’ i Roinn na Gaeltachta a bheadh i gceannas ar chur i bhfeidhm an phlean.
i gceannas in charge
" An Páirtí voor de Vrijheid === Partij voor de Vrijheid – Páirtí ar son na Saoirse – atá ar an bpáirtí seo, an PVV, agus Geert Wilders an t-ainm atá ar an té atá i gceannas air agus a d’fhéadfadh a bheith i gceannas ar chomhrialtas san Ísiltír faoi cheann mí nó dhó.
ceannais championship
" Maidir leis an gCumann Lúthchleas Gael, tá achar áirithe den bhóthar siúlta cheana féin ag an gcumann sa mhéid is go bhfuil cuid de na cluichí móra ‘díolta’ le cúpla bliain anuas le TV3, le Setanta, cé go mbíonn na cluichí is mó (ceathrú ceannais is araile) fós á gcraoladh ar RTÉ.
cluiche ceannais championship
" Ba mhór go deo aige go raibh triúr col ceathrair leis tar éis cluiche ceannais iomána na gclub a bhuachan le Port Omna ar Lá Fhéile Pádraig na bliana sin.
ceannais championship
" Beidh sé breactha sna cuntais staire go deo gur bhuaigh Contae na Mí ar chontae Lú i gcluiche ceannais peile Laighean 2010 leis an scór 1-12 i gcoinne 1-10.
ceathrú ceannais quarter final
" An t-údar clamhsáin ba mhó a bhí ann is ag bainisteoirí na mbuaiteoirí cúige a bhí sé, is é sin nach mbíonn an dara deis acu i gCraobhchomórtas na hÉireann má chailleann siad an chéad chluiche eile tar éis craobh an chúige a bhaint, is é sin cluiche ceathrú ceannais na hÉireann.
i gceannas ar in charge
" Agus feachtas thoghchán na huachtaránachta sa Bhrasaíl faoi lán seoil, tá an chuma ar scéal go bhféadfadh bean a bheith i gceannas ar an tír is mó sa leathsféar theas gan mhoill.
ceannais championship
" “Is cuimhin liom gur Déardaoin a bhí ann nuair a tháinig mé go hÉirinn agus an Domhnach ina dhiaidh sin bhí Corcaigh is Cill Chainnigh ag imirt i gcluiche ceannais na hiománaíochta agus coicís ina dhiaidh sin, bhí Ciarraí is Maigh Eo i gcluiche ceannais peile na hÉireann.
i gceannas in charge
" Bhí sé i gceannas ar thuras taiscéalaíochta i 2007 a chuaigh go grinneall na farraige dhá mhíle faoin Mol Thuaidh, agus cé go maíonn Chilingarov gur thuras eolaíochta ab ea é, léiríonn an bhratach Rúiseach a chuir sé ann go raibh níos mó ná an eolaíocht amháin ar a intinn aige.
ceannais finals
" Ní hamhlaidh áfach sna contaetha ar fud na tíre mar go bhfuil craobhchomórtais na gclub ag dul ar aghaidh i gcónaí agus tig linn a bheith ag súil is ag tnúth le cuid mhór de chluichí ceannais na gcontae a fheiceáil ar TG4 sna seachtainí atá amach romhainn.
cluiche ceannais final
" Cuireann siad cluiche ceannais chomórtas Chorn an Domhain i gcomórtas le cluiche ceannais na hiomána i bPáirc an Chrócaigh i mbliana.
i gceannas in charge
" D’fhéadfaí a rá anois go deimhin gurb í Dilma Rousseff an bhean is cumhachtai ar domhan: de na tíortha ar fad a bhfuil bean i gceannas orthu is í an Bhrasaíl an tír is mó ó thaobh daonra agus is tábhachtaí ó thaobh an gheilleagair de.
i gceannas in charge
" ) Lula a bhí i gceannas ar an bpáirtí, agus b’eisean a sheas don uachtaránacht i 1989.
i gceannas in charge
" Roimhe sin, do bhíodh sé mar uirlis ag an lucht polaitíochta agus geilleagair a bhí i gceannas díluacháil a dhéanamh ar a gcuid airgid féinig agus iarracht a dhéanamh ar an tslí sin, teacht thar n-ais agus níos mó earraí a chur thar lear agus a leithéid.
cluiche ceannais na hÉireann all Ireland final
" An Taithí ===== Ar son léargas breise a fháil, labhair mé le réiteoir cáiliúil idirchontae a bhfuil taithí mhór, fhairsing aige ar chluichí gach leibhéal, cluiche ceannais na hÉireann san áireamh.
i gceannas in charge
" Is minic lucht na heite deise i gceannas sa stát sin, ach dála na hÉireann, is polaiteoirí ‘den lár’ iad, a bheadh chomh sásta céanna plé le ceardchumainn agus a bheidís ag deighleáil le comhlachais tráchtála.
faoi cheannas under the leadership
" Is é Fine Gael an páirtí is mó ó dheas, beidh Páirtí an Lucht Oibre faoi cheannas Eamon Gilmore i gcomhrialtas ach tá páirtí eile a mbeidh aoibh mhór ghaire orthu - Sinn Féin, nó an freasúra mar atá anois air.
cluiche ceannais final game
" Níor imríodh cluiche ceannais na sraithe 2010 go dtí Feabhra 2011.