Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceantar dílseach a loyalist area
" Tá mé i mo chónaí i gcomharsanacht bheag naisiúnach atá díreach in aice le ceantar dílseach.
ceantair máguaird surrounding areas
" Thug na teaghlaigh Ghaelacha a díbríodh as a gcuid talún méithe fán Lagán agus na ceantair máguaird a n-aghaidh ar thalamh bocht caoráin Iarthar Thír Chonaill.
ceantair náisiúnacha nationalist areas
" Cén fáth? Tá mé ag dul a phlé rud nach bhfuil cead agat a phlé go poiblí sna ceantair náisiúnacha sa tuaisceart, is é sin, an chinsireacht taobh istigh de na ceantair sin.
an saibhreas a bhí rompu sa cheantar the richness which preceded them in the area
" A fhad is a bhí sí ag déanamh taighde don mhórshaothar *Songs of a Hidden Ulster*, leabhar agus dlúthdhiosca a eiseofar i dtreo dheireadh na bliana seo, d'aithin sí go raibh "géarghá le cnuasach de na hamhráin seo amuigh i measc an phobail leathain, go háirithe i dTuaisceart Éireann, agus go háirithe do dhaoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu, go dtuigfeadh siad an saibhreas a bhí rompu sa cheantar.
cheantair chúnga congested districts
" Mar chuid de scéim a thionscain an coiste seo faoi stiúir Mháirtín Uí Chadhain agus Choimisiún na Talún, d'aistrigh 40 teaghlach idir 1935 agus 1937 ó "cheantair chúnga" ainmnithe i gConamara go dtí na bailte fearainn seo: Ráth Cairn, Laimbé, Driseog, Tulach na nÓg, Baile Mhistéala agus Doire Longain.
ceantair mheánaicmeacha middle-class areas
" Creidim féin go bhfuil baint mhór ag Páirc an Chrócaigh leis an athrú meoin seo i leith an Chumainn Lúthchleas Gael sna ceantair mheánaicmeacha, mheasúla agus sna ceantair aicme oibre araon.
rud a chuideoidh leis an cheantar which will help the area
" Rinne na foraoiseacha dochar mór do na locha agus na haibhneacha le fiche bliain anuas ach anois tá rialacha níos déine ann, rud a chuideoidh leis an cheantar.
i gceartlár an cheantair iománaíochta in the heart of the hurling area
" Luimnigh a rugadh Mícheál i 1948, agus is ann a tógadh é i gceartlár an cheantair iománaíochta sa chontae sin.
daoine óga ón cheantar a mhealladh isteach to attract young people from the area in
" Bhí sé mar chuid den sprioc ag an ghrúpa seo daoine óga ón cheantar a mhealladh isteach chun a bheith ag obair ar thionscadal lena dtimpeallacht a dhéanamh níos deise agus dóchas a chruthú don todhchaí agus don ghlúin atá le teacht.
molann dochtúirí an cheantair the local doctors recommend
" Tá cuma dhonn, shalach ar an uisce agus molann dochtúirí an cheantair gan é a ól.
sa cheantar máguaird in the surrounding area
" Tá tuairim is 700 aeróg ag na comhlachtaí éagsúla gutháin timpeall ar Bhaile Átha Cliath agus sa cheantar máguaird.
ceantar talmhaíochta agricultural area
" Cé gur ceantar talmhaíochta a bhí sa mBaváir roimh an Dara Cogadh Domhanda, d'éirigh go han-mhaith le geilleagar an réigiúin i ndiaidh an chogaidh.
an ceantar máguaird the surrounding area
" " Is Láithreán Oidhreachta Domhanda é Brú na Bóinne agus an ceantar máguaird.
i gceantar naisiúnach in a nationalist community
" Tá aithne agam ar dhuine a raibh obair mhór thógála le déanamh aige i gceantar naisiúnach.
faoin cheantar máguaird about the surrounding area
" Beidh dhá sheomra taispeántais ann fosta, ina mbeidh eolas faoin pharóiste agus faoin cheantar máguaird.
ceantar feirmeoireachta a farming area
" Rugadh agus tógadh mo mháthair in áit darb ainm Town of Kildare, ceantar feirmeoireachta a bhunaigh daoine as Éirinn in áit iargúlta i lár Wisconsin aimsir an Ghorta Mhóir.
cheantair chúlráideacha remote areas
" Má dhéantar Bus Éireann a phríobháidiú, an leanfar ar aghaidh ag soláthar seirbhísí bus do cheantair chúlráideacha nuair nach bhfuil aon bhrabús le déanamh astu? Ceisteanna dlisteanacha iad sin ar fad, ach ní heol dúinn cén seasamh a ghlacann rialtas na hÉireann orthu ag cruinnithe rúnda Choiste Alt 133.
as a ceantar dúchais féin from her own native area
" " Phós Bríd fear as a ceantar dúchais féin, Antóin Rodgers, i 1960 ach, ó tharla Antóin a bheith ag obair mar fhiaclóir ar an Lorgain i gContae Ard Mhacha ag an am, b'ansin a bhog an lánúin óg.
ní raibh a shárú sa cheantar there was no-one better in the area
" An uair a bhí sé ag cleachtadh go laethúil le bheith ina laoch agus ina ridire, ní raibh a shárú sa cheantar.
dhá cheantar naisiúnacha two nationalist areas
" Cúig bhomaite i ndiaidh don bhuíon siúl thart le dhá cheantar naisiúnacha, choinnigh an PSNI pobail an dá cheantar, Ard Eoin agus Mountainview, taobh istigh dá limistéir féin - sula dtáinig na scórtha péas isteach le go dtiocfadh leo lucht leanúna na nOráisteach a chomóradh agus iad ag siúl ar an bhóthar, cé go raibh cosc curtha ar lucht leanúna ag Coimisiún na bParáidí.
sna ceantair mháguaird in the surrounding areas
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh an comhlacht leis an nGaolainn a chur chun cinn sa chathair, sa chontae agus sna ceantair mháguaird.
sa cheantar máguaird in the surrounding area
" Tá cúig Ghaelscoil sa cheantar: dhá cheann i mBaile Munna agus trí cinn eile sa cheantar máguaird.
ceantair chúlráideacha eile other remote areas
" Ach níl stádas ag an Tionscnamh Iompair Tuaithe go náisiúnta ach mar "scéim phíolótach", agus níl aon chinnteacht ann go leanfar leis nó go gcuirfear an maoiniú ar fáil chun an tionscnamh a leathnú go ceantair chúlráideacha eile ina mbíonn daoine scoite amach ón saol.
cheantar cósta na Críche ó Thuaidh the coastal region of the Northern Territory
" Tá siad sa leath thoir de cheantar cósta na Críche ó Thuaidh agus i gcúinne thoir thuaidh New South Wales.
ceantar dílseach na Seanchille the loyalist Shankill area
" Ba ghnách le línte fada Protastúnach ó cheantar na Seanchille siúl suas an tsráid seo idir ceantar náisiúnach Chluain Ard agus ceantar dílseach na Seanchille ar a mbealach chuig an monarchana innealtóireachta ar Bhóthar Chluanaí, Mackies.
dhéanadh dílseoirí ionsaithe ar an cheantar loyalists used to attack the area
" I rith na bliana, ach le linn shéasúr na máirseála go háirithe, dhéanadh dílseoirí ionsaithe ar an cheantar go rialta, rud a chothaigh spiorad iontach comhair i measc na ndaoine.
bhunadh an cheantair the people of the area
" Is é an difear mór inniu ná go n-áirítear an IRA agus Sinn Féin i measc naimhde na ndaoine, dar leis na deirfiúracha agus, is cosúil, tromlach mór de bhunadh an cheantair.
mar cheantar luachmhar oidhreachta as a valuable area of heritage
" Tríd is tríd, caithfear fáilte a chur roimh na cinntí seo mar go gcuireann siad bonn seasmhach faoi thábhacht na Gaeltachta mar cheantar luachmhar oidhreachta.
i gceantar iargúlta in a remote area
" Is éard atá i gceist le seirbhísí eitleáin OSP ná bealaí nach bhfuil – de réir dealraimh – go leor brabúis le saothrú ag comhlachtaí príobháideacha orthu, ach a bhfuil tábhacht shóisialta ag baint leo (mar shampla, chun gnó a fhorbairt i gceantar iargúlta).
i gceantar na ndugaí in the docks area
" Rugadh agus tógadh é i gceantar na ndugaí i Learpholl, áit a raibh formhór na ndaoine de bhunadh Éireannach.
ar thóir ceantar scoite, ardáilleachta looking for remote, scenic areas
" Le fada an lá, bhíodh turasóirí as tíortha tionsclaíocha na hEorpa ag tarraingt ar Éirinn ar thóir ceantar scoite, ardáilleachta.
ceantar náisiúnach a nationalist area
" An t-éacht ba mhó, is dócha, ná an socrú a dtáinig áitreabhaigh Thaobh an Bhogaigh agus an tOrd Oráisteach air faoi stiúir an Chumainn Tráchtála a ligfidh d’Oráistigh ó thaobh amuigh de Dhoire siúl ar Bhruach Thiar na cathrach, ceantar náisiúnach, den chéad uair le ceithre bliana déag.
sprioc-cheantar target area
" Muinín an phobail, idir óg agus aosta, a spreagadh sa teanga agus sa gcultúr aitiúil sa sprioc-cheantar atá ag Pléaráca faoi Chlár Forbartha Pobail Chamus/Ros Muc agus Chill Chiaráin.
i gceantar a bhfuil an-tábhacht ag baint leis in an area which is full of significance
" Tá Archaeolink suite ar imeall sráidbhaile darb ainm Oyne i gceantar a bhfuil an-tábhacht ag baint leis.
i gcroílár cheantar Breatnaise na Breataine Bige in the heart of the Welsh language area of Wales
" Tá Caernarfon i gcroílár cheantar Breatnaise na Breataine Bige, agus beidh an-fháilte roimh phobail na nGaeltachtaí uilig ann.
Comhairle Cheantar an Dúin Down District Council
" Is as Contae an Dúin é Maurice, agus luaigh sé an ceantar ar a fhreastalaíonn Comhairle Cheantar an Dúin.
gceantar dúchais native area
" D’fhéadfadh Fianna Fáil an toghchán a chailleadh i gceantar dúchais an Taoisigh féin i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath.
cheantar mór fidléireachta a big fiddling area
" Luachmhar ======= Cé go bhfuil cáil ar iardheisceart Dhún na nGall mar cheantar mór fidléireachta, is beag ceol traidisiúnta atá le cluinstin sa dúiche a thuilleadh, go háirithe i rith an gheimhridh; is luachmhaire, dá bharr sin, saothar na cartlainne.
dá ndíbreofaí na ceantair laga if the weak areas were thrown out
" Ná cuirimis dallamullóg orainn féin go mbeadh níos mó acmhainní ar fáil do na ceantair láidre dá ndíbreofaí na ceantair laga.
ceantair íseal-ioncaim, uirbeacha low-income, urban areas
" Caithfidh tú dul isteach sna ceantair íseal-ioncaim, uirbeacha agus na ceantair iargúlta tuaithe leis an easnamh agus an fhaillí a fheiceáil i gceart.
ceantair iargúlta tuaithe remote rural areas
" Caithfidh tú dul isteach sna ceantair íseal-ioncaim, uirbeacha agus na ceantair iargúlta tuaithe leis an easnamh agus an fhaillí a fheiceáil i gceart.
sa cheantar máguaird in the surrounding area
" Ar an drochuair, níl aon ghrúpa foghlaimeoirí i mo bhaile nó sa cheantar máguaird, ach bhí suímh Dhaltaí na Gaeilge ((www.
cheantar mór fidléireachta a big fiddling area
" Luachmhar ======= Cé go bhfuil cáil ar iardheisceart Dhún na nGall mar cheantar mór fidléireachta, is beag ceol traidisiúnta atá le cluinstin sa dúiche a thuilleadh, go háirithe i rith an gheimhridh; is luachmhaire, dá bharr sin, saothar na cartlainne.
i gceantar fairsing over a wide area
" Ina measc bhí Naomh Columbanus agus Naomh Gall, a raibh an-tionchar acu ar mhór-roinn na hEorpa, agus Maelrubha, a bhunaigh mainistir ag Apor Crossan ar chósta thiar na hAlban, agus a raibh an-mheas air i gceantar fairsing thall ansin.
i gceantar fairsing over a wide area
" Ina measc bhí Naomh Columbanus agus Naomh Gall, a raibh an-tionchar acu ar mhór-roinn na hEorpa, agus Maelrubha, a bhunaigh mainistir ag Apor Crossan ar chósta thiar na hAlban, agus a raibh an-mheas air i gceantar fairsing thall ansin.
ceantar gáis gasfield
" Tá fearg ar Cholmán mar gheall ar an tslí ar thug Aire Fuinnimh Fhianna Fáil sna hochtóidí, Ray Burke, ceantar gáis na Coiribe ar lámh do Shell agus nár chuir sé iachall orthu fiú dleachtanna a íoc leis an stát.
i gceantar fairsing over a wide area
" Ina measc bhí Naomh Columbanus agus Naomh Gall, a raibh an-tionchar acu ar mhór-roinn na hEorpa, agus Maelrubha, a bhunaigh mainistir ag Apor Crossan ar chósta thiar na hAlban, agus a raibh an-mheas air i gceantar fairsing thall ansin.
ceantar ardriosca high-risk area
" Bhí an t-ádh orm anuraidh agus níor tháinig an mhaláire orm, cé go raibh mé i gceantar ardriosca.
bhí clú agus cáil ar an cheantar seo this area was famous
" ) Sa 17ú haois, bhí clú agus cáil ar an cheantar seo de bharr na ngarraithe margaidh, na n-úllord agus na dtithe móra.
an chéad cheann dá chineál sa cheantar sin the first of its kind in that area
" Tá an bheirt againn ag díriú ar champa samhraidh nua a bhunú i bhFionnghlas, an chéad cheann dá chineál sa cheantar sin.
a ceantar dúchais her native area
" Is duine í Muireann Nic Amhlaoibh a bhfuil ag domhan siúlta aici le roinnt blianta anuas, mar bhall den ghrúpa traidisiúnta Dánú, ach is léir nach bhfuil áit is fearr léi ná a ceantar dúchais, Dún Chaoin i nGaeltacht Chiarraí.
sa cheantar máguaird in the surrounding area
" Thíos staighre tá taispeántas álainn agus earraí le feiceáil a fuarthas san eaglais agus sa cheantar máguaird.
an ceantar máguaird the surrounding area
"an ceantar máguaird ag fulaingt go fóill de dheasca thionchar éiceolaíoch na mianadóireachta seo.
ceantar mór talmhaíochta a big agricultural area
" Is ceantar mór talmhaíochta é ceantar Wentworth agus ba é an phríomhuirlis a bhí acu á thógáil ná tarracóirí de dhéanamh Ferguson a bhí coitianta go maith sa gceantar.
smacht a fháil ar an cheantar to gain control of the area
" Sa 12ú haois, d’éirigh le taoiseach Gaelach darbh ainm Fergus smacht a fháil ar an cheantar.
an acmhainn is mó atá sa cheantar a úsáid to use the biggest resource in the area
" Cailleadh go leor postanna ar an Eastát Tionsclaíochta i nGaoth Dobhair le dornán blianta anuas agus beart críonna é an acmhainn is mó atá sa cheantar a úsáid agus postanna teangalárnaithe a chruthú ann.
a gceantair dúchais their own area
" Tá ceantar Chois Fharraige i bhfad níos meallacaí don chineál seo duine ná mar atá a gceantair dúchais.
ceantar dátheangach bilingual area
" Is ceantar dátheangach é seo, ina labhraítear Iodáilis agus Gearmáinis, agus aistríonn daoine ó theanga go teanga an t-am uilig.
ar imeall an cheantair on the edge of the area
" ” A óige Rugadh Risteard Mac Gabhann i ndeireadh na dtríochaidí, ar imeall an cheantair a dtugtar Taobh an Bhogaigh anois air.
i ngnáthshaol Bhundúchasaigh an cheantair. in the ordinary life of the Aborigines of the area.
" Tá gach cuid di chomh héagsúil sin, agus bhí ról lárnach ag áiteanna áirithe ar Uluru i ngnáthshaol Bhundúchasaigh an cheantair.
de cheantair thuaithe agus uirbeacha of rural and urban areas
" Cheistigh TNS/MRBI 500 duine i 50 ionad éagsúil ar fud Chontae Shligigh agus thuaisceart Chontae Liatroma – dáilcheantar úr a bhfuil meascán mór de cheantair thuaithe agus uirbeacha ann.
na hamhráin áitiúla faoina gceantar féin the local songs about their own area
" Dúirt na páistí gur thaitin na hamhráin áitiúla faoina gceantar féin go mór leo, amhráin mar “Carraig Rua” agus an t-amhrán sin faoi laoch mór iománaíochta Loch Garman, “Nicky Rickard”.
ag déanamh fortúin as trioblóidí an cheantair sin making a fortune for the troubles of that area
" Tá an *fecker* sin Roddy Doyle ag déanamh fortúin as trioblóidí an cheantair sin agus tá an chuid eile againn ag íoc go daor as, *loike ya know*.
i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste in disadvantaged areas
" Is gá díriú ar bhunscoileanna i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste toisc nach mbíonn aon bhaint ag cuid mhór de na gasúir sna scoileanna sin le spórt tar éis dóibh an scoil a fhágáil.
i gceantair faoi mhíbhuntáiste in disadvantaged areas
" I gcás scoileanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste bíonn na deiseanna agus an rogha maidir le spórt teoranta.
óna gceantar dúchais, from their native area,
" Thug Coimisiún na Talún talamh i mBaile Ghib sa chontae céanna sin dá hathair mór agus a máthair mhór sna tríochaidí agus bhog siad ansin óna gceantar dúchais, Gaeltacht Rann na Feirste i dTír Chonaill.
an ceantar ab fhaide ó thuaidh the most northernly area
" Nuair a chuaigh an traein faoi thalamh chomh fada leis an áit sin, an ceantar ab fhaide ó thuaidh ar oileán Manhattan, bhog cuid mhaith Éireannach a bhí ag obair sa chóras traenach ansin.
ceantar Doiminiceach a Dominican area
" Ar ndóigh, bhog na hÉireannaigh chéanna ar aghaidh chomh luath is a d’fhéad siad, agus is ceantar Doiminiceach é anois, rud gur léir duit ón nóiméad a théann tú isteach ann – níl le cloisteáil ó ollchallairí na ngluaisteán ach ceol Spáinneach, á chasadh ar láine a dhúiseodh na mairbh.
i roinnt ceantar Gaeltachta in some Gaeltacht areas
" Rith sé liom agus mé ag léamh chuntas Uí Chanainn nach raibh a chur síos ar ré Uí Earáin chomh héagsúil sin lena bhfuil ag tarlú i roinnt ceantar Gaeltachta sa lá atá inniu ann.
ceantar iargúlta sléibhtiúil a remote mountainous area
" Mhair an Caitliceachas anseo toisc gur ceantar iargúlta sléibhtiúil atá ann, agus gur chloígh na hiarlaí leis an chreideamh.
ceantair shaibhre. rich areas.
" Le breis is cúpla scór bliain, tá na ceantair atá taobh thiar de agus taobh thoir de Central Park, an Upper East Side agus an Upper West Side, athraithe go ceantair shaibhre.
Ceantar margaidh market area
" Ceantar margaidh a bhí san áit tráth, ina raibh duganna do bháid trádála agus phaisinéirí.
i gceantair lucht oibre Learphoill, in working class areas of Liverpool,
" Is díol suntais, mar sin, agus léargas ar an athrú meoin atá ag tarlú sna sé chontae go bhfuil beirt ealaíontóirí múrmhaisithe – Danny Devenny, iarphríosúnach poblachtánach a d’fhoghlaim a cheird sa Cheis Fhada agus Mark Ervine, mac le iarcheannaire an PUP, David Ervine, a fuair bás i mbliana – i ndiaidh a theacht le chéile agus an sprioc chéanna acu – saothar a dhéanamh i gceantair lucht oibre Learphoill, an chathair atá roghnaithe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2008.
Níor breathnaíodh ar an cheantar the area wasn't looked at
" Níor breathnaíodh ar an cheantar mar limistéar geografaíochta a dtiocfaí leas a bhaint as ach mar dhún creidimh/polaitíochta ab éigean a chosaint.
mar cheantar frithrialtais. as an anti-government area.
" Tá clú ar an tSír fós mar cheantar frithrialtais.
go bhfuil fáil níos fairsinge ar amhráin de chuid na gceantar éagsúil that songs from the various areas are more readily available
" An bhfuil cúis ar leith leis sin? An mbíonn sé deacair iad a fhoghlaim? LMacM: Is dócha go bhfuil fáil níos fairsinge ar amhráin de chuid na gceantar éagsúil anois ná mar a bhí, agus bím ag éisteacht le hamhránaithe iontacha ó chuile cheantar den tír, ní hamháin ón tréimhse seo, ach ón aimsir atá thart chomh maith má tá taifeadadh déanta díbh.
idir foirne ollmhóra cathracha nó ceantar between big city or area teams
" Sa chéad dul síos peil ghairmiúil, a imrítear idir foirne ollmhóra cathracha nó ceantar - na New York Jets agus na New England Patriots, cuir i gcás.
do gheilleagar na gceantar máguaird. for the economy of the surrounding areas.
" Beidh impleachtaí “tubaisteacha” ag cinneadh Aer Lingus, dar leo, ní hamháin ó thaobh turasóireachta de, ach do gheilleagar na gceantar máguaird.
ceantair faoi mhíbhuntáiste disadvantaged areas
" “Bíonn daoine i gcónaí ag rá liom go bhfuil ag éirí go hiontach leis an nGaeilge i gceantair faoi mhíbhuntáiste agus go bhfuil an teanga á tabhairt do lucht labhartha nua.
ar ceantair i nGaeltacht Chonamara iad, which are areas in the Conemara Gaeltacht
" * Tugann an leabhar léargas dúinn ar shaol Barbara agus í ag éirí aníos i gCamas agus ar an gCeathrú Rua, ar ceantair i nGaeltacht Chonamara iad, i rith na n-ochtóidí agus na nóchaidí.
an dóigh ar bhain sé le mo cheantar dúchais féin, the way in which it pertained to my own native area
" Maidir leis an teideal Gaeilge, nuair a smaoinigh mé ar an gcúlra ceoil a bhí i mo theaghlach agus an dóigh ar bhain sé le mo cheantar dúchais féin, níorbh fhada gur roghnaigh mé an logainm áitiúil Cloch Fhuaráin, ar baile fearainn in aice le mo bhaile féin i gContae Ard Mhacha é, mar theideal Gaeilge ar an albam.
sna ceantair shainiúla seo in these distinctive areas
" Anois, is gá pleanáil agus bainistíocht chuí a chur i gcrích sna ceantair shainiúla seo lena chinntiú go ndaingneofar na pobail Ghaeltachta atá láidir ó thaobh na teanga de faoi láthair.
i gceantair mheánaicmeacha. in middle-class areas.
" Níl siad ina gcónaí i ngeiteonna, ach i gceantair mheánaicmeacha.
i gceantair Ghaeltachta in Gaeltacht areas
" Luaitear i lár na tuarascála moladh a bhfuil bunús réitithe ann d'fhadhb Phobalscoil Chorca Dhuibhne: “D’fhonn oideachas trí mheán na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta a chaomhnú chomh fada agus is féidir, ba chóir machnamh a dhéanamh faoi na nithe seo a leanas i gceantair Ghaeltachta áit ar mhian le teaghlaigh oideachas trí Bhéarla a bheith acu: aonad a bhunú chun soláthar a dhéanamh dóibh siúd ar mian leo oideachas a fháil trí mheán an Bhéarla cóir iompair saor in aisce a sholáthar don scoil dara leibhéal is gaire a mhúineann trí Bhéarla.
ceantar réasúnta saibhir reasonably wealthy area
" Is ceantar réasúnta saibhir é Marbella – tá na praghsanna a ghearrtar ar earraí agus ar sheirbhísí san áit ina gcomhartha soiléir den rachmas sin.
a toghadh sa cheantar riamh. who was ever elected in the area
" Sa bhliain 2003, bhí méara nua ag muintir Marbella – Marisol Yague, an chéad mhéara mná a toghadh sa cheantar riamh.
ceantar turasóireachta tourist areas
" I ndiaidh am lóin, chuaigh muid go Duquesa, ceantar turasóireachta idir Marbella agus Estepona.
ceantair thuaithe rural areas
" Shílfeá go mbeadh ceantair thuaithe mar Cheshire idéalach – bíonn radhairc mar bha Fríseacha ag ithe sna páirceanna glasa le feiceáil, cuir i gcás.
níos leitheadaí i gceantair shaibhre more widespread in richer areas
" Tá John Mac Gabhann ó Aontas Múinteoirí Éireann den tuairim go bhfuil fadhb na cibirbhulaíochta níos leitheadaí i gceantair shaibhre mar gheall ar go mbíonn daltaí níos liteartha ó thaobh na ríomhaireachta de sna ceantair sin agus go mbíonn fáil níos fairsinge ar ríomhairí.
cheantar Amanach Amish area
" Bhí an bus ag dul i rith an bhealaigh go Nashville fríd cheantar Amanach agus tá mé cinnte go ndearna mé amadán díom féin ag amharc ar na daoine sin.
ceantair nach raibh na ceannaircigh gníomhach iontu. areas in which the insurgents were not active
" Meastar gur ghlac Howard leis an iarraidh a bheith páirteach sna fórsaí forghabhála ar an gcoinníollach go mbeadh na trúpaí Astrálacha lonnaithe i gcúigí ciúine i ndeisceart na tíre, ceantair nach raibh na ceannaircigh gníomhach iontu.
sa cheantar daingnithe in the fortified area
" Tá 110 saighdiúir lonnaithe i mBagdad, sa cheantar daingnithe ar a dtugtar an Crioslach Glas, le hAmbasáid na hAstráile a chosaint.
chun ceantar a mhapáil to map an area
" Vicipéid do léarscáileanna atá sa suíomh seo, lena dtugtar deis do dhaoine teacht le chéile chun ceantar a mhapáil agus léarscáileanna úra a chruthú.
ina cheantar dúchais. in his native area
" Tháinig Micí Bán Ó Beirn ar an saol ar an Chaiseal in iardheisceart Dhún na nGall sa bhliain 1899 agus mhair sé go dtí 1980 ina cheantar dúchais.
i gceantair ar leith in a particular area
" Má bhíonn suim ag daoine óga sa rince i gceantair ar leith, áfach, eagraíonn na coistí cúrsaí ocht seachtaine sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna in aice láimhe, is cuma cá háit sa tír a bhfuil siad.
do phobal an cheantair máguaird. to the community of the surrounding area
" Bhunaigh Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta an stáisiún pobail seo sa bhliain 1993 le seirbhís raidió trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal Bhaile Átha Cliath agus do phobal an cheantair máguaird.
an cheantair máguaird of the surrounding area
" Bhunaigh Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta an stáisiún pobail seo sa bhliain 1993 le seirbhís raidió trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal Bhaile Átha Cliath agus do phobal an cheantair máguaird.
ceantair thuaithe rural areas
" Má chuirtear toirmeasc ar ghunnaí sna cathracha, tá faitíos orthu go leathnóidh an cosc sin amach go dtí na ceantair thuaithe.
riachtanais an cheantair sin. needs of that area
" Tá an páipéar préamhaithe go hiomlán i bpobal gníomhach Gaelach iarthar Bhéal Feirste agus is cinnte go dtugtar léargas maith ann ar shaol cultúrtha agus ar riachtanais an cheantair sin.
siopaí an cheantair the local shops
" Is ansin a shocraigh sé siopaí an cheantair a robáil.