Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag ceapadh thinking
" Ná lig duit féin a bheith i gcónaí ag ceapadh go bhfuil seisiún níos fearr ag tarlú in áit éigin eile seachas an áit a bhfuil tusa.
Ceapadh mé I was appointed
" Ceapadh mé mar Fheidhmeannach ar an eagraíocht i 1996.
ceapadh appointment
" Feiceann sé ceapadh Kofi Annan mar Rúnaí Ginearálta ar na Náisiúin Aontaithe mar chéim an-mhór chun cinn chomh maith.
a ceapadh who was appointed
" Cá huair a bunaíodh Aonad na Gaeilge agus cé a bhunaigh é? Is mise an chéad léiritheoir Gaeilge a ceapadh ag BBC Thuaisceart Éireann.
Ceapadh mé I was appointed
" Cén ról atá agat féin sa Ghaeláras agus cén fhad atá tú sa phost? Ceapadh mé i mí na Samhna 2002 mar Bhainisteoir Scéime le Scéim Tógála Caipitiúla a fhorbairt a bhfuil "Lárionad Teanga, Ealaíon, Cultúr agus Gnó" mar chuspóir aici.
ceapadh é he was appointed
" Ag deireadh na gcaogaidí ceapadh é mar Rúnaí ar an Roinn Airgeadais agus, le linn a thréimhse sa roinn sin, chuir sé polasaithe maidir le sochair chánach d'infheisteoirí eachtrannacha, saorthrádáil agus tráchtáil onnmhairíochta chun cinn - bunchlocha an gheilleagair a tháinig faoi bhláth sna nóchaidí.
nuair a ceapadh Cathal Goan ina eagarthóir when Cathal Goan was appointed editor
" D'athraigh rudaí nuair a ceapadh Cathal Goan ina eagarthóir.
is a ceapadh ar dtús as was first thought
" Is é sin le rá go raibh breis is dhá oiread caiteachais ar an scéim is a ceapadh ar dtús.
ag ceapadh thinking
" “Ní dochar ar bith an Ghaeilge a chur chun cinn,” a deir sé, “ach is seafóid iomlán é bheith ag ceapadh gur féidir athbheochan a dhéanamh uirthi in áiteanna ar nós Bhaile Chláir na Gaillimhe nó Ghleann Cholm Cille.
ceapadh appointment
" Dár ndóigh, níor thug ceachtar acu a leithéid le fios go poiblí, ach mar sin féin caithfidh go raibh Rialtas na hÉireann agus fiú Sinn Féin an-sásta le ceapadh Peter Hain mar Stát-Rúnaí nua Thuaisceart Éireann.
ceapadh é he was appointed
" Chuir Pádraig isteach air, ceapadh é agus chaith sé cúig bliana déag sa phost sin, go dtí an bhliain 2000.
ceapadh it was thought
" Ar feadh i bhfad, ceapadh gur chum fear darbh ainm Abner Doubleday an cluiche in 1839 i mbaile beag tuaithe darb ainm Cooperstown, i stát Nua-Eabhrac.
tá mé ag ceapadh I think
" AÓF: ***Tugaim faoi deara go bhfuil sé amhrán ar an albam freisin, agus tá mé ag ceapadh gur chuala mé thú ag caint ar an raidió agus tú ag rá go gcuireann sibh béim ar leith ar an amhránaíocht nuair a dhéanann sibh ceolchoirm, nó go ndéanann sibh cinnte de go mbeidh roinnt amhrán á gcasadh agaibh le linn na hoíche.
bhíos ag ceapadh I was thinking
" Ag an am, bhíos i gcónaí ag iarraidh a shamhlú cá raibh m’athair – bhíos ag ceapadh gur sa stiúideo teilifíse a bhí sé.
Ceapadh le gairid thú you were recently appointed
" ***Ceapadh le gairid thú mar ******léiritheoir feidhmeannach ar Rough Magic.
ag ceapadh thinking
" Bheartaigh mé go rithfinn i dtreo na foirne eile, agus go ndéanfainn iarracht dul tharstu ag ceapadh nach mbeidís ag súil le himirt cheanndána den saghas sin.
ón uair a ceapadh Kevin Rudd from the time Kevin Rudd was appointed
" Cuireadh tús leis an "bhfeachtas bréige" ón uair a ceapadh Kevin Rudd mar cheannaire ar an bhfreasúra - ar a dtugtar an Australian Labor Party (ALP) - i Nollaig na bliana seo caite.
ceapadh é mar chisteoir he was appointed treasurer
" Nuair a d’aistrigh Mícheál Ó Coileáin go Londain sa bhliain 1906, agus é cúig bliana déag d'aois, d'imir sé peil agus iomáint leis na Geraldines agus ceapadh é mar chisteoir ar an chlub sa bhliain 1909.
nuair a ceapadh é when he was appointed
" Thosaigh Kieran ag obair le BBC Thuaisceart Éireann sa bhliain 1983 nuair a ceapadh é mar léiritheoir ar chláracha Gaeilge – an chéad duine riamh a raibh an ról sin aige.
Ceapadh an Seanadóir Stephens Senator Stephens was appointed
" Ceapadh an Seanadóir Stephens ina rúnaí parlaiminte sa rialtas nua.
tá mé ag ceapadh I think
" An raibh sé sásta leis an oideachas a fuair sé i gColáiste Éinde? “Bhí mé an-sásta leis ach bhí daoine eile nach raibh sásta agus tá mé ag ceapadh gur éirigh an réimeas an-dian ina dhiaidh sin.
nuair a ceapadh é when he was appointed
" TrapattoniCuireadh fáilte mhór agus fhairsing roimh Giovanni Trapattoni agus bhí sceitimíní ar dhaoine nuair a ceapadh é mar bhainisteoir nua ar fhoireann sacair na hÉireann.
Ceapadh é he was appointed
" SnaG Ceapadh é ina bhainisteoir ar Sheachtain na Gaeilge, ar phost páirtaimseartha é ag an am, agus thuig sé an poitéinsiúil a bhí ag baint leis an bhféile ó thaobh líon na ndaoine a d'fhéadfaí a mhealladh chuig an teanga lena linn dá ndéanfaí í a reáchtáil ar bhealach ní ba phroifisiúnta.
Ceapadh é ina bhainisteoir he was appointed manager
" SnaG Ceapadh é ina bhainisteoir ar Sheachtain na Gaeilge, ar phost páirtaimseartha é ag an am, agus thuig sé an poitéinsiúil a bhí ag baint leis an bhféile ó thaobh líon na ndaoine a d'fhéadfaí a mhealladh chuig an teanga lena linn dá ndéanfaí í a reáchtáil ar bhealach ní ba phroifisiúnta.
ceapadh é mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin he was appointed CEO
" Anuas ar na corparáidí éagsúla fuinnimh ar bhain sé leo, ceapadh é mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Petro-Canada – comhlacht ola ar leis an stát é – sa bhliain 1976.
ag ceapadh cuileog catching flies
" Ansin um thráthnóna, sula n-imíodh muid amach ar lorg diabhlaíochta, shuíodh muid siar uirthi ag amharc ar an ghrian ag dul faoi agus ar na céadta gealbhan ag faoileoireacht os ár gcionn ag ceapadh cuileog.
ceapadh was appointed
" Agus nuair a ceapadh Alan Greenspan i 1987 - fear a bhíodh roimhe sin ina stiúrthóir le banc J.
Ceapadh was appointed
" Ceapadh Grossman i 2005 ina leaschathaoirleach ar The Cohen Group, gnólacht stocaireachta bunaithe ag iar-Rúnaí Cosanta Clinton, William Cohen.
Ceapadh was appointed
" Ceapadh duine nua ag NADC leis an teideal seo gach bliain ó shin i leith.
Ceapadh were appointed
" Ceapadh riarthóirí limistéir agus cumhacht faoi leith acu leis an tionscadal a mhaoirsiú.
ceapadh appointed
" Ó céadtoghadh, nó ó ceapadh, an bord reatha sa bhliain 2005, íocadh nach mór €1.
ceapadh was thought
" Ach ansin chuirfí arís na ceisteanna: cé a chuir an buama ar Eitilt Pam Am 103, agus cén fáth? Sular cúisíodh al Megrahi agus Lamin Khalifa F’himah, nár ciontaíodh, ceapadh go forleathan gur earcaigh an Iaráin sceimhlitheoirí Palaistíneacha le díoltas a bhaint amach mar gheall ar an 290 duine a maraíodh ar Eitilt Aer Iaráin 655 nuair a shíob an USS Vincennes as an aer é “de thimpiste” ar 3 Iúil, 1988.
ceapadh were caught
" Níos measa ná sin, chuaigh na gardaí ar ais isteach sa bpluais ach ceapadh iad féin istigh ann.
ceapadh was appointed
" Bhí alltacht air, áfach, nuair a fuair sé amach go raibh Chaim Herzog (fear a ceapadh ina Uachtarán ar Iosraeil ina dhiaidh sin) ag obair le Lucht Faisnéise Iosrael, agus go raibh onóir sa Ghaeilge faighte aige san Ardteist fad is a d'fhreastail sé ar Scoil na mBráithre i Sráid Synge! Is fada na cuimhní cinn seo ón chomhcheilg chasta agus an cogar mugar i ndorchlaí cúlráideacha a shamhlaítear le cúrsaí taidhleorachta idirnáisiúnta!
Ceapadh was appointed
" Ceapadh Éamon Ó Cuív mar Aire Stáit sa Roinn Ealaín, Oidhreacht, Gaeltacht agus Oileáin tar éis Olltoghcháin 1997 agus cuireadh freagracht na Gaeltachta air.
ceapadh was appointed
" Ag eascairt as an Reachtaíocht sin, ceapadh Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga i Feabhra 2004.
Ceapadh was appointed
" Ceapadh Maradona ina bhainisteoir ar fhoireann na hAirgintíne i Meán Fómhair na bliana 2008.
Ceapadh é he was appointed
" Ceapadh é mar oifigeach traenála ar na bannaí ceol míleata de bharr a thaithí mar dhrumadóir in Arm na Breataine.
ceapadh thought up, conceived
" Dúradh ann go raibh an córas a ceapadh mar mhalairt ar Ghaeilge éigeantach sa státseirbhís ligthe le sruth nó gan feidhmiú i gcás arduithe céime inmheánacha i leath na rann agus na n–oifigí rialtais.
ceapadh was appointed
" I 1973, agus é fós ag imirt le Leeds United, ceapadh Giles ina bhainisteoir ar fhoireann Phoblacht na hÉireann, cinneadh a léirigh go grinn an t-ardmheas a bhí ag lucht sacair, idir imreoirí agus lucht riaracháin, air.
ceapadh was appointed
" Naomh Lorcán Ó Tuathail cuirim i gcás, a ceapadh ina ardeaspaig ar Dheoise Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1162.
Ceapadh was appointed
" Ceapadh Weir uachtarán anuraidh ar *Council for the National Interest,* foras a thacaíonn le *“Middle East policies that serve the American national interest.
ag ceapadh gur thinking that
" Bhí mo sheanathair gafa leis an bhfeachtas seo agus chuaigh sé chuig cruinniú i gCorcaigh ag ceapadh gur cruinniú faoi chúrsaí airgid a bheadh sé, ach tharla gur faoi chúrsaí teanga a bhí sé.
Ceapadh were appointed
" Ceapadh daoine mar Astrálaigh na Bliana i dtús báire a bhí iomráiteach thar toinn, dá bhrí sin.
ná mar a ceapadh than was thought
" De réir na dtuairiscí is déanaí, baineann an comhshuaitheadh nó an comhtholgadh le himreoirí rugbaí níos minice ná mar a ceapadh go dtí seo, go minic gan fhios dóibh féin ná do lucht leighis.
ceapadh was appointed
" Caithfidh mé a rá gur chuireas féin dóchas ann chomh maith nuair a ceapadh é i 1997 mar Aire Sóisearach le freagracht na Gaeltachta/Gaeilge.
ceapadh é he was appointed
" Bhí Natan Sharansky, iar-aire stáit Iosrael, ina cheannaire ar an Institiúid go dtí gur ceapadh é mar chathaoirleach ar an *Jewish Agency* i 2009.
ceapadh é he was appointed
" 
Theip air suíochán a bhaint in olltoghcháin 1969 agus 1973 ach shuigh sé sa Seanad idir 1973 agus 1977 nuair a ceapadh é ina uachtarán ar Pháirtí an Lucht Oibre agus chloígh sé le hobair inmheánach an pháirtí.
ceapadh was appointed
" Maidir le moltaí na meithle, ceapadh Stiúrthóir Iomána go luath tar éis gur glacadh leis an treoirphlean.
ceapadh ar dtús was first thought
" Druidim Siopaí ======== Níl deireadh le héabhlóid an idirlín fós, ná baol air, ach sílim go dtuigfimid anois nach mbeidh sé chomh cinniúnach is a ceapadh ar dtús.
Tá siad ag ceapadh they're thinking
" Tá siad ag ceapadh go bhfuil sé 'naive' agus go bhfuil sé thuas sna clabhtaí.
bheadh duine ag ceapadh one would think
" Agus an tsuim mhór mhillteach atá ag muintir na hÉireann sa spórt (rud a thuigeann lucht TG4 go rímhaith) bheadh duine ag ceapadh go dtabharfadh lucht foilsitheoireachta leabhair Ghaeilge cuireadh do scríbhneoir(í) Gaeilge tabhairt faoi ábhar éigin spóirt.
ceapadh was appointed
" Iar-Phríomhfheidhmeannach Ghaeltarra, Cathal Mac Gabhann, a ceapadh mar an chéad Phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht úr.
sular ceapadh na baill ainmnithe before the nominated members were appointed
" I meamram a scríobh Rúnaí Príobháideach Aire na Gaeltachta, Seán Aylward, faoin stocaireacht seo, dúradh go raibh an Roinn 'vehemently opposed to the appointment' agus go ndeachaigh Aire na Gaeltachta, Máire Geoghegan Quinn, i gcomhairle leis an Taoiseach sular ceapadh na baill ainmnithe.
nach raibh a ceapadh dlisteanach that her appointment wasn’t legally proper
" Cheap siad Julia Gillard d’aon ghuth i gcomharbacht air, an chéad Phríomh-Aire mná i stair na tíre, agus cuireadh tús láithreach bonn leis an líomhain nach raibh a ceapadh dlisteanach de bharr nach raibh Gillard tofa ina Príomh-Aire ag lucht vótála na hAstráile.
ceapadh was appointed
" Ba chéim mhór chun tosaigh san athmhuintearas í, mar sin, nuair a ghabh Kevin Rudd, a ceapadh ina phríomhaire i gcomharbacht ar Howard, leithscéal oifigiúil leis an mhuintir dhúchais as ucht a saíocht a bheith scriosta ag muintir eile na tíre (Eagrán 83, Márta 2008).
Ceapadh were appointed
" Ceapadh beirt fhear iomráiteacha ina gcomhchathaoirligh ar an gcoiste: an dlíodóir aitheanta, Mark Leibler, agus an tOllamh Patrick Dodson, ceannaire an mhuintir dhúchais.
Ag Ceapadh agus ag Tiomáint Scéalta conceiving and pushing stories
" Ag Ceapadh agus ag Tiomáint Scéalta ================= D’eagraigh Terry preasagallamh ag am amháin inar labhair sé mar a bheadh sé fós i gceannas ar an bhfoireann.
ag ceapadh thinking
" Agus b’shin tusa ag suí siar ansin, iPad i do lámh agat ag ceapadh, “Fan go bhfeicfimid cad a cheapann Roseanne faoin tseirbhís Netflix nua seo.
Ceapadh was appointed
" Ceapadh an fear gnó aithnidiúil, David Gonski, ina chathaoirleach ar an gcoiste agus tugadh an Tuarascáil Gonski ar na moltaí a chuir an coiste faoi bhráid an rialtais.
ag ceapadh faoin thinking about
" Is dóigh gur slat tomhais an-mhaith atá sna líonraí seo ar céard atá daoine ag ceapadh faoin ár gclaracha.
ceapadh duine a bhfuil taithí fhairsing aige a person of wide ranging experience was appointed
" Tá oiliúint fhada curtha isteach agat in go leor réimsí éagsúla den eagraíocht agus is cinnte go raibh lúcháir orainn uilig gur ceapadh duine a bhfuil taithí fhairsing aige a bheith ag obair ar fud na Gaeltachta don phost is sinsirí san Údarás.
ceapadh was appointed
" Sular ceapadh Jim Mac Géibheannaigh ina bhainisteoir ar fhoireann Shinsearach Thír Chonaill ag deireadh na bliana 2010, b’fhéidir gur cheap sé nach bhfaigheadh sé an post go brách.
ceapadh ina chathaoirleach ar he was appointed chairperson
" I 1981 nó 1982, chláraigh sé le Sinn Féin agus mar dhuine a bhí thar a bheith feidhmiúil ag eagrú rudaí, ceapadh ina chathaoirleach ar an pháirtí i nDoire é i 1985, ina chathaoirleach ar Chomhairle na Sé Chontae i 1990 agus bhí sé ar an Ard-Chomhairle ar feadh 20 bliain ach i 1986, thosaigh Gerry Adams ag caint ar fheachtas síochána agus bhí Ó hEára mar bhall d'fhoghrúpa a rinne an scéal a chíoradh go mion - ainneoin go raibh sé amhrasach ann féin faoin treo ina raibh an páirtí ag dul.
ceapadh Coiste Athbhreithnithe a reassessment committee was appointed
" Ullmhaíodh plean don athbhreithniú agus ceapadh Coiste Athbhreithnithe - ionadaithe ó na ceantair éagsúla Ghaeltachta, ó na hollscoileanna, ón Roinn Oideachais agus ó bhrainsí éagsúla den chóras oideachais, ó na meáin, ó réimsí na foclóireachta agus na téarmaíochta, ó réimsí na foilsitheoireachta, na scríbhneoireachta agus an aistriúcháin.
ceapadh ateangaire a translator was appointed
" Ionchúisíodh an cosantóir arís ar an 11 Bealtaine, 1976, os comhair an Breitheamh Larkin ar an chúis chéanna ach chomh luath is a glaodh an cás, ceapadh ateangaire agus cuireadh faoi mhionn é.
bhí mé ag ceapadh I figured
" Tá an-spéis agam féin ann ach bhí mé ag ceapadh nach mbeadh aon spéis ag éinne eile ann, ach an rud a chur ionadh orm ná an méid sin daoine a tháinig aníos chugam níos déanaí nach raibh aon aithne agam orthu ó cheann ceann na tire, as ceantair Ghaeltachta éagsúla, na hoileáin, muintir Bhaile Átha Cliath.
ceapadh was appointed
" Mura bhfuil i gceist ach gur chinn Katie an Táilliúra fanacht ina dornálaí amaitéarach agus gan dul i muinín na dornálaíochta gairmiúla nó gur ceapadh Pól Mac Fhionnlaoich ina chaptaen ar fhoireann ghailf na hEorpa nó gur fhógair Ciaran Mac Giolla Chainnigh go raibh sé le filleadh abhaile ón Astráil toisc go mb’fhearr leis a bheith i measc a mhuintire féin agus a bheith ag imirt peile agus iománaíochta lena chumann agus lena chontae dúchais.
a ceapadh who was appointed
" Éireannach eile atá go mór i mbéal an phobail is ea an tOllamh Patrick Mc Gorry, a ceapadh ina Astrálach na Bliana trí bliana ó shin as a shaothar ceannródaíochta ar son daoine a bhfuil meabhairghalar orthu.
ag ceapadh thinking
" D’insealbhaigh m’fhear chéile an leagan in aisce ar an iPad s’aige, ag ceapadh nach mairfeadh an leannán seo acu.
Ceapadh was appointed
" Ceapadh Robyn Archer, siamsóir mór le rá, ina stiúrthóir ealaíne ar an gcomóradh anuraidh agus leag sí síos a fís uaillmhianach don bhliain ag an am.
ag ceapadh figuring
" Is dóigh liom nach raibh mórán eolais a’m ar Sheanad Éireann ná ar a bheith i do sheanadóir roimhe seo ach go raibh fhios a’m roinnt daoine a chuaigh romham, Nioclás Ó Conchobhair agus Pól Ó Foighil mar a déarfá, agus níor thuig i ndáiríre cén bunús a bhí acub ó thaobh a bheith ag ceapadh reachtaíochta agus mar sin de, ach tá tuiscint i bhfad níos fearr a’m anois ar an ról poiblí.
ceapadh a mhac ina bhreitheamh his son was appointed judge
" Anuas air sin, ceapadh a mhac ina bhreitheamh agus toghadh ina fheisire é sa pharlaimint in *New South Wales*.
ceapadh duine nua a new person was appointed
" Mar fhocal scoir, ceapadh duine nua ina Ard-Aighne ar na mallaibh.
raibh sé ag ceapadh he was appointing
" D’fhógair an Taoiseach inné go raibh sé ag ceapadh Hildegarde Naughton mar Sheanadóir i nGaillimh.
nár ceapadh it wasn’t decided
" Ní thuigim ar thalamh an domhain cad tuige nár ceapadh gur ceantar ard áilleachta a bhí in Bóthar an Tower, áit ar nós le bunadh na háite a bheith ag siúl, ag rith, ag rothaíocht agus ag traenáil na gcon.
Ceapadh was appointed
" Ceapadh William Lygon, an seachtú hIarla Beauchamp, ina Ghobharnóir ar New South Wales sa bhliain 1899 agus sheol sé teachtaireacht chuig a ghéillsinigh dhílse chun iad a thréaslú as an méid a bhí bainte amach acu taobh istigh de thréimhse ghairid.
Tá mé ag ceapadh I reckon
" Tá mé ag ceapadh nach mbíodh Nuacht ar bith ar an satharn is ar an domhnach agus ansin féin, cúig lá na seachtaine, ní bhíodh ann ach cúig nóiméad nuachta.
bhí tú le ceapadh you were to be appointed
" ” Ní raibh cead ag tuairisceoir ar bith ceist ar bith a chur seachas “An bhfuil na piontaí ag dul síos go maith?” nó “An bhfuil tú sásta leis an aimsir?” Ach d’éirigh le Balor cúpla cruacheist a chur: **Balor: John, nach fíor gur tharraing tú d’ainm siar nuair a bhí tú le ceapadh mar cheannaire ar an CIA ceithre bliana ó shin mar go raibh ceisteanna á gcur faoi do dhearcadh i leith rácáil cimí, is é sin go ndúirt tú go raibh tú i bhfabhar a leithéid? Nach fíor sin?** Brennan: Ní thuigim an cheist.
ceapadh it was thought
" Dul san Iomáint ======= **Colm: Cén uair a cuireadh tús leis an iománaíocht?** Aodán: “Nuair a bunaíodh Na Gaeil Óga ceapadh go raibh sé níos feidhmiúla céim amháin a ghlacadh ag an am agus beartaíodh tosú le foireann peile ach bhí sé i gceist go gcuirfí foireann iomána ar bun ina dhiaidh sin.
sular ceapadh before (he) was appointed
" Bhí sé amuigh ar Tony Abbott le fada gur duine gnéasaíoch agus gurbh fhear fuatha ban é sular ceapadh ina Phríomh-Aire é i mí Meán Fómhair.
a ceapadh mar who was appointed as
" Anuas air sin, rinne Ita Buttrose, an bhean aitheanta a ceapadh mar Astrálach na Bliana i mí Eanáir, casaoid ghéar.
Ceapadh Pictiúir gan Chead taking a snap without asking
" Ceapadh Pictiúir gan Chead =========== Thosaigh Lee Jeffries, atá ina grianghrafadóir amaitéarach agus a oibríonn mar chuntasóir i rith an lae, a tharraingt grianghrafanna de dhaoine gan dídean nuair a chuaigh sé ar turas go Londain ó Bolton, a bhaile dhúchais féin, i 2008.
ceapadh was appointed
" I mí Iúil na bliana seo, ceapadh Úna mar *Future Music Lab Performance Fellow* ag Féile Cheoil an Atlantaigh, i Maine, sna Stáit Aontaithe agus i ag obair leis an veidhleadóir Mari Kimura.
ceapadh file teallaigh a poet in residence was appointed
" I dtús na míosa ceapadh file teallaigh sa teach mór a dtugannn siad Rhos-y-Gilwen air.
ceapadh na daoine ba cháilithe a bhí ar fáil the most qualified available people were appointed
" Arís eile, tchítear domh gur ar leas an phobail atá sé go bhfoilseofaí na liostaí áirithe seo lena chinntiú gur ceapadh na daoine ba cháilithe a bhí ar fáil.
ag ceapadh thinking
" Táim ag ceapadh gur chuir Gael Linn síol atá ag bláthú anois, ach is cóir moladh a thabhairt don Iontaobhas Ultach a bhfuil an-obair déanta acu sa réimse sin.
tá mé ag ceapadh I’m thinking
" Eatarthu a bheas sé, tá mé ag ceapadh, cé go bhfuil cúpla foireann eile ann (Cósta Ríce b’fhéidir?) a d’fhéadfadh barrthuisle a bhaint astu.
a ceapadh who was appointed
" Iarbhreitheamh sinsearach de chuid Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe é údar *Six Amendments: How and Why We Should Change the Constitution (Little, Brown and Company, 2014)* agus is breitheamh é a ceapadh i 1975 nuair a mhol at tUachtarán Gerald Ford é.
ceapadh mar ealaíontóir oifigiúil he was appointed the official artist
" Rinneadh ridire de i 1914 agus ceapadh mar ealaíontóir oifigiúil an Chogaidh Mhóir i 1917 é.
Ceapadh beirt airí sóisir úr two new junior ministers were appointed
" Ceapadh beirt airí sóisir úra sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta - ceann le Gaeilge líofa agus ceann gan Ghaeilge líofa.
Ó ceapadh Bertie Ahern mar Thaoiseach since Bertie Ahern was appointed Taoiseach
" Ó ceapadh Bertie Ahern mar Thaoiseach, tá meath tagtha ar neodracht na hÉireann, dar le Dónall Ó Maolfabhail, agus beidh impleachtaí tromchúiseacha ag sin don tír.
atá le ceapadh go luath who is to be appointed shortly
" Measann Colm Mac Séalaigh gurb é an dúshlán is mó a bheas roimh an Stiúrthóir Náisiúnta Iománaíochta, atá le ceapadh go luath, ná dearcadh daoine i gCumann Lúthchleas Gael maidir leis an iománaíocht a athrú.
Ceapadh é he was appointed
" Ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2006.
ceapadh an cheoil mastering music
" Tugann Colm Ó Snodaigh cuntas dúinn san alt seo ar an dul chun cinn atá déanta ag roinnt daoine agus comhlachtaí i leith ceapadh an cheoil ag an duine a bhfuil éalang ag cur as dó.
Tá sé ag ceapadh he thinks
" Tá sé ag ceapadh faoi láthair gur mithid do shaol na Gaeilge tabhairt faoi ghné an-tábhacht eile, saol an airgeadais, trí chomhar creidmheasa a bhunú do mhuintir na Gaeilge.
Ceapadh was appointed
" Ceapadh Diarmuid Johnson ina fhile árais i Rhos-y-Gilwen sa mBreatain Bhig.