Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Chearnóg Theach an Thionóil Meetinghouse Square
" Agus mé ag fanacht, tagann fear isteach ag lorg eochracha chun mullaird Chearnóg Theach an Thionóil a oscailt.
sa chearnóg duirleog in the cobbled square
" Bhí roinnt mhaith daoine sa chearnóg duirleog, a lán daoine óga ina measc - mic léinn, is dócha, mar is cathair thábhachtach ollscoile í Pisa.
ar an chearnóg cháiliúil on the famous square
" Saolaíodh Alison Lapper gan lámha agus le cosa gearra de bharr an druga tailídimíd agus is í a portráid, snoite ó bhloc de mharmar bán Iodálach, atá cúig troithe déag ar airde, a bheas le feiceáil ar an chearnóg cháiliúil go ceann seacht mí dhéag eile.
chearnóg square
" Ba de shliocht an Ghorta cuid den lucht éisteachta a bhí ag comóradh Jim Larkin i Learpholl agus bhí siad an-sásta an tseanteachtaireacht phoblachtánach a chloisteáil ó bhéal Raymond McCartney: "Beidh muid ar ais sa chearnóg seo lá éigin sa todhchaí chun athaontú na hÉireann a cheiliúradh," ar sé, agus fuair sé bualadh bos láidir dá bharr.
cearnóg mhór a large square
" Is cearnóg mhór sa Chathair Nua í seo a bhfuil féar ina lár agus crainn thart uirthi.
73 Cearnóg Mhuirfean 73 Merrion Square
" Smaoinigh mé ar dhán Mary Howitt nuair a shiúil mé isteach in uimhir 73 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath, baile úr Thaisce Cheol Dúchais Éireann.
cearnóg dhuilleogach leafy square
" Níl ach sráid fhada amháin ann, agus cearnóg dhuilleogach ina lár, agus tithe beaga liatha cloiche atá sa bhaile.
cosaint na cearnóige, defending the square,
" Willie O’Dea** (Lánchúlaí ar dheis): Fear atá breá ábalta guaille a thabhairt dá chuid naimhde ach is í cosaint an stáit, murab ionann agus cosaint na cearnóige, atá faoina chúram anois.
á dteilgeadh isteach sa chearnóg. being thrown into the square.
" ** **Dermot Ahern** (Lánchúlaí): Lánchúlaí ar féidir brath air is ea é agus liathróidí arda á dteilgeadh isteach sa chearnóg.
cearnóg an bhaile the town square
" Tógadh St Florian’s Gate, ceann de na radhairc is cáiliúla sa chathair, sa tríú haois déag, agus tógadh cearnóg an bhaile – arb í an chearnóg mheánaoiseach is mó san Eoraip – thart ar an mbliain 1257.
chearnóg mheánaoiseach medival square
" Tógadh St Florian’s Gate, ceann de na radhairc is cáiliúla sa chathair, sa tríú haois déag, agus tógadh cearnóg an bhaile – arb í an chearnóg mheánaoiseach is mó san Eoraip – thart ar an mbliain 1257.
i gcearnóg Aix in Aix's square
" Roghnaigh mé na comhábhair ab fhearr a bhí ar fáil sa mhargadh, a bhíonn ar siúl go rialta i gcearnóg Aix.
ar Chearnóg Mhuirfean. on Merrion Square
" Bhí cúrsaí ceoil an-tábhachtach don stáisiún riamh agus tá stiúideo nua-aimseartha acu ina gceanncheathrú ar Chearnóg Mhuirfean.
Chearnóg Square
" Chruinnigh na céadta Uígireach ar Chearnóg na nDaoine ar an lá sin, i lár Urumqi, chun agóid a dhéanamh in aghaidh dhúnmharú beirt Uígireach i réigiún Guangdong san oirdheisceart.
chearnóg square
" Sé bliana déag tar éis titim réimeas Ceausescu, deineann mo dhuine an réabhlóid a ceiliúradh le seó cainte a ardaíonn an cheist seo leanas – an raibh éinne amuigh ag léirsiú ar chearnóg na cathrach sular glanadh Ceausescu chun siúil ag 12.
cearnóg square
" Oíche an dúnmharaithe, d’iarr sé ar an bpobal – Ollannaigh, Muslamaigh, gach uile dhuine – teacht go dtí an Dam, cearnóg lárnach na cathrach.
gcearnóg square
" Cloisfidh tú treoraí ag maíomh ar an dáta sin nuair a dhruidfidh na turasóirí cruinn thart air lá ar bith i gcearnóg na hollscoile, óir ní féidir iad a choinneáil amach as an áit.
gcearnóg square
" Ar éirigh leis fáinne a dhéanamh den gcearnóg sin? Fágaim sin fút féin le hoibriú amach gan ionchur ar bith uaimse.
lár cearnóige middle of (public) square
" Samhlaigh tú féin mar dhealbh ach in áit a bheith i do sheasamh ar phlionta i ndánlann nó i lár cearnóige poiblí leis na colúir ag eitilit thart ort, tá tú ar an ghrinneall go domhain i bhfarraige agus gach cineál ainmhí mara ag snámhaíocht ar dhromchla do choirp.
Cearnóg Urumhan Ormond Sq.
" Scorach Lárchathrach ========= Is as Cearnóg Urumhan i lár Bhaile Átha Cliath do John Giles, mac peileadóra a d’imir le Bohemians.
cearnóga square
" Le fáinní, cearnóga nó eile a tharraingt, ní raibh aon mhaith ionam ach, ar údar éigin, bhí mé an-mhaith le gréasán a tharraingt.
chearnóg square
" Bhí cruinniú ag an NF i Halla Conwy, i gCearnóg Red Lion agus bhí cruinniú againn sa chearnóg chéanna agus bhí Syd Bidwell MP le caint ann.
Chearnóg square
" Ach nuair a tharla an beart onóra, umhlaíochta, maithiúnais, aiféala i nGairdin na Laochra ar Chearnóg Pharnell, shín Banríon Shasana eochair scaoilte na faidhbe sin chugainn.
gCearnóg square
" Cohen ó Ollscoil Nua-Eabhrac go bhfuil géibheann Ai Weiwei mídhleathach fiú de réir dhlí na Síne féin, agus más féidir duine chomh cáiliúil leisean a ghabháil agus a chur faoi ghlas, cén chosaint atá ag an ghnáthshaoránach Síneach? Is díol suntais é gur osclaíodh an iarsmalann is mó ar an domhan i gCearnóg Tiananmen díreach sular gabhadh Ai Weiwei.
Chearnóg Mhuirfean Merrion Square
" Lonnaithe ar Chearnóg Mhuirfean i gcroílár chathair Bhaile Átha Cliath, in áit bhríomhar, is ionad spreagúil agus iomlán éagsúil í oifig Raidió na Life.
cearnóg a square
" Sa réimeas nua i ndiaidh 1989 tugadh an onóir is coitianta a thabhairt do ghníomhartha dá shaghas: tá sráid i bPrág (siúd is gur cearnóg atá i gceist sa chás seo) ainmnithe ina dhiaidh agus nochtadh dealbh ina urraim.
chearnóg square
" Ní raibh siad sásta na dilseoirí a scaipeadh, cé go raibh cead ag an mórshiúl an chearnóg a úsáid.
chearnóg square
" Is í an riail atá i gceist agam, an riail a bhaineann leis an gcomhthreomharán beag a bhíonn marcáilte os comhair an chúil sna cluichí Gaelacha agus a dtugann gach mac máthar agus cuid den chlann iníonacha freisin an ‘chearnóg bheag’ air.
cearnóg square
" Síos sráid siopadóireachta Jean Jaures a tháinig siad, dosaen bagadoù (bannaí ceoil thraidisiúnta) ag seinm binioù (píobaí Briotánacha), bombardes (feadóga) agus drumaí go beo bríomhar, ar a mbealach go dtí cearnóg na saoirse - Place de le Liberté.
cearnóg square
" Beidh air dul ar ais go dtí cearnóg a haon.
siar go dtí cearnóg a haon to square one go back (we)
" Bíonn an chraic anseo nócha! Tá a gcroí san áit cheart, agus níl sé ina mbróga! An dtuigeann tú, a Bhaloir? Is maith liom an jóc sin! Cuireann muid ranganna Gaeilge ar fáil do na tuismitheoirí anseo, agus téann muid siar go dtí cearnóg a haon.
chearnóg mhór large square
" Bhí síocháin, dóchas agus tírghrá i réim ar chearnóg mhór Campo Grande, i lár cathair Salvador, áit ar chruinnigh fiche míle duine le chéile faoi theas ghrian an tráthnóna.
gCearnóg square
" Bhailigh Críostaithe, neamh-Chriostaithe chomh maith le turasóirí fiosracha faoi spéir scamallach i gCearnóg Naomh Peadar sa Róimh ar na mallaibh, le fianacht a thabhairt ar ócáid fíorshuntasach i stair na Eaglaise Caitlicí.
ag líonadh na cearnóige filling the square
" Chaith mé tráthnóna aoibhinn ag an Buenos Aires *Hurling Club*, d’fhreastail mé ar cheiliúradh mór Lá na Féile Pádraig in Plaza San Martin atá baiste as laoch mór agus fuasclaitheoir na hAirgintíne, José de San Martin agus ceol traidisiúnta, amhráin tíre agus callán na mbróg damhsa a lá Riverdance ag líonadh na cearnóige ag dul ó sholas dó.
chearnóg na cathrach of the city square
" Reáchtáladh cuid mhaith de na ceolchoirmeacha i speigeltent (puball na scáthán), puball ollmhór déanta d’adhmad agus anairt maisithe go gleoite ar an taobh istigh le scátháin, soilse agus gloine dhaite agus suite i gceartlár chearnóg na cathrach, rud a chuir cuma aduain, beagnach allúrach, ar an áit agus a thug le fios go raibh rud éigin iontach ar leith á thairiscint ann.