Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Beidh sí ag ceastóireacht she'll be pestering/annoying you (with questions)
" Beidh sí ag ceastóireacht mar a bheadh an diabhal ort.
Stadaigí a cheastóireacht orm stop pestering me
" Bhí an mac ag mairgní fá dheirfiúr a bheith ag tabhairt drochíde air go dtí gur dhúirt an mháthair, "Stadaigí a cheastóireacht orm, tabhair suaimhneas domh nó ní bhfaighidh duine amháin agaibh uachtar reoite.
ag ceastóireacht orm pestering me
" Tá siad ag ceastóireacht orm ó mhaidin go hoíche," arsa Máire.
ag ceastóireacht air interrogating him
" Thuig Aoife gurbh fhearr gan a bheith ag ceastóireacht air agus thiontaigh sí ar Aingeal, nach bhfaca sí ó bhí roimh an Nollaig ann.
ag ceastóireacht orthu torturing them with questions
" Bheifí ag cur ina leith gur ag ceastóireacht orthu a bhí sé lena chuid ceisteanna amaideacha.
lena cheastóireacht to interrogate him
" Tógadh go dtí long de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe Mheiriceá (SAM) é lena cheastóireacht i dtús báire sular carcraíodh é ag Guantanamo.