Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceathrú ceannais quarter-final
" Is aisteach ar bhealach méid an fháiltithe agus an ceiliúradh a deineadh mar, tar éis an tsaoil, is foireann í seo nár bhuaigh aon chraobh ná corn agus nár éirigh léi dul chomh fada fiú amháin le cluiche ceathrú ceannais an chomórtais.
cluiche ceathrú ceannais peile quarter-final football match
" An lá a chuaigh mé féin ar cuairt chuige bhí an cluiche ceathrú ceannais peile idir Dún na Gall agus Baile Átha Cliath le bheith beo ar an teilifís ón ceathair a chlog ar aghaidh agus, mar sin, d'iarr sé orm bualadh isteach chuige timpeall leath i ndiaidh a dó.
Ceathrú Gaeltachta Gaeltacht quarter
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go mbeadh Ceathrú Gaeltachta anseo i mBéal Feirste mar a mbeadh dlúthphobal ag labhairt na Gaeilge i rith an ama.
ceathrú verse
" "Cuireann sé pléisiúr an domhain orm nuair a chím go bhfuil siad ábalta cúpla líne a chur i ndiaidh a chéile nó ceathrú amhráin a cheol.
an cluiche ceathrú ceannais the quarter-finals
" Cé go bhfuil siad sa dara roinn anois, rinne siad go maith i gCorn an FA (bhain siad an cluiche ceathrú ceannais amach) agus i gCorn Worthington (cluiche ceannais) nuair a bhí Aldridge ina bhainisteoir.
an ceathrú sraith the fourth series
" Rinne sé "Amú san Eoraip" agus "Amú san Áis" ina dhiaidh sin agus anois tá an ceathrú sraith, "Amú Amigos", le feiceáil ar na scáileáin.
trí cheathrú bealaigh three-quarters way
" Gearrann muid trí cheathrú bealaigh síos í, sa dóigh is go mbeidh sí ábalta fás arís taobh istigh de sé mhí.
an ceathrú cuid a quarter
" Cé gur le hÉirinn an ceathrú cuid nó mar sin d'fharraigí na hEorpa, níl ach thart ar 4% de chuóta iascaireachta na hEorpa ag an stát seo.
sa chluiche ceathrú ceannais in the quarter-final
" Ach is é córas an chraobhchomórtais, a chinntíonn go mbíonn míbhuntáiste na heaspa taithí ag gach foireann as Ulaidh (an cuimhin le héinne Doire dhá bhliain ó shin i gcoinne Uíbh Fháilí?) nuair a théann siad chun páirce sa chluiche ceathrú ceannais croílár na faidhbe.
baill an cheathrú eastát members of the fourth estate (journalists)
" Ach is cúis mhór imní é toradh pobalmheasa a rinne an clár "Prime Time" an mhí seo caite, a léirigh gur tábhachtaí le pobal an stáit seo gardaí, dochtúirí, múinteoirí, sagairt, agus fiú dlíodóirí, ná baill an cheathrú eastát.
den cheathrú díochlaonadh of the fourth declension
" Mar shampla, má roghnaítear an focal "ríomhaire" insíonn an Bosca Freagra dúinn gur ainmfhocal den cheathrú díochlaonadh é, gur "computer" atá ann as Béarla agus go bhfuil na leaganacha seo a leanas ceadaithe: "an ríomhaire (au), an ríomhaire (gu), na ríomhairí (ai), na ríomhairí (gi).
an cheathrú cuid one quarter
" Maraíodh 336 duine ar bhóithre na hÉireann anuraidh agus ba é an luas ba chúis leis an cheathrú cuid de na básanna sin.
an ceathrú cuid one quarter
" De réir suirbhé a rinne sí i rith na scoilbhliana 2001/2002, bhí an ceathrú cuid de na páistí idir ceithre bliana d'aois agus ocht mbliana d'aois i gContae Liatroma "ramhar" nó "fíor-ramhar".
chuile cheathrú each quarter
" 5% den daonra ag baint úsáide as an leathanbhanda anois (agus go raibh fás de 30% sa mhargadh in chuile cheathrú anuraidh), ach ní leor iad na figiúirí seo nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil ag éirí le tromlach na dtíortha ECFE níos mó ná 12% dá ndaonra a mhealladh i dtreo an leathanbhanda.
ceathrú céid ó shin a quarter of a century ago
" An cheist atá anois ann ná an bhfuil siadsan, nó aon dream, in ann dul céim amháin eile agus monaplacht na gcontaetha “traidisiúnta” a bhriseadh faoi mar a tharla ceathrú céid ó shin.
an cluiche ceathrú ceannais the quarter finals
" Shroich siad an chéad bhabhta i gCorn UEFA i mbliana agus an cluiche ceathrú ceannais i gCorn Intertoto an bhliain seo caite.
an ceathrú cuid acu a quarter of them
" Ach fós féin, teip nó pas ar éigean a fhaigheann an ceathrú cuid acu.
an ceathrú deireanach the last quarter
" Feirm Barhill ======= Téann an ceathrú deireanach den tslí trí thalamh feirmeoireachta.
an ceathrú cuid acu a quarter of them
" Ach fós féin, teip nó pas ar éigean a fhaigheann an ceathrú cuid acu.
scarann trí cheathrú de na tuistí nach bhfuil pósta three quarters of unmarried parents split
" De réir staitisticí ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, scarann trí cheathrú de na tuistí nach bhfuil pósta sula mbíonn na páistí sé bliana déag d’aois, agus i gcás tuistí pósta, ní scarann ach an tríú cuid.
i gceathrú inteacht eile den domhan in some other quarter of the world
" * Gluais • Glossary cuairteoirvisitor saoithiúilpeculiar prochógcave, hovel i gceann mo mharanaengaged in contemplation meanaawl a thriailto try oidíteachers dá ngníomhóinn mar a iarradh ormhad I acted as I had been told brocaisden le m’uillinnbeside my elbow ag stánadh uirthistaring at it go mínósachrudely an léaráid áirithe sinthat particular sketch sula gcuirfeadh sé forrán ormbefore he would address me dúil bheolive creature cruinniú mo mheabhrachthe gathering of my thoughts frídín deannaighdust germ m’fhabhramy eyelash aireattention glasuainevivid green donnliath na huaimhethe grey brown of the cave feisteas coimhthíochstrange attire seacht fairsingeseven times more wide leadhb leathana wide piece fionnachrithgoose-flesh tír shiocthafrozen country géagalimbs aeráid fhionnuar s'againneour cool climate ionsar achan rud sa phluaistowards everything in the cave Cliseadh Shráid Wallthe Wall Street Crash Géarchéim Munchenthe Munich Crisis slis creigea piece of rock ina dhornin his fist ionsormtowards me cén treo a léifinn íwhat direction I'd read it treoraitheguides toilteanachwilling comhléaráideoirífellow illustrators cúigear glaschraicneach eilefive other green-skinned creatures brollach is másaíbosom and thighs ag sciolladóireachtscolding ag fiafraí dá chéileasking each other dheamhan fonn ormI wasn't in the mood ghréasobairfancywork saothraithelabourers mo chuid líníochta féinmy own drawing mo shamhlaíocht féinmy own imagination a míniúto explain it tinfeadhinspiration leamhdull páistí fuaite earraí leathairthe children who sew leather goods sclábhlannasweatshops fá mo choinne féinfor myself a dhath ar bithanything i gceathrú inteacht eile den domhanin some other quarter of the world
an ceathrú colún the fourth column
" Thug sé ar chuid de na nuachtáin an ceathrú colún a thabhairt dúinn (ar an leathanach teilifíse) ó thaobh spáis don sceideal.
thart ar an ceathrú nó tríú cuid around a fourth or a third
" Tá an soláthar atá againne thart ar an ceathrú nó tríú cuid den soláthar atá acusan.
ar an cheathrú tír is measa san Eoraip the fourth worst country in Europe
" Go deimhin, bhí an EEA ag tuar go mbeadh muid ar an cheathrú tír is measa san Eoraip ina leith seo.
breis agus an ceathrú cuid more than a quarter
" Cé go ndeir 62% go bhfuil siad ag dul chuig an teach tábhairne chomh minic céanna ó thosaigh na Gardaí ag faire ar thiomáint faoi thionchar an óil, léirigh breis agus an ceathrú cuid (28%) athrú ar a n-iompar, á rá nach dtéann siad chuig an teach tábhairne chomh minic.
máistir ceathrún an UDA a UDA quarter-master
" Tugadh na hairm ghoidte do William Stobie, máistir ceathrún an UDA agus gníomhaire de chuid an RUC.
bunú na Ceathrún Gaeltachta. the establishment of the Gaeltacht Quarter.
" Measann sé, cuir i gcás, gur forbairt an-chorraitheach é an dul chun cinn atá déanta maidir le bunú na Ceathrún Gaeltachta.
ceathrú milliún focal quarter of a million words
" Colúnaí bisiúil atá ann a bhfuil cáil bainte amach aige de thoradh a phróis ghéir, agus tá suas le ceathrú milliún focal den phrós sin á bhfoilsiú go bliantúil i nuachtáin náisiúnta na tíre ó bhí 1981 ann.
a tháinig an ceathrú leanbh dá cuid ar an saol. her fourth child was born
" Nuair a cuireadh den bhád í, ba ar thalamh Phort Láirge a leag sí a cos agus ba in ospidéal na cathrach sin a tháinig an ceathrú leanbh dá cuid ar an saol.
gach ceathrú bliain every four years
" Ní móide go mbuafaimid aon rud, ach cá bhfios? Bímid ag súil gach ceathrú bliain le buaiteoirí Éireannacha ag na cluichí Oilimpeacha, ach níl sin réalaíoch.
aon cheathrú Síneach, one quarter Chinese
" Tá sé aon cheathrú Síneach, aon leath Afracach, aon deichiú cuid Éireannach, trí fhichiú cuid Rúiseach, Spáinneach, Francach, Sasanach agus Gearmánach.
ar an gceathrú stát is lú daonra sa tír the state with the fourth smallest population in the country
" Ní tusa amháin nár chuala trácht uirthi riamh; tá Alaska ar an gceathrú stát is lú daonra sa tír, agus is annamh a bhíonn tionchar ar bith aige ar pholasaithe na tíre.
ceathrú quarter
" Faigheann an Eoraip a ceathrú dá chuid gáis amach as an Rúis agus is tríd na píplínte conspóideacha sin a ritheann a formhór mór.
cheathrú fourth
" Beidh an saothar beo seo, ar a nglaoitear One & Other, le feiceáil ar an cheathrú ceap colúin ar Chearnóg Trafalagar i Londain ón Iúil seo chugainn agus tá i gceist aige go mbeidh duine difriúil ar an cheap fholamh gach uile uair sa lá ar feadh céad lá san iomlán.
ceathrú fourth
" Ní raibh deacracht ar bith an mhí seo áfach agus biaiste na hiomána idirchontae díreach thart agus ba é sin oirbheart agus gaisce iománaithe Chill Chainnigh a mholadh agus a mhóradh tar éis dóibh an ceathrú craobh shinsear iomána uile-Éireann as a chéile a ghnóthú.
ceathrú ceannais quarter final
" Beidh ochtar i mbliana agus beidh babhtaí ceathrú ceannais, leath ceannais agus babhtaí ceannais.
cheathrú cuid a quarter
" ’ Agus deir Máirín Nic Eoin: ‘Cé nach raibh sna cainteoirí Gaeilge ach an cheathrú cuid den líon daoine a sholáthair eolas faoin nGorta do Choimisiún Béaloideasa Éireann sna tríochaidí agus sna daichidí, is díol spéise gur i nGaeilge atá daichead faoin gcéad den ábhar a bailíodh an uair sin agus mar a deir Cormac Ó Gráda: ' Má thugtar sracfhéachaint ar na freagraí, is léir go raibh caighdeán eolais an ábhair i nGaeilge i bhfad nios saibhre ná mar a bhí sa Bhéarla'.
cheathrú seal fourth term
" Tá an breitheamh Stevens ceithre fhichead is deich mbliana d’aois agus tá a thréimhse mar bhall den chúirt sin ar an cheathrú seal is faide dár chaith aon bhreitheamh riamh ar an chúirt uachtarach.
thrí ceathrú 3 quarters
" ”* Éire Úr === Dúirt sé gur thug sé cuairt ar scoil i mBaile Átha Cliath thiar an tseachtain roimhe, áit a raibh dath dubh ar a thrí ceathrú de na daltaí.
ceathrú ceannais quarter final
" An t-údar clamhsáin ba mhó a bhí ann is ag bainisteoirí na mbuaiteoirí cúige a bhí sé, is é sin nach mbíonn an dara deis acu i gCraobhchomórtas na hÉireann má chailleann siad an chéad chluiche eile tar éis craobh an chúige a bhaint, is é sin cluiche ceathrú ceannais na hÉireann.
cheathrú chuid quarter
" Den 190 milliún duine atá ina gcónaí sa tír, tá 54 mhilliún – an cheathrú chuid – ag maireachtáil faoi íosteorainn an bhochtanais i dtólamh.
faoin cheathrú céad by the fourth century
" Ach faoin cheathrú céad bhí cur is cúiteamh ar siúl faoin chaoi a dtagann an pósadh salach ar an tsagartacht.
cheathrú quarter
" Inseoidh mé daoibh: Agus gach iriseoir sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar an Taoiseach nua, bhí siad ag scríobh isteach chuig ceanncheathrú Fhine Gael, nó ag bualadh ar dhoras theach an cheannaire, nó ag cur téacsanna gan stad chuig cairde dá gcuid i gcúirt na Léine Goirme.
ceathrú huair fourth time
" Ba é seo an ceathrú huair a thug cróinéir breithiúnas ar bhás Azaria Chamberlain, gineog a chuaigh ar iarraidh sa bhreis ar thríocha bliain ó shin.
Gach ceathrú bliain every fourth year
" Gach ceathrú bliain sna Stáit Aontaithe, cruinníonn maithe móra an dá pháirtí polaitiúla i rith seachtain dheireanach mhí Lúnasa agus céad seachtain mhí Mheán Fómhair.
an cheathrú cuid d’asraonta miondíola a quarter of the retail outlets
" Mar sin, ní nach ionadh go bhfuil driopás ar mhuintir Bhéal Feirste agus iad ag iarraidh theacht ar bhronntanais a bhfuil go leor airgid acu lena gceannacht, ach tá fáth eile ann - tá an cheathrú cuid d’asraonta miondíola i mBéal Feirste druidte.
an ceathrú ghlúin fourth generation
" Seo an ceathrú ghlúin den 3 series agus tagann sí tar éis an 3 series E36.
gan ach an cheathrú cuid siúlta just a quarter of it walked
" Bhí na matáin ag teannadh fán am seo agus gan ach an cheathrú cuid siúlta.
Dúirt mé trí cheathrú den Spailpín Fánach I sang three verses of the wandering labourer
" “Abair rud eicínt!” Dúirt mé trí cheathrú den Spailpín Fánach.
trí cheathrú den talamh arúil three quarters of the arable land
" Theastaigh ó Jacobo Árbenz, an t-uachtarán a thogh vótálaithe Ghuatamala, an bochtanas a bhí mar sciúirse ar a thír a mhaolú trí chóras na talún a leasú: bhí trí cheathrú den talamh arúil i seilbh 2% d’úinéirí agus ba é an comhlacht Meiriceánach, United Fruit Company, an t-úinéir talún ba mhó.
inar maraíodh suas le ceathrú milliúin in which up to a quarter million (Guatamalans) were killed
" Mar thoradh ar an coup d’état seo, cuireadh tús le cogadh cathartha i nGuatamala a mhair ó 1960 go 1996 inar maraíodh suas le ceathrú milliúin Guatamalach.
tháinig sí sa cheathrú háit she was placed fourth
" Sa bhliain 2004 bhuaigh an Avensis seo an gradam, Carr na Bliana Semperit, agus tháinig sí sa cheathrú háit i ngradam Carr na Bliana san Eoraip.
ceathrú ceannais iomána na hÉireann Irish hurling quarter final
" Ní áibhéil é a rá gur tháinig deireadh le ré órga, an ré is órga is dóigh, i stair ghlórmhar iomána Chill Chainnigh ar an Domhnach deiridh de mhí Iúil seo caite nuair a bhuaigh Corcaigh orthu i gcluiche ceathrú ceannais iomána na hÉireann.
rugadh an ceathrú iníon the fourth daughter was born
" ** DÓC: Fáilte romhat! Ón uair a deineadh an t-agallamh seo rugadh an ceathrú iníon do Dhara is dá bhean chéile, Jean.
bunáite an ceathrú cuid de most of that quarter of
" Maítear gur Éireannaigh bunáite an ceathrú cuid de na Dubhchrónaigh a ‘throid’ in Éirinn.
agallamh ceathrú uaire a quarter hour interview
" Rinne mé agallamh ceathrú uaire ar Radio Cymru.
ceathrú filíochta a quatrain
" Seo ceathrú filíochta de chuid Dic Jones faoin gceathrú tréimhse.
Ceathrú céad a quarter of a century (later)
" Ceathrú céad ina dhiaidh sin nach amaideach agus nach truamhéalach é an tuar sin.
ceathrú milliún a quarter million
" An cheist is mó a chuireann imní ar dhaltaí Ardteistiméireachta agus iad ag ullmhú le haghaidh na béaltrialach: céard a dhéanfadh duine le cnap mór airgid? Ach a mhalairt ar fad atá ann do Patrick Clarke, ní haon údar imní í an cheist seo dó mar tá ceathrú milliún euro bainte aige mar airgead duaise ag imirt cártaí.
cheathrú deiridh last quarter
" Cheapfá scaití go bhfuil ar chumas fhoireann Átha Cliath cnaipe éigin a bhrú nuair is gá dóibh chun an lámh in uachtar a fháil ar an bhfreasúra, sa cheathrú deiridh de chluiche de ghnáth.