Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceiliúradh celebration
" Tá athbhreithniú agus ceiliúradh ar ghníomhaíochtaí éagsúla an Orchard le feiceáil sa taispeántas *Citizens Showcase* a osclóidh ar an 6 Iúil.
cheiliúradh celebration
" Ach deich lá agus oíche de chairdeas, de chraic is de cheiliúradh.
ócáid cheiliúrtha celebratory occasion
" Theastaigh uathu ócáid cheiliúrtha a chruthú, ócáid ag a mbeadh seans ag na hamhránaithe na hamhráin dhúchasacha a chur i láthair an phobail ar bhealach spraíúil nádúrtha, lasmuigh de thionchar na gcomórtas.
á gceiliúradh being celebrated
" Agus an chéad chúig bliana á gceiliúradh, ní miste cuimhneamh ar na daoine a chaith blianta ag plé leis an Fheachtas Náisiúnta Teilifíse, iad ag obair ó dhubh go dubh go minic.
ag ceiliúradh celebrating
" Tá muid ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód i mbliana agus ag eagrú ócáidí ceiliúrtha sna cúigí éagsúla.
a cheiliúradh to celebrate
" Thosaigh clár spéisiúil imeachtaí ar an 29 Meán Fómhair chun bunú Acadamh Oidhreachtaí Cultúrtha na hÉireann, foras nua ollscoile sa Tuaisceart, a cheiliúradh.
cheiliúradh celebration
" Tá an chontúirt ann go dtiocfadh leis an saothar a bheith mar cheiliúradh ar rudaí atá comónta ach éiríonn léi ár n-aird a dhíriú ar an áilleacht shimplí atá le feiceáil i gcruthanna agus i ndathanna atá thart timpeall orainn.
ag ceiliúradh celebrating
" " Thosaigh Fionnuala ag obair le Raidió na Life i mí Iúil 1994 agus ceapadh ina bainisteoir í i Meán Fómhair na bliana sin, díreach nuair a bhí an stáisiún ag ceiliúradh bliain ar an aer.
Cúis ceiliúrtha cause for celebration
" Cúis ceiliúrtha dúinn uilig go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuilimid níos saibhre tar éis athrú go hairgeadra nua.
cheiliúradh celebration
" Fear é Haseler a bhfuil a lán creidiúna aige agus is minic a bhíonn sé ar na meáin ag labhairt faoin easpa tacaíochta atá ag an mhonarcachas sa lá atá inniu ann - cuir i gcas an easpa suime atá ag daoine san Iubhaile Órga i gcomparáid leis an cheiliúradh a bhí ann tríocha bliain ó shin ag am na hIubhaile Airgid.
ag ceiliúradh celebrating
" Ag an tráth seo den bhliain bíonn Éireannaigh sa bhaile agus ar fud na cruinne ag ceiliúradh agus is ag ceiliúradh na ngnéithe is tábhachtaí d'ár ndúchas agus d'ár n-oidhreacht a bhímid.
ag ceiliúradh celebrating
" Beidh an dánlann ag ceiliúradh 50 bliain an bhliain seo chugainn.
a cheiliúradh to celebrate
" Tá cuireadh faighte againn ó fhoilsitheorí haiku avant-garde freastal ar ócáid chun a gcuid foilseachán a cheiliúradh ina dteannta.
Ceiliúradh íospartach na gcogaí Commemoration of the war victims
" Dúirt scríbhneoir Ollannach amháin: "Tá an 4 Bealtaine againn (Ceiliúradh íospartach na gcogaí), tá an 5 Bealtaine againn (Lá na Fuascailte) agus anois tá an 6 Bealtaine againn".
ceiliúradh celebration
" Cuireadh an "Tribute in Light" ar siúl in onóir na ndaoine a chaill a mbeatha ar an lá millteantach sin, chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad mhuintir Nua-Eabhrac agus an rún dionbháilte atá acu an chathair a atógáil.
ceiliúradh celebration
" Agus má fhaigheann an fhoireann pheile áit i measc na bhfathach ar pháirceanna imeartha na Gaillimhe go gairid, beidh ceiliúradh acu sa teach altranais nua, agus ar fud an phobail uilig.
cheiliúradh bliain an chéid centennial celebrations
" Ach roimhe sin, i 1984, eagraíodh comórtais speisialta iomána agus peile mar chuid de cheiliúradh bliain an chéid ag an gCumann Lúthchleas Gael agus chuir Seán Boylan roimhe an comórtas peile agus Corn an Chéid a bhuachaint, rud a rinne.
ceiliúradh celebration
" Tá a shaothar lán dathanna spleodracha agus is ceiliúradh é ar an saol seo.
Ceiliúradh celebration
" Seo mar a chuireann sé síos ar an spreagadh a mhúsclaíonn filíocht ann: Ceiliúradh faoi ndear dom tabhairt faoin bhfilíocht an chéad lá.
ceiliúradh celebration
" "Bhí mé féin agus cara liom páirteach i gcoimisiún le píosa dealbhóireachta a chruthú chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nasc atá idir Árainn Mhór agus Beaver Island sna Stáit Aontaithe.
ceiliúradh celebrating
" Is duine é nach ngabhann leithscéal ach a dhéanann ceiliúradh ar stair na tíre, ar an chultúr agus ar an teanga.
cheiliúradh ar an saol celebration of life
" Ardaíonn siad an croí ionainn ar bhealach daonna agus tugann siad deis dúinn taitneamh a bhaint as spórt mar cheiliúradh ar an saol seachas aon rud eile.
le ceiliúradh a dhéanamh to celebrate
" Úsáideann muid bia fosta le ceiliúradh a dhéanamh ar an ghaol le daoine eile.
ceiliúradh celebrating
" Is é an cuspóir atá ag an taispeántas seo ná ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad, chultúr agus stair na tíre agus ag an am céanna turasóirí agus daoine áitiúla a mhealladh chun na ba sainiúla seo a fheiceáil.
ceiliúradh ó chroí heart-felt
" Bhí ceiliúradh ó chroí ar siúl ag cór éan an bealach ar fad.
a cheiliúradh to celebrate
" Nuair a thug Máire Mhic Róibín cuairt mar Uachtarán na hÉireann ar Shabhal Mòr Ostaig, campas ollscoile na Gàidhlig san Eilean Sgitheanach in Albain i 1997, labhair sí faoin tábhacht a bhí le "oileánspás a chruthú dúinn féin lena bhfuil ag Albain agus ag Éirinn i gcomhar lena chéile a cheiliúradh".
nach dtig linn achan rud a cheiliúradh that we can't celebrate everything
" Agus déarfá leat féin, 'Cad chuige a bhfuil oiread de dhrochmheas ar na ceoltóirí sin agus go bhfuil níos mó airde ar na ceoltóirí eile? Cad chuige a bhfuiltear ag díriú i gcónaí isteach ar an rud beag cúng amháin seo? Cad chuige nach dtig linn achan rud a cheiliúradh ar chomhbhonn urraime?'" Tá Lillis bainteach leis an Léann Éireannach in Ollscoil Loyola Marymount, áit a bhfuil sé ag múineadh Gaeilge do ghlantosaitheoirí den chuid is mó.
ag ceiliúradh mhí na meala celebrating their honeymoon
" I measc na n-aíonna, bhí lánúin óg ghealgháireach nuaphósta ón tSlóvaic, agus iad ag ceiliúradh mhí na meala.
ag ceiliúradh a ndéithe cumhachtacha doscriosta celebrating their powerful indestructible gods
" Nuair a bhí religiúin eile ag ceiliúradh a ndéithe cumhachtacha doscriosta, dhírigh an Eaglais Chaitliceach ar fhulaingt agus leochaileacht Chríost.
a cheiliúradh to celebrate
" " Is cinnte go mbeidh neart paidreacha á rá nuair a dhéanfaidh an tAthair Buckley a chéad Aifreann a cheiliúradh ar an 16 Bealtaine i séipéal Naomh Eilís na hUngáire ar 85th Street i Manhattan.
cheiliúradh celebration
" Bíodh amhlaidh, níor leag John béim dá laghad ar chomórtais; bhí - agus tá go fóill - a chroí, a anam agus a chorp sa cheol mar cheiliúradh agus mar ábhar craice.
ceiliúradh celebration
" Bhí sé sin le feiceáil go soiléir ag an gceiliúradh neamhspleáchais le gairid nuair a thug banna as an Indinéis coirm cheoil saor in aisce a mheall na sluaite.
naomh inteacht á cheiliúradh some saint being celebrated
" Níl le déanamh agat ach féachaint ar fhéilire na tíre seo agus chífidh tú, mura bhfuil naomh inteacht á cheiliúradh ar lá áirithe, go mbíonn muintir Mheicsiceo ag céiliúradh rud éigin eile, neamhspleáchas na tíre, cuir i gcás.
modhanna éagsúla ceiliúrtha various methods of celebration
" Bíonn modhanna éagsúla ceiliúrtha ann ó bhaile go baile nó ó eastát go heastát ach, go ginearálta, bíonn ceol, ól agus seó de chineál inteacht ag dul ar aghaidh an lá ar fad.
a cheiliúradh to celebrate
" " Faoi láthair, tá Bewick i mbun oibre ar phíosa speisialta chun roghú Chorcaí mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa 2005 a cheiliúradh.
leis an fhear is cumhachtaí ar domhan a cheiliúradh to celebrate the most powerful man on the planet
" Tá baol ann, fiú i gcás cruinniú trí lá atá ann ar mhaithe leis an fhear is cumhachtaí ar domhan a cheiliúradh, go gcaillfear é i measc na broide go léir.
a cheiliúradh to celebrate
" "I mBorradh Buan, theastaigh uaim amharclannaíocht phroifisiúnta na Gaeilge a cheiliúradh," a deir Ray Yeates, stiúrthóir Ionad Axis agus an té atá i gceannas ar imeachtaí na féile seo.
a cheiliúradh to celebrate
" Bhí féile i mBéising i mbliana chun ceol na hÉireann agus ceol na Síne a cheiliúradh, agus sheinn The Frames agus Mary Black lena linn.
ceiliúradh celebrating
" Ina gcás siúd, seans nach maireann an staid áthais sin ach tréimhse an-ghairid agus an ceiliúradh ar feadh lá nó dhó.
ceiliúradh a dhéanamh orthu go léir to celebrate them all
" Anois, tá daltaí as aon chultúr déag éagsúla ag freastal ar Lios na nÓg agus tá sé mar chuspóir ag an scoil ceiliúradh a dhéanamh orthu go léir agus aitheantas a thabhairt dóibh.
ag ceiliúradh celebrating
" Tá sé tráthúil go maith bheith i mbun cainte le hiarfhostaí de chuid Amharclann na Mainistreach agus díospóireachtaí leanúnacha ar siúl i dtaobh thodhchaí na hinstitiúide le linn di bheith ag ceiliúradh céad bliain ar an bhfód.
Ceiliúradh talmhaíochta agricultural celebration
" Ceiliúradh talmhaíochta na háite a bhí ar siúl.
ceiliúradh celebration
" Ní raibh súil ar bith aige leis an ngradam, ach nuair a d'fhill sé abhaile i ndiaidh na hócáide (ní raibh an fhoireann fógartha roimh ré) ba gheall le réalta popcheoil é ina shráidbhaile féin, an tAbhallort, agus bhí ceiliúradh ag muintir an bhaile ar feadh seachtaine.
chúis cheiliúrtha reason for celebration
" Mar is gnách, d’fhág cluichí Lá Fhéile Pádraig dea-aoibh agus gliondar ar lucht leanúna Chumann Lúthchleas Gael ach, le fírinne, is beag eile a bhí ina chúis cheiliúrtha go n-uige seo i mbliana.
ceiliúradh anamúil lively celebration
" Chuaigh sí ó lar na cathrach go dtí seancheantar Éireannach Scotland Road, áit a raibh ceiliúradh anamúil san Ionad Pobail ar Silvester Street.
ceiliúradh celebration
" ” Ba é an chéad mhórscannán ar oibrigh Marcus air (mar eagarthóir cúnta) ná an scannán stairiúil sin de chuid Ghael Linn, *Mise Éire*, saothar a bhfuil neamhspleáchas na hÉireann mar théama ann agus ar ceiliúradh é ar an náisiúnachas.
a cheiliúradh to celebrate
" Bhí oíche speisialta ar siúl i Glaschú ar an 14 Bealtaine nuair a rinneadh an bhaint atá ag Sean Ó Fiannaí, cathaoirleach Chraobh Phádraig Mhic Phiarais de Chonradh na Gaeilge, leis an eagraíocht le seasca bliain anuas a cheiliúradh.
cheiliúradh celebration
" Hó, *bloody*, hó!” “Bhail, a Kebab,” a dúirt Balor, agus é ag caitheamh a shúil nimhe ar a raibh i láthair, “má shíleann tú go bhfuil na *ultra violet rays *contúirteach, gheobhaidh tú amach gan mhoill go bhfuil na GAMA rays níos contúirtí go mór! Hó, bloody, hó!” Bhí an bheirt bhleaistéirí ag baint sú as *barbecue *samhraidh Bhertie Bhig agus Mháire Mhóir i dTigh Fagan i nDroim Conrach, áit a raibh trí thréad beithíoch ar bior agus trí chéad galún pórtair sa bhairille mar cheiliúradh ar thús tréimhse eile laethanta saoire.
ceiliúradh na féile ársa Ceiltí the celebration of the ancient Celtic festival
" Agus is féidir dul ann Oíche Shamhna agus sult a bhaint as ceiliúradh na féile ársa Ceiltí, Samhain, a chríochnaíonn le dó fear ollmhór caolaigh.
ag ceiliúradh celebrating
" Cheap mé go mbeadh *revelation *mór millteach agam agus mé ag tuirlingt ón eitleán, damhsóirí agus ceoltóirí ag ceiliúradh an Afraic bheith sroichte agam faoi dheireadh.
a cheiliúradh to celebrate
" Bealach é seo le lámh an mhuintearais a shíneadh amach i dtreo lucht Gaeilge ar fud an domhain agus chun an Ghaeilge a cheiliúradh ar stáitse nua domhanda.
a cheiliúradh to celebrate
" Tháinig maithe agus móruaisle, cosmhuintir agus mionuaisle na hÉireann le chéile arís ina sluaite líonmhara i mbliana sa pháirc ollmhór sin cois locha i Milwaukee chun an cúigiú *Irish Fest* is fiche a cheiliúradh.
ag ceiliúradh a bua celebrating her win
" Anuas air sin, bhí trí pháipéar thablóideacha ag ceantáil ar a chéile le haghaidh pictiúr a ghlac comharsanach dá cuid di ag ceiliúradh a bua i dteach leanna áitiúil.
ag ceiliúradh celebrating
" Cheap mé go mbeadh *revelation *mór millteach agam agus mé ag tuirlingt ón eitleán, damhsóirí agus ceoltóirí ag ceiliúradh an Afraic bheith sroichte agam faoi dheireadh.
ceiliúradh poiblí public celebration
" Is beag ceiliúradh poiblí atá déanta go dtí seo ar an cheangal láidir follasach cultúrtha atá ann idir Albain agus Éirinn.
ag ceiliúradh celebrating
" Ach an bhfuil athrú meoin ar bith le brath i measc an phobail? An bhfeiceann muid corp, ealaín nó míchumas nuair a mheabhraíonn muid ar an saothar seo de chuid Marc Quinn? Nó an bhfuil sé ag baint úsáide as Alison Lapper nó ag ceiliúradh an cineál difriúil áilleachta atá le feiceáil inti? Nó an raibh amhras riamh ar Alison Lapper faoin dóigh ar leiríodh í sa saothar seo? “Bhí mé féin ag déanamh obair den chineál céanna ach bhí a fhios agam nach mbeinn ábalta rud chomh suntasach agus ar an scála céanna leis seo a dhéanamh,” a dúirt sí.
leis an mhílaois a cheiliúradh to celebrate the millennium
" ” Ansin sa bhliain 2000, leis an mhílaois a cheiliúradh, rinne an Colmcille “turas Ceilteach farraige”, i gcuideachta báid thraidisiúnta ón Bhriotáin darbh ainm Naomh Efflam.
a cheiliúradh to celebrate
" Ba de shliocht an Ghorta cuid den lucht éisteachta a bhí ag comóradh Jim Larkin i Learpholl agus bhí siad an-sásta an tseanteachtaireacht phoblachtánach a chloisteáil ó bhéal Raymond McCartney: "Beidh muid ar ais sa chearnóg seo lá éigin sa todhchaí chun athaontú na hÉireann a cheiliúradh," ar sé, agus fuair sé bualadh bos láidir dá bharr.
a cheiliúradh to celebrate
" Is tionscadal iontach é an Leabhar Mòr - is lámhscríbhinn nuadhéanta é, a chuir ealaíontóirí agus peannairí as Éirinn agus Albain le chéile, le céad dán Gaelach ón traidisiún iomlán a cheiliúradh.
ceiliúradh celebrating
" AÓF: Céard faoi Shéamus Mac Aonghusa? Cén fáth gur ainmníodh an áit in ómós dósan? SMP: Maidir le Séamus Mac Aonghusa féin, bíonn ceiliúradh speisialta againn in aghaidh na bliana ar oidhreacht Shéamuis.
an-cheiliúradh big celebration
" Bhí an-cheiliúradh ann an lá a thosaigh na seirbhísí ó Chorcaigh agus Cnoc Mhuire go Nua-Eabhrac, agus tá ag éirí go breá leo.
á gceiliúradh being celebrated
" Is iad an cúigear iománaithe atá á gceiliúradh ná Donie Nealon (Tiobraid Árann), Joe Hennessy (Cill Chainnigh) Tomás Mulcahy (Corcaigh), Liam Dunne (Loch Garman) agus Davy Fitzgerald (an Clár).
a cheiliúradh to celebrate
" nl ) Tá sé 400 bliain i mbliana ó rugadh Rembrandt agus leis an bhliain a cheiliúradh beidh taispeántais speisialta le feiceáil ar fud Amstardam.
ag ceiliúradh do bhua celebrating your victory
" “Cad é atá ar siúl agatsa anseo, a Mháire Uí Ruairc? Nach cóir duit bheith sa bhaile ag ceiliúradh do bhua san ainmniúchán a fuair tú don chéad olltoghchán eile?” “B’fheidir gur chóir,” arsa an seanseanadóir scagbhéalach, “ach ní dhéanfaidh mé riamh dearmad ar an fheall a imríodh orm san olltoghchán deiridh.
cheiliúradh celebrating
" Pléisiúr mór a bhí ann Peter Crouch a fheiceáil ag scóráil in aghaidh Manchester United i gCorn an FA ar an 18 Feabhra, go mór mór mar gur lá breithe Gary Neville a bhí ann; cúisíodh eisean as drochiompar nuair a chuaigh sé thar fóir leis an cheiliúradh os comhair lucht leanúna Liverpool in Old Trafford i mí Eanáir.
a cheiliúrann which celebrates
" Ó shin i leith, mar a bheifeá ag súil, d'athraigh carachtar an mhórshiúil go hócáid Chaitliceach a cheiliúrann, ní hamháin an tÉireannachas, ach streachailt na gCaitliceach in aghaidh Shasana in Éirinn.
ceiliúradh comhluadair the celebration of company
" Píosa seacht nóiméad ar fhad ar an bhfeadóg íseal a ghluais ó mhall go tapa, ó ghruaim go suáilceas, ó uaigneas aonair go ceiliúradh comhluadair.
ag ceiliúradh celebrating
" Tá póstaeir curtha in airde ag poblachtánaigh ar an bhaile ag ceiliúradh na stailceoirí ocrais, rud atá ag cur oilc ar dhílseoirí na háite.
ceiliúradh celebration
" Críochnaíonn an taispeántas ar nóta misnigh agus dóchais le pictiúir ó Stuart Franklin a líonann an tsúil le ragairne mhic léinn Choláiste na Tríonóide agus iad ag ceiliúradh go croíúil ag a mbál bliantúil.
a cheiliúradh to celebrate
" Ar Dhomhnach Cásca, bheartaigh triúr sagart Agaistíneach ó Dhroichead Átha Aifreann a cheiliúradh in éineacht le ministir Protastúnach.
ceiliúradh cultúrtha cultural celebration
" Sa bhliain 2007 beidh ceiliúradh cultúrtha ar siúl ar fud Gharbhchríocha na hAlban agus, mar chuid den fhéile sin, cuirfidh Groam House Museum taispeántas speisialta ar siúl faoi George Bain.
ag ceiliúradh ár lá náisiúnta celebrating our national day
" Ba léir go raibh na póilíní ag coinneáil súil ghéar orainn agus chuir sin isteach ar an atmaisféar meidhreach a bhí ann agus daoine ag ceiliúradh ár lá náisiúnta.
ceiliúradh celebration
" ‘Ná bí ag súil le ceiliúradh,’ arsa Mike.
ag ceiliúradh na síochána celebrating peace
" Tá muidne in Éirinn cleachtaithe le maoiniú trasteorann a fháil don iliomad tionscadal tábhachtach – feirmeoireacht, gnó, dealbha ag ceiliúradh na síochána, agus a leithéidí sin.
nuair a cheiliúrann dílseoirí Cath na Bóinne when the loyalists celebrate the Battle of the Boyne
" Bhí an 12 Iúil ag teacht, nuair a cheiliúrann dílseoirí Cath na Bóinne, agus bhí an caisleán maisithe le bratacha.
ag ceiliúradh celebrating
" Tá sé ag ceiliúradh na teanga, an chultúir, na daonnachta, a fhás mar dhuine agus, níos doimhne fós, a ghrá.
ócáid cheiliúrtha celebratory event
" ***AÓF: An bhfuil cuid de na daoine a bhí páirteach sa chraobh ón tús fós in bhur measc?***TÓU: Tá roinnt acu fós ann is dóigh liom, leithéidí Sheáin Uí Bhroin, mar shampla, a bhí thart an uair sin agus atá fós ar an gcoiste agus baint nach beag aige leis an ócáid cheiliúrtha seo a bhí againn le déanaí.
ceiliúradh celebration
" Cúiseanna ceiliúrtha, shílfeá, ach más ea, ba bheag ceiliúradh a bhí le tabhairt faoi deara sna Stáit Aontaithe an tseachtain sin.
ceiliúradh celebration
" Tá gliondar agus ceiliúradh san oíche.
a cheiliúrann síocháin, cairdeas, agus carthanacht. which celebrates peace, friendship and charity.
" Is ócáid é, tar éis an tsaoil, a cheiliúrann síocháin, cairdeas, agus carthanacht.
ceiliúradh iad ar laethanta difriúla they were celebrated on different days
" Le linn Chogadh Saoirse Mheiriceá sna 1770í, gaireadh laethanta altaithe as na buanna áirithe a bhain fórsaí Mheiriceá amach in aghaidh Shasana, ach ceiliúradh iad ar laethanta difriúla de réir mar a shocraigh na stáit áirithe iad dóibh féin.
mar ócáid cheiliúrtha do gach éinne as an occasion of celebration for everyone
" Altú do Dhia a bhí ann ar dtús, is dócha, ach ós rud é gur tír shaolta í na Stáit Aontaithe go hoifigiúil, breathnaítear ar an bhféile anois mar ócáid cheiliúrtha do gach éinne ar an Oileán Úr.
ag ceiliúradh celebrating
" Bhíomar ag ceiliúradh an oíche ar fad! Tháinig slua mór amach, ár gcairde go léir agus na teaghlaigh go léir freisin.
ceiliúradh celebration
" Rinne ceiliúradh nuair a shroicheadar uimhir a haon i gcairteacha Shasana le “Rat Trap” agus arís le “I Don’t Like Mondays”.
na Briogáidí Idirnáisiúnta a cheiliúradh to celebrate the International Brigades
" Beidh mórshiúl i Learpholl Dé Domhnaigh, 3 Nollaig leis na Briogáidí Idirnáisiúnta a cheiliúradh agus beidh an Jim Larkin Republican Flute Band chun tosaigh.
ceiliúradh celebration
" ceiliúradh i Manchain Bhí focail cháiliúla “La Pasionaria” le cloisteáil ar BBC Iarthuaisceart Shasana an mhí seo caite nuair a óladh sláinte triúr as an 21 *brigadista* ón Bhreatain atá fós beo agus a bhí i láthair ag ceiliúradh i Manchain.
an ceiliúradh deireanach the last celebration
" We shall not forget you, and when the olive tree of peace puts forth its leaves again, entwined with the laurels of the Spanish Republic's victory, come back!” Glacann na seansaighdiúirí leis gur seo an ceiliúradh deireanach a bheas acu agus sin an fáth go ndearna an BBC clár faisnéise mar gheall ar an ócáid, is dócha.
a cheiliúrann cultúr na hIndia which celebrates the culture of India
" Ansin, ag tús mhí Mheán Fómhair, bíonn Mela Dhún Éideann ar siúl, ócáid shona mheidhreach a cheiliúrann cultúr na hIndia agus áiteanna eile thar sáile.
ceiliúradh cuí. a fitting celebration.
" Ba é sin an chéad uair a bhuamar comórtas nó corn ar bith agus rinneamar ceiliúradh cuí.
leis an gceiliúradh with celebration
" Is léir go bhfuil baint mhór ag an alcól leis an gceiliúradh ó thaobh spóirt de chomh maith le mórán ócáidí agus imeachtaí eile i saol mhuintir na hÉireann – bainiseacha, baistí, torthaí scrúdaithe agus mar sin de.
mar chuid lárnach den cheiliúradh nó den chaoineadh. as a central part of the celebration or crying.
" Nuair a dhéantar cluiche ceannais a bhuachan nó a chailliúint, cluichí scoile san áireamh, bíonn an t-alcól mar chuid lárnach den cheiliúradh nó den chaoineadh.
ag ceiliúradh celebrating
" Anois, áfach, tuigim go raibh sé i dtábhairne le Pádraig agus dream tacaithe eile ag ól pionta agus iad ag ceiliúradh le bleaist eile de “Mo Ghile Mear”.
a cheiliúradh to celebrate
" Táimid chun Lá Fhéile Cholm Cille a cheiliúradh i mí an Mheithimh le deireadh seachtaine lán d’imeachtaí do gach aoisghrúpa.
ceiliúradh córúil choral celebration
" Beidh ceiliúradh córúil sa mhainistir ar Oileán Í a mbeidh cóir agus amhránaithe as Conamara páirteach ann agus ina dhiaidh sin canfaidh salmóirí as Oileán Leodhais.
leis an ócáid a cheiliúradh. to mark the occasion.
" Thaifead an BBC clár speisialta leis an ócáid a cheiliúradh.
ceiliúradh speisialta special celebration
" Go deimhin, tá sé cosúil le dorchla dorcha, ábhalmhór agus bíonn ceiliúradh speisialta ar siúl i mí an Aibreáin nuair a thaitníonn an ghrian ar lár Rjukan den chéad uair sa bhliain.
go gceiliúrfainn le siorc agus sceallóga. that I'd celebrate with shark and chips.
" Bhí mé chomh sásta liom féin gur shocraigh mé go gceiliúrfainn le siorc agus sceallóga.
An ceiliúradh. The celebration.
údar áthais, bróid agus ceiliúrtha causes for happiness, pride and celebration
" Is mórghníomhartha iad seo a bhí ina n-údar áthais, bróid agus ceiliúrtha i measc mhuintir na tíre.
Ceiliúradh atá ann it is a celebration
" Ceiliúradh atá ann ar imeacht a tharla sa bhliain 1972 nuair a cuireadh achainí, a raibh 30,000 síniú uirthi, os comhair na parlaiminte ag iarraidh go gcuirfí an Mhaoiris agus cultúr na Maorach ar fáil mar ábhair i scoileanna na tíre.