Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
os cionn na gceirníní above the records
" "Bhí sé ag rá go raibh an-mheas aige ar na *Toasties *i Londain a bhíodh ag cur na *sound systems *suas agus ag canadh os cionn na gceirníní.
cúpla ceirnín a few records
" D'fhág sé cúpla ceirnín ina dhiaidh sa teach le ceoltóirí traidisiúnta Éireannacha nár chuala mé riamh.
comhlachtaí ceirníní record companies
" Ní gá go mbeadh an dearcadh seo ag Apple agus ag na comhlachtaí ceirníní atá ag tacú leo.
seanseinnteoir ceirníní old record player
" Ach cá has ar tháinig *cornucopia *an cheoil atá go smior i Neil Martin? "Is é an chéad chuimhne atá agam i mo shaol - gan a bheith ag caint ar an cheol - caithfidh sé go raibh mé beagainín níos sine ná mo mhac is óige Neil Óg, bhí mé thart ar thrí bliana d'aois, agus is cuimhin liom gur mhúscail mé maidin Domhnaigh amháin, boladh *Ulster Fry* fán teach agus fuaim Aifreann Bach in B Minor! "Bhí seanseinnteoir ceirníní ag m'athair agus thugadh sé amach ón seomra suí é go dtí an halla agus sheinneadh sé Kyrie Eleison.
idir cheirníní agus cheol beo both records and live music
" Bhí an ceol go smior ina mhuintir - bhíodh ceol i gcónaí sa teach i nDoire, idir cheirníní agus cheol beo: an pianó, an fheadóg stáin, an bosca ceoil agus, uirlis Dermot, an fhidil.
ag léiriú ceirníní producing records
" Agus é ina mhac léinn, bhíodh sé ag seinm na fidle ag gigs agus ag léiriú ceirníní don chomhlacht Ceirníní Cladaigh, chomh maith le roinnt léachtóireachta a dhéanamh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
ar ceirnín on record
" Bhí Gael Linn ar an gcéad chomhlacht in Éirinn a d'eisigh ceol traidisiúnta agus amhráin na tíre seo ar ceirnín.
ceirníní records
" Bhí AFN ag seinm ceoil dá gcuid i bhfad sula raibh ceirníní curtha amach acu.
comhlacht ceirníní record company
" Bhí sé féin ag de Paor ag smaoineamh ar an albam seo a dhéanamh le fada ach tá áthas air go raibh an comhlacht ceirníní a bhfuil sé leis, EMI, toilteanach é a eisiúint agus go raibh léiritheoir mór le rá, John Reynolds, ar fáil dóibh.
óna dtiocfadh leat ceirníní a fháil ar iasacht from which you could borrow records
" Bhain sé post amach mar leas-phríomhoide i scoil i mBaile Átha Cliath a raibh 1,000 páiste ann – ach ní raibh an ceol ar an churaclam! “Nuair a tháinig mé go Baile Átha Cliath ar dtús bhí leabharlanna ann óna dtiocfadh leat ceirníní a fháil ar iasacht agus fiú ag an am sin bhí go leor ceol traidisiúnta ón choigríoch ar fáil ar fadcheirnín agus bhí comhlachtaí ann ar nós Topic a chuir amach fadcheirníní de cheol na Bulgáire agus na hAfganastáine agus dá réir.
ó cheirníní from records
" “D’fhoghlaim daoine amhráin Bridie Gallagher ó cheirníní agus tá sé ‘internalised’ acu.
ceirníní 78 78 records
" “Tá Bealach an Doirín ar na gaobhair, baile dúchais Matt Molloy agus b’as Goirtin do Shéamus Tansey agus Peter Horan, Fred Finn agus fiú na ceoltóirí sin ó na 1920í a rinne ceirníní 78 i Nua-Eabhrac – leithéidí Michael Coleman, James Morrison, Paddy Killoran – b’as ceantar mo mháthar iad uilig.
comhlacht ceirníní record company
" *Leads* arda! Ceoltóirí faoi bhrú ag comhlacht ceirníní a bhí ag iarraidh slám mór den albam úr, *Teenager*, a dhíol.
ag eisiúint a ceirnín úir releasing her new record
" “An mbeidh caife agat le do chuid ceoil?” An mhí seo caite, d’fhógair Madonna go mbeadh sí ag eisiúint a ceirnín úir trí Live Nation, comhlacht a eagraíonn na ceolchoirmeacha is mó i Meirceá Thuaidh.
ó shiopaí ceirníní from record shops
" Ach ní ó shiopaí ceirníní a fhaigheann sé a chuid ceoil – ní bhíonn sé á cheannach mar a cheannaíodh muidne é.
lipéid cheirníní record labels
" Níl mé ag rá, gan amhras, nach bhfuil cead ag ceoltóir a chuid ceoil a thaifeadadh agus a dháileadh ina bhealach féin agus, leis an bhfirinne a rá, níl fadhb ar bith agamsa leis na ceoltóirí atá ag iarraidh na lipéid cheirníní a thréigean.
ag iarraidh na lipéid cheirníní a thréigean. (who) want to desert the record labels
" Níl mé ag rá, gan amhras, nach bhfuil cead ag ceoltóir a chuid ceoil a thaifeadadh agus a dháileadh ina bhealach féin agus, leis an bhfirinne a rá, níl fadhb ar bith agamsa leis na ceoltóirí atá ag iarraidh na lipéid cheirníní a thréigean.
bailiúchán mór ceirníní big collection of records
" Bhí bailiúchán mór ceirníní ag mo bheirt dheartháireacha.
léiritheoir ceirnín record producer
" Is ball den bhanna ceoil Capercaillie é Shaw mar aon le bheith ina léiritheoir ceirnín a bhfuil obair déanta aige leis an iliomad bannaí agus amhránaithe.
lipéad nua ceirnín, a new record label
" ” D’fhág O’Brien-Moran an banna i ndiaidh an chéad albam, agus d’aistrigh Scullion go lipéad nua ceirnín, Warner Brothers.
ó cheirnín from a record
" Bhíos ag canadh leagain de “Currachaí na Trá Báine” a d'fhoghlaimíos ó cheirnín le Caitlín Maude.
lipéad ceirníní record label
" ” Chuir siad an t-albam *Another Love Song* amach le Island Records sa bhliain 1992 agus bhí an chuma ar an scéal go raibh siad ar tí an clú idirnáisiúnta sin a bhaint amach sular chuir an lipéad ceirníní deireadh leis an gcaidreamh.
cinneadh droim láimhe a thabhairt le comhlachtaí ceirníní feasta. a decision to turn their backs on record companies henceforth
" ” Sa deireadh, níor cuireadh an t-albam *Dance the Devil* amach go dtí 1999 agus ansin, ar chasadh na mílaoise, rinne The Frames cinneadh droim láimhe a thabhairt le comhlachtaí ceirníní feasta.
Deirtear go bhfuil ag teip ar chomhlachtaí ceirníní it is said that record companies are failing
" Deirtear go bhfuil ag teip ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain, ach ó bheith ag breathnú ar oifigí áille an chomhlachta seo, níl sé sin fíor.
a dhíoltaí ceirníní that records used to be sold
" Go dtí sin, ba in áiteanna ar nós Clery’s nó McBirney’s a dhíoltaí ceirníní.
díol ceirníní the sale of records
" Is ait leis gur ar ais chuig áiteanna ar nós Tesco atá díol ceirníní ag filleadh.
faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain about the way in which record companies are continually failing around the world
" Buaileann Rónán isteach agus labhraíonn an triúr againn faoi chúrsaí ceoil i gcoitinne – faoin gcéad singil a cheannaíomar, “Mull of Kintyre”, a bhí mar bhronntanas do mo sheanmháthair; faoin gcéad cheolchoirm ar fhreastalaíomar uirthi, Lark in the Park le U2 i 1978; faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain (le sé mhí anuas, cuir i gcás, tá laghdú cúig déag faoin gcéad i ndiaidh theacht ar mhargadh na gceirníní sna Stáit Aontaithe).
mhargadh na gceirníní records market
" Buaileann Rónán isteach agus labhraíonn an triúr againn faoi chúrsaí ceoil i gcoitinne – faoin gcéad singil a cheannaíomar, “Mull of Kintyre”, a bhí mar bhronntanas do mo sheanmháthair; faoin gcéad cheolchoirm ar fhreastalaíomar uirthi, Lark in the Park le U2 i 1978; faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain (le sé mhí anuas, cuir i gcás, tá laghdú cúig déag faoin gcéad i ndiaidh theacht ar mhargadh na gceirníní sna Stáit Aontaithe).
ceirníní records (vinyl)
" Ó thaobh an cheoil de, d’éirigh le Gael Linn ceirníní tábhachtacha le Seosamh Ó hÉanaigh, Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann agus eile a chur ar fáil do phobal na Gaeilge in imeacht na mblianta.
teideal an cheirnín the record title
" Deirtear gur bhunaigh Paul McCartney teideal an cheirnín ‘Suzy and the Red Stripes’ ar ‘Rikki and the Redstreaks.
lipéadaí ceirníní record labels
" Bíonn lipéadaí ceirníní acu, bíonn staisiúin acu.
cheirnín record
" Chuala an léiritheoir ceoil ar chaoi éigin go raibh Alan sa tír agus d'imigh sé ar a thóir! An fáth go raibh Clem Cattini, sa nuacht le déanaí ná go bhfuil sé tar éis seinnt ar cheirnín nua Paul Weller.
cheirníní records
" Is é sin, a luaithe agus a imíonn teanga as amharc, agus a dhéantar foclóir di agus nach mbíonn sí le cloisteáil a thuilleadh ach ar dhioscaí agus ar cheirníní, agus ní ó lá go lá, tá deireadh leí.
ceirnín a record
" D’eisigh Gael Linn ceirnín leis i 1970 agus tá curtha go mór leis ar an eisiúint nua seo, a bhuíochas de RTÉ Raidió na Gaeltachta.
cheirnín record
" Ní ghlacfar le habairtí dá leithéid seo a leanas: “Tá tusa ag tafann suas an crann mícheart” nó “Ba mhaith liom é seo a chur ar an cheirnín,” nó “Níl a fhios agam cad a bhfuil an domhan seo ag teacht go dtí.
cheirnín records
" Níl aon cheist gur gá le hathbhreathnú ar dhlithe cóipchirt atá de dhíth mar nach n-oireann dlí analógach don ré dhigiteach; dlí a scríobhadh in am an leabhair, na téipe agus an cheirnín.
an cheirnín the (vinyl) record
" Ach ba mhaith liom é seo a chur ar an cheirnín anois: Bhí muid ag tafann suas an crann mícheart.
an ceirnín the (vinyl) record
" “Is cuimhin liom gur smuigleáladh an ceirnín Seán South of Garryowen isteach sa teach agus cúpla fear cruinn thart ar sheanghramafón ag éisteacht leis mar a bheadh uisce faoi thalamh ann.
dhá cheirnín two records
" Rinne Buíon Learphoill dhá cheirnín le chéile fosta: Champions Twice ( Rex LPR 1001) agus Off to Dublin ( Rex LPR 1006) agus is minic a bhíodh siad ar an raidió.
a chur ar an cheirnín on the record to put
" Ba mhaith liom an méid seo a chur ar an cheirnín: bíonn mise agus na múinteoirí anseo ag obair cosúil le madraí, ag múineadh na Gaeilge Gaelaí do pháistí an cheantair seo, agus tá siad an-mhaith ag an Ghaeilge.
cheirníní singil single records
" ** Bailiúchán atá anseo de cheirníní singil a d’eisigh Gael Linn idir 1968 agus 1980.
scríobh sí agus thaifead a céad cheirnín she wrote and recorded her first number
" Taca an ama chéanna, scríobh sí agus thaifead a céad cheirnín darbh ainm ‘*Hometown Glory*’ i ndeisceart Londain, cé nach raibh sí ach sé bliana déag d’aois.
ag iarraidh uirthi ceirnín a dhéanamh leo asking her to record with them
" Bhí an-tóir ar an bhfíseán seo agus níorbh fhada go bhfuair sí glaonna ó na comhlachtaí taifeadta ‘*XL Recordings*’ agus ‘*Virgin Records*’ ag iarraidh uirthi ceirnín a dhéanamh leo.
D’eisigh sí ceirnín she published a number
" D’eisigh sí ceirnín darbh ainm ‘19’ agus í naoi mbliana déag d’aois.
Sheol sí ceirnín eile she released another number
" Sheol sí ceirnín eile darbh ainm ‘21’ agus í bliain is fiche d’aois.
ab ainm don cheirnín was the name of the record
" Wild Music from the Heart of Poland ab ainm don cheirnín a bhí siad a dháileadh in aisce agus cúig shampla fichead de cheol traidisiúnta na Polainne le cloisteáil air.
ar an gceirnín on the record
" Tá Eanach Cuain ar an gceirnín, caoineadh a scríobh Raftery don slua a báthadh ar abhainn na Coiribe in 1828.
cheirnín vinyl record
" An Dá Thuarastal ======= **Balor: An raibh tú trí chéile nuair a bhí gach duine ag tabhairt amach faoi do cheapachán, a Aire?** Mac Guí: Trí chéile? Ba mhaith liom seo a chur ar an cheirnín: níl ach céile amháin agam, a Bhaloir, agus tá sise TD fosta.
lipéid cheirníní record labels
" Tá go leor ceoltóirí sásta go bhfuil na lipéid cheirníní ag cailleadh smachta ar an tionscal ceoil ach níl Toner Quinn cinnte an rud maith é amach is amach a ról a bheith i mbaol.
siopaí beaga ceirníní small record shops
" Céim eile chun tosaigh sa réabhlóid dhigiteach is ea é, ach tá súil ag Colm Ó Snodaigh nach mbeidh deireadh iomlán choíche leis na siopaí beaga ceirníní i mBaile Átha Cliath.