Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceithre troithe ar airde four feet in height
" Ós rud é go bhfuil Frongoch suite sa Pháirc Náisiúnta (agus mar gheall ar easpa airgid!), ní bheidh an leacht cuimhneacháin rómhór - cloch ceithre troithe ar airde a bheas i gceist agus na focail seo le feiceáil uirthi: "Bhí 1,800 Éireannach i ngéibheann anseo tar éis Éirí Amach na Cásca, Baile Átha Cliath 1916".
ag siúl na gceithre hairde travelling all over the world
" Bhí a dheartháir ag siúl na gceithre hairde agus bhí seisean ina shuí ar a thóin sa bhaile.
ó na ceithre hairde from every part of the country
" Tagann suas le 2,000 déagóir ó na ceithre hairde ag triall go "Gaeltacht Gheal Ghaoth Dobhair" achan samhradh le freastal ar chúrsaí Choláistí Cholm Cille agus an Phiarsaigh.
na ceithre ráithe the four quarters
" Géaga ag trasnú ar a chéile, patrúin gheoiméadracha, mar a bheadh líníochtaí de chuid Paul Klee, scrábáil páiste, dlúithe an duilliúir agus ansan, ar an imeall, duilleoigín léi féin, scoite amach ar ghéag lom, éan cuideáin… torthúlacht, éagsúlacht agus neamhbhuaine an tsaoil, ciorcal na beatha, na ceithre ráithe… ga gréine, scáth… agus na clocha is na carraigreacha arís, a ndath, a n-uigeacht, a gcruth.
cheithre chearn na cruinne the four corners of the world
" Is iontach an turas é, chuile lá agus chuile oíche, ar cheithre chearn na cruinne, don duine nach bhfuil falsa.
trí bliana déag agus ceithre scór eighty-four years of age
" Agus tá sí trí bliana déag agus ceithre scór! "Bhí sé d'ádh orm ansin go raibh Caitlín Ní Dhomhnaill, a bhfuil clú agus cáil uirthi sa lá atá inniu ann, sa darna doras domh.
Annála na gCeithre Máistrí The Annals of the Four Masters
" Tá cuntais le fáil chomh maith in Annála na gCeithre Máistrí agus *Annála Uladh.
ceithre bhealach chiorclacha four circular routes
" Is éard atá iontu seo ná ceithre bhealach chiorclacha, idir 50 agus 70 ciliméadar an ceann, a théann thart timpeall Ghaeltachtaí Thír Chónaill.
ceithre Churdach déag fourteen Kurds
" Tháinig bád i dtír ar Oileán Melville in aice le Darwin ag tús mhí na Samhna agus ceithre Churdach déag air, agus d'iarr siad go dtabharfaí dídean dóibh san Astráil.
cuireadh ceithre bliana ar fionraí four years were suspended
" Gearradh téarma príosúin dhá bhliain déag air, ach cuireadh ceithre bliana ar fionraí.
os cionn ceithre scór bliain d'aois over eighty years of age
" Nuair a thug mé cuairt air ina theach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ba dheacair dom a chreidiúint go bhfuil an fear ard, leathan, díreach a d'fháiltigh romham go maith os cionn ceithre scór bliain d'aois.
ceithre bhanna fífeanna agus drumaí four fife and drum bands
" Bhí ceithre bhanna fífeanna agus drumaí sa cheantar ag an am agus bhí an-chomórtas eatarthu.
ceithre scór eighty people
" Bhí ceithre scór rannpháirteach sna ranganna a chuireamar ar fáil le linn 2003/2004.
cúrsa bunchéime ceithre bliana four-year undergraduate course
" "Athraíodh an cúrsa go cúrsa bunchéime ceithre bliana ansin, cúrsa níos leithne i scannáin, físeáin, raidió agus iriseoireacht, measaim.
ceithre chiliméadar four kilometres
" Téann siad timpeall ar an tseanchathair ar fad, agus tá cosán atá ceithre chiliméadar ar fhad thart orthu, agus aibhinne álainn crann in aice leis.
ceithre eagraíocht thábhachtacha four important organisations
" Bhí ceithre eagraíocht thábhachtacha, nó ceithre fhórsa, sa tír seo ag an am: an Eaglais Chaitliceach, Fianna Fáil, Cumann Lúthchleas Gael agus Gael Linn.
ceithre shuíochán bheaga bhídeacha four tiny little seats
" Ach, bhur mbarúil an raibh Éamonn Ó Doornail, eagarthóir *Beo Ar Éigean*, sásta íoc as ceithre shuíochán bheaga bhídeacha in eitleán de chuid Aero Lingo chun corp collaideach caomh an iriseora mhóir a iompar trasna na farraige chun an Oileáin Úir? Bealach ar bith! Cad é eile a mbeadh sibh ag súil leis? Ach, ar an dea-uair, tharla go roinnt spáis fágtha ar an eitleán lasta ab éigean d’Fhoraois na Gaeilge a fháil ar cíos chun an fíor-Joe Mac Donnchadha a iompar anonn.
in ionad na gceithre Bhord Sláinte agus Leasa Shóisialaigh instead of the four Health and Social Welfare Boards
" In áit na 26 comhairle áitiúil, beidh seacht gcinn ann; in ionad na gceithre Bhord Sláinte agus Leasa Shóisialaigh, beidh “Údarás Straitéiseach” amháin ann; beidh údarás amháin oideachais ann a dhéanfaidh obair na gcúig Bhord Oideachais agus Leabharlann atá ann faoi láthair.
ceithre mhéadar four metres
" Labhair an treoraí faoi lá amháin a bhí ina “lá maith” do na Comhghuaillithe – bhain siad ceithre mhéadar amach agus níor cailleadh “ach” 30,000 fear.
ceithre ábhar dóchais four reasons to be optimistic
" Ach tá ar a laghad ceithre ábhar dóchais aige don bhliain úr: Fine Gael, An Lucht Oibre, Sinn Féin agus na Glasaigh.
a raibh sna ceithre hairde fichid everyone from far and near
" Bhí cuma air go raibh a raibh sna ceithre hairde fichid cruinnithe agus, cibé nach raibh ann, bhí Pól ann nó fuair sé sceiteadh dá shúl air.
ceithre iarshaighdiúir déag four former soldiers
" An turas seo, beidh ceithre iarshaighdiúir déag a throid san Iaráic ag seasamh mar iarrthóirí, dáréag acu thar ceann an pháirtí Dhaonlathaigh.
ceithre lonnaíocht four settlements
" Ar an *Mappa Mundi* atá le feiceáil i dTeampall Hereford i Sasana, tá íomhá na hÉireann ar imeall an domhain, agus níl ach ceithre lonnaíocht ainmnithe: Beannchar (ar tugadh “Civitas bencur” air), Baile Átha Cliath, Ard Mhacha agus Cill Dara.
na ceithre dhealbh neamhchríochnaithe the four unfinished statues
" Is fiú am a chaitheamh chomh maith ag amharc ar na ceithre dhealbh neamhchríochnaithe a rinne Michelangelo don tsraith *Prigioni* (sclábhaithe) ina bhfuil na coirp léirithe ag briseadh amach ó chloch.
ceithre lonnaíocht four settlements
" Ar an *Mappa Mundi* atá le feiceáil i dTeampall Hereford i Sasana, tá íomhá na hÉireann ar imeall an domhain, agus níl ach ceithre lonnaíocht ainmnithe: Beannchar (ar tugadh “Civitas bencur” air), Baile Átha Cliath, Ard Mhacha agus Cill Dara.
ceithre lonnaíocht four settlements
" Ar an *Mappa Mundi* atá le feiceáil i dTeampall Hereford i Sasana, tá íomhá na hÉireann ar imeall an domhain, agus níl ach ceithre lonnaíocht ainmnithe: Beannchar (ar tugadh “Civitas bencur” air), Baile Átha Cliath, Ard Mhacha agus Cill Dara.
sna ceithre hairde in all corners of the world
" Ó tharla gur spóirt iad an sacar agus an dornálaíocht — más imeacht craosfhuilteach í an dornálaíocht féin — a bhfuil a lucht imeartha, a lucht féachana agus a lucht leanúna acu sna ceithre hairde, ní cúis iontais í go bhfuiltear i ndiaidh laochadhradh a dhéanamh ar Pele is ar Ali.
ceithre bhabhta four times
" Bhain sé féin agus na hOilers Corn Stanley, craobh an haca phroifisiúnta i Meiriceá Thuaidh, ceithre bhabhta.
ceithre scipéad four tills
" Bhí ceithre scipéad ann agus triúr ag obair ar gach ceann, agus ó mheán lae bhí scuaine mhór ag an bheár i gcónaí, daoine ag scairteadh a gcuid orduithe linn.
cáiliú do cheithre chluiche ceannais qualifying for four finals
" Má tá sin fíor, is foireann thar barr ar fad í foireann Chorcaí tar éis dóibh dhá chraobh as a chéile a bhuachan in 2004 agus 2005 agus cáiliú do cheithre chluiche ceannais as a chéile.
ceithre lánán doimhneachta four depth-charges
" Bhí ceithre lánán doimhneachta ar bord agus phléasc siad mar thoradh ar an imbhualadh, rud a scrios an t-eitleán go hiomlán.
Aistríodh ceithre amhrasach déag fourteen suspects were transferred
" Aistríodh ceithre amhrasach déag ó phríosúin rúnda timpeall an domhain go campa géibhinn Chuan Guantánamo le déanaí, agus beart ag réimeas Bush iad a chúiseamh roimh na toghcháin lár téarma ar an 7 Samhain.
ceithre scór duine 80 people
" Fostaíocht Deir Ó Ciardha go bhfuil suas le ceithre scór duine fostaithe ag an stáisiún i mBaile na hAbhann, áit a bhfuil an ceannáras, agus i mBaile Átha Cliath, timpeall tríocha duine sa seomra nuachta agus na céadta eile sna comhlachtaí neamhspleácha a chuireann cláracha ar fáil don stáisiún.
ceithre threibh déag na Gaillimhe the fourteen tribes of Galway
"ceithre threibh déag na Gaillimhe le sonrú sa mbuantrofaí seo agus treibh amháin sa mbreis ann chun buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a chur in iúl.
baicle bheag ceithre chéad cloigeann a small group of four hundred people
" Bhí baicle bheag ceithre chéad cloigeann cruinnithe thart ar bhoc a raibh bosca ceoil suite go gingideach ar a bholg beag longadánach agus bóna bán thart ar a mhuineál scrutach.
ceithre leabhar dá chuid four books of his
" ” Ní stopann Ihimaera riamh de bheith ag obair – bíonn sé an-ghnóthach i gcónaí agus tá ceithre leabhar dá chuid foilsithe taobh istigh de chúig bhliana.
tá na polaiteoirí tar an scéim a fhógairt ceithre huaire the politicians have announced the scheme four times
" Go dtí seo, tá na polaiteoirí tar an scéim a fhógairt ceithre huaire (an uair is déanaí ná sa Phlean Forbartha Náisiúnta i mí Eanáir), ach, ag cur san áireamh mhodhúlacht ár bpolaiteoirí agus an t-olltoghchán i mbliana, is dócha go bhfógrófar an líne cúpla uair eile sula n-osclófar í.
ceithre theanga náisiúnta. four national languages.
" Cad é a thug ort an Ghaeilge a fhoghlaim an chéad lá riamh? Is ón Eilvéis mé, tír ina bhfuil ceithre theanga náisiúnta.
léigear na gCeithre Cúirteanna the siege of the Four Courts
" Tá Liam Ó Maoilíosa le feiceáil ag caint i mBaile Uí Bhódáin, léigear na gCeithre Cúirteanna agus cath i Sráid Uí Chonaill agus go leor eile.
ó cheithre hairde na hÉireann from all corners of Ireland
" Tá daoine ag tarraingt ar an áit seo ó cheithre hairde na hÉireann agus tá an dúrud suime ag daoine i bhfoghlaim na Gàidhlig.
ceithre huaire go leith tiomána a four-and-a-half hour drive
" Ina dhiaidh sin, bhí an fuinneamh agam chun taisteal ar aghaidh go Te Anau, atá ceithre huaire go leith tiomána ó Wanaka.
ceithre philéarlann four magazines
" D’iarr sé dhá raidhfil AS-80, ceithre philéarlann agus dhá phiostal Browning le cleachtadh targaide a fháil.
i dtréimhse ceithre bliana déag. in a fourteen-year period.
" Bhailigh trí Fhiosrúchán John Stevens 10,391 doiciméad, 16,194 taispeántan, chuir siad agallamh ar 15,000 duine agus ghlac siad 9,256 ráiteas scríofa i dtréimhse ceithre bliana déag.
ceithre chéim four stages
"ceithre chéim faoin gcóras seo agus cothaíonn na céimeanna ar fad deacrachtaí.
ceithre bhabhta imeartha. four bouts of play.
" Sna trí chomórtas, theip air an bua a ghnóthú taobh istigh de na ceithre bhabhta imeartha.
ó cheithre chearn na cruinne from the four corners of the world
" Bhain mé taitneamh an domhain as an bpost sin; chuir mé aithne ar dhaoine ó cheithre chearn na cruinne agus bhí mo chomhoibrithe fíordheas.
na Ceithre Máistrí. the Four Masters.
" Tá tagairt dhíreach ón bhliain 1185 don eachtra seo in *Annála Ríoghachta Éireann* leis na Ceithre Máistrí.
ceann de cheithre iarracht one of four efforts
" Is dócha gurbh iad na rudaí nua ba shuntasaí ná an *down*, ceann de cheithre iarracht ag an bhfoireann ionsaitheach gluaiseacht deich slat chun tosaigh, agus an líne clíbirte a thrasnú.
faoi dheireadh na gceithre bliana by the end of the four years
" Foghlaimíonn siad na hamhráin, ceannaíonn siad na geansaithe, agus faoi dheireadh na gceithre bliana a chaitheann siad san ollscoil, bíonn an chuid is mó acu tumtha go huile is go hiomlán i gcultas na peile.
Tá ceithre olltoghchán i ndiaidh a chéile four consecutive elections
" Tá ceithre olltoghchán i ndiaidh a chéile buaite aige, agus tá a chomh-aireacht i mbun rialtais le beagnach dhá bhliain déag anuas.
i gceithre cháipéis éagsúla in four various documents
" Tá tagairtí don fhíric seo i gceithre cháipéis éagsúla de chuid na roinne a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
imíonn ceithre bliana san iomlán four years in total pass
" Ós rud é nach mbíonn ceart chun a dteaghlaigh a thabhairt go hÉirinn bainte amach go fóill ag an lucht iarrtha tearmainn, imíonn ceithre bliana san iomlán i roinnt mhaith cásanna sula ndéantar dídeanaithe in Éirinn agus a dteaghlaigh a thabhairt le chéile arís.
ar fhoireann sacair Chorcaí faoi bhun ceithre bliana déag, on Cork's under-14 soccer team
" Tá mo mhic comhshamhlaithe go maith i sochaí na hÉireann, tá duine acu ar fhoireann sacair Chorcaí faoi bhun ceithre bliana déag, agus tá staidéar gnó á dhéanamh ag an duine eile in institiúid tríú leibhéal.
Ceithre Cúirteanna Four Courts
" **Triail**In Aibreán na bliana 2002, sheas Patrick Naughton sna Ceithre Cúirteanna i lár Bhaile Átha Cliath, agus é cúisithe as éigniú a iníne.
ceithre nó cúig huaire ar leith le seachtainí beaga anuas. on four or five separate occassions
" Ach tharla go raibh an Ghaeilge faoi chaibidil agam le cairde éagsúla de mo chuid ceithre nó cúig huaire ar leith le seachtainí beaga anuas.
ag ceithre leibhéal cumais, at four levels of ability
" Tá scrúduithe ar fáil ag ceithre leibhéal cumais, is é sin ag Bonnleibhéal 1 agus 2 (A1 agus A2) agus ag Meánleibhéal 1 agus 2 (B1 agus B2) agus tá foireann teg ag obair ar na hArdleibhéil (C1 agus C2) faoi láthair.
ceithre fhorbairt four developments
" Go dtí seo, níl scrúdú Gaeilge déanta ag aon iarratasóir amháin, cé go bhfuil tús curtha le ceithre fhorbairt sa chontae ina mbeidh 13 aonad cónaithe do dhaoine a bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge acu.
as ucht conradh nua ceithre bliana a shíniú for signing a new four-year contract
" Cáineadh é as ucht dhrochimirt na foirne agus cáineadh an cumann rugbaí, an IRFU, go forleathan chomh maith as ucht conradh nua ceithre bliana a shíniú le O'Sullivan roimh thús an chomórtais.
ceithre scór eighty
" Cuirfear tús le sraith nua raidió dar teideal *Ceathrar le ceithre scór* ar Radio na Life (www.
áit a mbeidh sé páirteach i gceithre cheolchoirm a place where he will take part in four concerts
" I mí Iúil i mbliana déanfaidh an ceoltóir Donal Lunny an turas fada óna áit chónaithe na laethanta seo, Okinawa sa tSeapáin, go Dún na nGall, áit a mbeidh sé páirteach i gceithre cheolchoirm a bheas mar chuid de bhuaicphointí Fhéile an Earagail.
eisigh siad ceithre albam thábhachtacha le linn na tréimhse sin. they released four important albums during that period
" ”Bhí The Bothy Band le chéile ar feadh trí bliana agus d’eisigh siad ceithre albam thábhachtacha le linn na tréimhse sin.
ceithre stáisiún núicléacha four nuclear power plants
" Ag deireadh na seachtóidí, bhí sé de rún ag an rialtas ceithre stáisiún núicléacha a thógáil i gCeann an Chairn, Loch Garman.
ceithre bhonn óir déag 14 gold medals
" Bhuaigh foireann na hAstráile 46 bonn ag na Cluichí i mbliana, ceithre bhonn óir déag san áireamh.
ar na ceithre boinn on all fours
" Ní tharlaíonn rud ar bith ar feadh bomaite uafásach go dtí go n-éiríonn cineál de gháir chatha agus tarraingítear na príosúnaigh nochta amach duine ar dhuine le smísteáil fhíochmhar a fháil agus iad ar na ceithre boinn ag dul suas an dorchla.
leapacha ceithre chuaille four post beds
" Bhí sé déanta suas go caoithiúil acu le leapacha ceithre chuaille agus trioc seandachtaí nó retro.
Ceithre hÚdar na hAisléime four reasons for the comeback
" Ceithre hÚdar na hAisléime Tá comhthéacs eile ann.
ceithre roth 4 wheel
" Dul ar lár, i do bheatha! Is féidir an lár a bhaint amach i bhfeithicil faoi thiomáint ceithre roth, cé go bhfuil sé deacair taisteal in aice an locha de dheasca na n-aibhneacha atá faoi thuile agus dhrochbhail na mbóithre cré.
gceithre aird four corners
" Soláthraíonn an comhlacht seo banda leathan, rud atá de dhíth chun BEO a fháil amach as Gleann lena léamh i gceithre aird an domhain, ach an bhfuil aon ghá leis an tírdhreach a scriosadh chun é sin a dhéanamh? Nach féidir leo an tírdhreach a dheisiú arís tar éis togra den chineál seo? Tá Gleann Cholm Cille ina ‘Limistéir Chaomhantais Speisialta’ (LCS) faoi chúram an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (féach ar www.
cead na gceithre gcos freedom
" Nára fada go bhfaighidh a chapall aonstábla ‘*Cool Hand Luke*’ (*Warner Brothers*, 1967 arís) cead na gceithre gcos ar scáileán iardhearcach éigin freisin.
chun na ceithre hairde to the four corners of the world
" Cling na Scipéad ======= Braithim níos fearr ionam féin, anois go bhfuil an chéad scread príomhordúil sin ligthe chun na ceithre hairde asam.
ceithre bliana four years
" ” Thart ar a trí a chlog ar maidin, thángthas ar an gcailín, ceithre bliana d’aois, i gcarrchlós na hóstlainne ina raibh an dioscó faoi lánseol agus í ag caoineadh.
ceithre fhichead four score
" Is ar éigean a aithníonn an t-údar an tír inar chaith sé ceithre fhichead bliain dá shaol.
trí bliana is ceithre fhichead 93 years
"trí bliana is ceithre fhichead slán ag Hessel, tuigeann sé go bhfuil a rás nach mór rite aige, ach achainíonn ar dhaoine cur i gcoinne na héagóra agus an mhíbhuntáiste agus stop a chur le truailliú na cruinne.
ceithre mhéadar is seasca 64 metres
" Tógadh cúig mhuileann gaoithe ar chósta thoir thuaidh an oileáin, iad ceithre mhéadar is seasca ar airde an ceann.
as na ceithre hairde from every corner of the earth
" Bíonn múinteoirí as na ceithre hairde ag teacht go Meiriceá chun a dteangacha féin a theagasc.
scaipeadh na nÉireannach sna ceithre hairde the Irish Diaspora
" Tá scéal scaipeadh na nÉireannach sna ceithre hairde scagtha go minic ag Keneally ina shaothar, sa leabhar The Great Shame ach go háirithe.
cosaint ceithre bliana a four year defence
" Léiríodh i gCeanada gur cosaint ceithre bliana in aghaidh leanbaíocht na haoise é an dá theanga a bheith ag duine.
ceithre oiread four times
" Faoin bhliain 2020 beidh aisíocaíochtaí úis sna Stáit Aontaithe ceithre oiread níos airde ná mar atá siad inniu.
Rinneadh ceithre chóip four copies were made
" Rinneadh ceithre chóip de An Scread agus is pictiúr é atá ar chomhcheim anois leis an Mona Lisa ó thaobh cáile de.
cuireadh ceithre rogha faoi bhráid four choices were presented
" Go deimhin, cuireadh ceithre rogha faoi bhráid an Fhorais agus níor thug Mazars a mbeannacht d’aon cheann faoi leith acu thairis na cinn eile.
thart ar cheithre scór go leith around ninety
" **SMM: Cad é an líon foirne a oibríonn do Raidió na Gaeltachta?** ENíCh: Tá thart ar cheithre scór go leith duine ag obair do Raidió na Gaeltachta ar fud na tíre.
ar chionn de na ceithre one of the four
" Táimid ar chionn de na ceithre stáisiún raidió FM atá siad ag cur ar fáil do phobal na hÉireann.
gceithre aird an domhain the four corners of the world
" Is spéisiúil ina dhiaidh sin, go gcaithfidh an t-idirlíon naisc aníos mórán chomh líonmhar céanna i dtaobh dreamanna eile ar domhan a samhlaítear an mheisce leo, ón Rúis anoir agus i bhfad siar i gceithre aird an domhain, i ndáiríre.
Ceithre lann four blades
" - v) Ceithre lann a chosnaíonn os cionn €10 an paicéad do Gillette II, ní oibríonn siad ar chor ar bith chor ar bith.
a thriallann ar na ceithre hairde which travel the four corners of the globe
" Chuaigh Riverdance chomh mór sin i bhfeidhm ar dhaoine gur ghin sé tionscal damhsa: na scoileanna rince, na compántais a thriallann ar na ceithre hairde, na cláir theilifíse, na siopaí a chuireann na cleathainsí iomadúla ar fáil do na rinceoirí féin (stocaí, smideadh, gúnaí, bréagfhoilt, bróga, idir chrua is éadroma) Ní baol go ndéanfaidh an pheil Ghaelach ná an iomáint thar lear aithris ar an rath céanna go luath.
Chaith mé ceithre bliana I spent four years
" Chaith mé ceithre bliana i mBÁC agus d’éirigh mé siúlach ansin.
An ceithre scór, ar a laghad, acu araon both of them four score at least
" An ceithre scór, ar a laghad, acu araon.
Lóistín in óstán cheithre réalt stay in a four star hotel
" Lóistín in óstán cheithre réalt, bricfeasta agus dinnéar san oíche: 499 punt Sasanach don choicís.
ceithre n-órlach ar leithead four inch wide
" Ag lón, ar nós chuma liom, ar ghiorda ceithre n-órlach ar leithead.
na Ceithre Chéad Saoránach 400 citizens
" An tseachtain seo caite, bronnadh achainí ar Ard-Mhéara Bhéal Feirste agus é sínithe ag 400 Gael ag iarraidh aitheantais dá dteanga, dá stair agus dá gcultúir sna himeachtaí comórtha:
 “Molaimid, na Ceithre Chéad Saoránach Feirsteach, Gaelach thíos don Ard-Mhéara reatha agus do chomhairleoirí uilig na Cathrach an Chairt seo, Cairt Bhéal Feirste 400, a chur roimh chruinniú den chomhairle iomlán le go bpléifear é agus go dtabharfar suntas do ról agus do shaibhreas na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh mar chuid shuntasach, bhunúsach d’oidhreacht na Cathrach.
ceithre amhrán four songs
" ** Cosa gan Bhróga: ======= Céad díolaim iomráiteach Eithne Ní Uallacháin, Gerry O Connor agus Desi Wilkinson a eisíodh ar fhadcheirnín sa bhliain 1987, anois ar fáil ar dhlúthdhiosca don chéad uair! Ceolann Eithne ceithre amhrán ón traidisiún inar tógadh í agus tugann na ceoltóirí blaiseadh den fhómhar fhairsing a bhí cruinnithe acu um an dtaca sin.
ceithre bliain bailithe four years have passed
"ceithre bliain bailithe ón am sin agus feicimid go bhfuil iarbhaill den CIA, nó an IMF, ag rá go raibh an ceart ag Piaras Doherty ag an am, gur chóir a leithéid sin a bheith déanta.
Ciontaíodh ceithre fhear déag fourteen men were convicted
" Ciontaíodh ceithre fhear déag, an Rianach san áireamh, as an gcoir agus daoradh chun báis iad.
pianbhreith cheithre bliana déag fourteen years penal servitude
" Crochadh fear amháin acu, ach iomalartaíodh an bhreith bháis ar na fir eile agus daoradh pianbhreith cheithre bliana déag san Astráil orthu ina háit.
ar nós bosca mór ar cheithre roth like a big box on 4 wheels
" Nílim cinnte cad é an bealach is fearr le cur síos a dhéanamh uirthi, ach bainfidh mé triail as! Tá sé ar nós bosca mór ar cheithre roth.
atá linn le breis is ceithre bliana who are with us for more than four years
" Ag Socrú Síos Abhus ===== Na Polannaigh atá linn le breis is ceithre bliana, tá siad le fanacht mar is abhus amháin atá siad i dteideal íocaíochtaí leas sóisialta.
le ceithre bliana anuas for the last four years
" Is é an dóigh a bhfuil sé anois, tá an Eoraip scoite arís ag Meiriceá le ceithre bliana anuas.
ceithre oiread bisigh four times more profit
" Maíonn an tuarascáil chéanna go ndéanann comhlachtaí cumarsáide san Eoraip ceithre oiread bisigh ná an biseach a dhéantar sa réimse céanna oibre thall sna Stáit Aontaithe.
As na Ceithre hAirde from everywhere in the world
" Agus thug siad na cártaí agus na huimhreacha dó! As na Ceithre hAirde ========== Bhí daoine ann as achan chearn: as an Ghearmáin, an Fhrainc, an Spáinn agus an Phortaingéil; as an Iodáil agus an Danmhairg; as Oirthear agus Iarthar na hEorpa; as Meiriceá Thuaidh agus Theas; as an tSín agus an tSeapáin; agus fear as Corcaigh.
ceithre fáth four reasons
" html#axzz2iuIPzUSK tá ceithre fáth ann: - Sásamh Pearsanta: aithníonn tú go bhfuil bearna nó fadhb ann agus dtuigeann tú conas é a líonadh.