Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
17 faoin chéad 17 per cent
" Faoi 1885, ba dhaoine a saolaíodh in Éirinn 17 faoin chéad d'oibrithe na rannóige saorálaí dóiteáin i Nua-Eabhrac.
níl cent rua déanta againn we haven't earned a cent
" Nílim ag rá gurb é an t-airgead an rud is tábhachtaí, ach go dtí seo níl cent rua déanta againn.
70 éigin faoin chéad 70 something per cent
" "Bhí tromlach ag na haontachtaithe ar an Lorgain, 70 éigin faoin chéad.
céad faoin gcéad one hundred per cent
" Is maith liom bheith in ann díriú ar rud amháin céad faoin gcéad.
inar nochtaigh 52 faoin gcéad in which 52 per cent revealed
" Foilsíodh pobalbhreith seachtain tar éis an olltoghcháin, áfach, inar nochtaigh 52 faoin gcéad de na rannpháirtithe gurbh é ba chúis le téip an rialtais choimeádaigh ná dlíthe nua maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch.
laghdú cúig déag faoin gcéad 15 per cent reduction
" Buaileann Rónán isteach agus labhraíonn an triúr againn faoi chúrsaí ceoil i gcoitinne – faoin gcéad singil a cheannaíomar, “Mull of Kintyre”, a bhí mar bhronntanas do mo sheanmháthair; faoin gcéad cheolchoirm ar fhreastalaíomar uirthi, Lark in the Park le U2 i 1978; faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain (le sé mhí anuas, cuir i gcás, tá laghdú cúig déag faoin gcéad i ndiaidh theacht ar mhargadh na gceirníní sna Stáit Aontaithe).
réigiún a n-ionannaíonn thart ar 90 faoin gcéad dá phobal leis an Rúis. a region in which 90 per cent of its population identify themselves with Russia
" Tríd is tríd, tugadh neamhaird ar ghníomhartha uafásacha mar seo, agus cuireadh an tSeoirsia bheag i láthair mar íospartach neamhurchóideach sna meáin le linn d’arm na Rúise a bheith ag díbirt fórsaí de chuid na Seoirsia as an Óiséit Theas, réigiún a n-ionannaíonn thart ar 90 faoin gcéad dá phobal leis an Rúis.
cianóga gann lack of money/ (cents)
" Is iondúil nuair a bhíonn na cianóga gann go dtosaíonn daoine ag ceistiú an fiúntas a bhaineann le hairgead a chaitheamh ar na healaíona, ar litríocht agus ar ndóigh, ar an Ghaeilge.
pingin rua a red cent
" Níl pingin rua fágtha ag duine ar bith, agus is beag sin i gcomparáid leis na scéalta uafáis atá ag teacht chun solais lá i ndiaidh lae.
faoin gcéad per cent
" ’ Faigheann an Páirtí Daonlathach beagnach 60 faoin gcéad (35 faoin gcéad i gcás na bPoblachtánach) dá chuid airgead ó Ghiúdaigh atá dígeanta ina dtacaíocht don eite dheis san Iosrael.
naoú haois déag 19 cent.
" San India, feictear an chuid is fearr den fhichiú haois taobh le taobh leis an chuid is measa den naoú haois déag.
ochtú aois déag 18th cent.
" Is ainmhí coimhthíoch é an camall, a scaoileadh saor sa lár i rith an ochtú aois déag.
chianóg cent
" Balor: Ach, a eagarthóir, ní fhaighim mar íocaíocht san am i láthair ach cent amháin, nó mar ‘chianóg’ in do leagan arse féin, gabh mo leithscéal, ársa, Liatromach féin - sula ‘gceartaí’ tú mé! - cianóg in aghaidh gach abairt a scríobhaim.
cianóige cent
" Ar ndóigh agus mé ag comhaireamh gach cianóige cosúil le gach iníon mháthar na laethanta seo, cuireann a leithéid de nuacht gliondar ar mo chroí, ach tá blaisín den díomá tríd.
cianóg a cent
" Is dream deonach iad, nach bhfaigheann cianóg ar bith as an tseirbhís.
thrí faoin chéad 3 per cent
" Léim an ráta dífhostaíochta ó thrí faoin chéad go hocht déag faoin chéad in achar an-ghairid, ach níor laghdaigh sé ach go mall thar thréimhse de dheich mbliana (Féach léaráid 1).
pingin rua a cent
" Is maith an rud é go bhfuil sé ag teacht saor in aisce, nó ní chaithfeadh duine ar bith pingin rua ar an liarlóg.
cianóg rua single cent
" Leagadar rompu agus rinne uisce faoi thalamh le chéile le bheith cinnte gurbh é an náisiún mór, saibhir, an Fhrainc, agus nárbh é an tírín beag, bocht, Éire éidreorach (a bhí saibhir cúpla bliain ó shin ach nach bhfuil cianóg rua ná sciúrtóg fanta anois aige), a rachadh chun na hAfraice Theas an bhliain seo chugainn le himirt i gcomórtas Chorn an Domhain (sacar, ní rugbaí, ar eagla na míthuisceana).
faoin chéad per cent
" Agus cuirfear iontas ar an bheirt sa tír nach bhfuil a leithéid cluinte acu cheana, agus cuirfear leamhthuirse arís eile ar nócha cúig faoin chéad den daonra agus alltacht ar an leath eile.
cianóg cent(s)
" (Nach fíor sin a eagarthóir?) As seo amach beidh bhur dtuairisceoir diabhalta ag gnóthú aon chéad cianóg an t-alt, seachas an leathchéad a bhí á fháil aige le fada fada fada an lá.
chianóg cent
" An chianóg a thabharfas tú uait ar earra ínteacht i siopa na comharsan, fanfaidh cuid de in aice láimhe.
faoin gcéad per cent
" Cónaíonn tuairim is 40 faoin gcéad de mhuintir na hAstráile sa dá chathair is mó, Sydney agus Melbourne, agus tá cónaí ar beagnach 25 faoin gcéad den daonra sna trí phríomhchathair stáit eile ar an mór-roinn, Brisbane, Perth agus Adelaide.
faoin gcéad per cent
" Níor caitheadh ach tuairim is 75 faoin gcéad de na vótaí ar lá na vótaíochta féin i mbliana mar gheall ar na nósanna vótála thuasluaite.
cianóg rua a red cent
" Ach b’fhéidir nach bhfuil cianóg rua le sparáil agat.
faoin chéad per cent
" Tá toirt an oighir tuairim's ar 10 faoin chéad níos mó ná toirt an uisce.
faoin gcéad per cent
" Tá 72 faoin gcéad d’fheirmeacha na tíre lonnaithe san abhantrach agus is é ‘babhla bia na hAstráile’ a thugtar uirthi sa Bhéarla.
faoin gcéad per cent
" Foilsíodh torthaí pobalbhreithe go luath tar éis na díospóireachta thuasluaite inar léiríodh go bhfuil 57 faoin gcéad den daonra ar son an pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach, agus nach bhfuil ach 37 faoin gcéad ina éadan.
faoin chéad per cent
" I measc dhaonra na Sé Chontae, is ionann Caitlicigh agus 43 faoin chéad.
faoin gcéad per cent
" Beo ar an Ghaoith ========= Ba é rialtas Lucht Oibre Ramsey Macdonald a ghearr an caiteachas poiblí go fíochmhar, a ghearr 10 faoin gcéad ó thuarastail státseirbhíseach agus 10 faoin gcéad ó liúntais dífhostaíochta.
naoú haois déag 19th cent.
" Go deimhin, is ábhar spéise an méid saothair chriticiúla a chíorann litríocht na hÉireann sa naoú haois déag agus san fhichiú haois agus nach dtagraíonn don Ghaeilge ar chor ar bith.
dara haois déag 12th cent.
" Priompallán an Chéiteannaigh sa Chac Bó Arís ====================== Nuair a áirítear lena chéile iad, is athreic iad de na seanmhúnlaí maslacha a thiomsaigh leithéidí Giraldus Cambrensis i gcoinne na nGael chomh fada siar leis an dara haois déag – Na Gaeil – (nó sa chás seo na Gaeil ar de bhunadh an Lucht Siúil iad) mar dhream a bhfuil fírinne na steiréitíopaí seo le sonrú orthu – an mhímhacántacht, an t-ól, an foréigean, easpa dílseachta (ach amháin dá ‘dtreibh’ féin), lorg deirce, an leisciúlacht, an scéalaí, an díbeartach, an trodaí agus mar sin de.
faoin gcéad per cent
" Tá tuairim is 200,000 inneall san Astráil anois agus meastar go bhfuil corradh is 20 faoin gcéad de na hinnill cearrbhachais ar domhan sa tír seo.
d’aon faoin gcéad of one per cent
" Cúpla lá ina dhiaidh sin thug sé dúshlán cheannairí an Aontais Eorpaigh agus shealbhóirí na mbannaí, agus d’éirigh leis aon ochtú cuid d’aon faoin gcéad a bhaint d’ualach na bhfiach atá ar mhuintir bhocht chráite na tíre seo.
faoin gcéad per cent
" 2 faoin gcéad agus tá ráta an fhéich phoiblí ag 7.
aon chianóg bhreise cánach one extra cent of tax
" Tá Fine Gael ag fógairt nach n-iarrfar ar na daoine sin aon chianóg bhreise cánach a íoc ar an ioncam ard atá acu ón stát.
níor mhair ach ceann sa gcéad but only one per cent survived
" Cuireadh na milliúin crann, ach níor mhair ach ceann sa gcéad.
faoin gcéad per cent
" Tá líon na gcóálaí ar tír mór san Astráil tite 51 faoin gcéad le trí bliana anuas, de réir an Líonra, agus tá titim de 64 faoin gcéad le sonrú ó cuireadh tús le monatóireacht an Líonra deich mbliana ó shin.
faoin chéad per cent
" "Cé go raibh tromlach 75 faoin chéad ag Náisiúnaithe Caitliceacha, 75 de na comhairleoirí, b'aontachtaithe Protastúnacha iad.
a bhaineann go dlúth leis an 21ú céad which pertains explicitly with the 21st cent.
" Tá físeán déanta ag Julie atá ar *youtube* faoin turas pearsanta seo a théann siar sé ghlúin dá mhuintir ach ní *The Fields of Athenry* atá i gceist le *Clocks* ach ceol agus amhráin a bhaineann go dlúth leis an 21ú céad.
faoin chéad per cent
" Tá méadú 40,000 ar líon na n-éilitheoirí dífhostaithe le cúig bliain anuas, méadú 17 faoin chéad agus é ag méadú i rith an ama.
tá siad ag brath ar an bpingin sin they depend on that red cent
" Tá sé thar a bheith deacair dóibh siúd a bheith macánta faoi na rudaí seo nó a bheith oscailte, mar tá siad ag brath ar an bpingin sin ó dheontais reáchtála an Údaráis agus ón Rialtas chun iad a choimeád oscailte.
pingin rua a single cent
" Ní bhíonn pingin rua ag an Phápa riamh: searbhónta de chuid shearbhóntaí Dé a thugtar ar an Phápa; agus tá údar maith leis an nath sin.
mósáic óir ón 6ú aois a gold mosaic from the sixth cent.
" Tá ríchathaoir an Phápa Gréagóir Mór (580) le feiceáil ann fosta chomh maith le mósáic óir ón 6ú aois a léiríonn Críost agus na naoimh Primus agus Felicianus ar a dhá thaobh.
faoin gcéad díobh per cent of them
" Idir 1774 agus 1793 cuireadh 2747 duine isteach sa Teach sin i Luimneach; 51 faoin gcéad díobh ba fir iad, 49% ba mhná iad.
faoin chéad per cent
" 33 faoin chéad de na daoine a earcaíodh do Státsheirbhís na hIndia le linn na hImpireachta, ba ó ollscoileanna in Éirinn a earcaíodh iad.
faoin gcéad de per cent of
" Is le News Corporation de chuid Rupert Murdoch breis is 70 faoin gcéad de nuachtáin na hAstráile.
dó faoin chéad den lucht féachana two per cent of the viewers
" De réir an athbhreithnithe chéanna, ní bhíonn ar an mheán ag TG4 ach timpeall dó faoin chéad den lucht féachana, agus sin le cabhair na gcláracha Béarla agus na bhfotheideal.
an fhichiú haois the 20th cent.
" Áirítear William John Warner, Éireannach a rugadh agus a tógadh i mBaile Átha Cliath, agus ar tugadh an leasainm Cheiro dó, (1866-1936) i measc lucht fáistine cháiliúil an fhichiú haois.
Ní ghearrfaidh mise ach táille 5% duit I’ll just charge you five per cent of fees
" Ní ghearrfaidh mise ach táille 5% duit as an nod seo.
cúpla cianóg a dhéanamh make a few cents
" Is féidir le hÉirinn cúpla cianóg a dhéanamh as fearaistí spiadóireachta agus as codanna de ladrainn a chruthú is a dhíol le gnóthaí cogaíochta agus le hairm an iarthair, airm gurb é a bhfor is a bhfónamh tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh (nuair is mian leo teacht ar shinc, ar ór is ar ola go furasta).
céad faoin gcéad one hundred per cent
" "Bhí an coincheap iontach, fós féin seasaim céad faoin gcéad leis an gcoincheap.
cúig faoin chéad five per cent
" Cuid de na daoine, tá siad cúig faoin chéad Éireannach, cuid eile, b'fhéidir, 25%.
faoin chéad den iomlán per cent of the entire piece
" Cuid Pháidín de na Téipeanna =========== Cé go measann daoine gur thug Boston College na téipeanna uilig don PSNI, deir Moloney nach bhfuair siad ach agallaimh inar luadh ainm Jean McConville 2 nó 3 faoin chéad den iomlán, dar leis.
pingin rua a single cent
" 3% dá leas sóisialach, cuir i gcás, ach nach gcaillfidh lánúin a bhfuil saothrú $180,000 an duine in aghaidh na bliana pingin rua! Bíodh is go bhfuil móramh ag rialtas Abbott i dTeach na nIonadaithe, níl tromlach acu sa teach uachtar agus beidh tacaíocht ó sheisear seanadóirí eile ag teastáil le billí na cáinaisnéise a rith.
faoin chéad per cent
" Bhí an tuarascáil i 2008 go dona: as na 59 gnáthóg in Éirinn, bhí stádas ‘maith’ ag 7 faoin chéad acu, stádas ‘uireasach’ ag 46 faoin chéad acu agus ‘drochstádas’ ag 47 faoin chéad acu.
Níl ach faoi bhun fiche faoin gcéad there’s only less than twenty per cent
" Níl ach faoi bhun fiche faoin gcéad de mhuintir na tíre i gcoinne eotanáis thoilteanach, ach tá tionchar as cuimse ag an mionlach seo ar chúrsaí polaitíochta abhus.
seacht déag faoin déag seventeen per cent
" Tá praghas na dtithe tar éis ardú seacht déag faoin déag le roinnt míonna anuas sa Spáinn agus níl aon dóchas ag Carmen Rodríguez go dtiocfaidh feabhas ar an scéal seo.
cianóg of cents
" Chaill Bearnaí Ó Doibhlin cúpla cianóg le rás capaill san Astráil i mbliana.