Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scoth na gceoltóirí agus na bhfonnadóirí the best of musicians and singers
" Bíonn scoth na gceoltóirí agus na bhfonnadóirí i láthair ag an bhféile seo gach bliain.
scoth na gceoltóirí excellent musicians
" Féile bheag phearsanta a bhíonn ar siúl i gCluain Cearbán, le scoth na gceoltóirí agus na bhfonnadóirí.
méid millteanach ceoltóirí a great number of musicians
" Mheall Gaillimh í, mar tá méid millteanach ceoltóirí ansin, an chuid is mó acu as áiteanna eile ó dhúchas.
Ceoltóir nádúrtha a bhí ann go smior he was a natural musician to the core
ceoltóirí neamhspleácha independent musicians
" Agus ní raibh sé ach fiche bliain d'aois ag an am sin! Tá dhá albam eisithe aige go dtí seo agus tá sé ar dhuine de na ceoltóirí neamhspleácha is fearr a bhfuil ag éirí leis in Éirinn na laethanta seo.
ceoltóir tuaithe agus iarthair country and western singer
" Cúpla oíche ó shin, áfach, b'in ansin romham é, David Trimble ina shuí *side-saddle *ar thábla mar a bheadh ceoltóir tuaithe agus iarthair ann, ag inse dúinn cén fáth gur cheart vótáil don UUP sna toghcháin, dá gceadófaí iad.
scoth na gceoltóirí the best of musicians
togha na gceoltóirí the best of musicians
" Shíl mé go raibh mé sna flaithis; bhí mé ansin i stiúideo d'ardghrád le togha na gceoltóirí ó Scullion agus mo laoch Sonny Condell ar an taobh eile den fhuinneog!" Bhí próiseas difriúil ag baint leis an gcéad saothar eile.
ceoltóirí den chéad scoth first-class musicians
" Bhíodh oícheanta seanchais sa Damer, mar shampla, agus thugtaí amhránaithe ó na Gaeltachtaí agus ceoltóirí den chéad scoth ansin.
na ceoltóirí ba mhó a bhí i mbéal an phobail the most talked-about musicians
" Tá amhráin ar an sean-nós ann ó na mórcheantair Ghaeltachta ar fad, agus na ceoltóirí ba mhó a bhí i mbéal an phobail ag an am - daoine ar nós Tommy Reck, Willie Clancy, Joe Burke, Seán Ryan agus uile.
Ceoltóirí aonair solo musicians
" AÓF: Ceoltóirí aonair seachas bannaí ceoil atá le cloisteáil, nach ea? AÓC: Is ea - níl aon bhanna ceoil ann.
ceoltóirí snagcheoil jazz musicians
" Bhí sé cairdiúil le ceoltóirí snagcheoil agus théadh sé chuig gigeanna leo.
mar cheoltóir as a musician
" D’fhoghlaim mé go leor ceoil ó Sheán agus bhí tionchar mór aige orm mar cheoltóir.
ceoltóir clúiteach snagcheoil a famous jazz musician
" Tá aird na meán cumarsáide ar an saghas seo ceoil le blianta beaga anuas, i ndiaidh do Willie Ruff, ceoltóir clúiteach snagcheoil a mhúineann ceol in Ollscoil Yale, a rá go ndeachaigh an stíl seo i bhfeidhm ar phobail Afracach-Mheiriceánacha.
ceoltóirí aonair solo musicians
" Is breá liom éisteacht le ceoltóirí aonair (ar nós Aogáin Lynch, Tommy Peoples, Páidí O’Connor) nó le ceol beirte (leithéidí Liz agus Yvonne Kane).
file, fealsamh, amhránaí agus ceoltóir cáiliúil poet, philosopher, singer and famous musician
" Sa dara leath, seinneann muid cúpla fonn le Hiroshie Yamaguchi, file, fealsamh, amhránaí agus ceoltóir cáiliúil – Bruce Springsteen na Seapáine.
Ceoltóirí den scoth. Excellent musicians.
na ceoltóirí taistil the travelling musicians
" Tá an oiread sin seod istigh ann gur doiligh do dhuine ar bith an áit a fhágáil i ndiaidh dó dul fríd na doirse Seoirseacha mar is ann atá croí an cheoil dhúchais ag preabadh, ó Horslips go Bridie Gallagher, ó Tony MacMahon go hEnya, ó na ceoltóirí taistil go dtí na cheolfhoirne móra.
a eagraíonn ceoltóir áitiúil, organised by a local musician,
" uk/)), oíche cheoil a eagraíonn ceoltóir áitiúil, Alun Parry.
an chéad cheoltóir the first musician
" Bhí beirt mhac de chuid Peel, William agus Thomas, ar fhoireann amháin agus bhronn a bhaintreach Sheila an trófaí ar na buaiteoirí, Cream, i The Picket, roimh cheolchoirm le Pete Wylie agus The Mighty Wah! “Ceann de na spriocanna atá againn ná daoine a thabhairt le chéile tríd an cheol,” a dúirt Phil liom agus ba é Billy Bragg an chéad cheoltóir a sheinn sa Picket nua i mí Feabhra 2006 mar chuid de Hope not Hate, camchuairt in aghaidh an chiníochais.
na ceoltóirí agus na hoirfidigh is clúití the most famous musicians and entertainers
" Tá cáil dhomhanda ar na fógraí teilifíse a chraoltar i rith leathama, agus faightear na ceoltóirí agus na hoirfidigh is clúití chun an t-amhrán náisiúnta a rá roimh an gcluiche.
ceoltóirí áirithe certain musicians
" AÓF: Cén fáth go leagann ceoltóirí áirithe an oiread sin béime ar bhogha maith a bheith acu? Nach é an veidhlín féin is tábhachtaí? NB: Tá an bogha ar a laghad chomh tábhachtach céanna leis an veidhlín.
ceoltóirí clasaiceacha classical musicians
" ** ** AÓF: Cén saghas daoine a cheannaíonn boghanna uait? NB: 90% de mo chuid custaiméirí is ceoltóirí clasaiceacha iad cé go bhfuil roinnt ceoltóirí traidisiúnta atá ag seinm go proifisiúnta tar éis boghanna a fháil uaim.
faoi cheoltóir siúlach about a wandering musician
" Canann sé faoi cheoltóir siúlach ar strae sna Stáit Aontaithe – íomhánna de shaol Ger le cloisint tríd an amhrán uilig.
go spreagann ceoltóirí eile iad that other musicians inspire them
" AÓF: Deir ceoltóirí go minic freisin go spreagann ceoltóirí eile iad le tiúin faoi leith a sheinm – tiúin, b'fhéidir, nach bhfuil seinnte acu le fada ach a thagann ar ais chun cuimhne dóibh nuair a bhuaileann siad le ceoltóir ar leith.
a bhrú ar cheoltóirí eile force on other musicians
" Níor mhaith liom mo stílse nó mo stórsa ceoil, nó rithim s'agamsa, a bhrú ar cheoltóirí eile mar tá meas mór agam ar cheoltóirí eile.
bhuail mé le ceoltóirí I met musicians
" Conas a chuaigh sin i bhfeidhm ar do chuid ceoil nuair a d’aistrigh tú ó dheas ó Dhún na nGall? **TC**: D’fhoghlaim mé a lán ceoil agus bhuail mé le ceoltóirí agus le cairde ar fud na tíre.
mar cheoltóir stiúideo as a studio musician
" Ba mhaith liom oibriú mar cheoltóir stiúideo fosta, agus b’fhéidir dul ar camchuairt le grúpa fidléirí.
punc-cheoltóir punk musician
" Leis an leabhar a cheiliúradh, táthar ag caint ar cheolchoirm a eagrú sa Royal Festival Hall i Londain, a mbeadh an punc-cheoltóir Patti Smith, le cois Alanis Morissette agus Alan Rickman, i láthair aici mar aíonna.
murab ionann agus go leor ceoltóirí, unlike a lot of musicians
" Ach, murab ionann agus go leor ceoltóirí, níl bata agus bóthar tugtha ag scríbhneoirí dóibhsean.
ceoltóirí musicians
" ***AÓF: Cé hiad na ceoltóirí atá ar an albam leat?*** GB: Ag seinm liom ar an diosca, tá Neil Martin ón West Ocean String Quartet, a léirigh an t-albam.
Ceoltóirí oilte skilled musicians
" Ceoltóirí oilte agus daoine áille atá iontu – daoine a thug a gcuid ama dom ar bheagán airgid, nó saor in aisce.
ceoltóir cumasach. capable musician
" Léiríonn sé nach raibh teagmháil dháiríre acu riamh le hamhránaí nó le ceoltóir cumasach.
ceoltóir sráide busker
" Ba ar bheagán airgid a rinneadh an ceoldhráma seo, arb iad na príomhcharachtair ann ná ceoltóir sráide (Hansard) agus inimirceach Seiceach (Irglova) a bhfuil féith an cheoil inti chomh maith.
Cuireann an Seiceach gliondar ar chroí an cheoltóra sráide the Czech girl delights the busker
" Cuireann an Seiceach gliondar ar chroí an cheoltóra sráide agus eascraíonn caidreamh thar a bheith speisialta as an gcairdeas.
i measc na gceoltóirí cáiliúla among the famous musicians
" Rinne an fhéile Lunny a choimisiúnú le ceol nua a scríobh do na ceolchoirmeacha seo agus i measc na gceoltóirí cáiliúla a bheas páirteach iontu beidh Máire Ní Bhraonáin ón ghrúpa Clannad, Mairéad Ní Mhaonaigh ó Altan, an píobaire Liam O’Flynn, Andy Irvine, agus Paddy Glackin.
ceoltóirí téadacha string musicians
" Bhí ceoltóirí téadacha ansin romhainn agus fliúit agus óbó nó cibé – tá dearmad déanta agam.
Chuir Lunny aithne ar an amhránaí agus ceoltóir Lunny got to know the singer and musician
" ”**Ag seinm le hAndy Irvine** Chuir Lunny aithne ar an amhránaí agus ceoltóir Andy Irvine sna seascaidí i mBaile Átha Cliath ach ní raibh go leor muiníne aige as a chuid tallainne mar cheoltóir le seinm leis go poiblí.
as a chuid tallainne mar cheoltóir le seinm leis go poiblí. in his talent as a musician to play with him publicly
" ”**Ag seinm le hAndy Irvine** Chuir Lunny aithne ar an amhránaí agus ceoltóir Andy Irvine sna seascaidí i mBaile Átha Cliath ach ní raibh go leor muiníne aige as a chuid tallainne mar cheoltóir le seinm leis go poiblí.
cheoltóir, musician
" Ar ndóigh, chomh maith le bheith ina cheoltóir, tá King anois ar dhuine de na léiritheoirí teilifíse is rathúla in Éirinn.
Ceoltóir den scoth An Excellent musician
" Ceoltóir den scoth atá ann, atá ag seinm linne den chéad uair.
ceoltóirí na gceolfhoirne musicians of the orchestras
" D’éistíodh muid le ceoltóirí na gceolfhoirne ag réamhchleachtadh – bhí Festival International d’Art Lyrique, ar féile thábhachtach cheoldrámaíochta í, ar siúl in Aix fad is a bhí muidne ansin.
ceoltóir musician
" Chan amháin nach bhfuil a fhios ag an phobal faoina raibh ar siúl ag na daoine anaithnide seo ach go minic ní bhíonn a fhios acu ach an oiread cad é go díreach nach bhfuil ar eolas acu! Rud amháin atá ar eolas againn ná go bhfuil a leithéid d’ordú bainte amach ag daoine iomráiteacha ar nós an peileadóir John Terry, an t-iriseoir Andrew Marr, an galfaire Colin Montgomerie, an ceoltóir Howard Donald ó *Take That* agus an bancaire Fred ‘the Shred’ Goodwin.
uaigh an cheoltóra the musician’s grave
" Le linn mo chuairte chun na reilige i Fairview, cuireadh bláth agus bréagán de veidhlín beag ag uaigh an cheoltóra.
ceoltóir cumasach a proficient musician
" An t-eagraí ceoil atá againn, is bean í, Neansaí Ní Choisteala, ceoltóir cumasach í féin.
tugann na ceoltóirí blaiseadh the musicians give a taste
" ** Cosa gan Bhróga: ======= Céad díolaim iomráiteach Eithne Ní Uallacháin, Gerry O Connor agus Desi Wilkinson a eisíodh ar fhadcheirnín sa bhliain 1987, anois ar fáil ar dhlúthdhiosca don chéad uair! Ceolann Eithne ceithre amhrán ón traidisiún inar tógadh í agus tugann na ceoltóirí blaiseadh den fhómhar fhairsing a bhí cruinnithe acu um an dtaca sin.
an cheoltóra of a musician
" ** Léamh ar shaol an cheoil agus an cheoltóra atá sa leabhar seo.
Mathshlua Ceoltóirí agus Lucht Ealaíne a large crowd of musicians and artists
" Mathshlua Ceoltóirí agus Lucht Ealaíne =============== Ba léir go mbíonn na ceolteoirí agus na rinceoirí óga ag cleachtadh agus ag athchleachtadh mar bhí siad go hiontach ar ardán na seaneaglaise - bhain gach duine i láthair sult as agus bhí ardú meanman ann nuair a chonacthas idir mheisceoirí agus na *smack heads* ag damhsa chomh maith.
ceoltóirí taistil travelling musicians
sraith de cheoltóirí cónaitheacha a series of resident musicians
" Bhí sraith de cheoltóirí cónaitheacha ansin acu agus cuid acu ba mháistrí ar a gceird iad.
a dhéanann an ceoltóir ó bhreith go bás which the musician makes from birth to death
" Is cineál aistir é an ceol feictear domsa, aistear nó oilithreacht a dhéanann an ceoltóir ó bhreith go bás.
cheoltóir féinriartha a self-administered musician
" Ani DiFranco ===== Is gníomhaire sóisialta í Ani DiFranco; is file agus amhránaí iomráiteach í a dhiúltaigh do chathú an airgid sna nóchaidí agus a ghlac ród an neamhspleáchais mar cheoltóir féinriartha.
scoth cheoltóirí sa bhuíon the best of musicians being in the group
" com), lucht éisteachta tuigseach, báúil, agus scoth cheoltóirí sa bhuíon.
cheoltóir lánaimseartha full-time musician
" Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoi thaifeadadh an albaim agus faoina shaol mar cheoltóir lánaimseartha.
mar cheoltóir agus mar scoláire. as a musician and scholar.
" Labhair Robert McMillen leis an fhidléir, staraí agus socheolaí seo faoina shaol mar cheoltóir agus mar scoláire.
ceoltóirí mór le rá well-known musicians
" Tagann ceoltóirí mór le rá ó gach cearn den domhan le chéile gach bliain le bheith páirteach in Celtic Connections, féile a dhéanann ceol Ceilteach – agus ceol eile nach é – a cheiliúradh.
áirítear é ar dhuine de na ceoltóirí is tábhachtaí he is regarded as one of the most important musicians
" Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag Lunny le daichead bliain anuas agus áirítear é ar dhuine de na ceoltóirí is tábhachtaí i gceol traidisiúnta na hÉireann san fhichiú haois.
cheoltóirí musicians
" Chas Seosamh Mac Muirí le duine de cheoltóirí Kíla, Rossa Ó Snodaigh, i Liatroim agus cheistigh é faoina chur chuige fuinniúil i gcúrsaí Gaeilge.
ní taise do cheoltóirí musicians (and composers) none the less
" Is mó ná riamh rian an ríomhaire ar shaol achan duine agus ní taise do cheoltóirí is do chumadóirí ár linne é.