Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chéasadh torture
" Rinne póilín as Brooklyn, Justin Volpe, inimirceach as Háití darb ainm Abner Volpe a chéasadh i seomra folctha stáisiún na bpóilíní trí shuncaire leithris a shá suas ina dhriseachán arís is arís eile.
chéasadh torture
" "Is scéal é atá uafásach amach is amach, faoi chéasadh, olldúnmharú agus gabháil talún," a dúirt an t-údar agus gníomhaíoch comhshaoil George Monbiot i mBaile Átha Cliath le gairid.
a chéasadh his torture
" Díríonn an scannán isteach ar an dá uair déag deireanach i saol Íosa Críost, agus léiríonn a chéasadh, a uirísliú agus a chrochadh ar an chrois gan aon mhaoithneachas.
chéasadh torture
" I litir oscailte chuig Flick, a foilsíodh i nuachtán laethúil sa Ghearmáin níos luaithe sa bhliain, dúirt Michael Fürst, ball de Chomhairle Lárnach na nGiúdach, gur "ábhar feirge an-mhór" a bhí sa bhailiúchán "dóibh siúd, idir dhaoine a raibh orthu oibriú i gcoinne a dtola agus lucht na sluachampaí géibhinn, arbh éigean dóibh cur suas leis an ocras, leis an uirísliú agus leis an chéasadh i monarchana do sheanathar.
a chéasadh to torture
" Tá sé curtha i leith Zardad, 42, gur taoiseach cogaidh ab ea é, go ndearna sé daoine a chéasadh agus gur fhuadaigh sé daoine le linn dó a bheith i gceannas ar bhaile darb ainm Sarobi idir 1992 agus 1996.
a chéasadh to torture
" Aon duine atá eolach ar an mbealach a dhéanann poblachtánaigh brathadóirí a mharú, tá a fhios aige go ndéantar an brathadóir atá le marú a fhuadach de ghnáth, go gcuirtear mála ar a cheann agus go dtógtar é go háit éigin iargúlta, áit a gceistítear é (agus ar uairibh go ndéantar é a chéasadh), sula gcuirtear é ar a ghlúine, go scaoiltear é taobh thiar dá chluas agus go gcuirtear an corp áit éigin nach n-aimseofar é.
céad fán gcéad ar son chéasadh príosúnach, one hundred percent in favour of torturing prisoners,
" Labhraíos le hiníon léinn le déanaí a thug le fios os comhair ranga go raibh sí céad fán gcéad ar son chéasadh príosúnach, fiú iadsan nach mbeadh cúiseanna curtha ina leith.
in aghaidh chéasadh príosúnach against the torture of prisoners
" Ba é McCain an t-aon duine a labhair amach in aghaidh chéasadh príosúnach agus ba eisean an t-aon duine nach bhfuair bualadh bos ón lucht éisteachta.
chéasadh, torture
" Ní raibh i marú lucht léirsithe sna caismirtí a bhí ar siúl le déanaí sa Tibéid ach sampla eile den mhaistíneacht agus den ansmacht atá ar bun ag an tSín ansin le fada, idir phríosúnú, chéasadh, chinsireacht, shárú saoirsí bunúsacha agus aimridiú ar mhná i gcoinne a dtola.
Ba chéasadh It was torture
" Ba chéasadh amach is amach é sin.
Chéasadh Crucifixion
" Bhíodh an ghealach le feiceáil i bpictiúir faoi Chéasadh Íosa chomh maith agus an ghealach faoi urú curtha ar thaobh amháin den chrois agus an ghrian ar an taobh eile.
á chéasadh being
" scaoil anois mé – cuir urchar idir mo dhá shúil, tarraing an truicear – déan gasta é agus cuir deireadh leis an bore-fest a bhfuil mé á chéasadh leis anseo.
chéasadh torture
" Cuireadh pobail dúchais óna dtailte sinsir agus rinneadh na mílte a chéasadh is a chur i gcarcair.
daoine a chéasadh to torment people
" Tá na nuachtáin thablóideacha in Éirinn níos sásta ná mar a bhí riamh daoine a chéasadh agus neamhaird a thabhairt ar a bpríobháideacht, dar le Breandán Delap.
chéasadh to torture
" An féidir na mairbh a chéasadh? Ar mhaith leat go ndéanfadh dream daoine eile i gcomhlacht a dtairbhe saibhris as do chorp a léiriú i dtaispeántas ar neamhchead do thola féin? Ar éigean é.