Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an-chasta very complicated
" Ach nuair a rinne Kelly féin iarracht an 'scúp' iontach seo a thabhairt do na meáin chumarsáide roimhe sin, tugadh an chluas bhodhar dó! Cén fáth a bhfaca Michael Heney scéal san áit nach bhfaca éinne eile é? An é go raibh an fhianaise nua a d'aimsigh Kelly an-chasta agus nach bhféadfaí a tábhacht a thuiscint go héasca? Cé go bhfuil scéal Thriail na nArm an-chasta, níl rud ar bith casta faoin bhfianaise nua.
chasta complicated
" Tá na scéimeanna sin bunaithe ar mhatamaitic chasta a chinntíonn go dtógfadh sé i bhfad ar aon duine an t-incriptiú a bhriseadh.
chasta complicated
chasta complicated
" Is díospóireacht shuimiúil agus chasta í - an fíorealaín é saothar a chruthaítear go speisialta do chomhlacht idirnaisiúnta le táirge dá chuid a dhíol agus íomhá a chruthú dó? An gcailleann an saothar agus an t-ealaíontóir creidiúint de bharr go bhfuil siad ag tacú le fógraíocht nó an bhfuil an dá thaobh ag baint tairbhe as? D'fhéadfá a rá gurb é Andy Warhol an saineolaí ó thaobh sochar a bhaint as cúrsaí tráchtála lena shaothar féin a chur chun tosaigh.
chasta complicated
" Má tá cuma chasta ar an gcóras seo, cuimhnigh nach dtarlódh an chuid sin den phróiseas ach amháin nuair a bheadh an córas á bhunú i dtús báire.
chasta complicated
" Ach níor ghin briseadh ar bith acu an oiread poiblíochta domhanda agus a ghin briseadh na míosa seo caite … Cé nó cad é a bhí taobh thiar de bhá long cháiliúil na teilifíse réadúla "Cabin Fever" amach ó chósta Thoraí, oileán dúchais Bhalor, áit a raibh dún agus mún a mhuintire ó thús ama? Sin ceist chrua na míosa seo, ceist nach furasta freagra a fháil uirthi nó ní lia cloch ar dhuirlingí Thoraí ná barúil i dtaca leis an cheist chasta chiapach chéanna.
ní ba chasta more complicated
" Is ceist dhomhanda í a chúram agus as an chonspóid tagann ceisteanna eile chun cinn: an fiú i gcónaí athchóiriú a dhéanamh ar shaothar atá chomh luachmhar agus chomh sean le saothar Michelangelo má tá an chontúirt ann go mbeidh sé athraithe go deo? Agus, cé ba cheart cinneadh mar seo a dhéanamh? Rinne Gailearaí Uffizi cinneadh gan leanúint ar aghaidh le hathchóiriú ar an "l'Adorazione dei Magi" le Leonardo Da Vinci nuair a fuair siad amach go raibh bunstruchtúr an phictiúir ní ba chasta ná mar a shíl siad.
chasta complicated
" Stair chasta fhoréigneach na Gaidhealtachda, scéalta brónacha cosúil le scéal Hiort, tubaistí mara, bád bán na himirce, easpa tionscalaíochta.
earnáil chasta complex sector
" " Níl aon dabht ach gur earnáil chasta í earnáil na teileachumarsáide.
fadhb chasta complex problem
" Is fadhb chasta í seo, agus bheadh aon duine a mhaífeadh gur seo peaca eile de chuid na heaglaise ag tabhairt neamhairde ar an fhírinne lom.
an-chasta very complicated
" Bhí an teanga a bhí le fáil in *Teach Yourself Irish *an-chasta - agus beagán sean chomh maith (rinne muid staidéar ar an tuiseal tabharthach, mar shampla, gan tuiscint ar bith bheith againn nach bhfuil sé chomh coitianta leis na tuisil eile).
an-chasta very complicated
" Bhí an teanga a bhí le fáil in *Teach Yourself Irish *an-chasta - agus beagán sean chomh maith (rinne muid staidéar ar an tuiseal tabharthach, mar shampla, gan tuiscint ar bith bheith againn nach bhfuil sé chomh coitianta leis na tuisil eile).
an-chasta very complicated
" Le roinnt blianta anuas, tá gnéithe áirithe de shaol Chumann Lúthchleas Gael (CLG) tar éis éirí an-chasta ar fad.
láithreán an-chasta a very complex site
" Faoin talamh, tháinig seandálaithe ar láithreán an-chasta.
stair chasta fhoréigneach complicated, violent history
" Bhí mé in ann bheith ag spaisteoireacht timpeall gan a bheith ag troid in aghaidh taoide turasóirí! Tá tionscal na turasóireachta neamhfhorbartha go leor ann – mar shampla, níor tháinig an chéad eagrán de *Lonely Planet Slovenia *amach go dtí 2004! Bhíodh an brú óige inar fhan mé féin i Ljubljana ina phríosún míleata tráth, rud a chuireann stair chasta fhoréigneach an chuid sin den Eoraip i gcuimhne duit.
struchtúir ghramadaí an-chasta very complicated grammatical structures
" Ba ghearr gur thuig mé go raibh struchtúir ghramadaí an-chasta sa Ghaeilge, nach mbeadh sé éasca í a fhoghlaim agus go dtógfadh sé neart ama agus diongbháilteachta chun mo chuid féin a dhéanamh di.
ní ba chasta more complex
" Ar dtús abairtí simplí a bhí ann mar “Tá sé anseo”, “Tá sé ansin”, “Is breá an lá é”, ach le himeacht aimsire d’éirigh mo chomhrá níb fhearr agus ní ba chasta.
snoíodóireacht álainn chasta beautiful intricate carving
" An dealbh is fearr atá faighte go dtí seo ná leac croise atá thart fá thrí mhéadar ar airde, agus snoíodóireacht álainn chasta ar an dá thaobh di.
stair chasta, fhoréigneach a complicated violent history
" Cé go bhfuil stair chasta, fhoréigneach ag Mósaimbíc, tá a muintir socair, sona agus sochma.
cuid den fhírinne chasta, mhíofar. some of the complicated, ugly truth.
" Is léir go bhfuil an fear mór ag cruthú íomhá de féin, íomhá nach bhfuil inti ach cuid den fhírinne chasta, mhíofar.
agus ar a chasta and how difficult
" Is pictiúr réadúil é den saol ileitneach atá sna bruachbhailte sa Fhrainc faoi láthair agus den obair atá ar siúl ag daoine chun teacht ar thuiscint ar an saol atá thart orthu agus ar a chasta is a d’fhéadfadh an saol sin a bheith.
a chasta how complicated
" Thug mé cuairteanna ar chuid de na comhphobail le mo linn ann, agus bhí deis agam a chasta is atá an dúshlán iontu a fheiceáil ar thaithí pearsanta.
chasta intricate
" Tugann sé cuairt ar sheanmháthair Bharack Obama, agus ríomhann sé stair chasta, thragóideach na tíre.
foirmle chasta complicated formula
" An Seanchas Gearr is Fearr An t-ábhar iontais a bhí ag na húdair go raibh sé “*curious*”, go mbeadh buntáiste ag duine le Gaeilge agus iad ar thóir fostaíochta anseo seachas duine gan Ghaeilge agus chum siad foirmle chasta mhatamaitice leis an rúndiamhracht a réiteach.
chasta difficult
" Ach an miste leat má théim go cnámh na huillinne anois, agus cúpla ceist chasta a chur ort?** Dermo: Ar aghaidh leat, más ea.
chasta intricate
" A cuisle a chloiseann sé ar dtús agus an slupar slapar de leachtanna na colainne a ghluaiseann i dtimthriall chasta ionainn, gach nóiméad den lá.
chasta intricate
" Pearsantacht chasta dhaonna atá ag Riko.
chasta intricate
" Is foinse mhothúchánach í a thugann deis do dhaoine a bhféiniúlacht chasta a aimsiú agus a fhiosrú.
a chasta how complicated
" Chuir sé fáilte faoi leith ina aitheasc roimh éagsúlacht an taispeántais a léirigh, dar leis, a ilghnéithí agus a chasta a bhí taithí agus tionchar na nÉireannach san Astráil.
shobhriste chasta intricate and fragile
" Léirigh leabhar Gammage dom go mbíodh bainistíocht talún dheaslámhach ar siúl ag an mhuintir dhúchais leis na cianta agus go mbíodh sí bunaithe ar eolas cuimsitheach faoi éiceolaíocht shobhriste chasta na tíre ollmhóire seo.
fadhb chasta a difficult problem
" Ach tá fadhb chasta nó áiméar mór ar na gaobhair – cuimhneacháin.
an-chasta very difficult
" I ndomhan nua-aimseartha seo na Síne tá tú ábalta dul ar obair in áiteanna eile ach bíonn sé an-chasta do chearta sibhialta a bhaint amach ina n-iomláine.
an-chasta very complicated
" **CF: Cad a spreagann thú mar tá cás na Gaeilge an-chasta agus ní bhíonn torthaí agat i gcónaí.
an-chasta very complicated
" Tugtar deis análaithe do scéal atá an-chasta.
a d’éist leis na cásanna cúirte ba chasta who heard the most complicated cases
" B’é an Breitheamh Hogan an breitheamh a d’éist leis na cásanna cúirte ba chasta le cúpla bliain anuas, cásanna cosúil le sáinn uafásach Mrs Fleming a bhí cromtha fén MS, agus na cásanna ilghnéitheacha a bhaineann le fiacha príobháideacha agus na bancanna.
nuair a bhíonn áireamh nó ceist chasta le réiteach when mathematics or a difficult problem needs to be settled
" Go minic is é córas 1 a chuireann tús leis an obair ach iarrann sé cuidiú ó chóras a dó nuair a bhíonn áireamh nó ceist chasta le réiteach.
cheist achrannach chasta difficult troublesome question
" Tá an cheist achrannach chasta seo in airde san Astráil ar na mallaibh mar gheall ar iarratas atá idir chamáin ag an rialtas náisiúnta leasú a dhéanamh ar alt 18C, Cuid 2A, den Acht um Idirdhealú Ciníoch.
ceist eitice chasta (the) difficult ethical question
" Nílim muiníneach go bhfuil an mianach ceart i bpolaiteoirí na hAstráile le cinneadh misniúil a dhéanamh i dtaca le ceist eitice chasta na heotanáise toilteanaí, mar a bhí ina gcomhghleacaithe san Ísiltír, san Eilvéis agus sa Bheilg.
In áit an algartaim chasta seo instead of this difficult algorithm
" In áit an algartaim chasta seo, nárbh fhearr i bhfad an logainm Gaelach a bheith greanta i gcloich mar atá i gCois Fharraige mar shampla? Tar éis an tsaoil, is fusa i bhfad duine a bheith á threorú go Baile an tSagairt ná a rá leis casadh ar dheis ag an L10352! Anuas ar sin, is dócha go bhfuil lucht cliarlathais thar a bheith bródúil fosta as na comharthaí atá crochta acu ar dhroichid anois – leithéidí GC-R344-009.