Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cheannaire leader
" Is "cara cáinteach" den cheannaire é anois, duine a bhíonn ag tabhairt amach go rialta sna meáin chumarsáide faoin treo a bhfuil an páirtí ag dul sa lá atá inniu ann.
cheannaire na bPoblachtánach the Republican leader
" Níl sé de dhánacht ionam mórán a rá faoi cheannaire na bPoblachtánach sa Seanad, Trent Lott, a mhol páirtí uachtaránachta ó 1948, a raibh an chinedheighilt mar phríomhpholasaí aige, agus a chuir Strom Thurmond (atá fós ina sheanadóir, bíodh a fhios agat) chun cinn mar iarrthóir.
cheannaire leader
" Scríobh mé i Meán Fómhair (*Beo!, *eagrán 29) faoi Ros Eoin, nó An Ros Mór, an áit is ansa liom i nGleann Cholm Cille, ceantar a mbím ag obair ann gach samhradh le hOideas Gael, mar cheannaire ar an chúrsa siúil sléibhe.
Leas-Cheannaire Deputy Head
" Sa tréimhse sin bhíos mar chlár-reachtaire, clár-reachtaire sinsearach, Eagarthóir Stiúrtha Nuachta, Eagarthóir Stiúrtha Cláracha agus Leas-Cheannaire.
cheannaire an fhreasúra leader of the opposition
" B'in bua don Taoiseach agus do cheannaire an fhreasúra, Enda Kenny, araon, ach anois tá orthu dul in iomaíocht lena chéile don phríomhdhuais.
cheannaire colgach irascible leader
" Cé a d'fhéadfadh dearmad a dhéanamh ar cheannaire colgach an Transport Workers Union of America (TWU), Mike Quill, inimirceach Éireannach a raibh tuin láidir ar a chuid caintea chuir stop iomlán leis an chóras faoi thalamh sna 1960í, rud a chuir fearg as cuimse ar an Mhéara John Lindsay agus ar oifigigh shinsearacha eile.
cheannaire leader
" De réir cheannaire an IRA, Billy McKee, a gortaíodh le linn na tréimhse seo, chuir an dóigh ar chosain na hÓglaigh an ceantar deireadh leis an mana *"IRA = I Ran Away"* a bhí le cluinstin ag tús na dTrioblóidí agus dhaingnigh an dearcadh gurbh iad na Sealadaigh cosantóirí an phobail.
cheannaire leader
" Scaradh Fraternité, bád an cheannaire, an Ginearál Hoche, ón chabhlach go luath agus idir sin agus an drochaimsir bhí rudaí trína chéile i mBá Bheanntraí.
cheannaire leader
" Agus mé i mbun taighde ar an Uasal Blaney, labhair mé le go leor daoine a chreid agus fós a chreideann ní hamháin go dtoghfaí Cathal Ó hEochaidh ina cheannaire ar an pháirtí murach gur sheas sé siar ar iarratas ó Shean Lemass, ach go raibh an rud céanna fíor i gcás Blaney freisin.
cheannaire leader
" Tá mé ar ais i nGleann Cholm Cille faoi láthair ag obair mar cheannaire ar chúrsa siúl sléibhe Oideas Gael.
cheannaire leader
" Níos tábhachtaí fós, áfach, ná moladh a fháil ó cheannaire ceann de na stáit is mó sna Stáit Aontaithe, fuair Bounds moladh ó na custaiméirí rialta bricliatha a bhíonn ag ól i Guinan’s, dream a dtugann sí “paróistigh” orthu.
cheannaire leader
" “Baile Átha Cliath ag déanamh go maith agus easpa turasóirí san iarthar” - sin an scéal a bhí le cloisteáil an samhradh seo agus mé ag obair mar cheannaire ar chúrsaí siúl sléibhe Oideas Gael ((www.
Leas-Cheannaire Deputy Head
" ” (“*Doh*,” mar a déarfadh Homer Simpson!) Cúig bliana fichead a chaith Seán Ó Cuirreáin le Raidió na Gaeltachta, mar chlár-reachtaire ar dtús, mar Eagarthóir Stiúrtha Clár, agus, ar deireadh, mar Leas-Cheannaire ar an stáisiún.
stíl an cheannaire ar na cliatháin the style of the leader on the wings
" Comhcheilg Bhí Haughey sa doircheacht lasmuigh agus dúshlán *gastronomique *“chamchuairt na sicíní rubair” a fhreagairt go fearúil aige le sraith de thiománaithe – PJ “dílis” Mara ina measc – sa Jaguar a bhronn Matt Gallagher ar a phrionsa óg chun stíl an cheannaire ar na cliatháin a mhaisiú le *mystique* an airgid.
mar cheannaire as leader
" Ba é Haddock a bhí mar cheannaire ar an ghrúpa seo, ceann de na grúpaí UVF ba mhó foréigin sa tuaisceart.
mar cheannaire as leader
" Is dócha gur cinneadh chun feabhais é ceapachán Michael McDowell mar cheannaire sa mhéid is go bhfuil sé ag díriú ar an eite dheis – áit nach bhfuil róphlódaithe i bpolaitíocht na hÉireann faoi láthair.
go bhfóirfeadh sé don cheannaire úr that it would suit the new leader
" B’fhéidir go bhfóirfeadh sé don cheannaire úr printíseacht a chur isteach agus bail a chur ar bhuneagar an pháirtí ar an tuiscint go dtiocfaidís ar ais le móramh iomlán tar éis tréimhse ghairid a chaitheamh i mbun freasúra.
Ba cheannaire tábhachtach a iníon his daughter was an important leader
" Ba cheannaire tábhachtach a iníon chomh maith.
mar cheannaire ar an bhfreasúra as leader of the opposition
" Cuireadh tús leis an "bhfeachtas bréige" ón uair a ceapadh Kevin Rudd mar cheannaire ar an bhfreasúra - ar a dtugtar an Australian Labor Party (ALP) - i Nollaig na bliana seo caite.
mar cheannaire ar chúrsaí siúl sléibhe as the leader of mountain-walking courses
" Tá teastas garchabhrach de dhíth orm mar cheannaire ar chúrsaí siúl sléibhe agus déanaim athnuachan air gach trí bliana.
ó aimsir an cheannaire ghoirm since the time of the black leader
" Má tharlaíonn a leithéid, ardófar ceisteanna nár ardaíodh i Meiriceá ó aimsir an cheannaire ghoirm Martin Luther King.
cheannaire leader
" " Tá Gleann Cholm Cille, an áit a bhfuil mé ag obair faoi láthair mar cheannaire ar chúrsa siúl sléibhe in Oideas Gael, ina LfCS.
cheannaire leader
" Mar sin, nuair a fuair mé cuireadh ó Raidió na Gaeltachta le bheith páirteach i ndíospóireacht faoi Shliabh Liag le fear áitiúil, Eoghan Ó Curraighin**, **arb as Teileann dó, agus le Breandán Delap, a bhíonn ag obair mar cheannaire ar mo chúrsa, d’iarr mé ar na húdaráis gan an áit a scriosadh.
dea-cheannaire good leader
" Níor léirigh Brian Cowen fós gur ábhar dea-cheannaire atá ann.
ina cheannaire as leader
" Tá Ging ina cheannaire ar Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Lucht Dídine agus Oibreacha (UNRWA) agus ba mhinic é ar an scáilean mar dhuine den bheagán coimhthíoch taobh istigh den limistéar a bhí in ann cuntas neamhspleách a thabhairt ar a raibh ag titim amach ann le linn an ionsaithe 22-lá.
cheannaire charcraithe imprisoned leader
" Tá ainm an cheannaire charcraithe, Aung San Suu Kyi, comhchiallach ar fud an chuid is mó d’iarthar domhain le Burma, an tír ina bhfuil sí faoi chois ag na húdaráis mhíleata atá i réim ann ó 1962.
Cheannaire leader
" In oifigí úra an Taoisigh os cionn an bheáir Tigh Doheny agus Nesbitt’s a chuir Balor an t-agallamh ar Cheannaire Fhianna Fáil, nó tá Tithe an Rialtais díolta ag Bord Snip Nua le Bord Snip Nua ar phraghas an-íseal mar oifigí don iliomad iar-státseirbhíseach atá fostaithe anois ar tuarastal an-ard ag Bord Snip Nua.
cheannaire leader
" Michele Gildernew (2) agus Arlene Foster (3) a bhí chun tosaigh ar cheannaire an DUP.
cheannaire leader
" Is é a bhí de dheasca an chos ar bolg seo ná éirí amach i 1963 a stiúraigh Hocine Ait Ahmed, fear de na Kabyle a bhí ina cheannaire sa ghluaiseacht frithbheartaíochta in aghaidh na bhFrancach is a bhunaigh Fronta na bhFórsaí Sóisialacha chun cás na nImazighen a chur chun cinn.
cheannaire leader
" Chaith sé seal i bpríosún Phort Laoise agus é ina cheannaire ar dhream cimí a bhí ceangailte leis an Fhíor-IRA, i ndiaidh a chiontaithe as robáil an Redcastle Hotel i 2002.
cheannaire a leader
" ”* Go bunúsach, d’inis Cantor do cheannaire tír eachtrannach go gcosnódh sé an tír sin ó dhúnghaois oifigiúil Uachtarán SAM.
cheannaire leader
" Bhí sé ar an fhoireann *Dicovery* le Captaen Scott, in éineacht leis an Chiarraíoch, Tomás ’ac Criomhthainn, nó mar is fearr aithne air, Tom Crean, ar an taiscéaladh Antartach i 1901 agus bhí sé ina cheannaire ar an Nimrod, taiscéaladh Antartach eile i 1908.
cheannaire leader
" Dílseoir don cheannaire is ea é agus gheobhaidh sé a luach saothair dá bharr.
cheannaire leader
" Ó toghadh Mícheál Martin ina cheannaire ar Fhianna Fáil tá brú ag tíocht ar Fhine Gael agus ar an Lucht Oibre.
theach an cheannaire of our leaders house
" Inseoidh mé daoibh: Agus gach iriseoir sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar an Taoiseach nua, bhí siad ag scríobh isteach chuig ceanncheathrú Fhine Gael, nó ag bualadh ar dhoras theach an cheannaire, nó ag cur téacsanna gan stad chuig cairde dá gcuid i gcúirt na Léine Goirme.
cheannaire leader
" Chuaigh an ITGWU ar stailc i mBaile Átha Cliath, ag taobhú lena gcomhleacaithe i Sasana, agus Jim Larkin, Éireannach a rugadh i Learpholl ina cheannaire orthu.
cheannaire leader
" A bhuíochas sin do cheannaire Fhine Gael Enda Kenny, a d’fhógair gan dul i gcomhairle le duine ar bith go mbeadh an Ghaeilge ina ábhar roghnach do dhaltaí meánscoile th’éis an Teastais Shóisearaigh.
cheannaire leader
" Bhí Natan Sharansky, iar-aire stáit Iosrael, ina cheannaire ar an Institiúid go dtí gur ceapadh é mar chathaoirleach ar an *Jewish Agency* i 2009.
agus é ina cheannaire as leader
" Ar íorónaí an tsaoil, agus Éamonn Gilmore ag dul isteach thar thairseach Theach Laighean mar Thánaiste agus é ina cheannaire ar an líon is mó Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre i stair an Stáit, bhí duine de na daoine is mó meas sa pháirtí ag dul an bealach eile i ndiaidh saol mór fada ag freastal ar mhuintir a dháilcheantair féin agus ar mhuintir na hÉireann le 40 éigin bliain.
sheasamh an cheannaire the leader’s stance
" Ba léir go raibh deighilt ina pháirtí, ámh, nuair a dúirt aicme dá chúlbhinseoirí go neamhbhalbh go dtacóidís leis an togra, beag beann ar sheasamh an cheannaire.
cheannaire leader
" Can I refer you to Inspector O Rourke?"* Bhí an Cigire Ó Ruairc ina cheannaire ag an ócáid agus dúirt sé liom: *"Their details were taken for the safety of the procession.
cheannaire leader
" Patsaí: Á a Bhaloir, an é go bhfuil tú chomh fada sin ar shiúl ó d’fhód dúchais nach dtuigeann tú na cúraimí agus na freagrachtaí atá ar cheannaire mhuintir an oileáin seo.
cheannaire ar leader of
" “Ar an lá, caithfidh go raibh “Protastúnach” tátúailte ar ár n-éadain mar, ag am lóin, tháinig an múinteoir, cailín galánta darb ainm, Áine, a fhad linn ag an lón agus dúirt sí linn go raibh daoine as gach cearn den chathair ag freastal ar na ranganna agus go raibh fear as oirthear Bhéal Feirste ar ball den PUP é, ag freastal orthu - tráth a raibh m’fhear cheile, Brian, ina cheannaire ar an PUP! “Mar sin, gach Luan, chuaigh mé féin agus Alison chuig na ranganna agus bhain muid an dúshult as,” arsa Linda.
mar cheannaire air leader of it
" Bhíodh an t-am ann agus lóchrann solais a bhí sa PUP, tráth a raibh David Ervine mar cheannaire air agus a raibh brí leis an fhocal “*progressive*” san am.
ar ais ina cheannaire back as leader
" Anuas air sin, léirigh na pobalbhreitheanna céanna go mbeadh tacaíocht go mór ní b’airde ag an bpáirtí dá mbeadh Rudd ar ais ina cheannaire.
cheannaire an fhreasúra the opposition leader
" Léirigh na pobalbhreitheanna thuas go raibh mná na hAstráile amhrasach faoi cheannaire an fhreasúra, Tony Abbott, de bharr gur mheas siad go raibh a chuid ionsaithe ar Gillard gnéasach.
an t-aon cheannaire the only leader
" Patsaí Dan Mac Ruairí an t-aon cheannaire a sheas in éadan an CIA agus a dúirt go neamhbhalbh go mbeadh fáilte romhat ar Oileán Thoraí.
bheirt cheannaire stáit two heads of state
" aspx)) Ach tá an chuairt seo difriúil, mar fuair an tUachtarán cuireadh oifigiúil ón Bhanríon agus mar sin cuairt stáit atá ann - rud annamh mar ní fháiltíonn an bhanríon ach roimh bheirt cheannaire stáit ar a mhéid gach bliain.
a bhí ina cheannaire who was leader
" Tá poblachtaigh go leor sa pháirtí, lena n-áirítear Malcolm Turnbull, a bhí ina cheannaire ar an Australian Republican Movement (ARM) le linn an reifrinn thuasluaite.
cheannaire ar an bhfreasúra leader of the opposition
" Bhí Tony Abbott ina cheannaire ar an bhfreasúra ag an am agus gheall sé go ndéanfaí aisghairm ar 18C dá mbeadh an bua ag a pháirtí sa chéad olltoghchán eile.
cheannaire i bhFrithdhúnadh leader in the Lockout
" Ní raibh iontas orm féin faoi seo, mar tá fhios agam go bhfuil suim ar leith ag an phobal Éireannach i Learpholl sa tréimhse sin, nuair a bhí Jim Larkin ina cheannaire i bhFrithdhúnadh 1913 agus throid a lán Éireannaigh eile as an chathair, idir fhir agus mhná in Éirí Amach 1916.
Comhairle don Cheannaire Nua new advice for the new leader
" Comhairle don Cheannaire Nua ========== Fé brí duine a thógfas ceannaireacht ar an Lucht Oibre, tá sé tábhachtach go mbeadh sé/sí báiúil leis an aicme C2DE.
cheannaire leader
" Bhí díoma orm nuair a d’amharc mé ar RTÉ *Primetime* ar 30ú Aibreán mar bhí mé díreach tar éis seal a chaitheamh mar cheannaire ar an chúrsa siúl sléibhe ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, in iardheisceart Dhún na nGall agus bhí na daoine ar an chlár teilifise ag cíoradh ceist a bhaineann le ceart slí in Éirinn – ceart nach bhfuil ann i ndáiríre! D’éirigh go hiontach le Lá Náisiúnta Chosáin an Oilithrigh i nGleann Cholm Cille ar 19ú Aibreán, nuair a rinne scaifte mór cuairteoirí Turas Cholm Cille (amharc an nasc Na Seanoilithreachtaí ar dheis) ach bíodh go raibh an aimsir go hálainn ar feadh deich lá as a chéile, bhí easpa cuairteoirí eile ann.
mórán chuile cheannaire almost every leader
" ”* Níl a fhios agam cén fáth ar roghnaigh Bruton an Piarsach bocht faoina bheith ar son foréigin, nuair a bhí mórán chuile cheannaire ag an am ar son an réitigh mhíleata.
cheannaire leader
" Tá go leor daoine míshuaimhneach faoi thriail Michael McKevitt, an té ar cuireadh ina leith go raibh sé ina cheannaire ar an Fhíor-IRA.
cheannaire leader
" Measann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil port an Taoisigh Bertie Ahern seinnte agus go gceapfar duine eile ina áit mar cheannaire ar Fhianna Fáil le linn 2004.
dea-cheannaire good leader
" Tréithe an dea-cheannaire atá á gcíorú san alt seo ag Ciarán Mac Aonghusa.
cheannaire leader
" Chaith Robert McMillen cuid de lá i gcuideachta cheannaire an PUP, Brian Ervine, agus mhothaigh tuairim iontach spéisiúil á nochtadh aige faoi aontas traspháirtí na heite clé ó thuaidh, aontas nach samhlaítear leis an eite chlé fá Bhaile Átha Cliath.