Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cheiliúradh celebration
" Ach deich lá agus oíche de chairdeas, de chraic is de cheiliúradh.
a cheiliúradh to celebrate
" Thosaigh clár spéisiúil imeachtaí ar an 29 Meán Fómhair chun bunú Acadamh Oidhreachtaí Cultúrtha na hÉireann, foras nua ollscoile sa Tuaisceart, a cheiliúradh.
cheiliúradh celebration
" Tá an chontúirt ann go dtiocfadh leis an saothar a bheith mar cheiliúradh ar rudaí atá comónta ach éiríonn léi ár n-aird a dhíriú ar an áilleacht shimplí atá le feiceáil i gcruthanna agus i ndathanna atá thart timpeall orainn.
cheiliúradh celebration
" Fear é Haseler a bhfuil a lán creidiúna aige agus is minic a bhíonn sé ar na meáin ag labhairt faoin easpa tacaíochta atá ag an mhonarcachas sa lá atá inniu ann - cuir i gcas an easpa suime atá ag daoine san Iubhaile Órga i gcomparáid leis an cheiliúradh a bhí ann tríocha bliain ó shin ag am na hIubhaile Airgid.
a cheiliúradh to celebrate
" Tá cuireadh faighte againn ó fhoilsitheorí haiku avant-garde freastal ar ócáid chun a gcuid foilseachán a cheiliúradh ina dteannta.
cheiliúradh bliain an chéid centennial celebrations
" Ach roimhe sin, i 1984, eagraíodh comórtais speisialta iomána agus peile mar chuid de cheiliúradh bliain an chéid ag an gCumann Lúthchleas Gael agus chuir Seán Boylan roimhe an comórtas peile agus Corn an Chéid a bhuachaint, rud a rinne.
cheiliúradh ar an saol celebration of life
" Ardaíonn siad an croí ionainn ar bhealach daonna agus tugann siad deis dúinn taitneamh a bhaint as spórt mar cheiliúradh ar an saol seachas aon rud eile.
a cheiliúradh to celebrate
" Nuair a thug Máire Mhic Róibín cuairt mar Uachtarán na hÉireann ar Shabhal Mòr Ostaig, campas ollscoile na Gàidhlig san Eilean Sgitheanach in Albain i 1997, labhair sí faoin tábhacht a bhí le "oileánspás a chruthú dúinn féin lena bhfuil ag Albain agus ag Éirinn i gcomhar lena chéile a cheiliúradh".
nach dtig linn achan rud a cheiliúradh that we can't celebrate everything
" Agus déarfá leat féin, 'Cad chuige a bhfuil oiread de dhrochmheas ar na ceoltóirí sin agus go bhfuil níos mó airde ar na ceoltóirí eile? Cad chuige a bhfuiltear ag díriú i gcónaí isteach ar an rud beag cúng amháin seo? Cad chuige nach dtig linn achan rud a cheiliúradh ar chomhbhonn urraime?'" Tá Lillis bainteach leis an Léann Éireannach in Ollscoil Loyola Marymount, áit a bhfuil sé ag múineadh Gaeilge do ghlantosaitheoirí den chuid is mó.
a cheiliúradh to celebrate
" " Is cinnte go mbeidh neart paidreacha á rá nuair a dhéanfaidh an tAthair Buckley a chéad Aifreann a cheiliúradh ar an 16 Bealtaine i séipéal Naomh Eilís na hUngáire ar 85th Street i Manhattan.
cheiliúradh celebration
" Bíodh amhlaidh, níor leag John béim dá laghad ar chomórtais; bhí - agus tá go fóill - a chroí, a anam agus a chorp sa cheol mar cheiliúradh agus mar ábhar craice.
naomh inteacht á cheiliúradh some saint being celebrated
" Níl le déanamh agat ach féachaint ar fhéilire na tíre seo agus chífidh tú, mura bhfuil naomh inteacht á cheiliúradh ar lá áirithe, go mbíonn muintir Mheicsiceo ag céiliúradh rud éigin eile, neamhspleáchas na tíre, cuir i gcás.
a cheiliúradh to celebrate
" " Faoi láthair, tá Bewick i mbun oibre ar phíosa speisialta chun roghú Chorcaí mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa 2005 a cheiliúradh.
leis an fhear is cumhachtaí ar domhan a cheiliúradh to celebrate the most powerful man on the planet
" Tá baol ann, fiú i gcás cruinniú trí lá atá ann ar mhaithe leis an fhear is cumhachtaí ar domhan a cheiliúradh, go gcaillfear é i measc na broide go léir.
a cheiliúradh to celebrate
" "I mBorradh Buan, theastaigh uaim amharclannaíocht phroifisiúnta na Gaeilge a cheiliúradh," a deir Ray Yeates, stiúrthóir Ionad Axis agus an té atá i gceannas ar imeachtaí na féile seo.
a cheiliúradh to celebrate
" Bhí féile i mBéising i mbliana chun ceol na hÉireann agus ceol na Síne a cheiliúradh, agus sheinn The Frames agus Mary Black lena linn.
a cheiliúradh to celebrate
" Bhí oíche speisialta ar siúl i Glaschú ar an 14 Bealtaine nuair a rinneadh an bhaint atá ag Sean Ó Fiannaí, cathaoirleach Chraobh Phádraig Mhic Phiarais de Chonradh na Gaeilge, leis an eagraíocht le seasca bliain anuas a cheiliúradh.
cheiliúradh celebration
" Hó, *bloody*, hó!” “Bhail, a Kebab,” a dúirt Balor, agus é ag caitheamh a shúil nimhe ar a raibh i láthair, “má shíleann tú go bhfuil na *ultra violet rays *contúirteach, gheobhaidh tú amach gan mhoill go bhfuil na GAMA rays níos contúirtí go mór! Hó, bloody, hó!” Bhí an bheirt bhleaistéirí ag baint sú as *barbecue *samhraidh Bhertie Bhig agus Mháire Mhóir i dTigh Fagan i nDroim Conrach, áit a raibh trí thréad beithíoch ar bior agus trí chéad galún pórtair sa bhairille mar cheiliúradh ar thús tréimhse eile laethanta saoire.
a cheiliúradh to celebrate
" Bealach é seo le lámh an mhuintearais a shíneadh amach i dtreo lucht Gaeilge ar fud an domhain agus chun an Ghaeilge a cheiliúradh ar stáitse nua domhanda.
a cheiliúradh to celebrate
" Tháinig maithe agus móruaisle, cosmhuintir agus mionuaisle na hÉireann le chéile arís ina sluaite líonmhara i mbliana sa pháirc ollmhór sin cois locha i Milwaukee chun an cúigiú *Irish Fest* is fiche a cheiliúradh.
leis an mhílaois a cheiliúradh to celebrate the millennium
" ” Ansin sa bhliain 2000, leis an mhílaois a cheiliúradh, rinne an Colmcille “turas Ceilteach farraige”, i gcuideachta báid thraidisiúnta ón Bhriotáin darbh ainm Naomh Efflam.
a cheiliúradh to celebrate
" Ba de shliocht an Ghorta cuid den lucht éisteachta a bhí ag comóradh Jim Larkin i Learpholl agus bhí siad an-sásta an tseanteachtaireacht phoblachtánach a chloisteáil ó bhéal Raymond McCartney: "Beidh muid ar ais sa chearnóg seo lá éigin sa todhchaí chun athaontú na hÉireann a cheiliúradh," ar sé, agus fuair sé bualadh bos láidir dá bharr.
a cheiliúradh to celebrate
" Is tionscadal iontach é an Leabhar Mòr - is lámhscríbhinn nuadhéanta é, a chuir ealaíontóirí agus peannairí as Éirinn agus Albain le chéile, le céad dán Gaelach ón traidisiún iomlán a cheiliúradh.
an-cheiliúradh big celebration
" Bhí an-cheiliúradh ann an lá a thosaigh na seirbhísí ó Chorcaigh agus Cnoc Mhuire go Nua-Eabhrac, agus tá ag éirí go breá leo.
a cheiliúradh to celebrate
" nl ) Tá sé 400 bliain i mbliana ó rugadh Rembrandt agus leis an bhliain a cheiliúradh beidh taispeántais speisialta le feiceáil ar fud Amstardam.
cheiliúradh celebrating
" Pléisiúr mór a bhí ann Peter Crouch a fheiceáil ag scóráil in aghaidh Manchester United i gCorn an FA ar an 18 Feabhra, go mór mór mar gur lá breithe Gary Neville a bhí ann; cúisíodh eisean as drochiompar nuair a chuaigh sé thar fóir leis an cheiliúradh os comhair lucht leanúna Liverpool in Old Trafford i mí Eanáir.
a cheiliúradh to celebrate
" Ar Dhomhnach Cásca, bheartaigh triúr sagart Agaistíneach ó Dhroichead Átha Aifreann a cheiliúradh in éineacht le ministir Protastúnach.
na Briogáidí Idirnáisiúnta a cheiliúradh to celebrate the International Brigades
" Beidh mórshiúl i Learpholl Dé Domhnaigh, 3 Nollaig leis na Briogáidí Idirnáisiúnta a cheiliúradh agus beidh an Jim Larkin Republican Flute Band chun tosaigh.
mar chuid lárnach den cheiliúradh nó den chaoineadh. as a central part of the celebration or crying.
" Nuair a dhéantar cluiche ceannais a bhuachan nó a chailliúint, cluichí scoile san áireamh, bíonn an t-alcól mar chuid lárnach den cheiliúradh nó den chaoineadh.
a cheiliúradh to celebrate
" Táimid chun Lá Fhéile Cholm Cille a cheiliúradh i mí an Mheithimh le deireadh seachtaine lán d’imeachtaí do gach aoisghrúpa.
leis an ócáid a cheiliúradh. to mark the occasion.
" Thaifead an BBC clár speisialta leis an ócáid a cheiliúradh.
Leis an leabhar a cheiliúradh, to celebrate the book,
" Leis an leabhar a cheiliúradh, táthar ag caint ar cheolchoirm a eagrú sa Royal Festival Hall i Londain, a mbeadh an punc-cheoltóir Patti Smith, le cois Alanis Morissette agus Alan Rickman, i láthair aici mar aíonna.
a cheiliúradh. to celebrate.
" Agus dealraíonn sé anois go ndéanann muid na marfóirí ba chúis le hanró na dteaghlach sin a cheiliúradh.
go ndéanfaí é a cheiliúradh that it would be celebrated
" Ba é an comhdhearcadh, dar le Myers, ar thángthas air sa tír seo maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáil ná go ndéanfaí é a cheiliúradh agus go mbronnfaí stádas an laoich orthu siúd a bhí ina bhun.
faoi cheiliúradh caoga bliain pósta about the golden wedding anniversary celebration
" Ach faigheann muid leideanna faoi chúlra na n-inimirceach sa chuid eile den leabhar, mar shampla, scéal ón *Liverpool Catholic Herald* (20 Feabhra 1909) faoi cheiliúradh caoga bliain pósta a bhí ag “Mr and Mrs Maxwell from Co.
mar chuid den cheiliúradh as part of the celebration
" Reáchtálfaidh Conradh na Gaeilge ócáid ar leith i mí Feabhra mar chuid den cheiliúradh a bheas ar siúl i gcaitheamh na bliana le linn do Learpholl a bheith mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.
á cheiliúradh being celebrated
" " Agus anois, agus comóradh cúig bliana déag na seirbhíse á cheiliúradh, céard iad na príomhrudaí atá bainte amach ó bunaíodh an stáisiún? “Ghlac Raidió na Life céim radacach agus réabhlóideach chun tosaigh i mbliana nuair a chuir muid go suntasach lenár n-uaireanta craolta – ó cúig huaire déag in aghaidh an lae go fiche uair in aghaidh an lae, agus ceithre huaire is fiche in aghaidh an lae ag an deireadh seachtaine.
chuid den cheiliúradh part of the celebration
" Bhí an taispeántas mar chuid den cheiliúradh atá ar siúl agus Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa agus mhair an seó seo ar feadh cúig lá.
cheiliúradh to celebrate
" Deirfiúr liom atá ina cónaí i Meiriceá le sé bliana anuas a phós Poncán agus tháinig slua Poncánach anall leofa mar sin leis an ócáid a cheiliúradh.
cheiliúradh to celebrate
" Tús mí Iúil chuile bhliain, thart ar Obar Dheadhain, is cosúil go ndéantar a shaothar ar son na Críostaíochta in Albain a cheiliúradh.
cheiliúradh to celebrate
" Tugann daoine áirithe an leasainm seo ar an Astráil de bharr go mbíonn laethanta saoire poiblí go leor i rith na bliana abhus, agus tapaíonn muintir na tíre an deis iad a cheiliúradh go fonnmhar.
cheiliúradh to celebrate
" Mhínigh siad go raibh tionscadal ar siúl leis an bhallaí a ghlanadh in am don fhéile chomórtha a bhí á heagrú leis an 20 bliain ó leagan an bhalla a cheiliúradh agus d’fhiafraigh siad an mbeadh sé ábalta ceann eile a phéinteáil dóibh.
cheiliúradh celebration
" Agus bhí – gach aon duine acu lán de cheiliúradh, spraoi agus damhsa - níor ghá dúinn ach seinnt! Agus is maith mar a sheinneamar.
cheiliúradh celebration
" Leis an lá a cheiliúradh, d’eagraigh mé par-tay i mo theach.
cheiliúradh celebrate
" Bhí oscailt oifigiúil Cultúrlann Uí Chanáin ina hábhar mór gliondair ag pobal Dhoire ar na mallaibh agus tháinig idir óg agus aosta le chéile ar an oíche le gloine a ardú ina hónóir agus sult a bhaint as an cheol agus as na himeachtaí spleodracha a bhí ann leis an fhiontar bhreá nua seo a cheiliúradh.
cheiliúradh celebration
" Gnáthlá Oibre ag Roinnt Daoine Ní féidir le gach duine freastal ar ráschúrsa ar an lá, ámh, ach reáchtáiltear imeachtaí éagsúla le deiseanna a thabhairt dóibh siúd a bheith páirteach sa cheiliúradh náisiúnta.
cheiliúradh celebration
" Mar cheiliúradh ar an ócáid tá eagarthóir iomráiteach údarásach álainn Beo Ar Éigean! chun ardú pá a thabhairt do Laoch na Litríochta.
cheiliúradh commemorating
" Bheadh liosta ar leith ann de réir dáta ag brath ar cén naomh a bhí á cheiliúradh an lá sin.
cheiliúradh celebration
" Chonaic Ruane an fhéile mar cheiliúradh ar an chultúr a thug dúshlan don stát.
cheiliúradh celebration
" Déanann saothar Conrad Atkinson ‘Silver Liberties: A Souvenir of a Wonderful Anniversary Year’, comóradh ar shléacht Dhomhnach na Fola, agus is toradh é ar choimisiún a fuair Atkinson, le iubhaile cúig bliana fichead na Banríona Éilís a cheiliúradh i 1978.
cheiliúradh celebrate
" Tá an chumhacht chéanna ag baint leis an Chúnant i measc Aontachtaithe inniu is atá ag Forógra na Poblachta i measc Náisiúnaithe, mar sin, cad é mar is féidir réadúlacht stairiúil an Chúnaint ina chomhthéacsanna éagsúla a cheiliúradh i 2012 ar bhealach nach gcuirfidh isteach ar Aontachtaithe cionn is nach n-aithníonn sé an chrógacht agus an mórtas cine a bhí ina measc agus nach gcuirfidh isteach ar Náisiúnaithe cionn is nach n-aithneofar an seicteachas agus an bhagairt fholaithe foréigin atá ann? Bunaíodh an bhuíon pharaimíleatach na *Ulster Volunteers/Ulster Volunteer Force* ag an am seo le troid in éadan Riail Dúchais - bhíodh na hAontachtaithe go minic ag beartú foréigin sular smaoinigh Náisiúnaithe air - agus ba é an UVF - mar an 36th (Ulster) Division - a throid ag sléacht an Somme i mí Iúil 1916.
cheiliúradh celebrate
" Ní hámháin toisc cuid den bheartas cánach atá aige ach toisc go ndearna sé a bhua i dtoghchán na huachtaránachta 2007 a cheiliúradh i Fouquet’s, bialann thar a bheith chic ar na Champs Elysées, ag a raibh go leor de mhaithe agus de mhóruaisle na tíre i láthair.
cheiliúradh to celebrate
" D’fhreagair sé go raibh ardú mheán an sainuimhir intleachta ag tarlú sa dá thír dá bharr! Lá ’le Pádraig i gCathair Séanna ================= Thug Julia Gillard, Príomh-Aire na hAstráile, aitheasc croíléiseach ag dinnéar ollmhór a reáchtáladh in Sydney le Lá ’le Pádraig a cheiliúradh i mbliana.
cheiliúradh ceathracha bliain fortieth celebration
" Go díreach rith sé liom ansin, gur dheas an rud é Baile an Droichid a thabhairt ar ais don cheiliúradh ceathracha bliain.
cheiliúradh to celebrate
" Ar ndóigh, ní raibh gach duine sásta faoi Ériu ársa agus ná faoina bratach nuachumtha thrídhathach a cuireadh in airde le “fáilte” a chur roimh Bhanríon Shasana, Eilís II, a bhí ar cuairt ar na Sé Chontae le 60 bliain a réime a cheiliúradh.
cheiliúradh commemorate
" Sa chontae uaibhreach úd is sa chathair is mó a dhéantar an fhéile seo a cheiliúradh, is ní heol dom mórán bailte ná sráidbhailte Chorcaí a thugann an t-ómós céanna di agus a thugann lucht na cathrach.
mar cheiliúradh ar in celebration of
" Cúpla bliain ó shin, bhí mé ag léacht i mBéal Feirste a thug iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Róibín, mar cheiliúradh ar Dhearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine.
bheas a cheiliúradh shall be celebrated
" Tá méadú suntasach le feiceáil sa fhrith-Chaitliceachas le bliain anuas agus measaim go bhfuil baint aige le cothrom céad bliain síniú Chúnaint Uladh a bheas a cheiliúradh an mhí seo (Meán Fómhair).
cheiliúradh celebrating
" Agus an fada uainn féin an lá nuair a bheidh Guinness Diageo a fhógairt ó bharr Chnoc na Teamhrach agus Lá Artúir a cheiliúradh againn mar lá náisiúnta in áit Lá ’le Pádraig?
chun a chliseadh a cheiliúradh to celebrate his fall
" Thit Cruise O Brien isteach sa dol ceannann céanna in Katanga agus nuair a thit, bhí an-chuid daoine mórthimpeall air chun a chliseadh a cheiliúradh.
fé cheiliúradh bhreithlá buachalla i lár linn snámha about celebrating a boy’s birthday in a swimming pool
" How did she answer her child’s question — the big one, the obvious one?*” Níor theastaigh páistí ó Wallace féin de réir dealraimh, ach ba mhór aige soineantacht na n-óg, rud a léiríodh ina scéal galánta, ‘*Forever Overhead*’, scéal fé cheiliúradh bhreithlá buachalla i lár linn snámha (“*you are mostly good…though not without spine*”).
cheiliúradh to celebrate
" Beidh an Fhleadh Trasatlantach ann (a d’eascair as Celtic Connections agus as na Seisiúin Trasatlantacha) ina léiriú mór sainroghnaithe aon uaire agus beidh leithéidí Eddi Reader, Dan Tyminski (O Brother Where Art Thou) agus John Doyle (Solas) ag teacht le chéile chun an nasc ceoil idir Albain, Meiriceá Thuaidh agus Éire a cheiliúradh.
cheiliúradh ina gcomhluadar to celebrate in their company
" Bhí aoi thar a bheith speisialta ag an teacht le chéile ar an bhaile sin, fear a thaistil iomlán an bhealaigh ó Washington DC le bheith lena mhuintir agus lena shinsir chun bliain an *Gathering* a cheiliúradh ina gcomhluadar.
cheiliúradh to celebrate
" D’fhoghlaimíomar faoi shaol na ndaoine seo: conas béile traidisiúnta a ullmhú (bhí orainn muinéil na n-eireog a bhriseadh agus na cleití a bhaint i dtosach!), conas ócáid a cheiliúradh agus conas dul i ngleic le cruatan an tsaoil.
cheiliúradh agus comóradh a dhéanamh celebrate and commemorate
" Tá gá leis na ceoltóirí seo a cheiliúradh agus comóradh a dhéanamh orthu áfach.
amhráin a dhéanann ár bhfód dúchais a cheiliúradh songs which celebrate our native soil
" Ta tionscadal an-deas idir lámha agam le Seamie O Dowd, Pauline Scanlon agus Damien O Kane: Homeward Bound, amhráin a dhéanann ár bhfód dúchais a cheiliúradh.
luachmhaireacht an tsaoil dhaonna féin a cheiliúradh celebrates the value of human life
" Déanann sé luachmhaireacht an tsaoil dhaonna féin a cheiliúradh agus téann a eiseamláir ionraic i bhfeidhm go mór ar an athair a bhí ar thairseach an bháis.
shaol a cheiliúradh celebrate his life
" Caithfidh comhghleacaithe an phóilín chaillte a shaol a cheiliúradh agus é a sheoladh ar shlí na bhflaitheas.
chun iad a cheiliúradh to celebrate them
" Úsáidtear teanga le cur síos a dhéanamh ar dhaoine; chun iad a cheiliúradh, a mholadh nó, ó am go chéile, chun iad a cháineadh.
d’fhreastail mé ar cheiliúradh mór I attended the big celebration
" Chaith mé tráthnóna aoibhinn ag an Buenos Aires *Hurling Club*, d’fhreastail mé ar cheiliúradh mór Lá na Féile Pádraig in Plaza San Martin atá baiste as laoch mór agus fuasclaitheoir na hAirgintíne, José de San Martin agus ceol traidisiúnta, amhráin tíre agus callán na mbróg damhsa a lá Riverdance ag líonadh na cearnóige ag dul ó sholas dó.
cheiliúradh agus a chomóradh celebrated
" Rinneadh Robyn a cheiliúradh agus a chomóradh.
le saol Mhícheáil a cheiliúradh. to celebrate Mícheál's life.
" Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoina cúlra ceoil, faoi bhás tragóideach a dearthár Mícheál anuraidh agus faoin ócáid mhór a bheas ar siúl i Vicar Street i mBaile Átha Cliath ar an 24 Bealtaine le saol Mhícheáil a cheiliúradh.
a cheiliúradh. to celebrate.
" Tagann ceoltóirí mór le rá ó gach cearn den domhan le chéile gach bliain le bheith páirteach in Celtic Connections, féile a dhéanann ceol Ceilteach – agus ceol eile nach é – a cheiliúradh.
leis na naisc seo a cheiliúradh to celebrate these links
" Tá Learpholl go mór faoi anáil an chultúir Ghaelaigh agus, san alt seo, déanann Tony Birtill cur síos ar chuid de na himeachtaí a bhí ar siúl i mbliana – agus Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa – leis na naisc seo a cheiliúradh.
á cheiliúradh being celebrated
" Agus comóradh cúig bliana déag Raidió na Life á cheiliúradh i mbliana, labhair Caoimhe Ní Laighin le bainisteoir an stáisiúin, Muiris Ó Fiannachta, faoin méid atá bainte amach ag an tseirbhís ó bunaíodh í agus faoin gcóisir “leictreach” a bhí ar siúl le gairid chun a breithlá a cheiliúradh!
cheiliúradh to celebrate
" Ach céard faoi Lá ’le Palladius a cheiliúradh? Ardaíonn Donncha Ó hÉallaithe an cheist faoin easpa aitheantais a thugtar don té a chuir an Pápa Celestine go hÉirinn sa bhliain 431AD.