Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chinntiú to ensure
" Tá na bunphrionsabail i bhfeidhm i gcónaí agus is léir gurb é a bhí ar intinn an dreama a chuir le chéile iad ná a chinntiú gur cluiche tapa, sciliúil a bheadh ann agus nach mbainfí mí-úsáid ar bith as an gcamán ach a mhalairt, is é sin chun an sliotar a thiomáint, a ardú agus a iompar go gasta ó cheann ceann na páirce.
chun a chinntiú to ensure
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? Is dócha gurb é an láidreacht is mó atá ag an eagraíocht ná go bhfuil daoine deonacha den scoth ag plé léi ó bunaíodh í, daoine a raibh fís acu don Ghaeilge agus don ghluaiseacht gaelscolaíochta, daoine a d'oibrigh go dian dícheallach thar na blianta ar bhonn iomlán deonach chun a chinntiú gur tháinig forbairt ar agus fás ar an eagraíocht agus ar an ngluaiseacht.
lena chinntiú to ensure
" An bealach lena chinntiú nach mbeidh do pháiste fein ina measc ná an seanoideas traidisiúnta a leanacht: bia sláintiúil agus neart aclaíochta.
lena chinntiú go gcomhlíontar na téarmaí seo to ensure that these conditions are fulfilled
" Ach bhí air a admháil nach ndéantar aon saghas scrúdú lena chinntiú go gcomhlíontar na téarmaí seo.
a bhí in ainm is a chinntiú that was supposed to ensure
" Cuireadh milleán ar an APRA chomh maith, an eagraíocht a bhí in ainm is a chinntiú go raibh comhlachtaí árachais ag dul i mbun gnó mar ba chóir.
a chinntiú to ensure
" Mar shampla, má ghortaíonn páiste é féin ar scoil, fad is gur féidir leis an scoil a chruthú go ndearnadar iarrachtaí lena chinntiú nach ngortódh páistí iad féin, níl an scoil ciontach.
a chinntiú to ensure
" Foghlaimeoidh daoine óga faoi ghnéas ar scor ar bith, ach is faoi na daoine fásta atá sé a chinntiú go bhfoghlaimíonn siad faoi an dóigh cheart.
nuair atá céannacht an úinéara á chinntiú when the owner's identity is being verified
" Chomh maith leis sin, tá ról ag an micrishlis nuair atá céannacht an úinéara á chinntiú.
chun a chinntiú go mbraitheann siad to ensure that they feel
" Tógann siad a n-am, mar sin, chun a chinntiú go mbraitheann siad gurbh fhiú fanacht chomh fada sin sa scuaine.
chun a chinntiú nach ndíolfaí to ensure they wouldn't be sold
" Cheannaigh siad na coileáin chun a chinntiú nach ndíolfaí le lucht an *canned hunting *iad.
lena chinntiú go gcomhlíonfadh aithreacha a ndualgais i leith a bpáistí to ensure that fathers would fulfil their duties as regards their children
" Coincheap ar sine go mór é ná an Chríostaíocht agus a cumadh lena chinntiú go gcomhlíonfadh aithreacha a ndualgais i leith a bpáistí.
lena chinntiú to ensure
" Ach bíonn cuid de na táillí as cuimse ard agus de réir mo bharúlsa baintear úsáid astu lena chinntiú go mbeidh drogall ar dhaoine tabhairt faoina mhacasamhail d’iarratas arís.
chun a chinntiú to ensure
" Nocht iriseoirí le déanaí go raibh pleananna ag Washington ionsaithe núicléacha a dhéanamh ar an Iaráin chun a chinntiú nach dtógfaidh siad a mbuamaí féin.
a chinntiú to ensure
" Más rud é gurb é an aidhm a bhí leis an riail ná a chinntiú go mbeadh daoine ag gach leibhéal den státseirbhís in ann déileáil leis an bpobal trí Ghaeilge, cén fáth go dtabharfaí droim láimhe do na ciorcláin ar ócáidí áirithe.
chun a chinntiú to ensure
" Nocht iriseoirí le déanaí go raibh pleananna ag Washington ionsaithe núicléacha a dhéanamh ar an Iaráin chun a chinntiú nach dtógfaidh siad a mbuamaí féin.
chun a chinntiú gur oibrigh an trealamh ar fad i gceart to ensure that all the equipment worked properly
" Bhí thart ar 300 duine ag obair do Sky Sports ag an K Club chun a chinntiú gur oibrigh an trealamh ar fad i gceart agus go raibh siad in ann gach iarracht de chuid na n-imreoirí a leanúint.
chun a chinntiú to ensure
" Tá sé riachtanach, mar sin, feabhas agus forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil don dream seo agus pleanáil cheart fhadtéarmach a dhéanamh chun a chinntiú nach ndéanfar faillí ina gcuid riachtanas, mar atá ag tarlú i gcás sciar mór d'othair na dtithe altranais faoi láthair.
chun a chinntiú to ensure
" Ach dúirt sé go mbeadh orainn a bheith ar an airdeall mar thír chun a chinntiú go mbeimis in ann dul in iomaíocht le tíortha eile amach anseo.
a chinntiú to ensure
" Ach dúirt sé go mbeadh orainn a bheith ar an airdeall mar thír chun a chinntiú go mbeimis in ann dul in iomaíocht le tíortha eile amach anseo.
a chinntiú to ensure
" Bhíothas ag iarraidh a chinntiú go mbeadh a áit féin ag gach stát sa Chónaidhm nua, agus nach n-imreofaí cos ar bolg orthu.
slí iontach chun a chinntiú a great way to ensure
" “This extraordinary mouse functions both as Internet telephone and USB optical mouse!” Nach bhfuil cuma olc go leor ort cheana féin agus ríomhaire glúine agat i gcaife? Seo slí iontach chun a chinntiú go gceapfaidh daoine thart timpeall ort go bhfuil tú as do mheabhair ar fad ar fad! Is ábhar iontais leanúnach dom na gléasanna nua ar fad cosúil leo seo a thagann ar an margadh nach bhfuil úsáideach in aon chor.
lena chinntiú to ensure
" An mbeidh ciorclán eile á chur aici chuig bunús na mbunscoileanna eile lena chinntiú go bhfuil siad ag comhlíonadh a gcuid dualgas i leith mhúineadh na Gaeilge? Nuair a chuir comhghleacaí de mo chuid i Nuacht TG4 sraith ceisteanna faoi bhráid na roinne faoi stádas dlíthiúil an churaclaim agus ag fiafraí cad chuige nach ndearnadh é a fhorordú, ní bhfuair sí mar shásamh uathu ach an ráiteas seo: *“The Department’s policy in this area, which has been set out in replies to Parliamentary Questions, is that all schools, including Irish medium schools, should provide the minimum recommended instruction time in English in the infant classes of 2.
ach lena chinntiú nach maslóidh sé ceachtar den dá chomhlacht, but to ensure that he wouldn't insult either of the two companies
" Ghlac Mick leis an dá phéire, ach lena chinntiú nach maslóidh sé ceachtar den dá chomhlacht, chaith sé branda amháin ar chos amháin agus branda ar an gcos eile!Duine uasal ab ea Mick Holden, agus daoine uaisle is iad a mhuintir ar fad.
lena chinntiú to ensure
" Seinneann sé nóta nó dhó lena chinntiú go bhfuil an fhuaim a d’aimsigh sé fós aige.
lena chinntiú go bhfaighfí an toradh ceart! to ensure that the correct result be received
" Ach cén mhaith é guth a thabhairt dúinn mura nglacfar le toradh an ghutha sin? **Conradh Nice**Nuair a dhiúltaigh Éire do Chonradh Nice sa bhliain 2001, eagraíodh reifreann eile go luath ina dhiaidh sin lena chinntiú go bhfaighfí an toradh ceart! Bheadh sé doiligh go leor don AE a leithéid a dhéanamh arís an iarraidh seo, go háirithe ó tharla nár cuireadh toghlach na Fraince agus na hÍsiltíre go dtí an cúinne dalba nuair a dhiúltaigh siadsan don Bhunreacht.
lena chinntiú to ensure
" Anois, is gá pleanáil agus bainistíocht chuí a chur i gcrích sna ceantair shainiúla seo lena chinntiú go ndaingneofar na pobail Ghaeltachta atá láidir ó thaobh na teanga de faoi láthair.
a chinntiú to ensure
" Mar a deir Ó Tuairisg é féin, “ní as Conamara chuile dhuine – ar an drochuair! – mar sin, caithfidh muid a chinntiú go dtuigfidh daoine an scéal fiú mura dtuigeann siad na focail.
a chinntiú to ensure
" Rialaíodh go mbeadh ar an tógálaí a chinntiú gur le cainteoirí Gaeilge amháin a dhíolfaí ocht gcinn déag den 29 árasán san fhorbairt.
a chinntiú to ensure
" “Caitheann tú a chinntiú nach n-athraíonn tú an rud atá á rá acu.
lena chinntiú to ensure
" Bhraith mé cineál spreagtha i ndiaidh dom an foilseachán sin a léamh, ach dar ndóigh, ní dhearna mé aon rud go pearsanta lena chinntiú go gcuirfí an coincheap i gcrích! Rinne de Spáinn an MSc céanna agus a rinne mise – le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – mar sin, b’fhéidir gur léigh sé an foilseachán céanna.
lena chinntiú to ensure
" D’fhéadfaí fiche coinníoll eile a cheapadh lena chinntiú nach gcuirfeadh aon scéim nua bac ar pháistí bochta.
chinntiú make sure, certify
" Is ag tiomáint a bhí mé agus moltar don tiománaí stopadh gach 200 cileaméadar le sos a ghlacadh chun a chinntiú nach dtitfidh sé ina chodladh nuair bheidh sé taobh thiar den roth stiúrtha agus an carr faoi lánseol.
chinntiú to ensure
" Plean oibre cuimsitheach é seo a bheas mar mhúnla do chur chun cinn na Gaeilge sa scór bliain atá le teacht mar aon le beartais lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo pobail sa Ghaeltacht.
chinntiú ensure
" Mar sin, bíonn daoine ag brath ar na hudaráis chuí lena chinntiú go bhfuil na táirgí atá ar an margadh slán sábháilte.
chinntiú to ensure
" Is ar bhreoslaí iontaise ar nós guail, gáis, ola agus móna a bhíonn muintir na hÉireann ag brath don chuid is mó chun an soláthar aibhléise a chinntiú.
chinntiú to ensure
" Teanga Phobail sa Ghaeltacht Nuair a foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch dhá bhliain ó shin fógraíodh go mbeadh Coiste faoi Chathaoirleacht an Taoisigh ag cur stráitéis le chéile, bunaithe ar na moltaí ó na saineolaithe “chun todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chinntiú.
chinntiú ensure
" Tá sé ráite ann, mar shampla, go gcuirfear cúrsaí ar fáil do fháilteoirí i bhfoirgintí Rialtais lena chinntiú go mbeidh ‘smeadar Gàidhlige’ agus roinnt cora cainte úsáideacha acu le beannú dóibh siúd a labhrann an teanga.
chinntiú to affirm, ensure
" Níl an reachtaíocht ná na struchtúir oiriúnacha ag roinnt mhaith tíortha ceann scríbe chun coinníollacha maithe oibre is cosaint na gceart a chinntiú d’imircigh.
chinntiú ascertaining
" Ach tá caintéoirí dúchasacha Béarla ina mionlach ar domhan (7%), agus is céatadán iad atá ag éirí níos lú de réir a chéile; ní cainteoirí dúchais Béarla formhór an lucht gnó idirnáisiúnta, agus tá tábhacht leis seo: níl cainteoirí dúchais go maith i mbun a chinntiú go dtuigtear iad.
chinntiú to ensure
" Déanann an Coimisiún dianiarracht a chinntiú go mbíonn an deis ag gach éinne vótáil sna toghcháin de bharr go bhfuil sé éigeantach.
chinntiú to ensure
" “Próiseas fada a bhí ann ach ag a dheireadh, beidh straitéis láidir againn agus Rialtas atá lándáiríre faoin deis stairiúil seo a thapú chun a chinntiú go mbeidh rath ar an teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di amach anseo.
chinntiú to ensure
" Rinne an páirtí iarracht, chomh maith le sin, a chinntiú go mbeadh smacht ag baill, a bhí dílis don pháirtí, ar eagraíochtaí pobail.
chinntiú to ensure
" Rinne an páirtí iarracht, chomh maith le sin, a chinntiú go mbeadh smacht ag baill, a bhí dílis don pháirtí, ar eagraíochtaí pobail.
a chinntiú to ensure
" D’imigh siad chuig Chumann Tráchtála na Gaillimhe, scátheagraíocht na ngnólachtaí, agus d’fhiafraigh díobhsan cad a bhí siad le déanamh chun a chinntiú go bhfanfadh an infheistíocht sin ins an gcathair.
chinntiú ensure
" Deineadh moladh ciallmhar sa tuarascáil a chuir Fiontar (DCU) le chéile don Rialtas maidir leis an Straitéis, ’sé sin, gur gá ‘gníomh cothromúcháin chun a chinntiú go mbeidh líon dóthaineach foirne sa tseirbhís phoiblí atá inniúil ar an nGaeilge’ agus chuige sin go mba cheart ‘scéim earcaíochta a cheapadh a bheadh i bhfábhar daoine inniúla dátheangacha’.
chun a chinntiú to ascertain
" Caithfear an cead gunna a athnuachan gach bliain, agus caithfidh na póilíní cuairt a thabhairt ar theach úinéir an ghunna chun a chinntiú go bhfuil gunna agus armlón stóráilte mar is ceart gach bliain freisin.
chinntiú go leanúnach determine continually
" ’ De réir meamram de chuid na Roinne Dlí is Cirt an ama sin, comhairlíodh don Ard-Aighne nach bhféadfadh go mbeadh dualgas ar an rialtas a chinntiú go leanúnach go mbeadh líofacht Ghaeilge coinnithe ag breithimh a cuireadh i mbun oibre i limistéir chúirte ina bhfuil ceantar Gaelachta ann.
chinntiú go leanfaí le dea-chleachtais an tionscail to ensure than good practice would be followed in the industry
" ’Sé an bord seo a bheadh i mbun cead pleanála a bhronnadh agus a chinntiú go leanfaí le dea-chleachtais an tionscail.
chinntiú nach sáraíonn siad to ensure they don’t break
" Rialacha teicniúla atá i gceist atá deacair don ghnáthbhreathnadóir a thuiscint agus bíonn breithiúna ag faire le linn rása ar na siúlóirí chun a chinntiú nach sáraíonn siad na rialacha sin.
a chinntiú to ensure
" Bhí baint mhór aige le bunú Theilifís na Gaeilge agus tá sé ar a dhícheall faoi láthair ag iarraidh a chinntiú nach féidir le daoine gan Ghaeilge cead pleanála a fháil sna ceantair Ghaeltachta.