Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
choireanna cogaidh war crimes
" Má tá plé le déanamh ar choireanna cogaidh na linne, beidh ceisteanna le freagairt ag polaiteoirí Meiriceánacha chomh maith le saighdiúirí na hIndinéise agus a gcairde.
choireanna crimes
" I 1981 dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána ag an am gur réitíodh 80% de choireanna an Stáit seo trí amhrastaigh a cheistiú.
choireanna crimes
" Beidh cead ag na gardaí abairt amháin i nGaeilge a fhoghlaim: "Ní thuigim!" Shílfeadh duine ciallmhar nach bhfuil ciall ar bith leis an phlean seo, ach féach an laghdú a thiocfaidh ar choireanna a ndéanfar tuairisc orthu! Is slítheánta an mac é Micí.
choireanna crimes
" Anuas ar choireanna den saghas seo, tuairiscíodh go ndearnadh an-chuid ban a éigniú.
choireanna crimes
" Is féidir leis an Oifig na fáltais ó choireanna a dhéanann Astrálaigh thar lear a choigistiú freisin.
choireanna airgeadais financial crime
" Chualathas go leor drochscéalta i leith Tvind leis na blianta anuas agus ionchúisíodh go leor dá chuid ceannairí ar choireanna airgeadais.
i ngeall ar choireanna because of crimes
" Sa bhreis air sin, táthar le fiosrúchán eile á dhéanamh ar an “Banphrionsa Gáis”, mar a thugtaí ar Tymoshenko tráth, i ngeall ar choireanna a rinne sí, mar dhea, agus í fós i mbun comhlacht mór fuinnimh i lár na 1990í; ina measc siúd tá claonchasadh agus baint a bheith aici le hiarracht Theachta Parlaiminte de chuid na hÚcráine a mharú, fear a bhí in iomaíocht léi i saol an ghnó.
fiosrúcháin ar choireanna inquiries into crimes
" Cad é an mheisce a bhí ar Ard-Aighne Thuaisceart Éireann John Larkin nuair a mhol sé gan dul ar aghaidh le fiosrúcháin ar choireanna a tharla le linn na dTrioblóidí? Cinnte, ba bhreá le Rialtas na Breataine a leithéid ar mhaithe le cúrsaí airgid agus ar mhaithe le rúndacht (bhí alt ar an Guardian inné faoin dóigh ar loisc na húdaráis Bhriotanacha cáipéisí a chuirfeadh aiféaltas orthu sular fhág siad na tíortha Afraiceacha a bhain neamhspleáchas amach sna 1960í).