Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Toisc gur réitíomar ar fad chomh maith sin le chéile because we all got on so well together
" I lár coille a bhíomar anuraidh, seisear léachtóirí agus fiche mac léinn, agus chaitheamar seachtain ansin ag plé litríocht Bhéarla agus Ghaeilge na hÉireann, ag glacadh páirte i ndráma, ag féachaint ar scannáin, ag siúl, ag gabháil foinn os comhair tine chnámh, agus ar ndóigh, ag blaiseadh braon beorach is fíona anois is arís! Thug foireann ghnó ó Jameson cuairt orainn fiú amháin, agus físeán leo faoin bpróiseas stiléireachta, agus thángadar le cúpla braon saor in aisce dúinn chomh maith! Toisc gur réitíomar ar fad chomh maith sin le chéile, fuaireas cuireadh caint a thabhairt in Olomouc níos déanaí sa bhliain.
chomh breac sin le láithreáin stairiúla, so full of historic sites,
" Déanann Éireannaigh dearmad uaireanta, agus ár dtír chomh breac sin le láithreáin stairiúla, chomh haisteach is atá sé do Mheiriceánaigh tithe agus bailte a fheiceáil atá níos sine ná cúpla céad bliain.
chomh cleachta sin le Bianca a fheiceáil so used to seeing Bianca
" Éiríonn daoine chomh cleachta sin le Bianca a fheiceáil ar fud na háite go dtosaíonn siad ag caitheamh léi mar fhíorbhean – castar “chairde” uirthi agus faigheann sí tairiscintí poist chomh maith le háit ar bhord bainistíochta na scoile áitiúla.
nach chomh maith sin a chaitear le hinimircigh ghorma that black immigrants aren’t treated so well
" Ní dhéanfar iontas de nach chomh maith sin a chaitear le hinimircigh ghorma atá sa tír in aghaidh an dlí.