Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chosmhuintir ordinary people
" Is cinnte go bhfágann siadsan pingin nó cent maith ina ndiaidh! Ní cúis náire nó clamhsáin é a bhfuil d'airgead tugtha ar ais ag an Rialtas don CLG - tá sin tuillte go maith ag an gCumann mar atá léirithe thuas, agus go mór mór de bharr na tacaíochta atá tugtha ag an gcumann do dhaoine agus do phobail ar fud na tíre ó bunaíodh é - tacaíocht phraiticiúil agus spreagúil don chosmhuintir a thugann le fios go bhfuil fiúntas leis an gcaitheamh aimsire dúchasach agus leis an gcultúr Gaelach agus nach gá dóibh aithris a dhéanamh ar éinne eile.
chosmhuintir poor people
" Tá Rúnaí Ginearálta na heagraíochta sin, Kofi Annan, den tuairim gur ionsaí mídhleathach atá ar siúl ag an Bhreatain agus ag Meiriceá agus go gcothófar fadhbanna uafásacha sláinte agus beatha do chosmhuintir na tíre sin.
an chosmhuintir the ordinary people
" Thuig an chosmhuintir go maith nach fada go mbeadh seansálaithe, amhais anaithnide agus murdaróirí modarthacha an treo ar thóir seod, óir agus vótaí.
an chosmhuintir the ordinary people
" Mar is gnách, is iad an chosmhuintir a bheas thíos leis an sprionlaitheacht seo.
chosmhuintir ordinary members
" Léiriú soiléir ar chomh láidir agus bhí an dearcadh seo i measc chosmhuintir Fhianna Fáil is ea an comóradh caoga bliain a d'eagraigh an páirtí i 1966 in onóir laochra na Cásca.
ón chosmhuintir from the ordinary people
" Tá sé “ró-eisiach”, dar leo, agus scarann sé baill an pháirtí ón chosmhuintir.
chosmhuintir ordinary people
" I dtuilleamaí an chórais ======= Is beag ball den chosmhuintir a bhfuil teacht aige ar chara sa chúirt.
a chosmhuintir his hangers-on
" Bhí a chosmhuintir ag rith ina dhiaidh, ag impí ar an slua éisteacht leis: ‘Is Aire é! Tugaigí aire! Arrah! a fheara, tugaigí aire don Aire!’ Níor thuig muid cad tuige go dtiocfadh duine ar bith chuig áit mar seo.
roinnt mhaith de chosmhuintir na háite a lot of the ordinary people in the place
" Tá a fhios againn le fada go bhfuil an-suim ag na hArabaigh in LFC; bíonn gach cluiche beo ar stáisiúin teilifíse Arabacha agus sin an t-aon dóigh amháin a mbíonn roinnt mhaith de chosmhuintir na háite ábalta na *Reds* a fheiceáil gach seachtain – éiríonn le go leor tithe tábhairne sa chathair an comhartha a ghlacadh, ag úsáid cártaí satailíte “neamhoifigiúla”.
an chosmhuintir the ordinary people
" Tá sé deacair ag an chosmhuintir a thug tacaíocht don fhoireann sular bhain siad Corn an FA den chéad uair i 1965, agus a lean Liverpool FC nuair a bhain siad Corn na hEorpa ceithre huaire idir 1976 agus 1984 nuair a bhí siad in ard a réime, tá sé deacair acu sin a thuiscint gur “saincheadúnas idirnáisiúnta” is ea a bhfoireann áitiúil anois agus nach bhfuil aon spás ann dóibh in Anfield níos mó.
an chosmhuintir Phoblachtánach the ordinary Republicans
" Ba léir ón díospóireacht teilifíse eatarthu le déanaí cad a cheapann an chosmhuintir Phoblachtánach de McCain cheana féin.
an chosmhuintir. the ordinary people.
" Chuir UEFA an locht ar na *Scousers*, ach is féidir le duine ar bith réasúnta a fheiceáil cá bhfuil an locht ó na figiúirí thuasluaite: ar UEFA as an dóigh ar chuir siad urraí agus brabús roimh an chosmhuintir.
an chosmhuintir the ordinary people
" Mura dtuigeann an chosmhuintir teanga duine sa Dáil nó sa Seanad glacann siad leis gur i nGaeilge atá an duine ag caint, agus mar is dothuigthe a bhíonn an teanga, bhuel dar leo gur fearr an cineál Gaeilge í.
do chosmhuintir na hAlban for the ordinary people of Scotland
" Seans gur praghas ró-ard a bheadh ansin do chosmhuintir na hAlban mar éiric ar neamhspleáchas ón sean-namhaid.
a chosmhuintir a chur ar an eolas to inform the grassroots
" Go deimhin, deis iontach atá ann do lucht maorlathais na hEorpa a chosmhuintir a chur ar an eolas faoi fheidhmiú an Aontais agus faoi na luachanna agus aidhmeanna atá aige.
do chosmhuintir an pháirtí the grassroots of the party
" Ach is é an fhadhb a bhaineann leo siúd uilig, ámh, ná nach n-oireann siad go hiomlán do chosmhuintir an pháirtí.
chosmhuintir gillies
" Bhí a chosmhuintir ag rith ina dhiaidh, ag impí ar an slua éisteacht a thabhairt dó, agus cé go raibh siad as dáta i dtaca le teideal an fhir, mhaithfí sin dóibh, nó is fada a bhí siad ag tacú leis mar aire: ‘Is Aire é! Tugaigí aire! Arrah! a fheara, tugaigí aire don Aire!’ Gaeltacht Milwaukee Níor thuig mé cad tuige go dtiocfadh duine ar bith chuig áit mar seo.
chosmhuintir ordinary people
" Duine de chosmhuintir na tíre í, jaibín beag aici mar státsheirbhíseach, tigín beag aici cúpla míle ón leabharlann, fear céile a bhfuil fadhbanna croí aige, ach atá ag fáil cóireáil faoi Medicare, an córas sláinte d’aosaigh.
chosmhuintir rank and file, ordinary folk
" Ag a gcomhdháil bhliantúil deir Ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Trevor Sargent, go bhfuil faillí déanta ag Páirtí an Lucht Oibre sa chosmhuintir.
chosmhuintir ordinary folk
" Tógadh an páirtí ar bhunshraith d'ionraiceas agus de bhá leis an chosmhuintir.
an chosmhuintir the ordinary people
" Agus leis sin, don chéad uair riamh i stair na Brasaíle, bhí an chosmhuintir i gceannas.
An Chosmhuintir the ordinary people
" An Chosmhuintir agus an Sóisialachas ================== Mar mhúinteoir scoile a theagasc i bpríosúin chomh maith, aithníonn Ervine an tábhacht atá leis an litearthacht.
sheasann an chosmhuintir an fód ordinary people stand their ground
" Tugtar spléachadh dúinn ar an bhfrustrachas, ar an easaontas, ar an bhfearg agus ar an drochtheanga a thagann chun cinn nuair a sheasann an chosmhuintir an fód i gcoinne chórais an stáit agus ollchomhlachtaí idirnáisiúnta.
chosmhuintir ordinary people
" Más fear thú agus tá tú ag caint le do chairde nó leis na ‘hísle’ - an chosmhuintir - glaofaidh tú ‘Ore’ ort féin.
an chosmhuintir the ordinary people
" Léiríonn borradh na bhfíor-Fhionlannach méid na deighilte atá idir ceannairí na hEorpa agus muintir na hEorpa agus go bhfuil an baol anois ann go rachaidh an chosmhuintir a mbealach féin.
chosmhuintir na hÉireann ordinary Joe soaps of Ireland
" Bhí Beití Windsor sa Ghairdín Cuimhneacháin gan duine ná deoraí de chosmhuintir na hÉireann fá bhúir asail di, agus Beairic Ó Bama i measc na sluaite agus na n-ollsluaite i bhFaiche an Choláiste.
chosmhuintir proletariat
" Is éachtach an bealach atá agat le hairgead a shú isteach ó chosmhuintir na Gearmáine, agus tá mé ag iarraidh a fháil amach caidé an dóigh a ndéanann tú é?” “Bhuel, a Edna Álainn,” a dúirt an Seansailéir go seascair, “tá a fhios ag an saol mór nach agamsa atá an cleas sin, ach agat féin.
Ar athraigh mórán den chosmhuintir thart did many of the ordinary people change
" Ar athraigh mórán den chosmhuintir thart ó thaobh go taobh, mar feictear sloinnte Shasana agus na hAlban ar thaobh na bPoblachtach agus is dreamanna Náisiúnacha anois iad agus bíonn daoine ar thaobh na nDílseach a mbíonn cuma an-ghaelach ar a sloinnte.
a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir who oppressed the ordinary people
" Breathnaíonn daoine áirithe orthu mar fhir chróga a thug dúshlán d’údaráis lochtacha a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir na tíre, ach mothaíonn a lánoiread nach raibh i gceist leo ach coirpigh uirísle a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin.
laoch chosmhuintir the ordinary peoples’ hero
" Seapánach peileadóra le Western Sydney Wanderers is ea Shinji Ono – laoch chosmhuintir Iarthar Sydney.