Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chreideann who believe
" Tugann saothar Opie dúshlán dóibh siúd a chreideann gur gá saothar ealaíne a bheith suite i ndánlann le measúnú a dhéanamh air mar is ceart.
a chreideann sé a bheith ag éirí níos mó. which he believes to be getting bigger
" Cruthaíonn sé na mainicíní seo le freastal ar mhargadh a chreideann sé a bheith ag éirí níos mó.
chreideann believes
" Is minic a chloistear polaiteoirí Mheiriceá ag rá gurb é Iosrael an cara is fearr atá ag na Stáit Aontaithe sa Mheánoirthear, agus is iomaí Meiriceánach aineolach a chreideann an tseafóid chontúirteach seo.
chreideann believe
" Ní hamháin sin ach táid ann a chreideann gurb iad na manaigh as Éirinn a chuir tús le scríobh an tSacsbhéarla, ag úsáid an taithí a bhí acu cheana féin ar an nGaeilge a scríobh.
chreideann believe
" Luaigh siad ceannach agus breabaireacht, a chreideann siad a bheith go forleathan san Afganastáin, agus an bhaint atá ag cuid nach beag de chomhghleacaithe Karzai i saothrú phoipíní an chodlaidín agus trádáil na hearóine.
chreideann believe
" Tá tráchtairí ann a chreideann sin agus a scríobh faoi, ach measaim féin gur rud sóisialta atá sa chruthaitheacht agus go bhfuil sé i ngach duine ag leibhéil éagsúla agus gur féidir i a fhorbairt i ngach duine.
chreideann believe
" Ní mó duine a chreideann mé nuair a deirim go ndeachaigh mé ag sciáil san Astráil.
a chreideann who believe
" De réir mar a éiríonn leo, beidh a fhios againn cé acu is aontachtaithe Caitliceacha iad, nó aontachtaithe measartha nó gur náisiúnaigh iad a chreideann gurb ionann an rialtas ó dheas agus foireann The Sopranos agus gurbh fhearr leo suí ar an chlaí ar feadh tamaillín go bhfeicfidh siad aiséirí an Tíogair Cheiltigh, ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith.
chreideann gur chóir believe .... ought
" Is beag duine, i measc páirtithe ar chlé ón lár go fiú, a chreideann gur chóir go mbeadh seilbh ag an stát ar gach tionscal mór.
a chreideann who believe
" Déanann siad monatóireacht ar dhaoine ar fud an domhain, agus fiú sna Stáit Aontaithe féin, agus dá réir sin cás imní is ea iad dóibh siúd a chreideann go bhfuil seirbhísí rúnda na Stát Aontaithe ag sleamhnú síos i dtreo Stasi na Gearmáine Thoir tráth.
Ní chreideann doesn’t believe
" Ní chreideann Ciarán ar dtús í, ach is iomaí cineál draíochta atá ann.
ní chreideann aon duine acu none of them believes
" “Dlíodóir ar bith ar labhair mé leo i ndiaidh gabhadh Ivor Bell, ní chreideann aon duine acu gur féidir an duine atá ar an téip a chiontú agus creideann an chuid is mó acu nach mbainfidh sé teach na cúirte féin amach.
a chreideann who believe
" Má fhíoraítear an tairngeacht is féidir le duine maíomh as a shaineolas agus mura bhfíoraítear í is féidir leis an milleán a chur ar réiteoir éigin! Tá daoine ann os cionn aoise áirithe, Ciarraígh den chuid is mó, a chreideann agus a áitíonn agus nach n-athróidh a n-intinn go brách ina thaobh, gurb í foireann Chiarraí '75-'86 an fhoireann ab fhearr riamh.
chreideann believe
" Go príomha is páirtí don meánaicme é Páirtí an Lucht Oibre, an chuid den aicme sin a chreideann gur rud maith é an comhionannas agus nach bhfuil treoraithe ag an tsaint a mhill an stát seo le linn réimeas tubaisteach Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach.