Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caomhnóirí an chreidimh keepers of the faith
" Dá bhrí sin, is é mo thuairim féin go láidir gurb iad an dá chontae úd, sean-naimhde traidisiúnta na hiomána agus caomhnóirí an chreidimh, a bheas san iomaíocht ar an dara Domhnach de mhí Mheán Fómhair seo chugainn agus gur ag fir Chill Chainnigh a bheas an bua ar an lá sin.
saoirse an chreidimh religious freedom
" Déanann muid é seo le míniú dóibh go gcreideann muid i saoirse an chreidimh, i mbráithreachas agus i ndea-chomharsanacht.
fiabhras an chreidimh ina bhféitheacha, the fever of faith in their veins,
" Lena leabhar nua, agus fiabhras an chreidimh ina bhféitheacha, chuaigh pobal na heaglaise i mbun daoine a iompú chun an Mhormannachais.
faoin díograis chreidimh agus pholaitiúil, about the religious and political zeal,
" Ba mhaith liom fáil amach, ní hamháin faoin díograis chreidimh agus pholaitiúil, ach faoin tsíceolaíocht a spreag cuid de na huafáis a raibh sé páirteach iontu agus daoine á ngríosú aige le máirseáil trí áiteanna nach raibh fáilte rompu – agus tá muid ag caint ar thríocha bliain roimh ghéarchéimeanna Bhóthar Gharbh Achaidh! Dá bhfeicfeadh sé toradh a chuid saothair, an ndéanfadh sé gach rud mar a rinne?Ar an drochuair, ní bheidh an tOirmhinneach ag plé le ceisteanna tábhachtacha den chineál seo sa leabhar; beidh sé ag díriú ar na cúig bliana a chaith sé ag teacht isteach ón fhuacht.
chreidimh or (religious) belief
" Tá bun morálta an stáit agus an chreidimh, Chríostaíochta nó eile, cúisithe níos troime ag an scéal seo ná a bhí riamh.
chreidimh of religion
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil brú faoi chois an chreidimh i gceist, leis.
pobail chreidimh religious groups
" An tAos Ársa, Rúndiamhair, Síochánta Tá na Mandaean ar na pobail chreidimh is sine ar domhan is bhí siad suas san Iaráic sula raibh aon chaint ar Chríostaíocht is Ioslam.
chreidimh religion
" Tá éagsúlacht chine, chreidimh agus saoil mar dhlúthchuid de shaol na ndaoine abhus.
chreidimh religion
" * Iompó Creidimh mar Réiteach ar an Scéal ===================== Tá sé scathamh fada ó d’éirigh mise as a bheith ag cleachtadh an chreidimh lenar tógadh mé agus b’fhéidir gur dána an mhaise domsa a bheith ag cur mo ladar isteach sa scéal, ag moladh réitigh do dhaoine a bhfuil an creideamh fós acu.
a saoirse chreidimh their religious freedom
" Ba le haimhleas Chúige Uladh agus na hÉireann a leithéid de Pharlaimint a bhunú, dar leo, mar go gcuirfeadh sé a saoirse chreidimh agus shibhialta de dhroim seoil, go scriosfadh sé a saoránacht agus go gcuirfeadh sé aontas Impireacht na Breataine i mbaol.
an chreidimh of religion
" Cuireann sé an-bhéim ar na tosca aiceanta, tíreolaíochta a raibh tionchar acu ar na céimeanna nó ar na hathruithe ar nós tosca aeráide, ithreach agus fásra agus tosca cultúir ar nós na scríbhneoireachta agus an chreidimh.
Chuallacht um Theagasc an Chreidimh society for the propagation of the faith
" An Cairdinéal Liam Ó Leamh-mhadaidh ============= Meiriceánach – fear ó thír sin na saoirse cainte – atá taobh thiar den bhalbhú seo ar fad: an Cairdinéal William Levada, fear atá ina cheann ar an Chuallacht um Theagasc an Chreidimh, nó an Congregatio pro Doctrino Fidei.
chreidimh religious
" Meastar gur tháinig sé chun cinn le theacht na Críostaíochta in Éirinn leis an oidhreacht staire, chultúir, chreidimh, dhaonna a tháinig roimhe a chaomhnú.
chreidimh dhúchais native religions
" Meascán den Chaitliceachas, de chreidimh dhúchais na hAmasóine agus ruainne de na creidimh Afra-Bhrasaíleacha atá sna creidimh Santo Daime.
solas an chreidimh chirt the light of the true religion
" Ní miste dúinn ár ndícheall a dhéanamh solas an chreidimh chirt a shoilsiú ar dhílseánaigh bhochta an Phápa.
Géarleanúint chreidimh a religious penal system
" Géarleanúint chreidimh agus cos ar bolg atá á thuar do mhionlaigh na Siria má chuirtear Al-Assad as oifig.
do chleachtais chreidimh for religious practices
" Tháinig oibrithe, a bhí ag cur beartais sábháilteachta i gcrích tar éis don chrith talún an ceantar a bhualadh, ar an gcatacóm ársa seo lena n-áirítear dorchlaí agus seomraí a úsáideadh do chleachtais chreidimh agus chun daoine a adhlacadh.
ar nádúr an chreidimh of the nature of belief
" ‘Of Gods and Men’, le Xavier Beauvois (An Fhrainc 2010) Artificial Eye 517 DVD ======================= Más ag treabhadh i ngort na rúndiamhaire sácráilte atáir, an tráth seo bliana, molaim fiosrú Beauvois ar nádúr an chreidimh, an duine, agus na dílseachta.
chun bunrialacha an chreidimh sin a mhúineadh to teach the basic rules of that religion
" *” Theip air anseo aon thagairt a dhéanamh dos na hailt eile sa Bhunreacht céanna a thug aitheantas sollúnta don “Tríonóid Naofa”, comhartha ríthábhacht de chuid creidimh amháin nó dos na hailt a thug cead don Eaglais Chaitliceach airgead a dh’fháilt díreach ón Státchiste, airgead a úsáidtear chun bunrialacha an chreidimh sin a mhúineadh sna scoileanna poiblí.
saol an chreidimh a chaitheamh to live the experience of faith
" Tugann an creideamh freagraí dar liom, freagraí nach féidir a chruthú leis an réasún ach is dócha an tástáil atá le déanamh orthu, saol an chreidimh a chaitheamh - to live the experience of faith.
ar son a chreidimh for his faith
" Chuir an ceiliúradh seo deireadh le ‘Bliain Creidimh’ a thosaigh an Pápa Bheinidict XVI i 2012 agus a chuir i gcuimhne do Chríostaithe an bhaint atá acu le traidisiún fada a théann siar go dtí Naomh Peadar, an chéad Phápa, iascaire bocht agus deisceabal, a fuair bás ar son a chreidimh sa Róimh 1,950 bliain ó shin.
gur ceist chreidimh é seo this is a matter of belief
" Ar an ábhar nach bhfuil bealach ar bith le bheith go hiomlán cinnte cé acu iarsmaí Naomh Peadar atá ann b’fhéidir sa deireadh thiar thall gur ceist chreidimh é seo.
a chaitheann na suaitheantais chreidimh seo who wear these religious symbols
" Deirtear go bhfuil cur i gcéill leis sin, áfach, mar gur mhaith leis an rialtas mionlaigh na grúpaí a chaitheann na suaitheantais chreidimh seo a dhíbhirt as an gcúige.
go dtí forais chreidimh to religious institutions
" 4) cead don Stát cabhair a thabhairt do ghrúpaí creideamhacha i riocht airgid san earnáil oideachais, is deacair éalú ó théarmaíocht lom ríshoiléir an ghealltanais bhunúsaigh sin a chuireann cosc ar chánacha ginearálta an Stáit a aistriú go dtí forais chreidimh.
Mhúscail fear an chreidimh the religious man woke up
" Tá sé ann mórán i ngan fhios don tsaol mhór An Fhealsúnacht ====== Mhúscail fear an chreidimh ar theanga talún idir autobahn agus bóthair iarainn.
chreidimh, acadúil nó eolaíoch religious, academic or scientific
" Ní bhainfí an t-alt nua le ‘focail, fuaimeanna, íomhánna nó scríbhneoireacht… (atá) mar chuid de dhíospóireacht phoiblí ar aon cheist pholaitiúil, shóisialta, chultúrtha, chreidimh, acadúil nó eolaíoch’.