Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thug sé an-chuidiú domhsa he gave me a lot of help
" Múinteoir fisice ab ea é san ollscoil anseo, ach bhí rang oíche Gaeilge aige fosta agus thug sé an-chuidiú domhsa.
chuidiú mór big help
" Caithfidh go bhfuil seo ina chuidiú mór, nuair a smaoiníonn tú go bhfuil na ranganna á dtabhairt gan táille.
chuidiú help
" " Coláiste na Tríonóide ======= Nuair a shroich McLaughlin Coláiste na Tríonóide i 1979, ba chuidiú é a thuiscint leathan ar an nGaeilge, mar thosaigh sé ag plé leis an tSean- agus leis an Nua-Ghaeilge ag an am sin.
aon chuidiú dóibh any help to them
" Thosaigh siad ag ól agus níorbh aon chuidiú dóibh é an t-oideachas Caitliceach a fuair siad.
an-chuidiú do théamh domhanda, a lot of help to global warming,
" Thug an gníomh seo an-chuidiú do théamh domhanda, gan trácht ar an damáiste a rinne sé do chomhphobail ar fud na tíre.
chuidiú a help
" Mar a luaigh mé an mhí seo caite, tá an ráta malartaithe idir an punt sterling agus an euro ina chuidiú ag lucht turasóireachta (agus ag Tesco, comhlacht a ghnóthaigh brabús roimh cháin de £2,803 milliún punt anuraidh.
chuidiú a help
" Bheadh an t-idirlíon ina chuidiú do thionscadal na nuachtán, ní bheadh ann ach bealach eile chun na scéalta móra a scaipeadh agus, go bunusach, bhaileofaí an nuacht féin ar an bhealach chéanna.
chuidiú help
" Déan sin agus b’fhéidir go mbeidh sé ina chuidiú don eagras mhaoinithe agus dóibh siúd atá ag seoladh tairisceana chucu.
chuidiú assistance
" (Cuntas mar chuidiú anseo http://www.
chuidiú help
" Éacht ollmhór é seo atá ag feidhmiú gan aon chuidiú foirmiúil stáit.
chuidiú assistance
" D’iompair muintir na Gaeltachta an t-ualach rófhada gan chuidiú fiúntach ó mhóramh mhuintir na hÉireann i rith an ama go dtí seo.
chuidiú to help
" Níl mé ag caint faoi lámhdhéantúsáin ó chathair bháite Atlantis, Uí Bhreasaíl nó faoi radharc as an chéad sraith eile de na Pirates of the Caribbean, ach ar thionscadal atá ar bun ag an dealbhóir timpeallachta Jason de Caires Taylor, atá dírithe ar aird a tharraingt ar sceireanna coiréil an domhain agus ar chuidiú le timpeallacht na sceire a shábháil.
teacht a chuidiú le to come to the assistance
" Fuair beirt Thaoiseach litreacha éagsúla a smuigleáileadh ó phríosún ardslándála i Sasana ag deireadh na seachtóidí agus tús ag na n-ochtóidí ag impí orthu teacht a chuidiú le beirt phríosúnach ó Ghaeltacht Dhún na nGall.
ina chuidiú mhór a great help
" ” Chuaigh Julie ar scoil chónaithe i dTuaim agus is dócha go raibh an struchtúr seo ina chuidiú mhór ag bean óg atá i dtólamh ag iarraidh cúram a thabhairt do gach rud ina saol oibre - canadh, cumadh, déanamh físeán, chomh maith le gnó an duine féinfhostaithe, srl.
as an chuidiú rialta for the regular support
" Meastar in árais chumhachta Mheiriceá agus na hEorpa anois gur féidir Libia a chreathadh, d’fhonn a nguagacht a léiriú do lucht a gcleithiúnais féin ann sa dóigh go mbeidh siad buíoch beannachtach i dtólamh as an chuidiú rialta agus as aon stiúir agus comhairle bhreise a chuirfear ar fáil dóibh feasta.
an chuidiú sin that assistance
" Ghabh sí buíochas leis as an stocaireacht a rinne Liam ar a son, agus dúirt sí nach raibh sí ag smaoineamh ar an chuidiú sin ar chor ar bith nuair a cheap sí é mar Chathaoirleach.
do chuidiú de dhíth ar your help needed by
" An bhfuil do chuidiú de dhíth ar an ghluaiseacht seo? Breathnaigh thart le do shúile cinn.
ina chuidiú mhór a great help
" D’fhoghlaim mé an dóigh le staidéar a dhéanamh, le hiniúchadh a dhéanamh agus bhí sin ina chuidiú mhór.