Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní raibh sé chun deiridh á chur sin in iúl he wasn't backward/shy about letting that be known
" Ní raibh dúil ar bith aige sa bhean a bhí Mark le pósadh agus ní raibh sé chun deiridh á chur sin in iúl ach an oiread.
go maith chun deiridh ar an chuid eile way behind the others
" Ní raibh mórán ar an liosta, ach go dtí an lá inniu bhí Dónall go maith chun deiridh ar an chuid eile.
ag druidim chun deiridh coming to an end
" Ach má athraíonn seo, agus má bheartaíonn muintir Bhaile Átha Cliath ar a dtacaíocht a thabhairt don Uasal Ryan seachas d'fhear Bertie, náiriú poiblí a bheidh ann don Taoiseach agus comhartha soiléir go bhfuil a cheannasaíocht ar Fhianna Fáil ag druidim chun deiridh.
tá an daorchluiche ag druidim chun deiridh, baseball is drawing to a close,
" Tá an samhradh ag sleamhnú uainn go mall, tá an daorchluiche ag druidim chun deiridh, agus tá lucht na peile Meiriceánaí amuigh ar an bpáirc imeartha arís.
i bhfad chun deiridh ar Romney féin who was far behind Romney himself
" Níor lú an t-iontas a bhí orthu nuair a d'éirigh sé as an rás, ag géilleadh don mhinistir Baisteach Mike Huckabee a bhí i bhfad chun deiridh ar Romney féin agus ar an móriarrthóir, John McCain.
i bhfad chun deiridh really lagging behind
" Cé gur tháinig feabhas an-mhór ar chúrsaí ardoideachais fad is a bhí an borradh eacnamúil i gceist, ní mór a thuiscint go rabhamar i bhfad chun deiridh roimhe sin agus nach bhfuil muid fós ar comhchéim leis na tíortha saibhre eile.
chun deiridh ar an tsean-namhaid. behind the old enemy
" Le fiche bliain anuas, tá lámh in uachtar i ndiaidh a bheith ag na hAstrálaigh ar an mBreatain, ach amháin an iarraidh seo nuair a chríochnaigh siad chun deiridh ar an tsean-namhaid.
druidim chun deiridh drawing to a close
" Tuigeann an saol mór go bhfuil ré órga an cheoil taifeadta ag druidim chun deiridh.
chun deiridh behind
" Ag tíocht ag deireadh an chluiche, bhí Corcaigh dhá chúilín chun deiridh, nuair a fuair Christy Ring an sliotar ina láimh agus chuaigh sé ar ruathar i dtreo cúl Thiobrad Árann, caipín ar a cheann.
tagtha chun deiridh has come to an end
" Anois, tá turgnamh mór an Chomhaontais Ghlais tagtha chun deiridh anois agus tá an rás rite acu.
chun deireadh a chur leis an éirí amach ann to end the rising there
" ”* Ba léir do Chruise O’Brien gur bhagair na Náisiún Aontaithe go n-úsáidfí foréigean in Katanga dá mba ghá chun deireadh a chur leis an éirí amach ann agus chun ionracas fisiciúil Phoblacht an Chongó a athbhunú.
beagán chun tosaigh ag deireadh an lae a little ahead at the end of the day
" Ach an straitéis seo a leanacht go coinsiasach do gach ceann de na cluichí, bím beagán chun tosaigh ag deireadh an lae de ghnáth.
chun deiridh to an end
" com/tracks/132828404&color=ff5500&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Tháinig bliain mhór chultúrtha Dhoire Cholmcille chun deiridh i ndiaidh dhá mhí dhéag d’imeachtaí iontacha a bhí lán le spraoi chomh maith le héagsúlacht agus a rinne ceiliúradh cuimsitheach spleodrach ar an dá thraidisiúin sa chathair.
chun deireadh a chur le marcanna bisigh to end the bonus points
" I mí na Samhna seo caite rinne mé iarratas chucu faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ag lorg aon taifead a bhain leis an phróiseas chun deireadh a chur le marcanna bisigh (nó bónais) don Ghaeilge sa státsheirbhís agus leis an chóras úr a cuireadh ina áit.
tagtha chun deiridh has ended
" Sa dán Aros Mae'r Mynyddau Mawr atá na línte: Tá an seanfhód álainn i lámha eile An tseanchomharbacht tagtha chun deiridh An té ar leis an áit ag tabhairt cúl le cine Agus cúl le talamh spré agus cleamhnais.
fheachtas chun deireadh a chur leis campaign to end
" Rinne siad praiseach den fheachtas chun deireadh a chur leis an tSeanad.
atá ag druidim chun deiridh. which is coming to a close
" Caitheann Balor a shúil nimhe ar an bhliain atá ag druidim chun deiridh.