Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
reilig na cille the graveyard of the church
" Raghaidh éinne a chuirtear i reilig na cille sin go díreach go neamh, gan aon bhaol súil a leagadh ar Ifreann ná ar Phurgadóir.
eaglaisí churches
" Tá méid millteanach eaglaisí sa cheantar agus ar an Domhnach feictear scataí daoine ag dul chucu, iad gléasta go deas.
lucht cáinte na heaglaise church critics
" Go dtí le fíorghairid, d'fhéadfaí a bheith cinnte de rud amháin tar éis aon scannal san eaglais: labharfadh croíghrúpa beag daoine, dream coimeádach den chuid is mó, amach agus chuirfeadh siad i leith lucht cáinte na heaglaise gur frith-Chaitliceachas caolchúiseach a bhí ar bun acu.
cill church
" Bhí cill Thaobhóige ar bhruach abhainn na Finne.
chuid de na ceannairí eaglasta is sinsearaí some of the most senior church leaders
" " Dúirt an dlíodóir atá i mbun na cúise i gcoinne Shanley, Michael Dowd, le nuacht WB 11 an mhí seo caite gur cheart do chuid de na ceannairí eaglasta is sinsearaí san Oirthuaisceart - Daily i mBrooklyn, an Cairdinéal Law i mBostún, William Murphy i Long Island, agus fiú an tArdeaspag Egan - glacadh le cuid den mhilleán i gcás na scéalta atá á nochtadh faoin eaglais.
eaglais bheag bhídeach a tiny church
" Thóg seisean eaglais bheag bhídeach ag Sabhall, gar don loch.
teampall church
" Is é teampall Inis Mhic Adháimh, nó teampall Mhic Dara, an struchtúr is sine, go cinnte, ar an mbaile.
faoi smacht na hEaglaise Saor-Phreispeitéirí under the control of the Free Presbyterian Church
" Tá an páirtí is mó tacaíochta ó thuaidh, an DUP, faoi smacht na hEaglaise Saor-Phreispeitéirí, na Wee Frees nó Taliban Lite.
daimhliac stone church
" D'fhéadfadh sé go raibh an chéad eaglais déanta as adhmad, ansin tógadh daimhliac níos moille.
leasaitheoir eaglaise church reformer
" Bailiúchán foirgneamh gealdaite neamhchoitianta atá ann - eaglaisí, Halla na Cathrach, tithe móra cúnga, agus dealbh mór a chomórann Jan Hus, laoch náisiúnta agus leasaitheoir eaglaise a dódh ag an stáca mar eiriceach i 1415.
scaradh na heaglaise agus an stáit the separation of church and state
" Os a choinne sin, tá *Americans United for Separation of Church and State *(AU), eagraíocht a chuireann béim ar shaoirse reiligiúnda, ag maíomh gurb é an t-aon phrionsabal a chinnteoidh go mbeidh saoirse fhealsúnach agus reiligiúnda ag gach Meiriceánach ná scaradh na heaglaise agus an stáit.
iarsmaí seanséipéil the remains of an old church
" Stadann muid in aice le hoileán darb ainm Gun's Island, a bhfuil teach solais agus iarsmaí seanséipéil air.
anáidí eaglasta church annuities
" Bailíonn an taighdeoir leaganacha stairiúla de na hainmneacha as réimse leathan foinsí scríofa; is iad na cáipéisí oifigiúla stáit agus eaglasta na príomhfhoinsí a is mó a úsáidtear; cáipéisí na Suirbhéireachta Ordanáis ón 19ú céad, ionchoisní agus suirbhéanna talún den 16ú - 17ú céad, rollaí éagsúla den 13ú - 14ú céad, anáidí eaglasta ón 15ú céad.
theampall neamhshuaithinseach Protastúnach nondescript Protestant church
" Roimhe sin, bhíodh siad ag freastal ar theampall neamhshuaithinseach Protastúnach.
chomh daibhir le daol dubh as poor as a church mouse
" “Is mór an gar,” arsa Liam, “nó dá mbeadh muid ag iompar an chíosa seo cúpla mí eile bheadh muid chomh daibhir le daol dubh.
Séipéil Dhoire the Derry Churches
" ” Dhá shéipéal bheaga ======= Ina dhiaidh sin, thug muid cuairt ar láithreán álainn suaimhneach, Séipéil Dhoire.
eaglaisigh church people
" Labhair Feisire an DUP, chomh maith le polaiteoirí eile, eaglaisigh, lucht acadúil agus go leor eile agus an t-aon teachtaireacht amháin á craobhscaoileadh acu.
Shaor-Eaglais na hAlban the Free Church of Scotland
" Tá na hamhránaithe salm ina mbaill de Shaor-Eaglais na hAlban, eaglais Phreispitéireach, agus tá siad lonnaithe i gceantar eaglaise darb ainm Back.
cill church
" Thóg sé cill, agus níos moille tógadh mainistir.
cill church
" Thóg sé cill, agus níos moille tógadh mainistir.
ag machnamh ar bhunteagasc na heaglaise thinking of the basic teachings of the church
" Ach má spreag scannán Neil Jordan muid chun gach ar fhoghlaim muid faoi dhúnmharú Mhíchíl Uí Choileáin i mBéal na mBláth a cheistiú, cuireann *The Da Vinci Code* sinn ag machnamh ar bhunteagasc na heaglaise agus an méid a múineadh dúinn roimhe seo.
níos glóraí ag cosaint theagasc na heaglaise more vocal defending the teachings of the church
" Is beag duine a bhí níos glóraí ag cosaint theagasc na heaglaise ná an tEaspag Eamon Casey agus an tAthair Michael Cleary.
ar ghnóthaí na heaglaise on church affairs
" D’imigh a lán duine ó Eaglais na hAlban, mar ní raibh siad sásta le tionchar na dtiarnaí talún ar ghnóthaí na heaglaise.
an Eaglais Shaor the Free Church
" Bunaíodh an Eaglais Shaor agus tógadh eaglais nua i bPort mo-Cholmáig in aice leis an fharraige.
iar-Mhodhnóir na hEaglaise Preispitéirí former Moderator of the Presbyterian Church
" I measc na gcainteoirí, bhí John Dunlop, iar-Mhodhnóir na hEaglaise Preispitéirí; Jude Collins, colúnaí le Daily Ireland agus an staraí, Richard English.
thógfainn réimse gutha de chór eaglaise san áireamh I would take into consideration the vocal range of a church choir
" Agus mé ag cumadh píosaí mar sin thógfainn réimse gutha de chór eaglaise san áireamh.
iarsmaí séipéil the remains of a church
" Bhí idirghaol le hÉirinn ann, agus tá iarsmaí séipéil ar an chósta go fóill agus ainm Naomh Fionnán, easpag Movilla i gContae an Dúin, air.
iarsmaí séipéil the remains of a church
" Bhí idirghaol le hÉirinn ann, agus tá iarsmaí séipéil ar an chósta go fóill agus ainm Naomh Fionnán, easpag Movilla i gContae an Dúin, air.
Teampall Chríost Christ Church Cathedral
" Tar éis uair an chloig a chaitheamh le Natasha ina hoifig ar Shráid an Chaisleáin, in aice le Teampall Chríost i mBaile Átha Cliath, áfach, tháinig mé ar a mhalairt tuairime.
neart eaglaisí plenty of churches
" Bíonn na mílte dráma agus seó grinn *stand-up* ar siúl, agus baintear úsáid as gach aon saghas foirgnimh mar ionaid, neart eaglaisí agus coláistí ina measc.
ar thairseacha tithe pobail on the thresholds of churches
" Agus is iomaí gnúis nach raibh le feiceáil in áiteanna poiblí le fada an lá a fheicfear ar leaca doirse ar fud na tíre agus ar thairseacha tithe pobail agus ar chúil leoraithe agus leantóirí.
i gcúl na heaglaise at the back of the church
" Blianta ina dhiaidh sin, chuala muid gur thiomáin sé trasna go Leeds Shasana nuair a chuala sé go raibh an bhean chéanna chun pósadh, gur sheas sé i gcúl na heaglaise agus gur scread sé os ard nach bhféadfadh sí pósadh nuair a bhí seisean chomh mór sin i ngrá léi, dá dtabharfadh sí seans dó é a thaispeáint.
Ruaigeadh go garbh as an eaglais é he was ejected roughly from the church
" Ruaigeadh go garbh as an eaglais é agus thiomáin sé an bóthar abhaile go mall uaigneach croíbhriste.
saineolaí ar stair an hEaglaise Caitlicí an expert on the history of the Catholic Church
" Bhí sé ag smaoineamh ar an eacnamaíocht a dhéanamh agus ansin céim sa dlí, nó gairm a athar a leanstan sa chuntasóireacht, ach sa bhliain dheireanach dá chéim in Ollscoil Chicago, rinne sé cúrsa dhá mhodúl faoi stiúir Emmet Larkin, saineolaí ar stair an hEaglaise Caitlicí in Éirinn agus an scoláire Yeats, Frank Kinahan.
ón eaglais dhorcha, fhionnuar from the dark, cool church
" Amach liom arís ón eaglais dhorcha, fhionnuar i ndallrú gréine an mheán lae sa Spáinn.
teampall ochtagánach an octagonal church
" Tugaim comharthaí faoi deara dár dtreorú go h**Eaglais Santa María de Eunate**, teampall ochtagánach atá thart ar dhá chiliméadar ón g*Camino *ar thaobh na láimhe clé.
an tseaneaglais the old church
" Níl mórán den seanbhaile ársa fágtha sa lá atá inniu ann, taobh amuigh de chúpla foirgneamh mar an tseaneaglais i lár an bhaile, a sheas go dúshlánach in éadan bhuamadóirí Hitler agus Mussolini, a scrios trí cheathrú den baile agus a mharaigh na céadta ar an lá fuilteach úd, an 26 Aibreán 1937.
eaglais dhronlíneach a rectinlinear church
" ) Ceiliúrtar a lá féile ar 28 Feabhra, agus suas go dtí 100 bliain ó shin bhíodh turas ar an lá sin thart roinnt stáisiún aithreachais ag an díseart, a bhfuil eaglais dhronlíneach agus clochán coirceogach in aice leis.
i ngnóthaí na heaglaise. in the affairs of the church.
" Bhí gluaiseacht mhór ann a raibh sé mar aidhm aici stop a chur le cumhacht na dtiarnaí talún i ngnóthaí na heaglaise.
ar nós dealbh i séipéal. like statues in a church.
" Tá brí ar leith ag baint le chuile bhall adhmaid sna tithe seo - ar nós dealbh i séipéal.
de bhaill d'Eaglais Shasana of members of the Church of England
" Meascán de Chaitlicigh agus de bhaill d'Eaglais Shasana atá sna daltaí scoile.
Saor-Eaglais na hAlban, the Free Church of Scotland,
" Baineann salmaireacht na Gàidhlig go dlúth le Saor-Eaglais na hAlban, eaglais nach gceadaíonn ceol, ach amháin a cuid salm.
eaglais church, religion
" Mormannach is ea Mitt Romney agus tá go leor de Chríostaithe Mheiriceá – atá báúil don Pháirtí Poblachtach i bhfad níos mó ná don Pháirtí Daonlathach – den tuairim gur seict aisteach é an eaglais seo.
sa chór eaglasta in the church carpet
" Agus í dhá bhliain d’aois, thosaigh sí ag seinn an phianó agus bhí sí páirteach sa chór eaglasta ó bhí sí ábalta canadh.
de chuid na hEaglaise Caitlicí of the Catholic Church
" Buaileadh beirt phrionsa de chuid na hEaglaise Caitlicí go trom leis an ghalar seo ar na mallaibh.
aoirí de chuid na hEaglaise shephards of the Church
" Rinne siad beirt dearmad go raibh sé de dhualgas orthu mar aoirí de chuid na hEaglaise dea-shampla a thabhairt don tréad, ach ní dhearna an tréad dearmad *baa-aaa-aaa* a rá leis an bheirt acu.
eaglaisí éagsúla. various churches
" Fágadh formhór na bpáistí faoi chúram na n-institiúidí altramais, a bhí á reáchtáil ag rialtais na stát agus ag na heaglaisí éagsúla.
a ngoillfeadh mo sheasamh maidir leis an Eaglais Chaitliceach go mór orthu whom my opinions on the Catholic church would hurt greatly
" Mar sin, d’fhéadfadh daoine a ngoillfeadh mo sheasamh maidir leis an Eaglais Chaitliceach go mór orthu a bheith ag breathnú ar mo cuid cláracha, daoine nach bhfuil taithí acu ar an dearcadh atá agam nó ar an stíl fuirseoireachta atá agam.
ní théadh misinéirí de chuid na heaglaise go dtí áit ar bith san Afraic church missionaries used not go to anywhere in Africa
" Mar sin, ní théadh misinéirí de chuid na heaglaise go dtí áit ar bith san Afraic taobh amuigh den Afraic Theas agus Namibia, áiteanna a raibh cónaí ar dhaoine geala.
an-damáiste d'íomhá na heaglaise a lot of damage to the church's image
" Rinne an t-úrscéal an-damáiste d'íomhá na heaglaise go hidirnáisiúnta.
gur cheart do phobal na heaglaise bogadh that the church's congregation should move
" Faoin am seo, nochtadh do Smith gur cheart do phobal na heaglaise bogadh go Ohio, áit a bhféadfaidís fanacht go dtí go mbeidís in ann bogadh siar go tailte de chuid na Meiriceánach Dúchasach in Missouri.
i leith na heaglaise seo, regarding the church,
" Agus ní fios go fóill cén dearcadh a bheidh ag an gcéad uachtarán eile i leith na heaglaise seo, go háirithe más Gormach é! *Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach.
ardchomhairle na heaglaise, the church's supreme council,
" Faoi dheireadh, tháinig an "taispeánadh" a rabhthas ag fanacht air go dtí ardchomhairle na heaglaise, agus ligeadh isteach Gormaigh.
baill indibhidiúla na heaglaise individual members of the church
" D’éirigh caismirt idir baill indibhidiúla na heaglaise í féin, fiú, agus in 1844, tar éis d'achrann agus círéibeacha faoi pholagamas agus faoi shaoirse an phreasa a bheith ar siúl, mharaigh slua daoine Joseph Smith agus a dheartháir i bpríosún Nauvoo.
Eaglais Aontaithe Unitarian Church
" Tá eolas maith ag daoine ar Eaglais Aontaithe an Oirmhinnigh Sun Myung Moon mar gheall ar na póstaí ollmhóra ina mbíonn daoine páirteach nach bhfuil aithne dá laghad acu ar a chéile.
halla séipéil church hall
" Cúrsa teangaBhí ceann de na cúrsaí sin á dhéanamh agamsa: cúrsa samhraidh Manainnise do dhaoine fásta sa halla séipéil i mBallabeg (An Baile Beag), i ndeisceart an oileáin.
ministrí eaglasta church ministers
" Bhí roinnt ministrí eaglasta i measc na ndaoine ba bhinbí agus ba ghlóraí i gcoinne na Manainnise.
an Eaglais Chaitliceach the Catholic Church
" Ba iad muintir Ionad Buail Isteach an chéad dream a tháinig faoi amhras, ach níorbh fhada gur tháinig an Eaglais Chaitliceach faoi amhras i bhfad ní ba mhó, nó fuarthas clocha paidrín, ceann i ndiaidh a chéile, ar an bhealach idir An Bóthar agus teach an tsagairt sa Daingean.
Eaglais Chincíseach Pentecostal Church
" Is Críostaí go smior í a bhfuil na blianta caite aici mar bhall den Eaglais Chincíseach agus creideann sí go láidir i neart an Spioraid Naoimh agus i rudaí mar labhairt-i-dteangacha.
teach pobail Shéipéal Chríost an R the community house of the Church of Christ the King
" Chuaigh sé trasna na sráide chuig teach pobail Shéipéal Chríost an Rí le beannachtaí na féile a ghuí ar an sagart áitiúil, an tAthair Kevin Mullan, agus ar a phobal.
líon an eaglais filled the church
" Cantaireacht Ghréagórach a chleacht na manaigh - amhránaíocht mhall, beagnach gan rithim, canta i Laidin a líon an eaglais le guthanna fearúla, binne: le tonnta réidh fuaime a shruthlaigh timpeall orthu mar a mbeidís i bhfolcadh fuaime.
Eaglais church
" Anuas go dtí an Athbheochan, shíl an Eaglais go raibh an ghealach chomh mín agus chomh glan le criostal.
eaglais church
" Tá an tobar i nDíseart Aoidh Mhic Bhricne, ina bhfuil eaglais dhronlíneach agus clochán coirceogach.
húdarás eaglaise church authorities
" Dá mbeadh sé de mhí-ádh ort gur éirigh le vaimpír greim a bhaint asat nó gur easaontaigh tú le húdarás eaglaise nuair a bhí tú beo, ba leor sin le tú a tharraingt isteach i saol seo na neamhbheo.
tithe pobail of churches
" Agus is iomaí gnúis nach raibh le feiceáil in áiteanna poiblí le fada an lá nach bhfeicfear fós ar leaca doirse ar fud na tíre agus ar thairseacha tithe pobail agus ar chúil leoraithe agus leantóirí.
Séipéal church
" I ndiaidh teacht amach as cuairt ar Choláiste na nGael, b’fhéidir, nó as Séipéal San Pietro i Montorio mar a bhfuil cnámha na nGael, Ruairí Ó Domhnaill agus Aodh Ó Néill, cé na príomhionaid ar cheart a áireamh ar do liosta? Cén áit a dtosófá? Seasann an tSean-Róimh gualainn ar ghualainn leis an domhan nua-aoiseach agus caitheann muintir an tseansaoil órga sin a scáth ar Rómhánaigh an lae inniu agus iad ag lúbadh a mbealaigh isteach is amach tríd na sráideanna plódaithe spleodracha.
forais na heaglaise the church institutions
" Bhí forais na heaglaise ag tacú leis an gcogadh.
Eaglais na hEoleolaíochta Church of Scientology
" Slad de Leataobh ========== D'fhoilsigh WikiLeaks a chéad tacar doiciméad i 2006, agus tá eolas foilsithe acu ó shin i leith faoi chaimiléireacht sa Chéinia, Eaglais na hEoleolaíochta, agus taisme eithneach san Iaráin, fágaim.
leas na heaglaise the church’s benefit
" Cuireann an chaibidil sin síos ar an chaoi ar bhain an tAthair Tony Walsh mí-úsáid as páistí i bparóistí éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath ar feadh beagnach fiche bliain, agus ar an chaoi ar chuir Easpaig áirithe leas na heaglaise os cionn leas na bpáistí.
heaglaisí churches
" Tá imní orthu araon go mbeadh frithradadh ina n-éadan ó na heaglaisí, agus ón mionlach éadulangach san Astráil atá fíorláidir in aghaidh na muintire aeraí, dá dtacóidís le pósadh comhghnéis.
seaniarsmaí eaglasta old church remnants
" Bíonn sainchomharthaí oileáin cosúil leis an teach solais, na seaniarsmaí eaglasta, tithe mhuintir an oileáin agus báid na n-iascairí mar mhóitífeanna coitianta ina shaothar agus iad léirithe aige go haislingeach.
Eaglais na hÉireann Church of Ireland
" 
Ní nach ionadh, tugadh bata agus bóthar don Dr Brian Crowe, ar iar-Mhinistir lánaimseartha in Eaglais na hÉireann é.
eaglais church
" Agus ar ndóigh, bhí gaol gairid acu leis an eaglais Chaitliceach.
Is congaraí d’eaglais it’s more like a church
" Is congaraí d’eaglais ná do shlua sinn – pobal, b’fhéidir? Gach amhrán ina phaidir.
cheannas na hEaglaise church leadership
" Le córas feidhmiúil meánscolaíochta do na Caitlicigh mheánaicmeacha faoi cheannas na hEaglaise agus le greim docht coinnithe ag sagairt ar theagasc na fealsúnachta agus na socheolaíochta sna hOllscoileanna Náisiúnta, ní hiontas ar bith é nach raibh mórán glacadh sa stát nua ‘neamhspléach’ sna 26 Contae, le smaointí réabhlóideacha polaitíochta ná le liobrálachas maidir le cúrsaí gnéis.
deasghnátha na heaglaise church ceremonies
"deasghnátha na heaglaise agus gnáis an phobail fite fuaite ina chéile chomh maith.
balbhaithe ag an Eaglais silenced by the church
" Bagraíodh tuathú air dá bhfaigheadh an pobal amach go raibh sé balbhaithe ag an Eaglais.
mar theampall as a church
" Cheal áit níos oiriúnaí, úsáideann sé ionad aclaíochta a dhearthár mar theampall.
fothrach séipéil church ruins
" Leanann siad líne charraigeacha atá péinteáilte buí geal go dtí an fothrach séipéil, líne a thug na siúlóirí ‘Bóthar na mBrící Buí’ air nuair a nochtadh é i 2010.
d'fhág an eaglais a hanáil ar the church left its mark
" Bhí an Cumannachas ina bhagairt ar fud na hEorpa ag am a dhréachta agus d'fhág an eaglais a hanáil ar na haltanna úd a bhaineann le sealbhúchas agus le príobháideachas.
Eaglais Cheartchreidmheach Orthodox Church
" Tugadh breithiúnas géar orthu agus anois tá aird daoine ar fud an domhain dírithe ar rialtas Vladimir Putin, an gaol atá aige leis an Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach agus ar a laghad cead cainte atá ar fáil sa Rúis i láthair na huaire.
teach pobail church
" Sin ansin romham iad, ag bualadh *The Sash* chomh callánach tintrí is a bhí ina gcnámha taobh amuigh den teach pobail, an dearg-ghráin atá acu do Chaitlicigh le feiceáil ina n-aghaidheanna agus sa gheáitsíocht a bhí a chleachtadh acu.
hEaglais Cheartchreidmheach an Oirthir Eastern Orthodox Church
" An chuid is mó acu, is le hEaglais Cheartchreidmheach an Oirthir iad (Patracarcht Cheartchreidmheach Ghréagach Aintíoc is an Oirthir Uile).
ionsaí ar an séipéal s’acu an attack on their church
" Theith Ard-Easpag Críostaí Aleppo agus roinnt sagart ón Eaglais Aonaíoch Mheilcíteach chun na Liobáine nuair a rinne lucht trodaíochta ionsaí ar an séipéal s’acu.
Eaglais church
" Tugtar siar muid chuig an am nuair a bhain an Ísíltír saoirse amach ó Theallach Habsburg agus ón Eaglais Chaitlíceach i ndiaidh tréimhse fhada chogaíochta, agus feictear an t-athrú céadach dá bharr seo a tháinig ar chruth cultúrtha, sóisialta agus geilleagrach na tíre.
foirgneamh tuata in ionad eaglais a civil building rather than a church
" Is díol spéise é an pictiúr seo mar go dtaispéanann sé foirgneamh tuata in ionad eaglais, rud a chuireann i gcuimhne dúinn an neamhspleáchas a bhí bainte amach ag aos ealaíne na poblachta nua seo.
Eaglais ársa na Beithile the ancient church of Bethlehem
" Ghlac EOECNA - UNESCO i mí Meithimh i mbliana le Eaglais ársa na Beithile, ionad beirthe Chríost, mar shuíomh ar leith oidhreachta sa Phalaistín.
hEaglaise Fraochmhaire Church Rampant
" Paul’s School for the Deaf, Milwaukee, siar i mblianta ‘sona’ na hEaglaise Fraochmhaire.
De réir na hEaglaise according to the church
" De réir na hEaglaise, ba pheaca é ús a cheangal le hiasachtaí airgid agus nach raibh i ndán dóibh siúd a bhí ciontach ina leithéid ach beophianta Ifrinn.
i saol na hEaglaise in the life of the church
" **Balor: Níl dabht ar bith ach gur tréimhse ar leith í seo i saol na hEaglaise, go háirithe do na cairdinéil a mbeidh sé de phribhléid acu, agus d’ualach orthu, an Pápa nua a thoghadh.
Is leis an Eaglais é ar fad the church owns it all
" Is leis an Eaglais é ar fad; le pobal dílis Dé.
i gceann de na heaglaisí is ársa in one of the oldest churches
" Tá fianaise ar cheann de na samplaí is luaithe den turasóireacht spioradálta seo le fáil i gceann de na heaglaisí is ársa sa chathair, chomh maith le mórán gnéithe inspéise eile.
de réir Eaglais an Adhlactha Naofa of the Church of the Holy Burial
" Tá ailtireacht an Chruinntí múnlaithe de réir Eaglais an Adhlactha Naofa i Iarúsailéim agus ba í an chéad eaglais chiorclach a tógadh riamh sa Róimh í.
formhór ealaín na heaglaise seo bunaithe most of the church’s art is based
" Thógtaí teampaill chiorclacha den chineál seo go speisialta mar ionaid ómóis mairtíreach agus is ar téama na mairtíreachta atá formhór ealaín na heaglaise seo bunaithe.
cruth na heaglaise laghdaithe the shape of the church lessened
"cruth na heaglaise laghdaithe ón bhunfhoirgneamh a tógadh ar dtús i gcruth croise Gréagaí ach ina ainneoin seo, tá meascán sainroghnaithe ailtíreachta le feiceáil go fóill ann a thagann ó thréimhse na luath-Chríostaíochta chomh maith le haimsir na sean-Róimhe.
ciúnas na heaglaise quiet in the church
" Ballaí an Uafáis ======== Cuireann solas niamhrach agus ciúnas na heaglaise ar do shuaimhneas thú ar do bhealach isteach ann, rud a dhéanann an gheit a bhaintear asat níos measa nuair a thagann tú go tobann ar na híomhánna gáirsiúla briúidiúla, atá ar beagnach achan bhalla.
theagasc na hEaglaise the church’s teachings
" Díobh siúd a théann ar Aifreann, tá a fhios agam féin go dtugann cuid mhór acu neamhaird ar theagasc na hEaglaise maidir le cúrsaí collaí nó le pleanáil clainne.
an Eaglais a athnuachan to renew the church
" Léiríonn an scéal seo an chaoi ar theip ar an Phápa Benedict XVI (agus ar Eoin Pól II roimhe sin) an Eaglais a athnuachan san áit is treise a bhí sí tráth, an Eoraip.
le ceannairí eile other leaders (of the church) didn’t mind
" Bhíothas a rá gur chuma le Benedict XVI agus le ceannairí eile na hEaglaise, faoin titim siar in Iarthar na hEorpa, siocair an Eaglais a bheith ag fás sna tíortha atá faoi fhorbairt.
is cinnte gur suaitheadh an Eaglais the church was definitely disturbed
" Deirtear gur chuir na scéalta seo isteach go mór ar Bhenedict, agus is cinnte gur suaitheadh an Eaglais dá dheasca seo, ach ba mhall agus ba dhoicheallach an freagra a thug an Vatacáin orthu agus is ar éigean a thuill siad muinín na ndaoine ina dtaobh.