Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mearbhall céille mental confusion
" Ar saoire a tháinig cuid acu cúpla bliain ó shin agus tá siad ann ó shin - mearbhall céille ar go leor acu de bharr a fhlúirsí is a fhásann 'fiaile' faoi leith sa cheantar.
ciall sense
" "A stitch in time saves nine" a deirtear sa Bhéarla agus tá ciall le seanfhocail an Bhéarla freisin! *Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
céille sense
" " "Teachtaireacht?" "Ní raibh mórán céille le baint as.
a gciall gnó their business sense
" Lig siad a gciall gnó i ndearmad glan.
le fanacht ar mo chiall to remain sane
" Tá cara agam as Baile Átha Cliath a chónaíonn i mBéal Feirste agus deir sise: "Caithfidh mé imeacht achan choicís le fanacht ar mo chiall.
ciall cheannaithe the teachings of experience
" Cumas seinnte agus cumas cumadóireachta atá le cloisteáil ar an albam seo agus ciall cheannaithe, taithí agus tuiscint ar an gceol agus ar an mbrí a bhaineann leis.
ní raibh splinc chéille agam I had no sense whatsoever
" Deireann siad aga baile: 'Did you hear about the train in Buttevant that went off the rails like Nuala?' Bhaineas ana-shúp as an gcoláiste ach bhíos ró-óg agus ní raibh splinc chéille agam.
chiall meaning
" "Ach an bhfuil a fhios agat - ná húsáid thusa choíche focal, i nGaeilge nó i mBéarla, mura bhfuil a fhios agat cad é an chiall atá leis.
Bíodh crathán céille agat Have a bit of sense
" Nach iomaí uair a bhí fonn uirthi go díreach an doras a bhualadh ina héadán nó "Bíodh crathán céille agat" a rá léi nuair a shíl sí go raibh an bás ag a maicín.
chiall meaning
" Mothaíonn sí gur oibrigh an próiseas comhchomhairle a bhí acu ar fud na Gaeltachta go maith, ach ina dhiaidh sin nach raibh go leor ama acu le "hanailís a dhéanamh ar an ábhar sin, ar chiall a dhéanamh as agus ar na múnlaí a fhorbairt don tréimhse amach romhainn.
pioc céille any bit of sense
" Ceol Gaelach mo thóin! Bhí Tommy Makem ag fiosrú in ard a chinn "*Will You Go Lassie Go?" *Dá mbeadh pioc céille ag an ghirseach chéanna bheadh sí ar shiúl uaidh blianta fada ó shin.
Níl splaid chéille agam I have no sense whatsoever (lit. I haven't a spark of sense)
" "Níl splaid chéille agam," arsa Diarmaid.
splanc chéille spark of sense
" Willie bocht! Níl aon iontas go bhfuil sé briste! Anois teacht an earraigh beidh a chiall ag imeacht le gaoth arís agus tar éis na Féile Bríde beidh a raibh de splanc chéille riamh aige i ndiaidh é a thréigean.
ag baint céille as na focail interpreting the words
" A fhad is a bhímid ag baint céille as na focail in alt a chéile, i gcomhréir le chéile, cuimhnímid i gcónaí air gur saothar litríochta atáimid a léamh agus gur dual níos mó ná gnáthchiall na bhfocal a thóraíocht le linn na léitheoireachta againn.
i mbarr do chéille insane
" "Tá a fhios agam go bhfuil tú i mbarr do chéille ag an ocras," arsa Fionntán, "ach ól siar agus tiocfaidh sé gan mhoill.
Níl splaid chéille agat you have no sense
" Baineadh an anáil as Cathy agus scread sí le Clíona: "Níl splaid chéille agat, a ghirsigh.
tá mé i mbarr mo chéille agat I'm at my wits end with you
" Cas anuas an fhuinneog sin agus cuir do shoc amach agus fiafraigh den bhean sin atá ag tarraingt orainn cá bhfuil an t-ionad siopadóireachta seo nó tá mé i mbarr mo chéille agat.
go mbíonn an chiall amuigh nuair a bhíonn an braon istigh that drink leads to lack of sense
" Tá a fhios ag an saol Fódlach go mbíonn an chiall amuigh nuair a bhíonn an braon istigh.
go mbíonn an chiall amuigh nuair a bhíonn an braon istigh that drink leads to lack of sense
" Tá a fhios ag an saol Fódlach go mbíonn an chiall amuigh nuair a bhíonn an braon istigh.
ciall choiteann common sense
" Bíonn stádas “ciall choiteann” ag na luachanna seo, agus bíonn saol cultúrtha i gceist ina gcleachtaítear agus ina spréitear an mhór-idé-eolaíocht.
bíodh crathán céille agat have a bit of sense
" ” “Órú, bíodh crathán céille agat,” arsa Dara.
ciall áirithe a certain meaning
" Deir sé go raibh sé *“involved”* – focal a bhfuil ciall áirithe leis in Éirinn – ag am amháin ach nár mhair sin i bhfad.
déanaim iarracht a gciall a scaoileadh I try to release their meaning
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
seachrán céille mental derangement
" Nach air a bhí an seachrán céille nuair a d’aontaigh sé an diabhal rud a thabhairt.
spút céille a bit of sense
" Ar ndóighe, ní raibh spút céille ag duine amháin féin acu,” arsa Dónall.
ciall sense
" Agus mé i mbun comhrá léi, thuig mé go raibh mé ar tí dul isteach i ndomhan ait, áit nach raibh ciall ar bith ag baint le rudaí.
ciall a bhaint go fóill as an ré ina bhfuil siad féin. to make sense of the era they themselves are alive in.
" I dtír chomh húr le Meiriceá, atá fós ag athrú go mór ó ghlúin go glúin, is beag béim a leagtar ar stair nuair atá pobal na tíre ag iarraidh ciall a bhaint go fóill as an ré ina bhfuil siad féin.
ag a mbeadh splanc céille. who had any sense.
" Ansin, maidin bhreá Sathairn, fuair mé léargas ar an spórt a chuirfeadh ar an mbealach abhaile éinne ag a mbeadh splanc céille.
cairdeas sa chiall is leithne den fhocal friendship in the widest sense of the word
" tuigeann sibh gur cairdeas sa chiall is leithne den fhocal atá i gceist agam.
ciall agus fuaim meaning and sound
" Buachaill bó a bhí ann mar buckaroo agus arís, tagann ciall agus fuaim chur síos Cassidy le chéile.
pioc céille any sense
" Bhí an t-amhrán céanna le cloisteáil ó gach aon stáitse; na hamhránaithe ag fiosrú in ard a chinn “Will You Go Lassie Go?” Dá mbeadh pioc céille ag an *lassie* chéanna, bheadh sí ar shiúl blianta fada ó shin.
ciall airgeadais financial sense
" “B’iad na ceisteanna ná, ‘an gcuirfeadh do ghnó thú as an leaba mura mbeadh pingin riamh le déanamh as’; ‘an féidir leat é a dhéanamh níos fearr ná éinne eile nó* an gcreideann tú *gur féidir leat é a dhéanamh níos fearr ná éinne eile’ agus ‘an bhfuil ciall airgeadais ag baint leis?’” De réir Irial, más féidir le duine freagra dearfach a thabhairt ar na trí cheist sin, is féidir leis an duine sin a bheith ar nós gráinneoige agus é i mbun a ghnó.
mórán céille a lot of sense
" “Ní mar cháineadh a deirim seo, ach ní dhéanann sé mórán céille dul in iomaíocht le leithéidí Channel 4 ó thaobh gnéchláracha nó cláracha stíl mhaireachtála de.
Níl aon chiall ag baint leis there is not sense in
" Níl aon chiall ag baint leis an gcosc atá uirthi teacht anseo toisc breis agus ocht mbliana déag a beith aici.
atá ann sa chiall fhíorúil amháin. which exist in the virtual sense only
" Ach tá saothair eile i gceist chomh maith – dealbha cinéiteacha, cuir i gcás – atá ann sa chiall fhíorúil amháin.
mórán céille a lot of sense
" An mbeadh cosc ar shaothair áirithe le linn do lucht a gcruthaithe a bheith beo agus ansin, an gceadófaí na saothair chéanna agus a n-údair sa chré? Níl mórán céille ag baint leis an gcaint faoi fhilíocht Uí Shearcaigh a bhaint den churaclam.
do chiall a choinneáil. to keep your sanity.
" Caitheann tú iarracht faoi leith a dhéanamh do chiall a choinneáil.
ciall cheannaithe sense learnt from experience
" **Buntáistí**: Seans go bhfuil ciall cheannaithe aige um an dtaca seo agus go seachnóidh sé an chonspóid feasta.
ciall sense
" Cionn is go raibh mo chuid fostóirí ag íoc as an turas, bhí mé ag iarraidh mo chuid taistil ar fad a bheith chomh compordach is a thiocfadh leis a bheith – agus an buiséad taistil uilig a úsáid! Agus na cathracha seo chomh gar dá chéile, ní bheadh ciall ar bith le heitleán a ghlacadh.
níor chiall muid srian orainn féin. we didn't lose the run of ourselves
" Cén chaoi a mbraitheann Mac Con Iomaire faoin gclú? An rud aisteach é a bheith cáiliúil? “B'iontach an rud é, dar liomsa, go raibh muid ‘aibí’ nuair a tharla sé; níor chiall muid srian orainn féin.
ag dul as a gciall, going out of their minds
" Bhí an-spraoi ag baint leis: bhí daoine ag dul as a gciall, ach ar bhealach maith.
bhí an dá chiall ann d'aon ghnó. the two meanings were purposely there
" Tá dhá chiall le "*Country First*", agus cinnte, bhí an dá chiall ann d'aon ghnó.
Bhí an dara ciall ní ba shuntasaí, the second meaning was more significant
" Bhí an dara ciall ní ba shuntasaí, ámh: tús áite don tuath.
splanc céille a bit of sense
" Don Taoiseach is mian liom go dtabharfaí ranganna deaslabhartha agus aoibh phléisiúrtha; do Mhary Harney vaicsín acmhainn grinn (saor in aisce ar ndóigh); ticéad chuig The Lion King don Tánaiste; bachall mhór don Phríomh-Aoire le smacht a choinneáil ar na cúlbhinseoirí, do Mhary O'Rourke cárta leighis óna nia, conradh úr do Inda Kinny, cnámh droma (in-athnuaite) do John Gormley, roinnt iarrthóirí le dealramh do Shinn Féin, bliain gan tubaiste don HSE, leac cuimhneacháin do na PDs, splanc céille do Chonor Lenihan agus téipeanna Buntús Cainte do Mhichael Ring.
ciall mhaith tíosaíochta sensible frugality
" tá chomh maith agat ceann a bheith sciobtha leat ’na’ bhaile (pacáilte go domhain i do mhála agus é bainte amach as an bhosca), nó, níl ansin ach ciall mhaith tíosaíochta.
de dheasca easpa céille for lack of sense
" Ar ndóigh, is truamhéalach an fear nó an bhean a chaitheann maslaí agus eascainí i dtreo scáileán na teilifíse le teann feirge agus buile, de dheasca easpa céille agus tuisceana an réiteora, dar leo.
Tugann sé ciall it brings meaning
" Tugann sé ciall don duine sa saol aige/aici féin.
aon chiall any sense
" Má tá aon chiall sa mhéid sin, is daofa féin amháin a chum é atá.
Ciall cheannaithe a lesson learned
chiall is leithne widest sense
" uimhir a dó – má thuigeann tú leat mé – uimhir a dó sa chiall is leithne de na focail atá i gceist agam, bíodh a fhios agat – sa chiall nach mbaineann le.
chiall sense
" Ach an bhfuil aon chiall ag baint leis na hOgiek a aslonnú más rud é go mbeartaítear iad a thabhairt ar ais? Fiú dá mbeadh ciall lena leithéid de bheart, fágann taithí stairiúil na nOgiek go bhfuil siad amhrasach faoi ghníomhartha na n-údarás.
ciall ar bith any sense
" Nach diabhalta an rud é seo! An bhfuil ciall ar bith leis? Cúpla lá ó shin, tháinig mé ar an ráiteas giorraisc seo ar an idirlíon: “Let’s get down to specifics.
gciall dhearfach positive sense
" Foilsíodh alt fíorléirsteanach, i gciall dhearfach an fhocail, leis an Dr.
tagann ciall le haois we learn from life
" Ach tagann ciall le haois, ní hamháin don duine aonar ach ar bhonn níos leithne don tsochaí chomh maith.
cialla meanings
" Chothaigh James Joyce cialla difriúla ina shaothar Finnegan’s Wake chun ‘two thinks at a time’ a sholáthar, mar a dúirt sé.
céille sense
" ” Ní aistriúchán díreach a bhí i gceist le formhór mór na seanfhocal, ar ndóigh, mar nach mbainfeadh Polannaigh mórán céille as a leithéid d’aistriúchán mar gheall ar an imeartas focal, na tagairtí áitiúla is an íoróin.
steamar céille a bit of sense
" Ar chostasaí an mójó agatsa ná mo mhójósa!? Cén bhaint atá ag ár gcuid mójónna go léir le mójónna eile an domhain trí chéile? Dála an scéil, cad é an dóigh a mbeadh a fhios ag an Uasal Clinton nach bhfuil le déanamh ag muintir na hÉireann ach greim a fháil ar a gcuid mójónna seachas greim a fháil ar steamar céille leis na cosa a thabhairt slán as an fhaopach inar fhág a chuid dírialaithe seisean sinn? - Ná habair nach cuimhin leat gur dírialú Chlinton ar Shráid an Bhalla a scaoil nimh lucht na mbanc Ponzi amach ar fud an domhain deich mbliain ó shin! B'fhiú 'Bille' a bhaisteadh air feasta in áit 'Bill'.
ciall meaning
" Tuigfear nach i bhfad ciall an dá fhocal, 'eagar' agus 'riail' óna chéile.
sa chiall is cúinge in the narrowest meaning
" Ní raibh de fhís ag an pháirtí ach forbairt - sa chiall is cúinge den fhocal.
roinnt céille some sense
" Is é a theastaíonn anois ná ding le cur faoin doras chun é a choinneáil ar oscailt, chun go ligfear roinnt aeir úir isteach san áit mhúisiúnta ghruama dhochma sin – chomh maith le roinnt céille agus réasúin.
aon chiall any sense
" Ní dóigh liom go ndéanann sé aon chiall an chaint seo a bhíonn ins na meáin anois is arís gur diúltaíodh d’iarrthóir toisc nár éirigh leis nó léi suíochán a bhaint amach.
ciall ar bith no sense
" Fiú sa lá atá inniu ann, feicfidh tú bailte i lár na tíre nach bhfuil ciall ar bith leo a bheith ann go dtí go bhfaigheann tú amach gur tógadh ar líne traenach iad sa naoú haois déag.
bhí gan steamar céille hadn't an ounce of wit
" Ba iad an dáréag a bhí gan steamar céille, dar leis an slua amuigh, an dream beag sin a d'fhan faoi iamh is nár sheas amach riamh faoin mbáisteach.
mar a bhfuil ciall acu where they have sense
" Is é an t-iontas go mbeadh Taoiseach nó aon Tadhg an mhargaidh in Éirinn – agus bíonn – ag súil le rath ar a leithéid de chóras, ní hionann is roinnt tíortha thar lear mar a bhfuil ciall acu.
ciall sense
" Bhí ciall acu, mar lean mé féin, Alan agus Chris siar go Meall a' Bhothain (911), Meall na Creughaich (903m) agus an Carn Ballach (920m) i dtreo Carn Dearg (945m).
chiall teangeolaíochta linguistic sense
" **MDH: An mbeadh pidsean Ghaeilge againn - an Ghaeilg a chodail amuigh - sa deireadh?** CL: Ní dóigh liom gur pidsean a bheadh ann sa chiall teangeolaíochta, ach teanga theagmhála a bheadh ann cinnte.
Le ciall cheannaithe having learned by experience
" Le ciall cheannaithe, agus é fásta ina ailtire, tuigeann sé ansan nach dtugann bealach an Nádúir/na Caoithiúlachta aon fhaoiseamh don chréacht anama istigh.
ciall cheannaithe wisdom
" B’fhéidir le Dia go bhfaighidh an ghlúin aníos inár ndiaidh ciall cheannaithe as an am chorrach seo agus go gcuirfidh siad caoi ar an tír.
smidín céille an iota of sense
" Tá Balor bocht brúite ag guí chun Chroim Dhuibh go bhfágfaidh Crom smidín céille de shórt éigin ag Enda Aoibhinn, agus go ndéanfaidh an Taoiseach an ceapachán seo a chur ar ceal.
Tá ciall leis it’s sensible
" Ar €100,000+ ===== Tá ciall leis an méid a dúirt Mary Lou Mc Donald (Sinn Féin) ar Frontline an oíche faoi dheireadh: in am an ghátair níor cheart don Státchiste a bheith ag íoc níos mó ná €100,000 le aon duine atá ag obair sa státchóras - na Airí, An Taoiseach agus an tUachtarán san áireamh.
mórán céille much sensce
" Níl caint Joe Higgins (An Páirtí Sóisialach) ná Richard Boyd Barrett (Daoine roimh Bhrabús) ag déanamh mórán céille don phobal mór atá ag fulaingt ó na ciorruithe míthrócaireacha.
ar imeall a céille beside herself
" Altaímis an Ealaín ======= Tá brídeog ar imeall a céille ón ngalar dubhach, a fear chéile ar imeall a bhriste de dheasca a míshláinte siúd - gan trácht ar ghéarchéim an domhain féin, ar imeall a scriosta.
Eas’ is ciall le waterfall is the meaning
"Eas’ is ciall le ‘rhaeadr’: is ar an mbaile seo atá an t-eas is airde sa tír agus áirítí é ar cheann de sheacht n-iontaisí na Breataine Bige sa tseanaimsir.
chiall sense
" Ach céard é an chiall a bheith ag caitheamh airgid ar phlean teanga a réiteach do cheantar, ina bhfuil an Ghaeilge imithe i léig chomh mór is nach bhfuil difríocht ar bith idir é agus ceantar taobh amuigh den Ghaeltacht.
mórán céille much sense
" Cén mhaith an dúthracht a chaitheamh le plean a réiteach, mura dtugtar na acmhainní don cheantar lena chur i bhfeidhm? - (iii) Cuid de na ceantair ní dheineann siad mórán céille ó thaobh na tíreolaíochta agus cuid eile acu ní dheineann siad aon chiall ó thaobh cúrsaí teanga.
cibé an chiall atá leis sin whatever that means
" Luaitear ‘an phóilíneacht phobail’ - cibé an chiall atá leis sin - sa scéim chomh maith.
smidín céille an iota of sense
" An duine a mbeadh smidín céille aige, dhéanfadh sé gach iarracht gan a bheith fá bhúir asail d’áit mar sin ag am mar seo, dá mbeadh neart aige air.
cuireadh dúinn ciall a bhaint as an invitation to us to make sense of
" Tugann Vermeer cuireadh dúinn ciall a bhaint as an phictiúr le comharthaí atá mar leideanna mealltacha dúinn.
bhfuil mé ag seachadadh mothúcháin agus céille I’m delivering emotion and sense
" "Scaití, nuair a bhím ag canadh, bím ag smaoineamh ar an tionlacan, ach an t-am seo dúirt mé liom féin, - amharc, tá amhrán anseo ina bhfuil mé ag seachadadh mothúcháin agus céille - agus sin an fáth nach raibh baint na páirt agam leis an dtionlacan go dtí go raibh an guth taifeadta," ar sí.
an-chiall ag baint leis an iarratas the request very sensible
" ” An tAire Easláinte ====== Léigh Balor an litir go cúramach agus shíl sé go raibh an-chiall ag baint leis an iarratas.
bhfuil an chiall sin bainte aige as has taken this meaning from
" Ní hé seo an t-aon Bhreitheamh Ard-Chúirte amháin a bhfuil an chiall sin bainte aige as an Acht Náisiúntachta agus Saoránachta, faraor.
an chiall ceannaithe learned sense
" Bhí an chiall ceannaithe ag Páirtí an Lucht Oibre tar éis a threascartha san olltoghchán agus is beag an bhá a léirigh a dhúnghaois le muintir na mbád ó shin i leith.
níl ach díth céille a bheith á shéanadh it’s nonsense to deny it
" Dar ndóigh, tá a fhios ag an saol gur easpa slí bheatha is ciontach le muid a bheith ag teacht anall anseo, níl ach díth céille a bheith á shéanadh, ach is inmholta an rud ina dhiaidh sin leads a fheiceáil ag seasamh dá dtír féin, fiú nuair nach bhfuil áit ina dtír féin dóibh.
suaimhneas agus ciall ag teacht i réim peace and sense coming to the fore
" Ní fheicfimid suaimhneas agus ciall ag teacht i réim go dtí sin.
go dtiocfadh ciall riamh chuig would ever have sense
" Ach i ndiaidh dó a bheith ag éisteacht leis na scéalta uafáis ag teacht amach as Oirthear Bhéal Feirste oíche i ndiaidh oíche le cúpla mí anuas, níl sé cinnte anois go bhfuil dóchas ar bith ann go dtiocfadh ciall riamh chuig lucht léirsithe Oirthear na cathrach ciaptha cráite sin.
le ciall a chur iontu to bring them to their senses
" Ní fios go cinnte arbh iad SAM nó an Iaráin a mhúscail a gcuid diúracán i sciobóil sa Táidsíceastáin le ciall a chur iontu, ach bhain an méid sin an gus astu.
Bhí sé de chiall had the sense
" Bhí sé de chiall ag na náisiúntóirí fanacht sa mbaile, an uair sin, rud a bhain cuid den snas den dtoradh.
mbeidh sé de chiall ag shall have the sense
" Tá súil agam go mbeidh sé de chiall ag an Roinn an beartas místuama seo a chaitheamh i dtraipéisí.
sa chiall seo going by this understanding of it
" Mothúchán féinairmheánach a bhfuil tualang uilíoch aige is ea an grá sa chiall seo.
ní hionann ciall don duine we all have our own minds
" Ar an dea-uair, ní hionann ciall don duine agus i measc lucht oibre oirthear na cathrach, tá saint acu i leith na Gaeilge, an bean amháin sin ach go háirithe, Linda Ervine.
ciall níos leithne a broader meaning
"ciall níos leithne leis inniu, mothú nó léargas ar an bhunchiall atá le rud, léargas a thagann de ghnáth de thoradh ar eachtra nó ar thaithí bheag shimplí nó choitianta.
mórán céille ag baint lena gcuid smaointe not much sense in their ideas
" (Agus ina measc siúd, is baolach nach bhfuil mórán céille ag baint lena gcuid smaointe).
Tháinig ciall chugam agus ghearr mé sin siar I got sense and cut that back
" Bheartaigh mé deich n-abairt Polannaise a shlogadh is a chleachtadh achan lá, rud a chiallódh an t-anmhéid 3,650 abairt faoi cheann bliana! Tháinig ciall chugam agus ghearr mé sin siar go 5 abairt achan lá, líon a bhéarfas 1,825 abairt ar mo thoil agam faoi cheann bliana.
ní le ciall a bhaint as a bhfuil ag titim amach not in order to make sense of what’s happening
" Is gá a leithéid a dhéanamh, ní le ciall a bhaint as a bhfuil ag titim amach i dtuaisceart na hÉireann ach le fail amach cad é chomh hamaideach is atá sé.
an chiall a bhain siad as what they thought of
" - agus, ag an am chéanna, imeacht ón am i láthair siar go dtí clanna éagsúla Uí Néill san aimsir anallód ag meabhrú ar an tsaol a bhí acu, ar an chineál Ghaeilge a labhair siad, an chiall a bhain siad as an tsaol chrua a bhí acu.
aon chiall drochmheasúil any derogatory sense
" Ní raibh aon chiall drochmheasúil in úsáid an téarma “aineolach”, ba é rud a ba chiall leis an téarma ná “nach raibh an t-eolas ceart acu”.
nach bhfuil ciall cheart geilleagair leo they dont make economic sense
" Tá siad claonta fosta ar son beartais a mhaíonn go gcruthaídís poist, fiú amháin nuair nach bhfuil ciall cheart geilleagair leo.
Luíonn sé le ciall it’s sensible to assume
" Luíonn sé le ciall go mbraitheann neart agus tionchar an daonlathais ar chumas an phobail cinnidh chearta a thabhairt atá bunaithe ar an eolas.
luigh an ráiteas le ciall the statement made sense
" Bhí an chúilfhéith i bhfad siar ar Mháirtín agus luigh an ráiteas le ciall ag an am, ach tá glúin tagtha ina dhiaidh a bhfuil an cultúr le bheith casta ina thráchtáil acu.