Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach fiú cros na cianóige é that is totally worthless
" “Tá mé dubh dóite, dóthanach, tinn tuirseach agus bréan den phoiblíocht uilig atá á fáil ag an leabhar sin nach fiú cros na cianóige é, *Eats Shites and Leaves*,” a mhaíonn Balor na Súile Nimhe, Laoch na Litríochta.
na cianóga the coins
" ** **Brian Lenihan** (Lár páirce): Ní bheidh cóir ghaoithe leis an sparánaí san am atá le teacht mar go mbeidh na cianóga gann.
cianóga gann money is lacking
" Níor cheart go mbeadh ar an cháiníocóir díol as, go háirithe le linn tréimhse ina bhfuil na cianóga gann.
cianóga gann lack of money/ (cents)
" Is iondúil nuair a bhíonn na cianóga gann go dtosaíonn daoine ag ceistiú an fiúntas a bhaineann le hairgead a chaitheamh ar na healaíona, ar litríocht agus ar ndóigh, ar an Ghaeilge.
chianóg cent
" Balor: Ach, a eagarthóir, ní fhaighim mar íocaíocht san am i láthair ach cent amháin, nó mar ‘chianóg’ in do leagan arse féin, gabh mo leithscéal, ársa, Liatromach féin - sula ‘gceartaí’ tú mé! - cianóg in aghaidh gach abairt a scríobhaim.
cianóige cent
" Ar ndóigh agus mé ag comhaireamh gach cianóige cosúil le gach iníon mháthar na laethanta seo, cuireann a leithéid de nuacht gliondar ar mo chroí, ach tá blaisín den díomá tríd.
cianóg a cent
" Is dream deonach iad, nach bhfaigheann cianóg ar bith as an tseirbhís.
cianóg rua single cent
" Leagadar rompu agus rinne uisce faoi thalamh le chéile le bheith cinnte gurbh é an náisiún mór, saibhir, an Fhrainc, agus nárbh é an tírín beag, bocht, Éire éidreorach (a bhí saibhir cúpla bliain ó shin ach nach bhfuil cianóg rua ná sciúrtóg fanta anois aige), a rachadh chun na hAfraice Theas an bhliain seo chugainn le himirt i gcomórtas Chorn an Domhain (sacar, ní rugbaí, ar eagla na míthuisceana).
cianóg cent(s)
" (Nach fíor sin a eagarthóir?) As seo amach beidh bhur dtuairisceoir diabhalta ag gnóthú aon chéad cianóg an t-alt, seachas an leathchéad a bhí á fháil aige le fada fada fada an lá.
caitheamh cianóg pitch and toss
" D’imir na Anzacs bunúsacha an cluiche seo, caitheamh cianóg, ar an ármhá in Gallipoli nuair a bhíodh sosanna sa chogaíocht.
chianóg cent
" An chianóg a thabharfas tú uait ar earra ínteacht i siopa na comharsan, fanfaidh cuid de in aice láimhe.
cianóg rua a red cent
" Ach b’fhéidir nach bhfuil cianóg rua le sparáil agat.
aon chianóg bhreise cánach one extra cent of tax
" Tá Fine Gael ag fógairt nach n-iarrfar ar na daoine sin aon chianóg bhreise cánach a íoc ar an ioncam ard atá acu ón stát.
cúpla cianóg a dhéanamh make a few cents
" Is féidir le hÉirinn cúpla cianóg a dhéanamh as fearaistí spiadóireachta agus as codanna de ladrainn a chruthú is a dhíol le gnóthaí cogaíochta agus le hairm an iarthair, airm gurb é a bhfor is a bhfónamh tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh (nuair is mian leo teacht ar shinc, ar ór is ar ola go furasta).
cianóg of cents
" Chaill Bearnaí Ó Doibhlin cúpla cianóg le rás capaill san Astráil i mbliana.
carnann an cháil cianóga fame brings money
" Cruthaíonn spórt ainm agus cáil agus carnann an cháil cianóga.
cúpla cianóg a few coppers
" Más ag santú cúpla cianóg le do thionscnamh féin a chur chun cinn, b’fhéidir go bhfuil eolas ar an bhfoinse maoinithe san alt seo duit le Roseanne Smith.