Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ciaptha annoyed, tormented
" Taobh amuigh den dóiteacht atá air cionn is nár iarradh a chead a phictiúr a chur ar na cártaí, tá sé ciaptha gur seanphortráid dá chuid a bhfuil stáraithe an domhain ag gácáil air.
ciaptha tormented
" Bhí mé ciaptha ag Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, a bhí ag dul thart ar chairrín gailf, stoc fógartha i láimh amháin aige agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
ciaptha tormented
" Bhí muid ciaptha ag an Aire Éamon Ó Caoimhnis a bhí ag dul thart ar chairrín gailf le stoc fógartha i láimh amháin agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
a bheith ciaptha de shíor being obsessed all of the time
" Thug mé suntas ar leith don mhéid a dúirt sé faoi mhuintir na hÉireann a bheith ciaptha de shíor ag imní faoin tumthéitheoir agus cé acu ar fágadh ar siúl é, nó ar múchadh é! Dar leis, bhí neamhord éigníoch dúghafach ag muintir na tíre ina hiomláine faoi! Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm mar go bhfuil mo thuismitheoirí féin díreach mar sin.
ciaptha annoyed
" Tá sé ciaptha gur seanphictiúr dá chuid atá ann.
ciaptha leis an imní distressed with worry
" In Éirinn, dúirt Tang Liang, ar Síneach é atá ag gabháil do chéim in UCC, go raibh sé ciaptha leis an imní mar gheall ar gur gabhadh a thuismitheoirí i rith an tsamhraidh agus é curtha ina leith go bhfuil siad bainteach leis an ngluaiseacht Falun Gong.
ciaptha tortured
" Bhí Tesla ciaptha le síorshruth smaointe, tromluíonna agus brionglóídí.
ciaptha tortured
" Tá an cnuasach iontach seo le feiceáil sa Courtauld Gallery i Londain faoi láthair agus léiríonn sé taobh leochailleach bog Michelangelo agus é ciaptha ag an ghrá, nach raibh feicthe ag mórán roimhe sin.
ciaptha tormented
" Tá muintir na hÉireann suaite go dona ag an tubaiste seo ar fad: tá daoine ciaptha ag an imní agus tá fearg mhór chiúin faoin chroí ar go leor leor daoine.
Ciaptha le Ciontacht tortured by guilt
" Ciaptha le Ciontacht ========== Is ábhar buartha leanúnach dó freisin nár éirigh leis mar cheoltóir (Saol an Ghrásta).
agus é ciaptha cráite mar while he was pained by being
" Tháinig na friotail loma galánta ó Lincoln ina slaoda agus é ciaptha cráite mar Uachtarán na Stát Aontaithe ó 1861-5.
lucht léirsithe Oirthear na cathrach ciaptha cráite sin the protestors in the east of that troubled tortured city
" Ach i ndiaidh dó a bheith ag éisteacht leis na scéalta uafáis ag teacht amach as Oirthear Bhéal Feirste oíche i ndiaidh oíche le cúpla mí anuas, níl sé cinnte anois go bhfuil dóchas ar bith ann go dtiocfadh ciall riamh chuig lucht léirsithe Oirthear na cathrach ciaptha cráite sin.
a bhíonn ciaptha de shíor which is continually troubled
" An bhfuil aon náisiún eile ar chlár na cruinne a bhíonn ciaptha de shíor ag smaoineamh faoina bhféiniúlacht? Bhí cnámh lom na fírinne á insint ag Brendan Behan nuair a mhaígh sé go bíonn síocóis náisiúnta ag an Éireannach san áit ina mbíonn féiniúlacht náisiúnta ag achan chine eile.
ciaptha leis an imní. in bits with worry
" Agus Ardteist na bliana seo beagnach buailte linn, beidh an dream atá ar tí an scoil a fhágáil ciaptha leis an imní.