Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chimí prisoners
" Le linn na tréimhse sin, thug sí cuairt ar chimí i Hondúras.
chimí poblachtánacha republican prisoners
" Bhí sé 43 lá ar stailc bia nuair a cuireadh deireadh leis an fheachtas le stádas polaitiúil a bhaint amach do chimí poblachtánacha.
iris na gcimí poblachtánacha magazine of the republican prisoners
" Agus é faoi ghlas, bhí sé ina eagarthóir ar *An Glór Gafa*, iris na gcimí poblachtánacha.
gcimí na Ceise Fada the Long Kesh prisoners
" Seans go raibh muid débhríoch go maith faoin fhoiréigean ach ba é an tuairim choitianta i measc náisiúnaithe na tíre ná nach raibh i gcimí na Ceise Fada ach íospartaigh a bhí san áit chiotach ag an am chiotach.
i gcillíní na gcimí in the inmates' cells
" Tá grianghraif eile ann, áfach – a tógadh i gcillíní na gcimí – a thaispeánann gnéithe de shaol an phríosúin nach mbeadh daoine chomh heolach céanna orthu, agus atá cineál coimhthíoch ina n-eileacht.
chimí prisoners
" An chúis dheireanach: chuir daoine taobh istigh agus taobh amuigh de ghluaiseacht na poblachta ina luí ar cheannairí, ar chimí, agus ar na hÓglaigh iad féin – an chuid is mó acu seo ar scor ar bith – gurbh é próiseas síochána bunaithe ar chomhoibriú le náisiúnaithe eile an bealach ab fhearr le spriocanna poblachtánacha a bhaint amach, fiú dá gcaithfí an IRA scor.
a cimíodh who were imprisoned
" Taispeántas Bogaimid ar aghaidh agus téann Louis agus John isteach i gceann de na beairicí adhmaid ina bhfuil taispeántas a dhéanann cur síos ar roinnt de na daoine a cimíodh in Majdanek, mar aon le heolas faoi na Naitsithe a rith an sluachampa.
chimí básaithe executed prisoners
" Níor thoiligh aon duine de na mairbh a bheith páirteach sa taispéantas de réir cosúlachta agus cuireann sé seo, chomh maith leis an stair atá ag an tSín maidir le sárú cearta a cuid saoránach agus nódú baill choirp ó chimí básaithe, fíormhíshuaimhneas ar dhaoine.
ceistneoirí na gcimí the prisoners' interrogators
" Cuireadh iontas ar go leor i lár mí Aibreáin nuair a d'fhoilsigh rialtas Obama litreacha a seoladh idir ceistneoirí na gcimí agus comhairleoirí dlí i rialtas Bush.
gcimí prisoners
" Ní raibh clann ar Charlie agus Ella agus thug sin an t-am dóibh leanúint lena dtacaíocht do ghluaiseacht na Poblachta, ag cruinniú airgid don Chumann Cabhrach (eagraíocht fóirithinte na gcimí poblachtacha) mar shampla, agus thug sé an t-áiméar dóibh chomh maith saoire a chaitheamh sa Choireán i gCiarraí a mhinice is ab fhéidir leo.
gcimí prisoners
" Tugann ‘Don’ na gcimí fána sciathán é, ach ar chostas sceimhliúil.
chimí geilleagair economic captives
" Tá gach gné díobh sin agus eachtraí eile nach iad tábhacht, ní hamháin duit féin ach don lánúin óg atá ina gcónaí i ngar duit ar chimí geilleagair anois iad i dteach nó in árasán a raibh orthu a cheannach mar go raibh gasúr ar an mbealach.
chimí cogaidh prisoners of war
" Níor tugadh aitheantas do na coinneálaithe ann mar chimí cogaidh agus níor caitheadh leo faoi Choinbhinsiún na Ginéive maidir leis an Chóir a chuirfear ar chimí cogaidh dá bharr.
bhfeadfaí saoirse a bhaint do chimí ar athchur remand prisoners could be freed
" Am ar bith a raibh Ó hEára os comhair na cúirte, dhiúltaigh sé seasamh, pléadáil nó an cúirt a aithint ach an bhliain sin, roghnaíodh seacht gcas ina bhfeadfaí saoirse a bhaint do chimí ar athchur ach iad an chúirt a aithint.
coirp na gcimí eile a crochadh the bodies of other prisoners
" D’iarr an Ceallach ar na húdaráis a chorp a chur i dtalamh coisricthe, ach caitheadh a chorp in aolchlais le coirp na gcimí eile a crochadh um an dtaca sin.
ar thaobh na gcimí de on the prisoners’ side
" Cruthaíodh naimhdeas uafásach ar thaobh na gcimí de agus láithreach bonn, thosaigh na feachtais easaontaithe agus agóidíochta i gcoinne an chórais pheannaidigh Bhriotanaigh mar a d’oibrigh sé i dTuaisceart Éireann agus i Sasana féin.