Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ciníocha races
" Cásanna eile ======= Tá go leor cásanna eile den chineál céanna ciníochais i measc na bpóilíní tagtha chun solais le roinnt blianta anuas.
ciníocha races
" Cuirtear ceisteanna caolchúiseacha orainn faoin chaidreamh atá againn féin le náisiúntachtaí agus le ciníocha eile.
maslaí ciníocha racist slurs
" Bhí rudaí éagsúla i gceist sa naimhdeas seo, ó chaitheamh achasán go maslaí ciníocha, go hionsaithe fíochmhara poiblí ar na sráideanna agus dúnmharú, fiú.
tuairimí gnéaschlaonta nó ciníocha sexist or racist opinions
" Shéan sé go raibh tuairimí gnéaschlaonta nó ciníocha ag bainisteoirí sa choláiste agus dúirt sé liom go raibh sé ag iarraidh rudaí a réiteach liomsa "go pearsanta".
tuairimí ciníocha racist opinions
" Chuir siad bac le rudaí an t-am uilig, agus nuair a chuir muid ceist orthu faoin bhuiséad le haghaidh sláinte agus sábháilteachta sa choláiste, bhí fearg ar Richard Griffiths, oifigeach airgeadais, agus tháinig sé amach le tuairimí ciníocha in aghaidh na nÉireannach.
maslaí ciníocha racist insults
" Tá cur síos sa leabhar ar eachtra amháin dá leithéid a tharla ar thraein a bhí ag iompar lucht leanúna abhaile tar éis Cluiche Ceannais na Mumhan agus an chaoi ina raibh fir óga a bhí ar meisce ag caitheamh maslaí ciníocha le heachtrannaigh a bhí ar an traein.
na hionsaithe ciníocha the racist attacks
" Seo rud truamhéalach eile a dúirt an bhean bheag dhóighiúil chliste seo: "Déanann na hionsaithe ciníocha an féinmheas a shú asat.
líon na n-ionsaithe ciníocha ag méadú the number of racist attacks increasing
" "Ach ansin chonaic mé líon na n-ionsaithe ciníocha ag méadú, go háirithe i ndiaidh 11 Meán Fómhair.
ciníocha races
" Is iomaí contrárthacht atá san Afraic Theas mar thír: an deighilt idir na ciníocha; an deighilt idir saibhir agus bocht; tithe móra millteacha cúpla méadar ó bhaile seantán; daoine ag saothrú na gcéadta milliún rand ó ór na tíre agus páistí ag freastal ar scoil gan leabhair, gan áiseanna agus amanna gan mhúinteoir.
ionsaithe ciníocha racist attacks
" Déaneann an MRHPU monatóireacht ar chiapadh agus ar ionsaithe ciníocha fosta agus baineann siad úsáid as an Inter-Agency Monitoring Form, atá in úsáid ar fud Merseyside ag eagraíochtaí stáit agus deonacha.
maslaí ciníocha agus gnéaschlaonta racist and sexist insults
" Agus cuireadh brú millteanach orainne sa NATFHE agus in UNISON i gcónaí – tugadh gach sórt masla dúinn, maslaí ciníocha agus gnéaschlaonta san áireamh (cf.
do ghrúpaí ciníocha to racist groups
" Tá Arm na Fraince ag tabhairt meaisínghunnaí do ghrúpaí ciníocha sa Fhrainc le daoine dubha a mharú.
na hionsaithe seicteacha agus ciníocha the sectarian and racist attacks
" Tá an UDA ag iarraidh athrú ach cosnóidh sé cuid mhór airgid le deireadh a chur leis na hionsaithe seicteacha agus ciníocha a bhfuil siad freagrach astu.
ciníocha the races
"ciníochas láidir i gceist sna Stáit Aontaithe ó bunaíodh an tír.
tuairimí míchuíosacha ciníocha extreme racist views
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
maslacha ciníocha racist, insulting
" Dúirt daoine áirithe i measc íospartaigh na n-ionsaithe gur tugadh ainmneacha maslacha ciníocha orthu lena linn.
tagairtí ciníocha racist references
" ** **‘drochtheanga nó tagairtí ciníocha agus/nó seicteacha a úsáid’.
le linn círéibeacha ciníocha during the race riots
" Mheall an fuadar óir sna 1850í oibrithe Síneacha go leor chun na hAstráile ach tugadh íde na muc is na madraí dóibh le linn círéibeacha ciníocha sna láithreacha tochailte óir.
na ciníocha a dheighilt separation of the races
" D'fhan dlíthe eile a cheadaigh na ciníocha a dheighilt ("scartha ach comhionann") go dtí 1964.
a bhí bunaithe ar mheascán de theoiricí áiféiseacha ciníocha which were based on a mixture of ridiculous racist theories
" Bhí Mengele i mbun a chuid turgnamh aisteach leighis ag an tráth sin, turgnaimh a bhí bunaithe ar mheascán de theoiricí áiféiseacha ciníocha a bhí coitianta i measc “intleachtóirí” áirithe ag an am.
fiú ciníocha even racist (opinions)
" Ba mhórábhar é ar na cláir raidió idirchum freisin, agus cead a chinn ag Tadhg an mhargaidh a thuairimí aineolacha, fiú ciníocha, a nochtadh orthu.
ciníocha eile other ‘races’
" Ach nuair a tháinig siad a chónaí in Buenos Aires, mheasc siad leis na ciníocha eile agus de réir a chéile laghdaíodh an tÉireannachas a bhí iontu.