Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a bheith rannpháirteach i gcinniúint a chéile to participate in each other's fate
" Is é a bheith rannpháirteach i gcinniúint a chéile.
dá chinniúint to his destiny
" "Ní bheidh deireadh leis an streachailt go dtí go bhfaighidh mé bás," a dúirt sé agus an chuma air gur ag géilleadh go suaimhneach dá chinniúint a bhí sé.
De chinniúint by chance
" De chinniúint a bhíos féin i Manhattan.
Chuir an chinniúint a ladhar isteach sa scéal fate intervened in matters
" Chuir an chinniúint a ladhar isteach sa scéal ansin nuair a tharla an galar crúibe agus béil.
cinniúint fate
" Stair ======= Ba í an Phlandáil Ultach (1609) a chuir cor i gcinniúint na paróiste.
cinniúna fate
" Léas *Cumhacht na cinniúna* le Tomás Bairéad fadó agus gan agam ach Gaeilge na scoile; ar chuma éigin, dhiúltaíos riamh don *kismet*, do nóisean sin na cinniúna.
smacht acu ar a gcinniúint féin control of their own destiny
" Mhínigh Conall dom go raibh sé mar chuspóir acu go mbeadh smacht acu ar a gcinniúint féin ó thaobh taispéantais a eagrú agus poiblíocht a fháil dá gcuid imeachtaí.
ar lá sin na cinniúna on that fateful day
" Is máchail dhoghlanta é ar cháil an oileáin go bhfuil meáin chumarsáide an domhain mhóir amhrasach faoi ghluaiseachtaí daoine áirithe de bhunadh Thoraí ar lá sin na cinniúna nuair a chuaigh an Cabin Fever go tóin poill.
lá na cinniúna the day of destiny
" An 15 Iúil 2003 lá na cinniúna do thionscal iascaireachta na hÉireann.
cinniúint fate
" Bíodh is gur ceanglaíodh cinniúint Nice leis an reifreann in Éirinn, bhí teipthe ar Nice sular thosaigh pobal na hÉireann ag smaoineamh air mar chonradh.
cor i gcinniúint na bpearsana a twist in the characters' fate
" Murach í ní aithneodh sé tús pléascach ná casadh tobann i scéal ná cor i gcinniúint na bpearsana ná na múrtha ábhar eile a gcuireann léitheoirí, idir lucht acadúil agus eile, suim iontu sa litríocht.
uair na cinniúna the hour of destiny
" Bhí an dochtúir ag maíomh go raibh uair na cinniúna sroichte ag an gcóras sláinte poiblí sa tír seo - rud ata soiléir go leor do a lán daoine.
cinniúint fate
" Is iomaí cor is lúb a tharla i gcinniúint na nGael ó shin ar ndóigh agus tá ceart na bpobal iad féin a rialú bainte amach anois.
am na cinniúna make or break time
" As ucht Dé, cé atá lena gcuid páistí a thógáil le Gaeilge sa lá atá inniu ann ar mhaithe leis an €260 sa bhliain atá ar fáil do theaghlaigh faoi Scéim Labhairt na Gaeilge? Is cinnte gurb é seo am na cinniúna don Ghaeltacht.
cinniúint fate
" D’fhéadfaidís a mhaíomh gur cuireadh cor leatromach ina gcinniúint ó tharla b’fhéidir nach bhfuair siad dóthain pointí le tabhairt faoina rogha cúrsa ollscoile, nach bhfuil siad sona sásta ina ngairm bheatha agus nach dtuilleann siad an oiread is a d’fhéadfaidís dá mba rud é gur bronnadh na marcanna orthu a bhí dlite dóibh.
cinniúint iar-chogaidh post-war destiny
" Nuair a chruinnigh an triúr seo le chéile le cinniúint iar-chogaidh na hEorpa a shocrú, thit sé amach go mbeadh an Pholainn laistiar den Chuirtín Iarainn.
ar a chinniúint féin. his own destiny.
" “Níl ann ach corrdhéagóir nach mian leis imeacht ón mbaile agus smacht iomlán a bheith aige ar a chinniúint féin.
athruithe móra cinniúna big changes of fortune
" ” I ndiaidh am Cholm Cille, tháinig athruithe móra cinniúna ar an oileán.
Bhí sé i mo chinniúint it's been my fate
" Bhí sé i mo chinniúint go mbeadh orm leanúint ar aghaidh ag obair, mar tá go leor acu nach bhfuil suim acu in aon rud ach amháin bheith ag úsáid na dteangacha chun páipéir léannta a scríobh, a shaothróidh turais saor in aisce dóibh go dtí an Mhongóil, agus áiteacha mar sin.
cén chinniúint atá i ndán dó what fate lies ahead of it
" “Tá Aontroim Thoir-theas ar a chonlán féin, agus ar a chonlán féin oibreoidh sé amach cén chinniúint atá i ndán dó agus an bealach is fearr chun tosaigh,” arsa Kirkham.
lá seo na cinniúna this fateful day
" “Is maith a bhí a fhios agam go raibh lá seo na cinniúna le teacht luath nó mall.
cor cinniúna watershed
" The Stonewall Riots a thugtar go coitianta ar an eachtra seo a tharla 38 bliain ó shin sa chathair Mheiriceánach agus ba dhíol suntais í mar gheall ar go meastar í go forleathan a bheith ina cor cinniúna i stair na ndaoine homaighnéasacha.
Murab ionann is cinniúint na Teamhrach, unlike the fate of Tara
" Murab ionann is cinniúint na Teamhrach, áfach, tá sé intuigthe go mbeidh dea-chríoch leis an scéal seo do dhaoine óga.
chinniúint fate
" B’fhéidir nach raibh sé sa chinniúint ag Liam go mbeadh sé ina phéintéir mar ní raibh saol sócúil aige agus é ag fás aníos - bhí sé tinn ar feadh i bhfad agus ní raibh mórán airgid sa chlann a ligfeadh dó a aisling a leanstan.
am na cinniúna the historic moment
" Bíonn ceannaire mór de dhíth in am na cinniúna, duine a bhfuil fís aige, duine a mhothaíonn an ghaoth stairiúil, duine a ghlacfaidh leis an dúshlán mhór mar ghlaoch ó na déithe, duine atá sásta a thodhchaí féin, uaireanta a bheatha féin, a chur i mbaol mhór, agus duine a bhfuil cumas cumarsáide den scoth aige.
chinniúint in store
" Ach toisc gur dán dorcha a bhíonn sa chinniúint ag leannáin ar a gcoiméad sa cineama, tá a fhios againn nach mbeidh toradh maith ar seo uile.
cinniúna fateful
" I measc na breithiúnais atá le déanamh againn ar aon aiste dá leithéid, tá seo – ar éirigh go hiomlán le Neranjo an maoithneachas a sheachaint nuair a thagann lá fuilteach na cinniúna? Beidh a fhreagra féin ag gach éinne ar an gceist sin.
gcinniúint fate
" Cé gur fiagaithe-cnuasaitheoirí a bhí sna Batwa ó dhúchas, rud atá fíor i gcás na bPigmithe go léir, fágann gach cor atá curtha ina gcinniúint nach gcleachtann roinnt mhaith Batwa an saghas sin saoil a thuilleadh.
cinniúint fate
" An tUileloscadh Bhí bolscaireacht mar seo le cloisteáil in aghaidh na nGiúdach sa Ghearmáin sna 1930s agus déanann Buttimer comórtas idir cinniúint na nGael agus na nGiúdach.
Lá na Cinniúna fateful day
" Bhuel, tá Lá na Cinniúna tagtha.
cor inár gcinniúint affect our future
" Má tá an t-ádh orainn, cuirfidh an tubaiste uafásach i Murascaill Mheicsiceo cor inár gcinniúint: cuirfidh sé in iúl dúinn go gcaithfimid, sa deireadh, ár gcúl a thabhairt leis an ór dubh.
Cinniúint fate
" Cinneadh le Glacadh nó Glacfar le Cinniúint =========== Níl Aodán chomh héadóchasach céanna faoin Ghaeltacht áfach, ainneoin go gcreideann sé go mbíonn doicheall ag bunadh na Gaeltachta roimh ionchur óna leithéid, agus an ceart acu, a deir sé.
cinniúna decisive, fateful
" Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin in aitheasc a thug sé do Bhord Údarás na Gaeltachta, ar an 15 Nollaig 2005, gur “beag suáilce nó sochar, sonas nó gradam nach bhfuil bronnta go hoifigiúil ar an teanga seo ar bhealach amháin nó ar bhealach eile agus muid ag tabhairt aghaidh ar na deich mbliana cinniúna seo romhainn amach, idir 2006 agus 2016.
Cumhacht na cinniúna the power of destiny
" Cumhacht na cinniúna, más mian leat.
gcinniúint fate
" ” Níorbh fhada, áfach, gur chuir cúrsaí spóirt cor i gcinniúint na mná óige, rud nach ndéanfar iontas chomh mór sin de nuair a thuigtear go bhfuil cúrsa in iriseoireacht spóirt déanta aici.
uair na cinniúna decision time
" In uair na cinniúna ní dhearna sé ach chaint dhéchiallach, sheachantach.
am na cinniúna at the decisive moment
" (Sa chás seo, bheadh vóta saor ag gach teachta nuair a bhí an socrú leis an CAI a chíoradh sa Dáil) Is annamh a fhaighimid deis cruth úrnua a chur ar ghléas riartha an stáit, ach seo anois sinn in am na cinniúna.
uair na cinniúna time of reckoning
"uair na cinniúna in achomaireacht dó.
a gcinniúint their fate
" ”* Thuig Tom Deirg go maith an bhunchúis a bhí ag cosmhuintir na Gaeltachta le Gaeilge a cheilt ar a gcuid gasúr: ní mba bhuntáiste ar bith dóibh a bheith ag fás aníos sa Ghaeltacht le Gaeilge craicneach gan Béarla líofa acu nuair ab é bád bán na himirce a gcinniúint.
Uair na cinniúna the fateful hour
" Uair na cinniúna buailte linn maidir le craobhchomórtas na bliana seo.
chinniúint fate
" Is é barúil choiteann na ndaoine abhus go bhfágadh an mhuintir dhúchais gach uile shórt faoin chinniúint agus go mbíodh a mbeathú ó lá go lá ag brath go hiomlán ar an méid a bhíodh le fáil gan dua sa dúiche ina mbídís ina gcónaí.
uair na cinniúna the fateful hour
" Níl sa mhéid sin ach barúil faoin mhalairt rogha agus tá mé cinnte go ndéanfar an t-ábhar cigilteach seo a scansáil go mion agus go minic le linn saolré an rialtais seo, agus uair na cinniúna don tSeanad ar an tsúil againn.
chinnteofar cinniúint na Gaeltachta the fate of the G. shall be determined
" Is le linn do shealsa mar Phríomhfheidhmeanach mar sin a chinnteofar cinniúint na Gaeltachta agus an dtiocfaidh an tuar fán tairngreacht dhuairc a rinne údair an Staidéir Chuimsithigh.
chur an rialtas ina chinniúint performed by the government in its fate
" Tar éis an tsaoil, ba mhó an bhagairt í an imirce don teanga sa Ghaeltacht ná aon chor diúltach ná dearfach a chur an rialtas ina chinniúint.
cinniúint na gcainteoirí dúchais the native speakers fate
" Tá An Chonair Chaoch (2012) lán de thagairtí do na codarsnaí seo a dhealaíonn T1 agus T2 óna chéile agus don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu: ‘Cé go bhfuil cinniúint na gcainteoirí dúchais agus na bhfoghlaimeoirí i dtuilleamaí a chéile, .
cheapadh ár gcinniúna féin the bringing into being of our own destiny
" Cad é an rud a dhéanfadh lucht cúise agus lucht creidimh teanga de Bhéarlóirí na tíre, óir níl ár ndóthain gníomhairí, ar nós Mhic Sheáin, ag dréim, ag samhlú agus ag cromadh chun oibre? Tá an ghné sin i bhfolach áit éicint sna Béarlóirí gar don fhéinmhuinín, don mheasúlacht, do cheapadh ár gcinniúna féin.
in uair na cinniúna at this fateful hour
" Bhí Benedict ina intleachtóir agus ina dhiagaire, ach anois in uair na cinniúna, ní duine acadúil atá de dhíth ach ceannaire misniúil.
faoi chinniúint na nUltach about the fate of the Ulster warriors
" Níl a fhios agam an mbeidh orm turas na Síne a dhéanamh ag cantaireacht sa tSean-Ghaeilge faoi Dheirdre agus faoi chinniúint na nUltach.
i gcinniúint an Chamarúnaigh in the fate of the person from the Cameroons
" Ciallaíonn sé sin gur ar thalamh na hIlchríche Dorcha atá an teorainn idir an Eoraip is an Afraic agus is ag an teorainn seo a tháinig an chéad chor mí-áidh eile i gcinniúint an Chamarúnaigh, Eric Tabo.
coranna casta i gcinniúint an cheantair seo the twists and turns in the fate of this area
" Léiríonn sé na coranna casta i gcinniúint an cheantair seo go bhfuil an struchtúr is sine i mBéal Feirste, an droichead ag Connswater – Abhainn Choinn (baiste as an tiarna Gaelach, Conn Ó Neill) anois i gcroílár an cheantair atá ag seasamh an fhóid (mar dhea) ar son an cheangail leis an Bhreatain.
i gcinniúint na tíre is mó sa leathsféar theas in regard to the future of the largest country in the southern hemisphere
" Ós rud é go bhfuil an scéal ag athrú ó lá go lá tá sé róluath le breith a thabhairt ar an gcor seo i gcinniúint na tíre is mó sa leathsféar theas.
roimh lá na cinniúna before the fateful day
" Tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí, áfach, go raibh sise i mbun comhcheilge ar feadh tréimhse mhaith roimh lá na cinniúna, ach bhain a dúshlán siar as muintir na hAstráile ag an am.
a cinniúint féin i ndán di its own destiny ahead of it
" Cuirfidh turas an Uachtaráin ina luí gur tír cheannasach neamhspleách í Éire a bhfuil a cinniúint féin i ndán di.
gcinniúint na hÉireann Ireland’s fate
" Agus gan amhras chuir sé cor mór i gcinniúint na hÉireann.
d’éirigh leo an chinniúint sin a sheachaint they succeeded in avoiding such fate
" Bhí siad ann a thuar go gcríochnódh an Afraic Theas amhlaidh, ach buíochas le Dia d’éirigh leo an chinniúint sin a sheachaint.
dá mbeadh an chinniúint sin i ndán were such in fate
" B'fhéidir nár mhiste le státseirbhíseach nó beirt de chuid na linne seo dá mbeadh an chinniúint sin i ndán do Mhícheál freisin: ní cheileann 'Roy Keane na Gaeilge' an mhífhoighid atá air faoin státchóras, faoin gcaoi a múintear an teanga, ná faoin bpolaitíocht áitiúil i gConamara.
aontaithe in uair na cinniúna united in fateful times
" An tír nach bhfuil in ann í féin a riaradh agus a rialú mar is ceart, cén chaoi a mbeadh sí aontaithe in uair na cinniúna? Cén chaoi a mbeadh sí in ann polasaithe fad-téarmacha éifeachtacha a chur le chéile? Ní Mór an Cath a Throid ======== Is cinnte go bhfuil fórsaí cumhachtacha domhanda ag brú an daonlathais as a riocht.
cén chinniúint what future
" Is léir cén chinniúint atá roimpi mar thír.
ina gcinniúint féin in their own destiny
" Is cuma cén toradh a bheidh ar an vóta, beidh lámh níos láidre ag muintir na hAlban ina gcinniúint féin.
cinniúint fate
" ) An bhfuil éifeacht ag d’ainm ort? Nomen est omen a deireadh na Rómhánaigh: tá cinniúint san ainm.
lena gcinniúint féin a cheapadh to determine their own destiny
" Aithníonn Ciarán Mac Aonghusa a bhfuil ag titim amach os comhair a dhá shúil, agus cuireann sé cumha mhór air, ach tá spreacadh fanta in go leor daoine in Éirinn lena gcinniúint féin a cheapadh.
raibh lámh aige i gcinniúint played a part in the destinies
" Chuir Mícheál Ó hAodha spéis i scéal fir as ceantar Thrá Lí a raibh lámh aige i gcinniúint a lán d’Éireannaigh an bháid bháin i leath deiridh an chéid seo caite.