Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
doiciméad cinniúnach fateful document
" Is doiciméad cinniúnach é an daonáireamh.
chinniúnach fateful
" Lucht múchta tine ======= Ar an Máirt chinniúnach san agus na mílte ag teitheadh lena n-anam ón dá Thúr anuas, bhí Lucht Múchta Tine Nua-Eabhrac ag dul suas i gcoinne an tráchta.
cinniúnach fateful
" Táimid ag am cinniúnach do na meáin anseo in Éirinn, ní hamháin anois ach le tamall anuas.
cinniúnach fateful
" Tharla éacht amháin a bhí an-stairiúil, cinniúnach, i stair na hÉireann ar an 23 Deireadh Fomhair.
mbotún cinniúnach fateful mistake
" Conspóidí ======= Maidir le conspóidí, tá cuid mhaith díobh tugtha chun cuimhne sa leabhar, agus cuimhneoidh go leor daoine mar shampla ar an mbotún cinniúnach a rinne **Jimmy Cooney** i gcluiche leathcheannais iomána na hÉireann i 1998 idir Contae an Chláir agus Contae Uíbh Fháilí.
cinniúnach fateful
" Beidh an meamram rialtais a bhaineann leis an gcinneadh cinniúnach faoin "Bertie Bowl" ar fáil faoi dheireadh 2004.
cinniúnach fateful
" " "Am cinniúnach é seo don Ghàidhlig," arsa John MacLeod ón ghrúpa FÁS, atá ag iarraidh gníomhartha in ionad na cainte.
cinniúnach fateful
" Ghlacadar le gach ar chaith Corcaigh ina dtreo maidir le scil, croí agus paisean agus, in ainneoin go ndeachaigh na Corcaígh aon chúilín chun tosaigh, choinnigh báireoirí chois Feoire guaim orthu féin agus d'aimsíodar cúl cinniúnach in éadan threo na himeartha chun forlámhas a fháil in athuair ar a gcéile comhraic.
cinniúnach fateful
" Rose Kennedy ======= Tá cuntas mion, atá ar fheabhas ar fad, i leabhar Maier ar an chaidreamh rómansúil cinniúnach a bhí ag Kathleen "Kick" Kennedy, a thit i ngrá agus a phós Protastúnach a bhí gaolta le teaghlach ríoga na Breataine.
chinniúnach fateful
" Tá bliain chinniúnach chruógach curtha díobh ag comhúinéirí an chomhlachta, na deirfiúracha Bríd agus Eileen Seoighe agus Pierce Boyce (atá pósta le Bríd).
an-chinniúnach very fateful
" Ach in 2003 chonacthas comharthaí a thabharfadh le fios gur bliain an-chinniúnach a bheidh in 2004 d'fhear Dhroim Conrach.
cinniúnach fateful
" Cuimhnigh freisin gurb é stát Florida an stát cinniúnach a shocraigh cé a bheadh ina uachtarán an babhta deiridh.
cinniúnach fateful
" Cruinniú cinniúnach a bhí ann mar gur thug White le fios dó go ndeachaigh John O’Dowd, iargharda ó Ráth Bhotha, i dteagmháil leis an lá tar éis bhás Richie Barron.
cinniúnach fateful
" Lá stairiúil, cinniúnach in annála Chumann Lúthchleas Gael (CLG).
cinniúnach fateful
" Cruinniú cinniúnach a bhí ann mar gur thug White le fios dó go ndeachaigh John O’Dowd, iargharda ó Ráth Bhotha, i dteagmháil leis an lá tar éis bhás Richie Barron.
cor cinniúnach stairiúil a fateful historic point
" Mar a dúirt an tUasal Douthwaite: “Tá muid anois ag cor cinniúnach stairiúil i gcúrsaí daonna.
chinniúnach fateful
" Bliain chinniúnach í seo do Bhertie Ahern, a chinnteoidh cé acu an éireoidh leis a thríú téarma mar Thaoiseach a bhaint amach.
cinniúnach fateful
" Ina chroí istigh ní raibh ach ceist amháin ag déanamh tinnis dó an lá cinniúnach sin – cathain agus conas a chruthódh sé na coinníollacha ina bhféadfadh sé siúl isteach arís leo, bealach amháin nó bealach eile.
marc cinniúnach fateful mark
" Nuair a roghnaigh Gallagher agus Traynor an fear lasrach éirimiúil seo mar shiombail ar an Éire nua a bhí á chruthú acusan, Gile Mear Éire nua na sainte agus an rachmais, bhí marc cinniúnach curtha acu ar scéal Fhianna Fáil sa dara leath den bhfichiú haois, marc nach bhfaighimis amach faoi go ceann daichead bliain eile.
ón lá cinniúnach sin from that fateful day
" Chaith siad bliain ag cleachtadh le chéile ar dtús agus is léir go bhfuil turas ar leith taistealta acu ó shin, go proifisiúnta agus fiú go pearsanta, ón lá cinniúnach sin i gCorcaigh.
ag amanna cinniúnacha, at crucial times,
" Bhí sé de mhí-ádh orthu go raibh triúr de na himreoirí ab fhearr in easnamh ag amanna cinniúnacha, go mór mhór i 1979 de bharr timpiste bóthair, imreoir curtha den pháirc agus imreoir imithe ag imirt le Manchester United.
tréimhse chinniúnach decisive period
"tréimhse chinniúnach roimh na meáin Ghaeilge agus iad ag tabhairt faoi dhul chun cinn millteach i gcúrsaí teicneolaíochta agus faoi mhargadh ina bhfuil géariomaíocht.
ó thoghchán na bliana cinniúnaí since the election of the decisive year
" Chaith beagnach 54 faoin gcéad de na toghthóirí a vóta, an ráta vótála is airde sa Pholainn ó thoghchán na bliana cinniúnaí 1989 ann.
lá cinniúnach decisive, critical day
" Agus é ag fógairt a imeachta os comhair na meán an lá cinniúnach sin, bhí cuma bhíobalta ar an radharc – a dheisceabail dhílse lena thaobh agus an fhuinneog dhaite taobh thiar de.
cor cinniúnach fateful turn
" Ní dócha go scaoilfidh sé rúin ar bith a thabharfaidh léargas glinn dúinn mar gheall ar an fhear seo a raibh baint aige le cor cinniúnach in Éirinn.
cinniúnach fateful
" Mar sin, táimid ar lorg carr nua ag am atá cinniúnach do thiománaithe Mheiriceá.
Bliain chinniúnach watershed year
" Bliain chinniúnach do choinbhinsiúin na bpáirtithe ab ea 1968.
cinniúnach fateful
" Go dtí go bhfeice tú le do shúile cinn féin é, ní bheidh sé soiléir sna grianghraif agus sna scannáin a ghéire is atá corr an bhealaigh ar tiomáineadh Kennedy timpeall air an nóiméad cinniúnach sin.
cinniúnach fateful, decisive
" Bhí go leor den tuairim, agus aontaím féin leo, gur chinneadh tromchúiseach, cinniúnach é ag an réiteoir poc éirice a bhronnadh ar Chill Chainnigh agus an cluiche ag dul go dtí an dóbair.
a bheas cinniúnach which shall be final, determinate
" Cheap tú nuair a bhain tú 16-17 amach go raibh a fhios agat cér thú féin, ach anois, bíonn roghanna le déanamh, roghanna a bheas cinniúnach is a fhanfas leat go deireadh do shaoil.
bhliain chinniúnach determining year
" Agus ní iontas ar bith é gur scríobh Seán Tadhg Ó Gairbhe ar an Irish Times le déanaí gurb ann do “bhliain chinniúnach na Gaeilge”.
Chinniúnach decisive
" Agus ní iontas ar bith é gur scríobh Seán Tadhg Ó Gairbhe ar an Irish Times le déanaí gurb ann do “bhliain Chinniúnach na Gaeilge”.
am cinniúnach fateful time
" De réir fabhalscéalaíocht Mheiriceá, am cinniúnach i stair na tíre ab ea an eachtra seo, nuair a caitheadh boscaí agus burlaí tae isteach i nduga Bhoston mar agóid in aghaidh chórais canach Shasana (a leag cáin ar na cóilínithe gan ionadaíocht a thabhairt dóibh i bParlaimint.
cúl cinniúnach deciding goal
" Bíodh go raibh orthu fanacht go dtí an lá deiridh maidir lena n-áit a chinntiú i gCorn an Domhain, is léir go ndeachaigh pearsantacht mhealltach luaineach Maradona i bhfeidhm ar a chuid imreoirí ón mbealach a ndearna siad ceiliúradh leis tar éis do Mario Bolatti an cúl cinniúnach cáiliúcháin a aimsiú in aghaidh Uragua.
cinniúnacha decisive
" Is léir anois agus le roinnt blianta anuas, nach i mí Bhealtaine, mí Mheitheamh ná i mí Iúil féin a imrítear na cluichí móra, cinniúnacha a shocraíonn cé a bheas san iomaíocht faoi dheireadh na biaiste.
cinniúnach fateful
" ) Casphointe cinniúnach ============ Cé go raibh súil le bua Rousseff, casphointe cinniúnach i stair na tíre atá ina toghadh.
Bliain chinniúnach a fateful year
" Bliain chinniúnach ab ea 1980 inar dúnmharaíodh John Lennon agus an tArd-Easpag Oscar Romero; inar inis an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, do phobal na tíre go raibh siad ag maireachtáil thar a n-achmhainn; inar toghadh Ronald Reagan agus Robert Mugabe mar Uachtarán ar Mheiriceá agus mar Phríomh-Aire ar an tSiombáib fá seach; inar bhain Johnny Logan Comórtas na hEorafíse le *‘What’s Another Year’;* inar cuireadh tús leis an chéad stailc ocrais sa Cheis Fhada; ina ndearna SAM baghcat ar na Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl i Moscó; inar bhuaigh Solidarność a stailc i longchlós Gdańska na Polainne.
lá cinniúnach eile another decisive day
" Is fada obair ar bun ar seo ach creidim féin gur lá cinniúnach eile don Ghaeilge í seo.
Bliain chinniúnach a decisive, fateful year
" Bliain chinniúnach ab ea 1911 i Learpholl, le stailc mhór fhada i measc na n-oibrithe iompair.
an lá cinniúnach sin that fateful day
" As an lá cinniúnach sin, cuireadh tús leis an *“Irish Seal Sanctuary”* i 1986 i ngairdín Bhreandáin mar thearmann do fhiadhúlra agus d’ainmhithe na mara, rónta ach go háirithe.
Am cinniúnach desisive time
" Am cinniúnach atá ann don tír, mar tá sé tuartha go rithfidh na Stáit Aontaithe as airgead idir an 3ú agus an 10ú Lúnasa, agus caithfidh rialtas Mheiriceá airgead a fháil faoi na dátaí sin nó loicfidh siad ina bhfiacha reatha agus ina n-íocaíochtaí idirnáisiúnta.
cinniúnach fateful
" Ag 4pm ar an lá cinniúnach úd, chinn an bord éirí as trádáil agus tús a chur leis an phróiseas le deireadh a chur leis an chuideachta ar fad.
chinniúnach fateful
" Agus, mar bhuille scoir, an apacailipsis chinniúnach ina n-alptar an domhan agus gach a mhaireann air in aon imbhualadh eadarphlainéad amháin.
chorraitheach cinniúnach fateful turbulent
" Ba chorraitheach cinniúnach iad na tréimhsí thuasluaite seo i stair na Seice san aois seo caite.
cinniúnach fateful
" Fuascailt ní bhfuair an déagóir dóite sin fé dheireadh, agus fuascailt ní bhfuair tromlach comhghuaillithe Stephen ar an gcéad lá de chath cinniúnach an Somme i 1916.
an leathanú cinniúnach the fateful broadening
" Mar nach rabhadar ag súil leis, nó chun luí leis an bhfaisean, nó toisc nach bhfuil ann ach ‘coiméide Fhrancach éadtrom eile’, ní fhaca scata léirmheastóirí an leathanú cinniúnach a thagann ar raon Tautou an dul seo.
Am cinniúnach a critical time
" Am cinniúnach é seo don Údarás, mar sin, ó tharla go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar chúraimí na heagraíochta agus go mbeidh crot iomlán úr ar chomhdhéanamh an bhoird.
Am Cinniúnach do Chách a fateful time for all
" Am Cinniúnach do Chách ========== Ar ndóigh is am cinniúnach é seo don Ghaeltacht fosta.
Dhá lá chinniúnacha two fateful days
" Dhá lá chinniúnacha i saol Katie Nic an Táilliúra, treise léi.
sa bhliain chinniúnach seo this fateful year
" Seolaimid an Chairt seo sa bhliain chinniúnach seo ina bhfuiltear le ceiliúradh a dhéanamh ar Bhliain na Gaeilge, comóradh 120 Bliain d'athbheochan cultúrtha an 19ú Aois, nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge, agus sa Bhliain Comórtha seo ar Chairt Bhaile Bhéal Feirste a bronnadh ag Rí Shasana Séamas a hAon sa bhliain 1613.
dearmad ar an lá cinniúnach sin forget that fateful day
" Ní dhéanfaidh mórán daoine Éireannacha dearmad ar an lá cinniúnach sin ach mar a dúirt giolchairí amháin <https://twitter.
cé a chaith na diúracáin cinniúnacha who cast the fateful rockets
" Ní fios cé a chaith na diúracáin cinniúnacha ar an 21ú Lúnasa (is mó is dóichí gurbh é arm Assad é), ach tá a fhios ag an domhan cé a d'fhulaing dá dheasca: fuair 635 bás nuair a phléasc diúracáin lán leis an néarghás Sarin i bhfobhailte thoir na Damaisce ina raibh na ceannaircigh i gceannas.
ag am atá thar a bheith cinniúnach at a very decisive time
" Sa chomhthéacs sin, tá an tairiscint ag teacht ag am atá thar a bheith cinniúnach.
cruth gruama cinniúnach na hÉireann the fateful and gloomy appearance of Ireland
" D’oir argóintí Allers cruth gruama cinniúnach na hÉireann dar le de Fréine: “Tá dhá phríomhábhar spreagtha sa duine, ‘mian na cumhachta’ agus ‘mian an chuideachtanais’ (ar cuspóir di duine a oiriúnt i gcomhair saoil mar bhall de phobal sóisialta.
cinniúnacha fateful
" Is í an cheist is mó atá ag dó na geirbe do na húdaráis ná teacht ar thuiscint ar an difríocht atá ann idir gearáin gan fhiúntas agus bagairtí tromchúiseacha, cinniúnacha.
tar éis an cinneadh cinniúnach after the fateful decision
" Dhá lá tar éis an cinneadh cinniúnach a bheith déanta scríobh Tomás Bán Ó Con Cheanainn, litir ag cara inar dúirt sé go raibh an cath ar son na Gaeilge san Ollscoil nua buaite agus lean sé air lena rá: *“Hyde says it is the biggest and most momentous event in the history of the country of the past 200 years.
cinniúnach fateful, important
" Am cinniúnach é seo don eagraíocht agus don Ghaeilge agus beidh roinnt mhaith dúshlán roimh an té a cheapfar.
cinniúnach fateful
" Breathnófar siar ar chruinniú mullaigh Johannesburg mar fhaillí stairiúil ag am atá thar a bheith cinniúnach, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill.
ar an reifreann cinniúnach to this decisive referendum
" Ach níl muintir na tíre seo ag tabhairt an oiread sin airde ar an reifreann cinniúnach atá ag teacht chun cinn, mar a mhíníonn Breandán Delap.
Bliain chinniúnach decisive year
" Bliain chinniúnach ab ea 2007 i gcúrsaí polaitíochta an tuaiscirt.
cinniúnach fateful
" Níorbh as an nGrassy Knoll a caitheadh an t-urchar cinniúnach i leith an Chinnéidigh a deir Brian Ó Broin.
chinniúnach fateful
" Tá díospóireacht chinniúnach ar siúl faoin nGaeilge faoi láthair ach tá ceist amháin atá níos tábhachtaí ná aon cheann eile, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.
saothar cinniúnach i saol duine fateful pieces of art in one’s life
" Bhí Mícheál Ó hAodha ag faire ar údarás crua an stáit: ollmharú na sluaite agus ag coigistiú chuige féin saothar cinniúnach i saol duine ‘ar son na hoidhreachta coitinne’.