Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cinnireachta leadership
" In ainneoin na lochtanna ar fad, leanann an Cumann Lúthchleas Gael ar aghaidh ag tabhairt an dea-shampla agus na cinnireachta do mhuintir na hÉireann ar go leor bealaí, rud nár thosaigh inniu ná inné, dar ndóigh.
easpa cinnireachta lack of leadership
" Is ionann sin is a rá, sula dtosaíonn tú ar chor ar bith, go mbeidh mí-éifeacht, moilleadóireacht agus easpa cinnireachta go mór i gceist má thagann lá an uafáis.
chinnireacht leadership
" B'ionadh léi an chrógacht agus an chinnireacht a chonaic sí thart uirthi: Damien in aois a cheithre bliana déag ag tabhairt orduithe, ag smaoineamh ar na soilse a mhúchadh; Nóra, agus í fuaraigeanta, ag baint an ghutháin anuas agus ag síneadh na sreinge thart an coirnéal le bheith ábalta scairt a chur ar an RUC.
cinnireacht leadership
" Toil pholaitiúil ======= Chun é seo a bhaint amach tá gá le toil pholaitiúil agus cinnireacht pholaitiúil.
easpa cinnireachta lack of leadership
" Níos measa fós, sílim gur léirigh an tUachtarán Seán Ó Ceallaigh easpa cinnireachta nuair nár chuir sé brú ar an Ardchomhairle agus ar an gcoiste forbartha (nó pé teideal atá air) an fód a sheasamh don tréimhse a bhí leagtha amach.
Easpa feighlíochta, cinnireachta agus freagrachta. Lack of vigilance, leadership and responsibility.
" Easpa feighlíochta, cinnireachta agus freagrachta.
cinnireacht leadership
" Fiú amháin in aimsir Jack Charlton, an tréimhse ab fhearr riamh ag foireann sacair na tíre seo, nuair a bhí imreoirí cumasacha láidre a raibh carachtar agus cinnireacht ag baint leo (Bonner, Moran, Whelan, Townsend, Houghton, etc) ar fáil, bhí an t-ádh ar Jack Mór ó am go ham maidir le cáiliú do chomórtais Eorpacha nó Dhomhanda.
cúraimí cinnireachta leadership responsibilities
" Cé nach bhfuil siad in oifig, titeann cúraimí cinnireachta ar an fhreasúra chomh maith céanna leis an rialtas agus bíonn an toghlach ag brath orthu le stiúir éigin a thabhairt dóibh.
cinnireacht a léiriú to display leadership
" Is mithid dóibh uilig (idir pháirithe an rialtais agus an fhreasúra) cinnireacht a léiriú sula n-iarrfar ar ghrúpaí leochailleacha den phobal ualach míchothrom a iompar.
cinnireachta of leadership
" Brian Cowen (An Taoiseach) Easpa cinnireachta agus easpa maoirseachta léirithe aige.
chinnireacht leadership
" A chuid oibre déanta go maith aige, go dtí le gairid, agus é á ullmhú féin do ruathar a dhéanamh ar an chinnireacht.
cinnireacht an pháirtithe the party leadership
" Sa bhliain 2001-2002, ba é Saban an bronntóir maoinithe ba mhó a bhí ag na Daonlathaigh, nuair a bhí cinnireacht an pháirtithe ag tacú le hionradh ar an Iaráic.
cinnireacht leadership
"cinnireacht nua ag teastáil le stráitéis nua a chur le chéile agus le muid a threorú as an bpoll doimhin dorcha ina bhfuil muid sáinnithe faoi láthair.
cinnireacht leadership
chinnireacht leadership
" Tar éis feachtas crua a troideadh go stuama agus go straitéiseach, faoi chinnireacht Dúbhghlas de hÍde agus Eoin Mhic Néill, d’éirigh le Conradh na Gaeilge stádas éigeantach a bhaint amach don Ghaeilge san Ollscoil nua mar ábhar máithreánach le fáil isteach san Ollscoil.
chinnireacht leadership
" Ach an bhfuil sé de mhisneach ag an Lucht Oibre an deis seo a thapú? Is mó seans a bheadh ag Comhrialtas faoi chinnireacht Gilmore polasaithe an Lucht Oibre a chur i bhfeidhm ag bord an Rialtais.
chinnireacht leadership
" Níl aon dualgas ar an Lucht Oibre, seachas mar atá ar Fhianna Fáil, a bheith ag tacú le rialtas faoi chinnireacht Enda Kenny.
chinnireacht leadership
" Níl aon dualgas ar an Lucht Oibre, seachas mar atá ar Fhianna Fáil, a bheith ag tacú le rialtas faoi chinnireacht Enda Kenny.
An easpa cinnireachta lack of leadership
" An tAthrú Cinnireachta ============ **SMM: Céard is suntasaí a chonaic tú, dar leat, i saol na Gaeilge le glúin anuas?** LÓD: An easpa cinnireachta ó fhoinsí oifigiúla! **SMM: An easpa cinnireachta ó fhoinsí oifigiúla?** LÓD: Is é sin, gan an chinnireacht a theacht ó pholaiteoirí sinsearacha ná ón mhaorlathas.
cinnireacht mhisniúil courageous leadership
" , thug sí cinnireacht mhisniúil do mhuintir Thaobh an Bhogaigh i nDoire, tar éis do mhuintir na háite bac a chur leis an RUC briseadh isteach sa gceantar náisiúnach.
Cinnireacht nó Cinsireacht leadership or censorship
" Cinnireacht nó Cinsireacht? ============= Mar aguisín leis an scéal sin, tá Patsaí Dan Mac Ruairí i ndiaidh toirmeasc iomlán a chur ar irisí Caitliceacha.
cinnireacht cheart proper leadership
" Nochtadh tuairim go raibh imreoirí spóirt ina n-eiseamláirí don óige agus don phobal i gcoitinne agus dúradh go raibh teipthe ar eagraíochtaí móra agus ar chinnirí éagsúla na tíre, idir chléir agus thuath, lucht polaitíochta, gnó agus siamsaíochta (an dream a luaitear an focal ‘*celebrity*’ lena stádas sa phobal go háirithe), treoir, sampla agus cinnireacht cheart a thabhairt do mhuintir na tíre.