Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ciontóir offender
" Lena chois sin, de bhrí go léiríonn taighde go bhfuil seans níos lú ann go mbrisfidh ciontóir a bhfuil caidreamh láidir aige lena theaghlach an dlí arís, tá siad siúd atá i gcoinne mholadh an rialtais ag maíomh go ndéanfaidh sé dochar mór do na príosúnaigh, dá dteaghlaigh, agus don tsochaí i gcoitinne má bhogtar na cimí agus mura féidir le daoine cuairt a thabhairt orthu chomh minic céanna.
ciontóirí offenders
" Tá na mílte acu ann, iad ag gabháil thart i riocht gardaí agus *gurriers*, múinteoirí agus mionchoirpigh, cioclóip agus ciontóirí.
a bhí ina chiontóir who was a delinquent
" Sin léiriú ar chumhacht an mhiotais – gur féidir le fear a bhí ina chiontóir a bheith ardaithe go stádas an laoich.
gciontóir accuser
" Ach, i gcás ‘caint nó gothaí maslacha nó gríosaitheacha a úsáid le céile comhraic’ is é an smachtbhanna ná fainic a chur ar an gciontóir agus i gcás an dara coir é a dhíbirt den pháirc.
chiontóra culprit
" Níl Winslet, máthair an chiontóra, sásta leithscéal glan a ghabháil thar cheann a mic (cúinsí aicme/sóisialta/polaitíochta faoi ndear seo, is léir).
cheart ciontóirí a lascadh offenders ought to be lashed
" Mhol breithiúna áirithe gur cheart ciontóirí a lascadh agus bhí polaiteoirí éagsúla ag moladh go mbeadh ar fhir óga tréimhse sheirbhís mhíleata a chur isteach.