Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ciontú conviction
" I measc na n-eachtraí ba cheart a chur san áireamh, tá triail agus ciontú Thomas Blanton as dúnmharú ceathrar cailíní óga dubha i mbuamáil eaglaise in Birmingham, Alabama ar an 15 Meán Fómhair 1963.
go ndéanfaí na cosantóirí a chiontú that the defendants be convicted
" Cad é a tharlóidh, áfach, nuair a thabharfar saoránach Meiriceánach, bíodh sé ina Arabach nó nach bíodh, chun trialach agus an sceimhlitheoireacht curtha ina leith? An dtabharfar cead dó abhcóide a bheith aige? An ndéanfar é a thriail go poiblí? Ní bhíonn trialacha rúnda i gceist ach amháin nuair a bhíonn na daoine atá i gcumhacht ag iarraidh go ndéanfaí na cosantóirí a chiontú go cinnte.
a chiontófaí who would be convicted
" Bhagair an rialtas stáit píonós níos géire ar aon duine a chiontófaí.
ciontaíodh as caimiléireacht convicted of corruption
" Tá daoine ann a chreideann go bhfuil ceangal láidir aige leis an *mafia*, agus is cinnte nár chabhraigh sé le Berlusconi go bhfuair sé an-chabhair i gcónaí ó Bettino Craxi, an t-iar phríomhaire sóisialach (1983-'87) a ciontaíodh as caimiléireacht.
a ciontaíodh who was convicted
" Athrú ráitis phearsanta ======= Colm Murphy an t-aon duine a ciontaíodh go dtí seo as an sléacht a deineadh ar an Ómaigh beagnach ceithre bliana ó shin.
níor ciontaíodh riamh duine ar bith no one was ever convicted
" Cé go bhfuiltear den tuairim gur fuadaíodh agus gur maraíodh cúpla páiste eile a d'imigh ar iarraidh agus nár aimsíodh, níor ciontaíodh riamh duine ar bith sa stát seo as coir den chineál a tharla i Sohom an samhradh seo.
a ciontaíodh who was convicted
" I measc thoscaireacht an UPRG, bhí JohnWhite - fear a ciontaíodh as dúnmharú an tSeanadóra Paddy Wilson agus Irene Andrews - Davy Mahood, agus iar leas-Ardmhéara na cathrach, Frank McCoubrey.
má chiontaítear é if he is found guilty
" D'fhéadfaí téarma príosúnachta cúig bliana a ghearradh air má chiontaítear é.
An tAcht Um Chiontaithe in Aghaidh an Stáit Offences Against the State Act
" Mar shampla, chomh fada agus a bhaineann sé le cearta sibhialta agus polaitiúla, deir an Coimisiún go mbeidh siad ag scrúdú reachtaíochta ar leith ar nós An tAcht Um Chiontaithe in Aghaidh an Stáit 1939-1998 agus An Bille um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) féachaint an sáraíonn sé cearta daonna.
a ciontaíodh who were convicted
" Níos mó ná leath acu siúd a ciontaíodh sna trialacha seo, fuarthas neamhchiontach iad nuair a rinneadar athchomharc.
ciontaithe as convicted of
" Shíl go leor againn i l988, agus Cluichí Oilimpeacha Seoul ag teacht chun deiridh agus Ben Johnson ciontaithe as drugaí a ghlacadh, drugaí a chabhraigh leis curiarracht an domhain a shárú agus an bonn óir sa 100m a bhuachaint, shíl muid an t-am sin go ndéanfaí rud éigin, gníomh éigin dearfa agus fónta chun deireadh a chur le caimiléireacht ghránna na ndrugaí.
níor ciontaíodh riamh aon duine nobody was ever convicted
" I gcás go leor de na robálacha seo, níor ciontaíodh riamh aon duine.
dá gciontófaí í if she was evicted
" Ceapadh go dtí le gairid go bhféadfadh pionós báis a bheith i ndán di dá gciontófaí í ach anois ní cosúil go mbeidh.
a ciontaíodh go héagórach who was unjustly convicted
" Éagóir ======= Ba cheart a rá ag an staid seo nach n-áireofar go deo muintir McBrearty, Adrienne McGlinchy nó Frank Shortt (úinéir The Point Inn i Rinn Uí Choigligh a ciontaíodh go héagórach as ligean do dhrugaí bheith ar díol ina theach leanna) i measc na naomh, ach ní hionann sin le rá nár déanadh éagóir orthu.
a ciontaíodh go héagórach who was unjustly convicted
" Éagóir ======= Ba cheart a rá ag an staid seo nach n-áireofar go deo muintir McBrearty, Adrienne McGlinchy nó Frank Shortt (úinéir The Point Inn i Rinn Uí Choigligh a ciontaíodh go héagórach as ligean do dhrugaí bheith ar díol ina theach leanna) i measc na naomh, ach ní hionann sin le rá nár déanadh éagóir orthu.
má chiontaítear iad if they are found guilty
" Tá cuid den phobal ag rá nár chóir don AFP an t-eolas a roinnt leis na póilíní thall mar go bhféadfaí pionós báis a ghearradh orthu má chiontaítear iad agus nár chóir iad a ghabháil go dtí go sroichfidís an Astráil.
nár ciontaíodh i gcoir ar bith riamh never convicted of a crime
" Anuas air sin, má tá aon fhianaise ar chor ar bith ann go mbíonn lámh ag na heitleáin seo i bhfuadach daoine nár ciontaíodh i gcoir ar bith riamh, ba cheart cead a dhiúltú dóibh a gcuid umar a athlíonadh anseo.
a chiontú to convict
" Beidh lá fada ann go mbeidh an deis arís ag aon duine Ceann Stáit a chiontú i gcinedhíothú, i gcoireanna cogaidh, ná i gcoireanna in aghaidh na daonnachta.
Rinneadh thú a cháineadh agus a lochtú agus a chiontú, you were criticised, blamed and accused,
" Rinneadh thú a cháineadh agus a lochtú agus a chiontú, a Charlie, ach is beag duine de lucht do cháinte agus do lochtaithe agus do chiontaithe nach raibh snag lena slogadh nuair a bhí tú ag dul faoin fhód i gCill Fhiontáin.
Ciontaíodh an cúigear acu the five of them were convicted
" Ciontaíodh an cúigear acu as dúnmharú Kieran Keane, ar cheannasaí droinge coiriúla é, ag tús na bliana 2005 agus gearradh príosúnacht saoil mar phianbhreith orthu.
Ón lá a ciontaíodh an bheirt Since the day the two were convicted
" Ón lá a ciontaíodh an bheirt agus a tháinig a scéal míchlúilteach os comhair an phobail, chuaigh scríbhneoirí agus déantóirí scannán in iomaíocht lena chéile leis na cearta foilsithe a cheannach agus scéal na beirte a insint.
as ar ciontaíodh mé. of which I was convicted.
" “Tá daoine ag teacht chugamsa ag iarraidh pictiúir a cheannach uaim agus tá ag éirí liom teacht i dtír ar an choir as ar ciontaíodh mé.
ciontaíodh ceathrar ón Croxteth Crew four of the Croxteth Crew were convicted
" An tseachtain a fuair Rhys bás, ciontaíodh ceathrar ón Croxteth Crew as dúnmharú Liam Smith - iarchara dá chuid, Liam Duffy, ina measc.
Ciontaíodh beirt phinsinéirí agus a mac two pensioners and their son were convicted
" Ciontaíodh beirt phinsinéirí agus a mac le gairid as dallamullóg a chur ar institiúidí móra ealaíne an domhain le beagnach fiche bliain anuas agus iad ag déanamh cóipeanna de phíosaí ealaíne agus de sheandachtaí luachmhara.
a ciontaíodh Smith i gcoireanna éagsúla that Smith was convicted of various crimes
" Ba thimpeall an ama seo a ciontaíodh Smith i gcoireanna éagsúla ar nós iompar mí-ordúil agus feallaireacht.
Ciontaíodh Park as comhcheilg a bheith déanta aige Park was convicted of conspiracy
" Ciontaíodh Park as comhcheilg a bheith déanta aige le linn scéime de chuid na Náisiún Aontaithe ar ar tugadh Oil-for-Food a bhí ar siúl san Iaráic.
ciontaíodh as brionnú convicted of counterfeiting
" Cuireadh dlús leis an ngluaiseacht sa bhliain 1909 nuair a d’fhoilsigh Preas Ollscoil Oxford an Bíobla Tagartha Scofield le Cyrus Scofield, “an naomh dispeansáideach” a thréig a bhean chéile agus a chlann agus a ciontaíodh as brionnú sular raibh sé “athbheirthe.
de dheasca a chiontaithe because of his conviction
" An Chroch Mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin ar an iris seo i mí na Nollag 2005 (eagrán 56), crochadh fear óg Astrálach darbh ainm Van Tuong Nguyen i Singeapór de dheasca a chiontaithe as 400 gram hearóine a thabhairt isteach sa tír.
Ciontaíodh were convicted
" Ciontaíodh an triúr agus daoradh chun báis iad faoi dheireadh.
chiontaigh é convicted him
" Anois, céad bliain tar éis a bhua stairiúil dornálaíochta, tá sé molta ag Teach na nIonadaithe go dtabharfaí Pardún ón Uachtarán do Jack Johnson toisc go raibh ceannfháth ciníochais ag an gcúirt a chiontaigh é in 1920.
ciontaíodh convicted
" Dar leis an FBI, bhí siad ag iarraidh lorg an airgid a leanúint tríd na heagraíochtaí sceimhlitheoireachta, ach níor ciontaíodh éinne san oibríocht rúnda sin.
Ciontaíodh was convicted
" Ciontaíodh Josef Fritzl an mhí seo caite, innealtóir as Amstetten na hOstaire, in éigniú, ciorrú coil, daoirse, agus i ndúnmharú.
ciontú conviction
" Is frith-Ghiúdach é, agus tá ciontú aige mar gheall ar seo : "Publishing material likely to incite racial hatred " (1998).
chiontú conviction
" Thug Robert Black, ollamh le dlí in Ollscoil Dhùn Èideann, “an absolute and utter outrage” ar chiontú Megrahi.
Ciontaíodh was convicted
" Ciontaíodh Menachem Atzmon, ar leis ICTS, i 1996 as calaois maidir le feachtas toghchánaíochta agus é ina chisteoir do Likud, páirtí Begin, Shamir, Sharon agus Netanyahu.
chiontaithe conviction
" Chaith sé seal i bpríosún Phort Laoise agus é ina cheannaire ar dhream cimí a bhí ceangailte leis an Fhíor-IRA, i ndiaidh a chiontaithe as robáil an Redcastle Hotel i 2002.
ciontaíodh é he was convicted
" Ach fós nuair a ciontaíodh é, níor gearradh ach fíneáil AU$2100 air, mar dúirt an breitheamh nach raibh aon fhianaise ann gur chuspóirí mailíseacha a bhí ag Assange, ach a mhalairt ar fad – nach raibh i gceist aige ach fiosracht intleachtúil amháin.
nár ciontaíodh as was not convicted of
" Níl ar dhuine ach a chruthú go bhfuil sé in ann gunna a láimhseáil agus a chruthú nár ciontaíodh as coir riamh é.
nár ciontaíodh were not convicted
" Fáth maith eile leis an téarma “inimircigh neamhdhleathacha” a sheachaint ná nár ciontaíodh an chuid is mó de na daoine seo in aon choir in aon chor.
gabhadh, ciontaíodh agus daoradh were arrested, convicted and sentenced
" Theip ar iarrachtaí maoir sheilge agus tiarnaí talún áitiúla an eachtra ollfhoghla seo a stopadh ach gabhadh, ciontaíodh agus daoradh chun príosúin cúigear den lucht agóide as 'gríosú chun círéibe.
Ciontaíodh triúr ball three members were convicted
" Ciontaíodh triúr ball den bhanna feimineach punc Rúiseach, Pussy Riot, an mhí seo chaite as a bheith páirteach i ngníomh ‘amhasóireachta’ i bpríomh-ardeaglais Mhoscó.
ba chiontaí le seobh were the cause of this
" Ní bhfuarthas i gceart ariamh é agus, mar anois, is cosúil go raibh an deacracht chéanna siar an uair sin ann, ba iad na meáin chumarsáidí ag an am, ba chiontaí le seobh.
a thug, is ba chiontaí le who brought and was the reason for
" Déanann daoine go leor dearmad air, ba é fear as an gCorrán in Acaill a thug, is ba chiontaí le, Raidió na Gaeltachta a thabhairt go Contae Mhaigh Eo an chéad lá riamh agus níor tugadh mórán aitheantais dhon fhear a thug ann é.
Ciontaíodh ceithre fhear déag fourteen men were convicted
" Ciontaíodh ceithre fhear déag, an Rianach san áireamh, as an gcoir agus daoradh chun báis iad.
ciontaithe convicted
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
Ciontaíodh were convicted
" Ciontaíodh an seisear as comhcheilg áiteanna éagsúla in Sydney, príomhchathair New South Wales (NSW), agus sa cheantar máguaird a bhuamáil agus gearradh cúig bliana déag géibhinn orthu.
Ciontaíodh as she was convicted of
" Ciontaíodh as smuigleáil drugaí an bhliain dár gcionn í, ámh, agus gearradh pianbhreith fiche bliain uirthi.
beirt dar ciontaíodh as two convicted of
" Tugann Campbell léargas ar leith dúinn ar chur chuige Jenkins le linn stailc ocrais na ndeirfiúracha Price, Marion agus Dolours, i mBrixton, beirt dar ciontaíodh as buamáil an Old Bailey agus a bhí i gcarcair le fiche bliain.
Ciontaíodh beirt phinsinéirí agus a mac two pensioners and their son were convicted
" Ciontaíodh beirt phinsinéirí agus a mac le gairid as bob ollmhór a bhualadh ar (i)cognoscenti(/i) shaol na healaíne.
bean a gciontaíodh a hathair a woman whose father was convicted
" Insíonn leabhar nuafhoilsithe dar teideal (i)Why Can’t I Speak(/i) scéal Barbara Naughton, bean a gciontaíodh a hathair as ionsaithe gnéis a dhéanamh uirthi.
bean a gciontaíodh a hathair a woman whose father was convicted
" Insíonn leabhar nuafhoilsithe dar teideal (i)Why Can’t I Speak(/i) scéal Barbara Naughton, bean a gciontaíodh a hathair as ionsaithe gnéis a dhéanamh uirthi.
ciontaíodh was convicted
" Cíorann Bearnaí Ó Doibhlin san alt seo an t-iomrall ceartais ba mheasa san Astráil le fada an lá riamh, máthair a ciontaíodh agus a sacadh isteach sa charcair nuair a chuimil an tubaiste léi.