Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an tAire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" Is léir anois, áfach, go gcreideann an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, nach raibh na leasuithe a bhí beartaithe ag an aire a bhí ann roimhe, John O'Donaghue, sách leathan.
na Roinne Dlí agus Cirt the Department of Justice
" Tuarascáil ======= Go dtí gur fhoilsigh grúpa comhairleach dlí de chuid na Roinne Dlí agus Cirt tuarascáil ar an leabhal i mí an Mhárta seo caite, níor admhaigh an stát gur ghá na dlíthe a leasú.
Roinn Dlí agus Cirt Department of Justice
" Ba é an chéad phost lánaimseartha a bhí agam tar éis dom mo chéim a bhaint amach san ollscoil ná ag obair le Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe i Washington, DC.
an Aire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" An mhí seo caite ag comhdháil bhliantúil eagraíocht na nGardaí, Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána, dúradh gurb é an garda ag bun an dréimire amháin atá thíos leis na líomhaintí tromchúiseacha atá ag eascairt ó Bhinse Morris agus cuireadh i leith an Aire Dlí agus Cirt Michael McDowell nach bhfuil sé ag cur brú ar cheannasaíocht an fhórsa aghaidh a thabhairt ar na líomhaintí.
chúrsaí dlí agus cirt justice matters
" Níl dabht ach go bhfuil seo ag brath go mór ar Rialtas na Breataine géilleadh do phríomhéileamh Shinn Féin, gur rialtas Stormont a bheidh i gceannas ar chúrsaí dlí agus cirt agus cúrsaí slándála na Sé Chontae agus nach mbeidh seirbhísí rúnda ar nós MI5 agus MI6 ag rith cúrsaí mar atá faoi láthair.
an Aire Dlí is Cirt the Minister for Justice
" Tá moltaí fiúntacha déanta ag an Aire Dlí is Cirt, Michael McDowell ina leith.
d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell the Minister for Justice, Micheal McDowell, announced
" Dhá mhí ó shin d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, go raibh sé ag cur fiosrúcháin ar bun le breathnú isteach sa scéal.
d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell the Minister for Justice, Micheal McDowell, announced
" Dhá mhí ó shin d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, go raibh sé ag cur fiosrúcháin ar bun le breathnú isteach sa scéal.
an Aire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" ” Is léir go bhfuil an-drochmheas aici ar an Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell.
an tAire Dlí is Cirt the Minister for Justice
" Cúpla lá i ndiaidh dó éirí as, bhí deis iontach acu an craiceann is luachmhaire sa chomhaireacht a fheannadh – an tAire Dlí is Cirt, Michael McDowell.
cúrsaí dlí agus cirt law and justice matters
" Ach ní cúrsaí dlí agus cirt amháin a bhí le plé.
gcúrsaí póilíneachta agus cirt in matters of policing and justice
" B’fhéidir nach bhfaigheadh bunadh na Sé Chontae ach stoca lán guail mura n-aontaíonn na páirtithe ar dhul chun cinn i gcúrsaí póilíneachta agus cirt agus ar roinnt na cumhachta.
ina n-aistreofar cumhachtaí póilíneachta agus cirt, in which policing and justice powers will be transferred,
" Éilimh Shinn Féin Cad é tá ag teastáil ó Shinn Féin? Tá amscála de dhíth orthu ina n-aistreofar cumhachtaí póilíneachta agus cirt, dáta cinnte ar a n-aistreofar na cumhachtaí sin agus cinnteacht fá leagan amach na roinne a bheadh freagrach as feidhmiú na gcumhachtaí sin.
páirtí Dlí is Cirt law and order party
" De thoradh an toghcháin seo, díbríodh an páirtí Prawo i Sprawiedliwość (PiS) – an páirtí Dlí is Cirt a chuir an cúpla Kaczynski ar bun in 2005 – go binsí an fhreasúra.
na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí to the Department Justice, Equality and Law Reform
" Nuair a thagann duine go hÉirinn agus é ag lorg stádais mar dhídeanaí, bíonn air iarratas a chur faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an stádas sin a bhaint amach.
aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt transfer of policing and justice powers
" Mar atá a fhios ag an domhan mór agus a bhean, is iad aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt, Acht na Gaeilge agus todhchaí an phríosúin, The Maze, na mór fhadhbanna atá le réiteach.
cúraimí póilíneachta agus cirt policing and justice responsibilities
" Ach tá sé ráite ag an Chéad Aire gur mhaith leis cúraimí póilíneachta agus cirt a bheith aistrithe go Stormont – leid bheag gur féidir dul chun cinn a dhéanamh.
tAire Dlí agus Cirt Minister for Justice
" A mhalairt de thuairim Aisteach go leor, ní raibh gach duine sásta agus dar le roinnt daoine, is ar Rachida Dati, an tAire Dlí agus Cirt, an locht, nó cuid de.
Roinn Dlí agus Cirt Justice Dept.
" Agus an Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta ag déanamh cluasaíochta ar spiairí Iosraelacha i SAM, mar a scríobh Jeff Stein in Congressional Quarterly ar an 11 Aibreán, chualathas Jane Harman, Feisire Daonlathach, ag labhairt le gníomhaire Iosraelach, agus í ag gealladh dó go gcuirfeadh sí a ladhar isteach leis an Roinn Dlí agus Cirt ar son beirt oifigeach AIPAC, an brúghrúpa ar son Iosrael, a díotáileadh i 2005 maidir le faisnéis rúnaicmithe a thabhairt don ambasáid Iosraelach i Washington.
cirt of justice
" Tá ceist na mórshiúlta i mbéal an phobail arís agus ceangal déanta ag an DUP le haistriú cumhachtaí cirt agus póilíneachta go Tionóil Thuaisceart Éireann.
cirt of justice
" Mura raibh clog ann gach áit, tuigeadh gur le Protastúnaigh lár na cathrach agus lár na mbailte fud fad an tuaiscirt.
Cirt of justice
" (Cén stádas atá ag Robinson agus ag Foster anois? An bhfuil biseach ar Iris?) Bhí na nuachtáin lán dóchais go mb’fhéidir go raibh socrú ar na gaobhair, go raibh fuinneamh úr sa chóras agus go raibh an DUP réidh leis an bheart a dhéanamh maidir le hAistriú Cumhachtaí Póilíneachta agus Cirt.
cirt of justice
" BD: Cén léirmheas atá agat ar an staid reatha sa Tuaisceart? Uachtarán na hÉireann: Ba mhór an chéim chun tosaigh é nuair a cinntíodh an comhaontú ar na mallaibh faoi dhéabhlóid chumhachtaí póilíneachta agus cirt.
Dlí agus Cirt justice
" An tAire Dlí agus Cirt: Pat Rabbitte.
an tAire Dlí is Cirt the minister for justice
" Ag tús na mílaoise, agus 12,000 iarratas ar chead cónaithe ó thuismitheoirí a raibh a leanaí ina saoránaigh Éireannacha, thosaigh an tAire Dlí is Cirt ag eiteach na n-inimirceach seo agus ag ordú dóibh imeacht ó Éirinn.
an Roinn Dlí is Cirt Dept. of Justice
" Ní fhéadfadh an rialtas breitheamh gan Ghaeilge líofa a aistriú as limistéir ina raibh ceantar Gaeltachta ann, de réir an chomhairle a chur an Roinn Dlí is Cirt ar fáil i gcás cháiliúil chearta teanga a tionscnaíodh breis is 30 bliain ó shin.
Dlí is Cirt of justice
" Scríobh sé litir ghearáin i 2008 chuig an Aire freagrach, an tAire Dlí is Cirt, faoin moill a bhí ag baint leis an iarratas a bhí déanta aige breis is dhá bhliain go leith níos luaithe.
an tAire Cirt the Justice Minister
" 
 D'fhoghlaim muid an tseachtain seo fosta gurbh éigean do David Ford, ceannaire Pháirtí an Alliance agus an tAire Cirt éirí as a chúraimí mar sheanóir sa dara Eaglais Preispitéireacha i nDún Ó gCorra mar gheall ar an tacaíocht a thug a pháirtí don phosadh comhghnéis, ach thug a ráiteas le fios go raibh sé ag vótáil chun leasa dream áirithe sa tsochaí a raibh leatrom a dhéanamh orthu agus ní mar thoradh ar a dhearcadh creidimh féin.
Aire Dlí is Cirt minister for justice
" Bheinn shattered dá mbeadh orm fanacht i dTithe an Oireachtas gan mo chomrádaí Alan ann mar Aire Dlí is Cirt le bheith ag spairneadh liom.
an tAire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" Tá Dónall Ó Maolfabhail den tuairim go bhfuil dochar mór déanta ag roinnt de na ráitis a rinne an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt mar gheall ar mhaoiniú Shinn Féin agus gur chun vótaí a mhealladh ina dtreo féin atá sé seo á dhéanamh acu.
an Aire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" Creideann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil a fhios ag an Aire Dlí agus Cirt agus ag ceannasaíocht an Gharda Síochána níos mó faoi bhás Eddie Fullerton i nDún na nGall ag tús na nóchaidí ná mar atá siad sásta a admháil.
an Aire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" Léiríonn eolas nua atá faighte ag Breandán Delap go bhfuil neart ceisteanna fós le freagairt ag an Aire Dlí agus Cirt faoina chomhrac le Frank Connolly.
brú a chur ar an Aire Dlí is Cirt pressurize the Justice Minister
" Caithfidh pobal na Gaeilge seasamh lena chéile agus brú a chur ar an Aire Dlí is Cirt an fhírinne a nochtadh faoi fhiosrúchán na nGardaí ar chás Dhomhnall Uí Lubhlaí dar le Breandán Delap.