Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste Comptroller and Auditor General
" Thaispeáin tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh gá le feabhas a chur ar chóras riaracháin agus bainistíochta na bhfíneálacha, agus nach n-íocann daoine na fíneálacha mar go bhfuil a fhios acu gur féidir leo éalú gan iad a íoc.
ciste fund
" Dúirt Fionnuala Croke, Ceannasaí Taispeántas an Ghailearaí, mar chosaint ar an athrú polasaí seo go raibh ciste breise de dhíth chun taispeántais eile ar chaighdeán na nImpriseanaithe a fháil.
ciste cúitimh compensation fund
" Lena chois sin, ba cheart don Eaglais luí isteach ar mhaoin a dhíol le ciste cúitimh a chur ar fáil do na daoine a bhfuil dochar déanta dóibh.
chiste caipitil capital fund
" Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála.
chiste caipitil capital fund
" Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála.
ciste príobháideach private fund
" Is léir go raibh an comhlacht á rith mar a bheadh ciste príobháideach ann ag Ray Williams, an té a bhunaigh é.
ciste fund
" Ach tá difríocht shuntasach amháin - d'íoc na comhlachtaí sin agus rialtas na Gearmáine airgead isteach i gciste do na sclábhaithe sin tamall ó shin.
chiste rialtais government fund
" "Díon" an t-ainm atá ar an chiste rialtais atá i gceist.
gciste cúitimh reparation fund
" " Ciste cúitimh ======= Chomh maith leis an chonspóid a bhaineann leis an taispeántas, táthar tar éis Flick a cháineadh de bhrí nár bhac sé le hiargead a dhíol isteach i gciste cúitimh a bhunaigh tionsclóirí na Gearmáine le hairgead a chur ar fáil dóibh siúd ar chuir na Naitsithe iachall orthu oibriú i gcoinne a dtola.
ciste fund
" Rachaidh brabús ar bith a thig as go ciste an Raidió le cuidiú linn cláracha fiúntacha dátheangacha a chur os comhair an phobail.
ciste fund
" Ní leor a bhfuil againn agus tá scéala faighte againn go bhfuil ciste de €300,000 do théacsleabhair a gealladh dúinn á ghearradh siar go €100,000.
fógrófar sonraí an chiste a bhunófar details will be announced of the fund to be established
" " Ar an 16 Márta in Óstán an Hilton i mBéal Feirste, ag oíche bhliantúil na nGaelscoileanna ó thuaidh, fógrófar sonraí an chiste a bhunófar le hairgead Eoin Mhic Thiarnáin.
chiste óir gold chest
" Ní raibh uathu, a dúirt sé, ach a sciar féin den chiste óir.
ciste fund
" Beidh ciste ar leith ar fáil don chomórtas nua, luach €7,000, anuas ar an gciste €100,000 atá ann cheana féin do na comórtais a bhaineann le hÉirinn amháin.
ciste flaithiúil a generous fund
" Lena chois sin, tugtar tacaíocht mhaith d’eagraíochtaí pobalbhunaithe sna Gaeltachtaí (comharchumainn, mar shampla) agus cuireann Roinn na Gaeltachta ciste flaithiúil ar fáil le bealaí móra a dheisiú.
Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste Office of the Comptroller and Auditor General
" De réir suirbhé a rinne an Roinn Airgeadais sa bhliain 2002, níor thug ranna agus oifigí stáit aitheanta mar an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, an Roinn Cosanta, an Roinn Sláinte agus Leanaí, Oifig an Ombudsman agus Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste marcanna breise d’iarrthóirí ag an am a raibh Gaeilge acu.
adhlacadh ciste a cist burial
" Soilsithe faoi ghrátáil san urlár, tá adhlacadh ciste, agus creatlach iomlán taobh istigh.
an Ciste Craoltóireachta Gaeilge the Irish Language Broadcasting Fund
" Ansin, tá cead againn cur isteach ar airgead ó na cistí sa deisceart – 'Fuaim agus Fís' an Choimisiúin Chraolacháin – agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
ciste fund
"ciste níos lú ná sin ag an gComhairle Náisiúnta Spóirt freisin le caitheamh ar chur chun cinn an spóirt agus ar scéimeanna áitiúla.
leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge with the Irish Language Broadcasting Fund
" Mar aon leis an obair a dhéanann sé le Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann, tá sé thar a bheith bródúil as an obair ar fad atá déanta aige leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge ón am a bunaíodh é in 2005.
tá ciste mór dubh a big slush-fund
" De bharr go bhfuil an geilleagar an-láidir, tá ciste mór dubh ag an rialtas agus ní bheidh scrupall dá laghad orthu úsáid a bhaint as chun a leasa féin.
Chiste Craoltóireachta Gaeilge Irish Language Broadcasting Fund
" ” Ach cad chuige go bhfuil sé sin amhlaidh? Shamhlófá go mbeadh borradh faoi chúrsaí airgid mar thoradh ar an gciste Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún Craolacháin na hÉireann sa Phoblacht agus an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh – cistí ar cuireadh tús leo le maoiniú a chur ar fáil do chláracha oidhreachta agus Gaeilge.
ciste de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha. a Department of Foreign Affairs fund.
" Dhréachtaigh CLG plean forbartha i gcomhair Chomhairle na Breataine i mbliana, le tacaíocht airgeadais ó Ard-Chomhairle CLG in Éirinn agus ciste de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha.
a gcion féin chuig an chiste náisiúnta their own share to the national fund
" Deir siad fosta go n-íocann siad a gcion féin chuig an chiste náisiúnta agus go bhfuil fáltas fiach acu ón ioncam a thagann ó ola na Mara Thuaidh.
a chur isteach i gciste to put in the fund
" Rinne Wallace bocht dearmad go raibh cead ag Caitlicigh dul isteach in Ardeaglais Phrotastúnach Phádraig i mBaile Átha Cliath, agus go raibh cead ag an Déan MacCarthy paidríní a chur ar díol ann ar mhaithe le cúpla euro a chur isteach i gciste na hArdeaglaise, dá mba mhaith leis.
scor an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, the ending of the Irish Language Broadcast Fund,
" Diúltaíodh d’Acht na Gaeilge (agus ag an am chéanna, tá an tAire Cultúir i Meiriceá ag spré shoiscéal na hUltaise) agus tá lucht tacaíochta traidisiúnta an pháirtí ag éirí míshuaimhneach – cúntóirí ranga nach bhfuair tacaíocht ón pháirtí agus iad ar stailc anuraidh; lucht na Gaeilge ó thuaidh fán díobháil dul chun cinn ar Acht na Gaeilge agus scor an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, agus anois tá cuid de phobal Bhóthar na bhFál ag cur ceisteanna faoi chumas an pháirtí feabhas a chur ar a saol laethúil.
ciste idirnáisiúnta don fiadhúlra international fund for wildlife
" I measc na gceapachán tábhachtach sin, bhí sé ina chathaoirleach ar an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda (Davos); ina leas-uachtarán ar WWF, ar ciste idirnáisiúnta don fiadhúlra é (1978-1981); ina chomhairleoir sinsearach sa tréimhse 1995-2005 d’iar-uachtarán an Bhainc Dhomhanda, James Wolfensohn; agus ina fho-rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe (1985-1987 agus 1989-1992).
Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Irish Language Broadcast Fund
" Ní bheadh siad ábalta an maoiniú céanna a iarraidh agus atá tugtha don Chiste Craoltóireachta Gaeilge, mar shampla.
ciste fund
" Bunaíodh an ciste seo chun cumas taighde na n-institiúidí a leathnú agus a fhorbairt.
Ciste Fiadhúlra an Domhain World Wildlife Fund
" Is é Ciste Fiadhúlra an Domhain (CFD) an t-eagras caomhnaithe dúlra is mó ar domhan agus tá ioncam de $200 milliún in aghaidh na bliana aige.
ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta from the International Monetary Fund
" Mar bharr ar an donas, dá bhoichte an tír is ea is mó talaimh a chaithfidh an rialtas a chur ar leataobh don fhiadhúlra chun iasachtaí nó cúnamh airgid a fháil ón mBanc Domhanda agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
a bhuíochas sin ar chiste speisialta, thanks to a special fund
" Éagsúlacht clárachaAch ní hé gur cláracha ceoil amháin a mbíonn an stáisiún ag gabháil dóibh na laethanta seo; tá cuid mhór cláracha faisnéise agus oideachasúla déanta acu le déanaí, a bhuíochas sin ar chiste speisialta, ar a dtugtar Fís agus Fuaim, a chuir Coimisiún Craolacháin na hÉireann sa tsúil le maoiniú a thabhairt do chláracha teilifíse agus raidió a bhfuil baint acu le cúrsaí oidhreachta, oideachais nó pobail.
Chiste Craoltóireachta Gaeilge Irish language Broadcast Fund
" Ba ann a foilsíodh sonraí faoin éiginnteacht a bhain le maoiniú an Chiste Craoltóireachta Gaeilge anuraidh, mar shampla, agus faoin bhaol go mbogfaí ceannáras Nuacht TG4 ó Chonamara go cathair na Gaillimhe.
ciste teoranta limited fund
" ciste teorantaGlacaim leis nach bhfuil ach ciste teoranta ar fáil mar dheontas i gcabhair do nuachtáin Ghaeilge, go háirithe i bhfianaise na géarchéime eacnamaíochta atá tagtha chun cinn ar na saolta deireanacha seo.
Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste the Office of the Comptroller and Auditor General
" Tá ceisteanna le freagairt fosta ag Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a bhfuil dualgas reachtúil air iniúchadh a dhéanamh ar chuntais eagraíochtaí stáit.
Chiste fund
" Táthar ann a deir nár cheart go mbeadh Comhaltas ag fáil maoiniú ó Chiste na Gaeilge ar chor ar bith mar gur eagraíocht ealaíne iad, go príomha, a bhfuil cur chun cinn an cheoil Ghaelaigh mar phríomhchuspóir acu.
Fo-Rúnaí Chiste Treasury Under Secretary
" Nuair a bhí easpa airgid ar rialtas Boris Yeltsin i lár na nóchaidí, mhol foireann comhairleoirí ó Ollscoil Harvard, a cuireadh ann ag Fo-Rúnaí Chiste an Stáit SAM Lawrence Summers, do na Rúisigh iasachtaí a fháil ó bhainc de chuid na n-olagarcach.
Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta International Monetary Committee
" Tá an geilleagar ag crapadh thart timpeall orainn, agus de réir na réimhaisnéise is déanaí a d’fhoilsigh an Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta (CAI), is chun donachta níos túisce ná a mhalairt a bheas sé amach anseo agus go ceann fada go leor.
chiste fund
" Díoladh ticéid agus reáchtáladh damhsaí, ceolchoirmeacha, ‘lotto’, tráth na gceist agus crannchuir go dtí go raibh dóthain sa chiste.
gciste an Stáit the State treasury
" Chugamsa go pearsanta a thiocfaidh an t-airgead seo ar fad, agus is mise a chuirfidh isteach i gciste an Stáit é.
Chiste fund
" Moltar ann go n-aistreofaí feidhmeanna Chiste na Gaeilge (trína mhaoinítear leithéidí an Taibhdhearc, Oideas Gael, Gaillimh le Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann srl.
Ciste Fund
" Rinneadh infheistíocht os cionn £4 mhilliún san ionad le tacaíocht agus maoiniú ó dheich gcinn de chomhpháirtithe - Foras na Gaeilge, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus An Ciste Síochána agus Athmhuintearais ina measc.
ciste an account
" In áit síneadh láimhe a thabhairt dóibh, molaimse go mbunófaí ciste ar leith a thabharfadh deis do fheirmeoirí na tíre teacht i dtír ar an tionscal.
ciste fund
" Seachtó dó milliún Euro sa bhliain amach as ciste beag bídeach na Foraoise chun Colm Mac Sé Lao agus Tony Birch Hill, Antaine Ó Fartacháin agus Breandán De Lap Dog agus cuid cairde uilig Uí Chuinneagáin a choinneáil ag scríobh! Ag Dia amháin atá a fhios cén dóigh ar cheadaigh Ferdie na Foraoise deontas mar sin thar thréimhse trí bliana.
Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta IFO
" Dúirt Raffarin lena chois sin go raibh sé i gceist aige casadh le Dominique Strauss-Kahn, Stiúrthóir an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, agus le Jean-Claude Trichet, Uachtarán Bhanc Ceannais na hEorpa, chun a iarraidh orthu tosaíocht a thabhairt don Fhraincis ina gcuid oibre féin taobh istigh de na heagraíochtaí sin.
ciste fund
" Ar an chéad dul síos molann an tAbhcóide, Gearóid Mac Unfraidh, gur cheart go mbunófaí ciste lena chinntiú go dtig le pobal na Gaeilge dul chun na cúirte lena gcearta teanga agus cultúir a chosaint.
ciste coffers
" (Dar ndóigh ní mó a rá nach bhfuil a leithéid de rud ann agus seirbhís teilifíse saor in aisce sa mhéid gurb é pobal na tíre a íocann as cuid mhór de chostais RTÉ tríd an ceadúnas teilifíse agus trí mhaoiniú as ciste an Stáit).
chiste láir central funds
" Bíonn na comhairlí contae ag brath ar dheontas mór ón chiste láir faoi láthair.
ciste fund
" Cé Íocfas an Téiléaracht? ============ Bhí ciste mór airgid ag na clubanna móra, a chuir ar a gcumas na himreoirí sacair is fearr ar domhan a mhealladh le tíocht ag imirt i Sasana.
gciste fund
" Míníodh dom go raibh Ógras ag tarraingt as an gciste sin is dá gcuirfimis sinn féin i leith Ógras, go mbeadh maoiniú le fáil as.
gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta IMF
" Tá iasacht de nach mór billiún €uro á cur ar fáil ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta fána choinne, ach tá an fhadhb chomh forleathan.
ciste fálaithe hedge fund(s)
" D’ainneoin cuma chiallmhar na comhairle, is léir don té atá eolach ar stair na ‘muirthéachtaí datha’ (Féach ‘Cogadh sa tSeoirsia,’ Beo! Meán Fómhair 2008) go bhfuil rud éigin le gnothú ag an mbainisteoir ciste fálaithe is saibhre ar domhan é féin as athrú réimis san Éigipt.
gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta IMF
" Anuas air sin, luann David McWilliams cás na nGréagach, a bhfuil brú ag teacht orthu ón Aontas Eorpach agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta roinnt dá sócmhainní féin a dhíol chun a gcuid fiacha a ghlanadh.
Biseach Chiste an Stáit betterment of the state coffers
" Cniogadh an Duine, Biseach Chiste an Stáit ================ Cailltear amuigh is istigh ar $10 billiún sna meaisíní cearrbhachais in aghaidh na bliana agus bailíonn rialtais na stát agus na gcríoch sa bhreis ar $4 billiún gach bliain as an gcáin a ghearrtar orthu.
Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta IMF
" Banc an Domhain agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta =================================== Dúirt Obama gur iarr sé ar an mBanc Domhanda agus ar an gCAI a mbeartas a chur i láthair maidir le geilleagair na Túinéise agus na hÉigipte a nuachóiriú.
Chiste Forbartha Réigiúnach regional development fund
" Ní Saill gan Fiacha É ========== Thosaigh an tionscadal físiúil seo ocht mí dhéag ó shin, agus ba cheann de na tionscadail is suaithinsí é, a fuair tacaíocht faoi Chiste Forbartha Réigiúnach na hEorpa de Chlár na Síochána III 2007-2013.
Ciste na bhFlaitheas Heaven’s Treasures
" Tugann an taispeántas Ciste na bhFlaitheas, atá ar siúl in Iarsmalann na Breataine i Londain faoi láthair, léargas uathúil dúinn ar aigne na Meánaoise chomh maith leis an ghaol ar leith a bhíodh ag daoine san am sin le taisí naomh agus mairtíreach.
gCiste treasury
" Tá éigeandáil sa tír seo agus caithfear an cheist a chur: an acmhainn don stát a bheith ag íoc pinsin mar sin le duine nach bhfuil ag obair? An bhfuil aon stát eile san Eoraip a bhíonn chomh fial flaithiúil le hiarpholaiteoirí agus le hiar-ardstátsheirbhísigh? Má tá dúnghaois Shinn Féin róradacach don Lucht Oibre, céard faoi dhúnghaois an Lucht Oibre a chur i bhfeidhm maidir le ráta níos airde Cáin Ioncaim a bhualadh ar na daoine seo a bhfuil an iomarca airgid á shú acu ón gCiste Náisiúnta.
ciste fálaithe hedge fund
" ” Is ar éigean a luafar, áfach, go bhfuil airgead mór ciste fálaithe ag tacú leis an iarrthóir “radacach” seo, nó gurb iad an dream céanna a thacaigh le gníomhaithe an Earraigh Arabaigh anuraidh atá ag iarraidh “daonlathas” a chur chun cinn sa mbaile i mbliana.
Ciste Téarmaíochta terminology collection
" An Duais ==== **Ciste Téarmaíochta Focal.
an ciste atá agat your savings
" Ciallaíonn sé seo, san ré bhocht bhriste seo, gur féidir leat an cárta creidmheasa a ghearradh suas agus an ciste atá agat a úsáid in ionad creidmheasa nuair a bhíonn tú ag siopadóireacht ar líne.
ciste de dhith chun é a chur i gcrích a fund needed to bring it to fruition
" Séard atá i gceist leo siúd, ná suíomh inar féidir le healaíontóir nó le haireagóir cur síos a dhéanamh ar an togra atá idir láimhe aige agus ar a bhfuil ciste de dhith chun é a chur i gcrích.
sa chiste in the account
" Leis an bheagán airgid a bhí sa chiste againn, cheannaigh muid an mhionsamhail a rinne Oisín Kelly le hagaidh na deilbhe ar Shráid Uí Chonaill ón teilgceárta agus tá sé le feiceáil mar chuid den taispeántas buan san iarsmalann anseo.
den chiste of the purse
breise sa gciste atá agam extra in my kitty
" Níorbh é an brabach ba thábhachtaí, cé go mba dheas liom go bhfuil €65 breise sa gciste atá agam le Betfair thar mar a bhí ag tús an tséasúir.
ciste a fund
" Chuir sí ciste $8m d’airgid an Rialtais ar fáil.
ciste an-bheag a very small budget
" Dúirt John O Dwyer, Cathaoirleach an tSeanturais, go raibh ciste an-bheag acu- 1,500 euro, airgead a fuair siad ó na 10 dream áitiúil.
ciste speisialta tacaíochta a special assistance fund
" A Mhalairt d’Éileamh ar an Eoraip ============= Ceisteanna difriúla a bheadh agamsa ar na hiarrthóirí: (i) an dtacóidís leis an smaoineamh go mbeadh aitheantas ag na ceantair ina bhfuil Gaeilge fós á húsáid iontu mar cheantair speisialta chaomhnaithe teanga; (ii) an dtacóidís le hiachall a bheith curtha ag an AE ar Rialtas na hÉireann lena chinntiú go mbeadh cosaint cheart tugtha do na ceantair sin ó aon chineál forbairtí nó beartais a chuirfeadh an teanga pobail i mbaol iontu; (iii) an dtacóidís le hiarratas ar an AE ciste speisialta tacaíochta a chur ar bun le caitheamh ar scéimeanna agus ar thionscnaimh chaomhnaithe teanga sa chuid bheag den Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid.
sa chiste airgid sin in that account
" Tháinig, ach níl a fhios agam cén fiúntas a bhí sa chiste airgid sin.
ciste rúnda a secret treasure
" Cuirimis an milleán ar an bhfile mar sin, an file a chruthaigh an neach aisteach sin nach raibh riamh ann, an Ridire Fáin agus aisling éigin á crá, é sa tóir ar chlú domhanda, nó ciste rúnda, nó an ciste is rúnda agus is saibhre díobh go léir, an grá.
Chiste Craoltóireachta Gaeilge Irish Language Broadcasting Fund
" Níl Máire Killoran ach sna tríochaidí luatha ach tá post mór bainte amach aici cheana féin, is é sin Ceannaire Chiste Craoltóireachta Gaeilge an tuaiscirt.
Ciste Fiadhúlra an Domhain World Wildlife Fund
" Is eagras iontach é Ciste Fiadhúlra an Domhain, nach ea? Más é sin do bharúil, bainfidh an t-alt seo siar asat: níl an t-eagras féin chomh gleoite céanna leis an bpanda ar a lógo, dar le Maidhc Ó Cathail.