Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an clár ama the timetable
" Níl a fhios agam an ligeann an clár ama dúinn bualadh leo i gceart.
clár ama timetable
" Mar is gnách, tá gá le córagrafaíocht ach tá bearna mhór idir an méid atá á éileamh ag Sinn Féin agus clár ama an DUP.
clár ama timetable
" Tosaíonn tú (bhuel thosaigh mise) ar an chéad lá de Mhéan Fómhair, agus ní i lár an Gheimhridh an tslí a d’oibrigh an clár ama im’ óige, agus bhí an léacht dheireanach agam ar an 27ú Samhain.
clár ama time plan
" Tá a mbeannacht tugtha i bprionsabal ag an Chomhairle AireachtaThuaidh Theas (CATT) don leagan amach úr agus tá clár ama leagtha síos lena chur i bhfeidhm.
clár ama laethúil daily schedule
" Chun an leamhthuirse a bhaint díobh, d’eagraigh Shackleton clár ama laethúil don fhoireann, agus imeachtaí mar chluichí peile ar an leac oighir.
chlár ama timetable
" Níl aon chlár ama oifigiúil ar fáil ach bíonn a fhios ag muintir na háite go dtiocfaidh an bus cuí tar éis dó timpeall an oileáin a chur de! Níl imlíne Rarotonga ach 20 míle (nó 32 ciliméadar) ar fhad agus ní bheidh tú ag fanacht rófhada leis an mbus mar sin.