Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cláracha ríomhaireachta computer programs
" Is cláracha ríomhaireachta iad a bhformhór a chóipeálann iad féin agus a scaipeann ó ríomhaire go ríomhaire gan mórán damáiste a dhéanamh.
cláracha frithvíris anti-virus programs
" Níl cláracha frithvíris ábalta déileáil leis na teachtaireachtaí ríomhphoist bréige faoi víris go fóill.
cláracha programs
" Ach tá sé deacair na scéimeanna incriptiúcháin a chur i bhfeidhm - tá na cláracha a ghabhann leo casta le húsáid, agus is beag duine atá ábalta déileáil le teachtaireacht atá incriptithe.
cláracha programs
" Cuirfidh an RAM breise sin ar chumas na gcláracha feidhmiú níos tapúla.
cláracha boards
" Ach tá cuid de na tithe ag titim as a chéile, péint ag scamhadh, píosaí móra adhmaid ag cur tacaíochta ar fáil do chuid acu, fiú, agus cláracha ar na fuinneoga.
cláracha programmes
" Cén obair a dhéanann DnaG anois? Socraíonn muid cláracha Gaeilge i rith na bliana (ceithre dheireadh seachtaine; cúrsa ocht lá sa samhradh; ceardlann do mhúinteoirí; Lá Gaeilge; deireadh seachtaine lán-Ghaeilge - le haghaidh daoine líofa amháin).
cláracha programmes
" " Tá an clinic ag freastal ar dhaonra atá de shíor ag fás, agus féachann sé le cláracha nua a chur ar fáil de réir mar a bhíonn siad ag teastáil.
cláracha (computer) programs
" Úsáidtear cláracha saor in aisce ar nós Real One Player nó Windows Media Player chun féachaint ar na cláracha, agus is féidir ábhar le craoladh a chruthú ag úsáid cláracha ar nós Real Producer nó Windows Media Encoder.
cláracha ríomhaireachta computing programs
" Braitheann cuid mhaith cláracha ríomhaireachta ar úsáid na luiche chun iad a chur ag obair - ach tá sé deacair luch a chur ag obair nuair nach bhfuil úsáid do lámh agat, nó má tá éalang radhairc ort.
cláracha faisnéise documentaries
" Go hiondúil bíonn dhá shraith teilifíse in aghaidh na bliana againn agus thar am tá muid i ndiaidh réimse maith cláracha a dhéanamh - cláracha faisnéise, drámaí, beochan, cláracha do pháistí, cláracha d'fhoghlaimeoirí, irischláracha, sobalfhaisnéisí, cláracha ceoil, srl.
láithreoir cláracha taistil the presenter of travel programmes
" com na laethanta seo - ach cad iad na difríochtaí atá idir na seirbhísí sin agus córais ar nós Microsoft Outlook? Agus cén fáth a roghnófá ceann amháin thar ceann eile? Baineann Manchán Magan, láithreoir cláracha taistil a bhíonn le feiscint ar TG4, úsáid as seoladh ríomhphoist ag ireland.
cláracha a dháileadh to distribute programs
" Caighdeán slándála ======= Tá caint freisin ar chaighdeán slándála nua ar a dtugtar Palladium, caighdeán a chinnteoidh go mbeidh greim scrogaill ag Microsoft ar ríomhairí sa todhchaí agus nach mbeidh sé indéanta cláracha a dháileadh gan cead speisialta a fháil ón gcomhlacht.
chaighdéain cláracha standard of programmes
" Tá lucht éisteachta dílis agus forleathan ag Raidió na Gaeltachta agus meas as cuimse ag daoine ar TG4 de bharr an chaighdéain cláracha atá bainte amach le buiséad an-bheag.
cláracha faisnéise documentaries
" Agus tá an rud céanna fíor maidir le tráchtaireacht ar chúrsaí spóirt, cur i láthair na nuachta agus na haimsire, cláracha faisnéise agus araile.
cláracha faisnéise documentaries
" Tá leabhra foilsithe, drámaí léirithe, cláracha faisnéise le fáil ar an raidió agus ar an teilifís a bhaineann lena scéal.
cláracha plé discussion forums
" Bíonn cláracha raidió agus teilifíse, nuachtáin, irisí, cláracha plé, scéalta agus ceachtanna le fáil saor in aisce, ach cúpla nóiméad a chaitheamh ag baint úsáide as inneall cuardaithe.
chraol SMG na cláracha SMG broadcast the programmes
" Chonaic muid sin in Alban nuair a thug Comataidh na Gàidhlig airgead do chomhlachtaí mar SMG (ar leo Scottish TV agus Grampian TV) agus ansin chraol SMG na cláracha ar a haon a chlog ar maidin! Caithfear é sin a sheachaint," arsa Aled.
cláracha anamúlachta animation programmes
" Fuair sí a céad phost mar léiritheoir faoi oiliúint le comhlacht darbh ainm Hofnaflús a bhíodh ag déanamh cláracha anamúlachta.
cláracha programmes
" Mar a mhíníonn **Mary Beth Taylor** anseo, tá na milliúin dollar á gcaitheamh ag Bush anois chun cláracha den chineál céanna a chur chun cinn ar fud na Stát Aontaithe.
ag cur chun cinn cláracha promoting programmes
" Anois, tá an tUachtarán Bush ag cur chun cinn cláracha ar fud na tíre ina leagtar béim ar staonadh go lá an phósta, athrú i bpolasaí sláinte atá tar éis díospóireacht theasaí a chothú faoin tslí is éifeachtaí chun daoine óga a choimeád sláintiúil go fisiciúil, go spioradálta agus ó thaobh mothúchán de.
cláracha irise magazine programmes
" Cuirtear rogha leathan cláracha ar fáil don lucht éisteachta: nuacht, cúrsaí reatha, spórt, cláracha irise, cláracha réigiúnacha, ceol, drámaíocht, cláracha don óige, cláracha oideachais, cláracha reiligiúin agus araile.
cláracha reiligiúin religious programmes
" Cuirtear rogha leathan cláracha ar fáil don lucht éisteachta: nuacht, cúrsaí reatha, spórt, cláracha irise, cláracha réigiúnacha, ceol, drámaíocht, cláracha don óige, cláracha oideachais, cláracha reiligiúin agus araile.
réimse leathan cláracha a wide range of programmes
"réimse leathan cláracha sa sceideal agus nuacht ar fáil ar an uair chuile uair ó mhoch maidine go dtí deireanach san oíche.
ag léiriú cláracha producing programmes
" Chomh maith leis sin, ar ndóigh, tá muid ag obair do TG4 le cláracha faisnéise agus ag léiriú cláracha drámaíochta.
cláracha faisnéise documentaries
" Chomh maith leis sin, ar ndóigh, tá muid ag obair do TG4 le cláracha faisnéise agus ag léiriú cláracha drámaíochta.
dornán beag cláracha Gaeilge a handful of Irish language programmes
" Ag an am ní raibh ach dornán beag cláracha Gaeilge á gcraoladh ag RTÉ, agus bhí feachtas ann chun stáisiún teilifíse ar leith a bhunú.
cláracha faisnéise documentaries
" " Taitníonn an drámaíocht agus cláracha faisnéise le O'Hara ach deir sé gur fearr leis an drámaíocht.
cláracha fiúntacha dátheangacha worthwhile bilingual programmes
" Rachaidh brabús ar bith a thig as go ciste an Raidió le cuidiú linn cláracha fiúntacha dátheangacha a chur os comhair an phobail.
cláracha toinne surf boards
" D’éirigh le daoine an teorainn a thrasnú trí tholláin faoi thalamh, le cordaí agus cathaoireacha, i mbalúin, i bhfolach i mbagáiste (ampanna ceoil, mar shampla, nó idir cláracha toinne) in eitleáin, i gcadhcanna, agus fiú ag rith.
cláracha faisnéise documentaries
" “Bíonn sleachta ó na scannáin seo á n-úsáid an t-am ar fad i gcláracha faisnéise comhaimseartha,” a deir Marcus.
cláracha toinne surf boards
" D’éirigh le daoine an teorainn a thrasnú trí tholláin faoi thalamh, le cordaí agus cathaoireacha, i mbalúin, i bhfolach i mbagáiste (ampanna ceoil, mar shampla, nó idir cláracha toinne) in eitleáin, i gcadhcanna, agus fiú ag rith.
cláracha toinne surf boards
" D’éirigh le daoine an teorainn a thrasnú trí tholláin faoi thalamh, le cordaí agus cathaoireacha, i mbalúin, i bhfolach i mbagáiste (ampanna ceoil, mar shampla, nó idir cláracha toinne) in eitleáin, i gcadhcanna, agus fiú ag rith.
shraith cláracha a series of programmes
" Cén chaoi ar thosaigh tú ar an obair theilifíse? MNíE: Chuir mé tús leis an obair theilifíse mar láithreoir ar shraith cláracha dar teideal “Banish Misfortune” do RTÉ.
ag léiriú cláracha producing programmes
" Bíonn an taighdeoir i Raidió na Life ag léiriú cláracha agus ag déanamh go leor rudaí éagsúla.
sraith cláracha series of programmes
" D’éirigh léi rud eile a chur i gcrích i gcaitheamh na sé mhí sin, is é sin deontas a fháil ó Choimisiún Craoltóireachta na hÉireann (BCI) le sraith cláracha a dhéanamh faoin nua-theicneolaíocht.
cineálacha cláracha kinds of programmes
" Ach cad iad na cineálacha cláracha ba mhaith léi a chur ar fáil do lucht éisteachta an stáisiúin? “Ba mhaith linn cláracha maithe trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil ná sin an fáth ar bronnadh ceadúnas orainn.
cláracha réaltachta reality programmes
" Níl duine ar bith acu ag dul a rá, ‘Ó, is breá liom cláracha réaltachta’.
cláracha sóisialta social programmes
" Tá daoine eile ann ag iarraidh fáil amach cad é mar a d’íocfaí as cláracha sóisialta ar nós chóras na sláinte poiblí dá ndéanfaí infheistíocht chomh mór sin san arm.
ag coimisiúnú cláracha commissioning programmes
" D’fhéadfadh TG4 bá faoi leith a léiriú le comhlachtaí ó cheantair eile agus iad ag coimisiúnú cláracha.
an iomarca cláracha Béarla too many English language programmes
" ” Is minic a bhíonn lucht na Gaeilge ag gearán go mbíonn an iomarca cláracha Béarla ar TG4.
an tsraith cláracha the series of programmes
" An fiú dúinn aird a thabhairt ar na healaíontóirí a bhíonn ar taispeáint ann nó an séitéireacht chliste a bhíonn ar siúl acu – éadaí nua an impire, mar a déarfá? Is é an déantóir scannán Phil Collins an duine is mó as an cheathrar atá ar ghearrliosta an chomórtais atá ag díriú ar cheist an ionracais leis an tsraith cláracha a rinne sé bunaithe ar iar-iarrthóirí cláracha de chuid Theilifís na Réaltachta.
tagtar i dtír go minic ar dhaoine leochaileacha sna cláracha seo vulnerable people are taken advantage of in these programmes
" ” Gan amhras, tagtar i dtír go minic ar dhaoine leochaileacha sna cláracha seo agus is in olcas atá siad ag dul – tá na bobanna a bhuailtear ar dhaoine ag éirí níos táirí agus níos gránna le gach sraith nua a chuirtear amach.
craoladh na cláracha gan stad the programmes were broadcast continually
" Rinneadh an tsraith *The Flintstones* in ómós don scannán mór a bhí ag Jackie Gleason, *The Honeymooners,* agus craoladh na cláracha gan stad ó 1960 go dtí 1966 agus arís sna seachtóidí, rith nár sáraíodh roimhe sin nó ina dhiaidh sin, go dtí gur tháinig *The Simpsons* ar an fhód i 1989.
cláracha comórtais competition programmes
" Dúirt sé liom go bhfuil seomraí acu atá plódaithe le boscaí de nuachtáin is irisí is doiciméidí is ticéid cheolchoirme is cláracha comórtais is comhfhreagras idir píobairí ar chúrsaí feadán agus aon ní a bhaineann le hábhar na bpíb.
cláracha MA á mbunú MA programmes being established
" Ceapadh é le bheith ina chomhairleoir agus cláracha MA á mbunú in Cluj agus in Gdansk.
cur i láthair cláracha teilifíse presenting television programmes
" Mar a fuair mé amach, áfach, ní hé cur i láthair cláracha teilifíse an t-aon phost amháin atá ag an bPolannach óg seo.
an t-iliomad cláracha pobail lots of community programmes
" Ina dhiaidh sin, rinne sé an t-iliomad cláracha pobail agus míreanna nuachta sular oibrigh sé ar chlár conspóideach do Channel 4 dar teideal "Mother Ireland", clár a bhain le mná agus an náisiúnachas.
le cláracha a íoslódáil lom láithreach, to download programmes immediately,
" Beifear ábalta leas a bhaint as teicneolaíocht shoghluaiste agus dhigiteach ar nós PDAs, an iPhone, BlackBerry agus gairis eile nach ann dóibh fós, le cláracha a íoslódáil lom láithreach, pé áit ina bhfuiltear.
Soláthraíonn siad cláracha They supply programmes
" Soláthraíonn siad cláracha do TG4, RTÉ agus TV3.
Tá roinnt cláracha faisnéise á bhforbairt acu There are a number of documentary series being developed by them
" Tá roinnt cláracha faisnéise á bhforbairt acu faoi láthair, sraith amháin i dtaobh stair CLG agus a nasc le náisiúnachas san áireamh.
cláracha ar ardchaighdeán high quality programmes
" Chuir sé ar chumas léiritheoirí cláracha ar ardchaighdeán a dhéanamh.
ó thaobh gnéchláracha nó cláracha stíl mhaireachtála de. in terms of lifestyle programmes.
" “Ní mar cháineadh a deirim seo, ach ní dhéanann sé mórán céille dul in iomaíocht le leithéidí Channel 4 ó thaobh gnéchláracha nó cláracha stíl mhaireachtála de.
cláracha uafásacha, terrible programmes
" Gan an cúnamh luachmhar sin, céard atá ceoltóirí agus bannaí óga a dhéanamh? B’fhéidir ag déanamh a gcuid ceoil agus a dtallann níos cúinge chun go mbeadh siad feiliúnach do *Pop Idol*, *X-Factor*, nó cláracha uafásacha, frithealaíne eile mar iad.
cláracha teilifíse television programmes
" Ar an raidió den chuid ba mhó a bhíodh siad le cloisteáil ag an tús, ach de réir a chéile – agus faoi thionchar Kieran – chuaigh BBC TÉ i mbun cláracha teilifíse as Gaeilge a léiriú.
ar shraith cláracha for a series of programmes
" Bhí mé ar an chlár le Síle Seoige le bolscaireacht a dhéanamh ar shraith cláracha a rinne muid do Sheachtain na Gaeilge 2004.
ní thaitníonn cláracha painéil liom ar aon nós I don't like panel shows any way
" Ní raibh mé sásta leis an obair a bhí ar siúl agam – ní thaitníonn cláracha painéil liom ar aon nós agus níor thaitin riamh.
chuir sí cineálacha éagsúla cláracha i láthair she presented various kinds of programmes
" Rinneamar féin an tiomáint agus bhí muid inár *roadies* chomh maith!” Chaith Carrie cúig bliana, 1991 go 1996, le WLR FM agus chuir sí cineálacha éagsúla cláracha i láthair le linn na tréimhse sin, clár bricfeasta, clár ealaíon agus clár cúrsaí reatha ina measc.
cuireadh cláracha eacnamaíocha i bhfeidhm economic programmes were implemented
" Agus é ag obair leis an Roinn Airgeadais, cuireadh cláracha eacnamaíocha i bhfeidhm faoina chúram a raibh dea-thoradh fadtéarmach acu ar chúrsaí sóisialta agus ar gheilleagar na tíre.
cláracha faisnéise documentary programmes
" Tá sraitheanna mór-ráchairte mar *Bringing it All Back Home *(BBC), *Other Voices* (RTÉ) agus *Sé mo Laoch* (TG4) déanta aige, mar aon le cláracha faisnéise ar cheoltóirí mór le rá mar Tom Waits, Daniel Lanois, Christy Moore agus Elvis Costello.
cláracha stíle maireachtála lifestyle programmes
" Tá athrú tar éis teacht ar na cineálacha cláracha atá ag teastáil ó na craoltóirí chomh maith – tá go leor truflaise amuigh ansin; cláracha stíle maireachtála agus a leithéid.
na cláracha is mó a bhfuil sé bródúil astu, the programmes of which he is most proud
" Sé mo LaochCuirim ceist air mar gheall ar na cláracha is mó a bhfuil sé bródúil astu, agus cuireann a fhreagra ionadh orm.
cláracha faisnéise Gaeilge Irish language documentaries
" I measc na n-imeachtaí éagsúla a bheas ar siúl lena linn, reáchtálfar taispeántas ina mbeidh ealaín chomhaimseartha de chuid na hÉireann le feiceáil, beidh sraith cainteanna ar siúl ina bpléifear tionchar na Gaeilge agus na nÉireannach ar stair Learphoill agus taispeánfar cláracha faisnéise Gaeilge.
cláracha cainte talk shows
" Nó an bhfuil? Agus tú éisteacht leis na cláracha cainte ar an raidió agus ar an teilifís, cuireann tú ceist ort féin an bhfuil muid sásta bheith san abar seo? Tá sé iontach furasta d'fhéiniúlacht a chosaint ó thuaidh – nár fhoghlaim tú fúithi ó ghlúin do mháthar? – ach tá sé i bhfad níos deacra ceisteanna casta ar chúrsaí sláinte nó iompair nó oideachais a réiteach.
cláracha faisnéise agus oideachasúla documentary and educational programmes
" Éagsúlacht clárachaAch ní hé gur cláracha ceoil amháin a mbíonn an stáisiún ag gabháil dóibh na laethanta seo; tá cuid mhór cláracha faisnéise agus oideachasúla déanta acu le déanaí, a bhuíochas sin ar chiste speisialta, ar a dtugtar Fís agus Fuaim, a chuir Coimisiún Craolacháin na hÉireann sa tsúil le maoiniú a thabhairt do chláracha teilifíse agus raidió a bhfuil baint acu le cúrsaí oidhreachta, oideachais nó pobail.
cláracha substaintiúla substantial programmes
" “Mar gheall ar gur seirbhís phobail muid, bhí sé deacair in amanna cláracha substaintiúla a dhéanamh.
ar comhchaighdeán le cláracha a chloisfeá ar aon seirbhís phroifisiúnta at the same standard as programmes you would hear on any professional service
" Táim go láidir den tuairim go bhfuil cuid de na cláracha a chraoltar ar Raidió na Life ar comhchaighdeán le cláracha a chloisfeá ar aon seirbhís phroifisiúnta ach, dar ndóigh, mar gheall ar go bhfuil daoine áirithe ar bheagán taithí, déantar botúin in amanna.
cláracha faisnéise Gaeilge. Irish language documentary programmes
" I measc na n-imeachtaí éagsúla a bhí ar siúl le linn Fhís 2008, bhí taispeántas d'ealaín chomhaimseartha na hÉireann, sraith de chainteanna ar ról na nÉireannach i stair Learphoill agus cláracha faisnéise Gaeilge.
cláracha programs
" Ar thaithin na cláracha sin leat, nó a mhalairt? DÓS: Thaithin.
cláracha cainte chat shows
" Rinneadh an-chaint faoin tagairt in Éirinn, ach an rud is suimiúla ar fad faoin scéal, dar liom, ná go bhfuil an méid sin cumhachta ag na cláracha cainte ar theilifís Mheiriceá gur féidir leo oifig Taoisigh i dtír trasna an Atlantaigh a chreathnú.
cláracha programs
" Ar an teilifís, bhí cláracha ar loscadh Shráid Bombay ag drong dílseoirí i 1969 agus ar Bhúistéirí na Seanchille, dream dílseoirí síceapatacha a d’fhuadaigh, a chiapaigh agus a mharaigh ar a laghad 30 duine - Protastúnaigh ina measc - ag gearradh sceadamán na n-íobartach go minic.
cláracha den scoth excellent programs
" Bhí feachtasaíocht inár gcoinne ó dhaoine áirithe a mhaígh gur cur amú airgid a bhí ann, dearcadh nár aontaigh mé leis, ach sin ráite, fuair mé tacaíocht ó na páirtithe Parlaiminte” Tá an Uiginneach sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag an stáisiún ó bunaíodh é i 1996, a rá go bhfuil cláracha den scoth a dhéanamh acu ar sparán an-bheag ach go bhfuil níos mó ag teastáil, cinnte.
tá neart cláracha there are plenty of programs
" Nuair nach raibh an dea-thoradh air, caithfear an cheist a chur, sé mbliana déag tar éis a bhunaithe, cé lena aghaidh TG4 agus cén fhis atá ag lucht a stiúrtha? Cinnte tá neart cláracha i nGaeilge á gcur ar fáil nach ndéanfaí murach TG4.
mhórán de na cláracha many of the programs
" Níl a fhios agam an úsáidtear an Ghaeilge mar theanga oibre ar mhórán de na cláracha, a bhíonn coimisiúnaithe ag TG4.
atá ag soláthar cláracha providing programs
" Dála an scéil, oileadh daoine den scoth ar an gcúrsa céanna, cuid acu atá ag soláthar cláracha d’ardchaighdeán i gcónaí.
ag iarraidh réimse níos mó cláracha seeking a wider range of programs
" Lucht na Gaeilge ag iarraidh réimse níos mó cláracha agus sceidealú níos fearr dóibh agus bainistíocht an stáisiúin ag smaoineamh ar an mbunlíne airgeadais.
cláracha programs
" Gríosaíonn tráchtairí raidió mar Rush Limbaugh agus Glenn Beck na daoine seo (a dtugtar "*Preppers*" orthu, mar gheall ar na "*preparations*" atá á ndéanamh acu do dheireadh an domhain) agus is mór an ráchairt atá ar na cláracha raidió úd.
ghríosaigh cláracha breátha fine programs (on TG4) encouraged
" Ní foláir nó gur ghríosaigh cláracha breátha TG4 mar gheall ar stair an Chongó an lucht féachana chun tabhairt an athuair fé sheanleabhar cáiliúil Conor Cruise O Brien ó 1962, To Katanga and back: A U.
cláracha faisnéise ó sheinnteoir documentaries from (the TG4) player
" Díríonn na ranganna ar chomhrá Gaeilge don chuid is mó ach bíonn deis ag na scoláirí blaiseadh den chultúr a fháil chomh maith, mar shampla, ag foghlaim amhráin agus ag amharc ar scannáin Ghaeilge agus cláracha faisnéise ó sheinnteoir TG4.
Cláracha faisnéise documentaries
" Suí sa gháirdín! **SMM: Cén scannán is fearr leat?** ÍNíCh: Cláracha faisnéise.
cláracha gairide faisnéise a dhéanamh to make short documentaries
" com le cláracha gairide faisnéise a dhéanamh.
Múineann na cláracha breátha seo aige these fine programs of his teach
" With that knowledge, with that sense of the Jews having never had the power of their own national home, how could you not be a Zionist?*” Múineann na cláracha breátha seo aige ceachtanna éagsúla dúinn, ceachtanna mar gheall ar iompar na nGiúdach san Éigipt agus mar gheall ar na foinsí Giúdacha a chruthaigh naimhdeas Wagner dos na Giúdaigh níos déanaí.
nach raibh a dhóthain cláracha Gaeilge ann that there weren’t enough Irish programs
" *’ Dúirt sé nach raibh a dhóthain cláracha Gaeilge ann: ‘*there must be serious doubt about the availability of adequate programming.
na cláracha go léir are all of the programs
" Baineann na cláracha go léir le sráideanna agus le himeachtaí Whitechapel i Londain i ndiaidh ruathair Jack the Ripper ar na striapaigh áitiúla.
breac le cláracha faisnéise full of documentary programs
" Bíonn TG4 breac le cláracha faisnéise a mhaíonn faoin tionchar a d'imir an teanga ar an saol mór.
ag craoladh cláracha san fhormáid nua broadcasting programmes in the new format
" Tá teilifíseáin ardghléine ar díol sna siopaí anois ach, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, níl ach stáisiún amháin ag craoladh cláracha san fhormáid nua faoi láthair.
léiritheoir ar shraith cláracha producer of a series of programmes
" Labhair Caoimhe Ní Laighin leis le gairid agus é i mbun dualgas éagsúil mar léiritheoir ar shraith cláracha dar teideal “Raidió na nÓg” atá á craoladh faoi láthair ar Raidió na Life.
cláracha faisnéise, documentaries
" A bhuíochas ar an teicneolaíocht atá anois ar fáil, is féidir le físiriseoirí léargas i bhfad níos doimhne a fháil ar a mbíonn faoi chaibidil acu ina gcuid cláracha faisnéise, dar le Alex Hijmans
cláracha nuálaíocha iarchéime innovative postgraduate programmes
" San alt seo, déanann Emer Ní Bhrádaigh cur síos ar na cláracha nuálaíocha iarchéime atá á dtairiscint aige.