Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chlóbhuailte printed
" Ní raibh sé le fáil i bhfoirm chlóbhuailte, áfach, ach bhain sé le *Speakwrite*, pacáiste foghlama Gaeilge ar ríomhaire a cuireadh le chéile in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, roinnt blianta ó shin.
an bille a chlóbhualadh to print the bill
" Ansin, nuair a rachaidh daoine go dtí an cuntar chun íoc as gach rud, ní bheidh aon mhoill ann mar go mbeidh léitheoir in ann gach rud sa chiseán a aithint agus an bille a chlóbhualadh go huathoibríoch.
á gclóbhualadh being printed
" Ach is cur chuige daor é seo - tá an páipéar speisialta snasta costasach agus ídíonn na cartúis dúigh go tapa nuair a bhíonn grianghraif á gclóbhualadh.
leagan clóbhuailte printed version
" Ach is cuimhneach liom i gcónaí an lá ar tháinig mé ar an leagan clóbhuailte agus an méid a bhí le rá aici í féin faoi na hamhráin.
ní fiú páipéar a chur amú lena clóbhualadh it’s not worth wasting paper in printing it
" Maidir leis an tuarascáil ón Roinn, ní fiú páipéar a chur amú lena clóbhualadh.
in ann cóipeanna aonair a chlóbhualadh able to print singular copies
" Leis an teicneolaíocht chlódóireachta atá anois ann (leithéide Mag Cloud a chuireann Hewlett Packard ar fáil) tá tú in ann cóipeanna aonair a chlóbhualadh ar chaighdeán ard agus ar chostas íseal, rud nach bhféadfaí a dhéanamh dornán blianta ó shin.
chlóbhualadh to print
" Tá sé ráite go poiblí ag léachtóir amháin ar na meáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Aodh Ó Coileáin, gur chosain sé €6 an chóip Gaelscéal a chlóbhualadh.
a dhóthain cóipeanna a chlóbhualadh to print enough copies
" Ó mo thaithí, bhí an dáiliúchán éasca go maith a eagrú ach a bheith sásta a dhóthain cóipeanna a chlóbhualadh le tabhairt do na dáilitheoirí.
grianghraif dhigiteacha a chlóbhualadh to print digital photographs
" Bíonn sé costasach go maith grianghraif dhigiteacha a chlóbhualadh sa bhaile ach tá roghanna eile ann anois le tamall anuas, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.