Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clúiteach famous
" Bhí sé go hiontach dúinne atá ag brú seo ar aghaidh le blianta go raibh Propast na hollscoile John Wanat, Bettina Arnold, Leas-Seansailéir na hollscoile, agus an file clúiteach James Liddy i láthair le tacú linn inár n-iarrachtaí.
peileadóir clúiteach famous footballer
" Bhí an peileadóir clúiteach Kevin Moran ar scoil ann ag an am úd agus bhí cónaí air in aice le teach na mBráithre.
luibheolaí clúiteach famous herbalist
" An Boylan atá i gceist, dar ndóigh, ná luibheolaí clúiteach Chontae na Mí, Seán Boylan.
chlúiteach renowned
" Ach cosúil leis an té a thugann cuairt ar uaigh James Joyce i Reilig Fluntern in Zürich na hEilvéise ach nach bhfuil an oiread is siolla amháin dá shaothar léite aige, tá tú anseo ar oilithreacht ag Green Gables toisc go ndeirtear leat gur áit chlúiteach í agus go mbeidh tú in ann a mhaíomh as go raibh tú anseo.
an t-aisteoir clúiteach the renowned artist
" Is mac leis an t-aisteoir clúiteach Peadar Lamb.
roinnt poll clúiteach eile some other famous holes
" Tá a fhios ag an saol mór go dtéann cuid rútaí Bhalor siar i bhfad isteach i gceo na staire agus síos go domhain isteach i gcréafóg Thoraí, níos doimhne ná Poll na Raithní ann agus níos doimhne fiú ná roinnt poll clúiteach eile ar an oileán ársa.
séanann an snámhaí clúiteach the famous swimmer denies
" Dar leis an iris *Hustler *gurb é Henry "007" Ó Dónaill an t-aon duine faoin taobh sin tíre a mbeadh sé d'acmhainn aige an long a pholladh le neart a ngéag féin, ach séanann an snámhaí clúiteach gurbh eisean a bhuail an long.
bailitheoirí clúiteacha famous collectors
" Is féidir le CowParade a bheith ag maíomh as bailitheoirí clúiteacha bó a bheith acu, ina measc Elton John, Oprah Winfrey agus Ringo Starr, gan trácht ar Eilís, Banríon Shasana.
phianadóir clúiteach famous pianist
" Is múinteoir scoile í Siobhán, bean Neil, agus sé mhí ó shin thug a scoil cuireadh don phianadóir clúiteach Barry Douglas seinm ansin.
is clúití most famous
" An duine stairiúil is clúití atá bainteach leis ná Piaras Feiritéar, an file agus saighdiúir a chroch na Sasanaigh i gCill Áirne sa bhliain 1653.
ag na láithreáin is clúití ar domhan at the most famous sites in the world
" Ní bhíonn aon sluaite ag na láithreáin is clúití ar domhan - Petra mar shampla - agus bíonn rátaí an-réasúnta le fáil sna hóstáin is fearr.
dealbh chlúiteach famous statue
" Le gairid tháinig Dáithí, an dealbh chlúiteach le Michelangelo, amach faoin scáth agus smúit a bhí á chlúdach le beagnach 500 bliain.
chlúitigh famous
" I ndiaidh do Chearbhall Coal Woman cur isteach ar an Íochtarán le linn an agallaimh chlúitigh sin, chuir seisean amach uirthise le teann déistine agus bréantais.
cásanna clúiteacha famous cases
" cásanna clúiteacha ======= Tá ceist an chlaonpháirteachais beo beathaíoch go fóill, agus cásanna clúiteacha Pat Finucane agus Rosemary Nelson, ach bhí íospartaigh eile ann nach mbíonn a n-ainmneacha sna páipéir chomh minic sin, leithéidí Loughlin McGinn nó Roseanne Mallon.
clúiteach famous
" Cé go bhfuil neart duaiseanna bainte ag a ghearrscannán clúiteach *Yu Ming is Ainm Dom*, níl an *Merc *aige go fóill.
an colúnaí coimeádach clúiteach the famous conservative columnist
" "Faoi 1965, bhí mé ag canbhasáil ar choirnéil sráide do Bill Buckley," a dúirt Marlin, ag tagairt don am a bhí an colúnaí coimeádach clúiteach mar iarrthóir do mhéaracht Nua-Eabhrac.
láithreáin chlúiteacha famous sites
" Rinneadh tréaniarracht na láithreáin chlúiteacha, ar amharcadh go ceanúil orthu le fada mar chomharthaí cultúrtha i gcroílár Bhaile Atha Cliath, a choinneáil oscailte ach i ndeireadh na dála cailleadh an cath.
ón áit is clúití from the most famous place
" " Níl Hotel Rinascente i bhfad ón áit is clúití i bPisa, an Túr Claonta.
clúiteach well-known
" Léigh mé an fógra seo i nuachtán clúiteach áitiúil Béarla ar na mallaibh, agus níl mé sásta a rá cén áit sa tír a mbaineann an nuachtán leis: “*Good strong kitchen table wanted by Donegal man with thick wooden legs*.
clúiteacha famous
" Tá sé sin le foghlaim agam féin go fóill!) Tá an Centro Koiné an-chóngarach do roinnt áiteanna clúiteacha suimiúla, Túr Guinigi, Piazza Anfiteatro, agus Séipéal San Frediano ina measc.
chlúiteach famous
" Is amhlaidh gur fhreastail sé ar an ócáid chlúiteach seo faoi dhó nuair a aithníodh feabhas a ghearrscannán le hainmniúcháin dá shaothair *Páistí ag Obair *(1973) agus *Conquest of Light *(1975).
imreoirí clúiteacha na linne seo famous players of this era
" B’fhéidir gurb é an rud is fearr faoin bhfíseán, agus an diosca DVD atá ar tí a áit a ghlacadh, ná go mbeidh na glúnta atá le theacht fós in ann imreoirí clúiteacha na linne seo mar DJ Carey agus Seán Óg Ó hAilpín a fheiceáil ar an scáileán agus iad i mbarr a réime.
a raibh cuma chlúiteach air who looked famous
" ” As go brách arís leis an tSeirbhís i ndiaidh dóibh uilig labhairt isteach ina gcuid muinchillí, agus tháinig siad ’fhad leis an chéad duine eile a raibh cuma chlúiteach air.
clúiteach famous
" AÓF: Inis dúinn faoin bhfidléir clúiteach sin, Seán Mag Guidhir.
ceoltóir clúiteach snagcheoil a famous jazz musician
" Tá aird na meán cumarsáide ar an saghas seo ceoil le blianta beaga anuas, i ndiaidh do Willie Ruff, ceoltóir clúiteach snagcheoil a mhúineann ceol in Ollscoil Yale, a rá go ndeachaigh an stíl seo i bhfeidhm ar phobail Afracach-Mheiriceánacha.
is clúití agus is suimiúla most famous and most interesting
" Na rudaí is clúití agus is suimiúla a fuarthas ag Vindolanda ná na tabhaill scríbhneoireachta.
clúiteacha famous
" Ar na hainmneacha clúiteacha atá luaite leis an chathair seo tá: Jan Van Eyck (c.
is clúití agus is suimiúla most famous and most interesting
" Na rudaí is clúití agus is suimiúla a fuarthas ag Vindolanda ná na tabhaill scríbhneoireachta.
clúiteach renowned
" Dé Domhnaigh seo chugainn, 5 Márta, beidh súile an domhain ag amharc ar na réaltaí móra scannáin ag déanamh a mbealaigh go lonrach suas an cairpéad dearg chuig an Kodak Theatre i Hollywood, iad lán dóchais go mbeidh siad ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus an deilbhín beag clúiteach sin, a aithníonn achan duine mar Oscar, faoina n-ascaill acu.
na manaigh is clúití the most famous monks
" Ar an bhealach isteach san ionad oidhreachta, tá siopa beag a bhfuil neart bileog le fáil ann faoi ghnéithe éagsúla den tseanmhainistir agus faoi na manaigh is clúití.
na manaigh is clúití the most famous monks
" Ar an bhealach isteach san ionad oidhreachta, tá siopa beag a bhfuil neart bileog le fáil ann faoi ghnéithe éagsúla den tseanmhainistir agus faoi na manaigh is clúití.
na manaigh is clúití the most famous monks
" Ar an bhealach isteach san ionad oidhreachta, tá siopa beag a bhfuil neart bileog le fáil ann faoi ghnéithe éagsúla den tseanmhainistir agus faoi na manaigh is clúití.
an tsráid is clúití seo this most famous street
" Ba ar ghrinneall gainmheach an tsrutháin seo a tógadh an tsráid agus sin an fáth gur *Las Ramblas* a thugtar ar an tsráid is clúití seo de chuid na cathrach.
cinneadh clúiteach famous decision
" An bhean sin de bhunadh Mhaigh Eo a bhí mar eiseamláir aige nuair a rinne sé an cinneadh clúiteach sin arm agus armlón a allmhairiú.
clúiteach renowned
" Thosaigh a bhliain le taispeántas mór péintéireachta san óstán clúiteach Le Chateau Marmont i Los Angeles agus tá Colin Farrell, Tom Cruise agus an Banphrionsa Haya ón Iordáin i measc na gcustaiméirí atá aige.
is clúití most famous
" An duine is clúití a d'oibrigh anseo ná Seumas Mac Griogair, Déan Lios Mòr, a chuir duanaire de sheanfhilíocht na Gaeilge le chéile ag tús an 16ú haois.
daoine clúiteacha. famous people.
" Bhí dornán maith coinnle ar lasadh ar fhormhór mór na n-uaigheanna in Powazki agus bhí na múrtha coinnle ag bun uaigheanna daoine clúiteacha.
duine de na falsaitheoirí ba chlúití one of the most famous forgers
" Chuir sé an-iontas ar shaineolaithe sé bliana ó shin nuair a fuair siad amach go raibh an-tóir ar chóipeanna *bréagacha* de shaothar Elmyr de Hory, duine de na falsaitheoirí ba chlúití sna caogaidí agus sna seascaidí, a rinne cóipeanna iontach cliste de shaothar Mondigliani, Picasso agus Matisse.
clúiteach famous
" “Scoil í atá clúiteach ar go leor leor bealaí ach scoil chrua a bhí inti.
beirt de na carachtair is clúití i saol na beochana, two of the most famous characters in the animantion world,
" Ba theacht le chéile stairiúil é agus thosaigh an bheirt acu ag obair ar shraith cartún dar teideal *Puss Gets the Boot *– cartúin a thug beirt de na carachtair is clúití i saol na beochana, Tom agus Jerry, chun beatha agus a bhain seacht nGradam Acadaimh do Hannah agus Barbera sna blianta a bhí le theacht.
ar phearsantachtaí clúiteacha, on famous personalities,
" Bhí carachtair shimplí ildaite acu, a bhíodh bunaithe go minic ar phearsantachtaí clúiteacha, agus léiríodh a gcuid cartún mar a léireofaí *sitcom* beo.
an lámhscríbhinn chlúiteach, the famous manuscript,
" B’fhéidir gur thosaigh siad ar an lámhscríbhinn chlúiteach, Leabhar Cheanannais, ar Oileán Í, agus gur iompar siad go hÉirinn í ina dhiaidh sin.
na ceoltóirí agus na hoirfidigh is clúití the most famous musicians and entertainers
" Tá cáil dhomhanda ar na fógraí teilifíse a chraoltar i rith leathama, agus faightear na ceoltóirí agus na hoirfidigh is clúití chun an t-amhrán náisiúnta a rá roimh an gcluiche.
is clúití most famous
" Tá cáil dhomhanda ar na fógraí teilifíse a chraoltar i rith leathama, agus faightear na ceoltóirí agus na hoirfidigh is clúití chun an t-amhrán náisiúnta a rá roimh an gcluiche.
an chuid is clúití agus is forbartha dá shaothar the most famous and developed part of his work
" Spreag an solas geal agus na dathanna iontacha ansin go mór é agus ba as an dá bhliain a bhí fágtha dá shaol tragóideach, sular chuir sé lámh ina bhás féin, a tháinig an chuid is clúití agus is forbartha dá shaothar chun cinn.
clúiteach renowned
" Bhí leabhar clúiteach ceoil Captain O’Neill aige agus ba ghnách leis a dheirfiúracha a thionlacan nuair a bhíodh siad ag déanamh damhsaí Gaelacha sna hionaid siopadóireachta nó i dtithe altranais.
clúiteach famous
" Beidh na grúpa clúiteach Kíla ar cheann de na príomhbhannaí ceoil a bheidh i láthair ag féile deireadh seachtaine in Albain i mbliana.
an bailitheoir clúiteach Meiriceánach the famous Amercian collector
" Amhráin a bhailigh an bailitheoir clúiteach Meiriceánach Alan Lomax atá i gceist.
is clúití most famous
" Is dócha gurb é Camino de Santiago de Compostela an cosán oilithreachta is clúití ar domhan.
cloch shnoite chlúiteach de chuid na bPiochtaí a famous carved stone of the Picts
" Gar don stáisiún, tá cloch shnoite chlúiteach de chuid na bPiochtaí ar a dtugtar Cloch an Iolair le feiceáil, agus má tá an fuinneamh agat, tá dún cnoic mór le rá, Knock Farril, go hard os cionn an tsráidbhaile.
an tíreolaí clúiteach the famous geographer
" Sa dara haois IC, luaigh an tíreolaí clúiteach Ptolemy as Alexandria an abhainn seo: thug sé “Nabaros” uirthi, focal a bhaineann le néal nó ceo.
na drámaí is clúití the most famous poems
" ” Ar na drámaí is clúití dar scríobh Bob Welch, tá *Protestants*, saothar a “cheiliúrann coincheap Protastúnach na saoirse agus an tslí ar athraigh sí an bealach a mbíonn daoine ag smaoineamh sa domhan thiar.
ag caitheamh anuas ar an aisteoir clúiteach criticising the famous actor
" Ach ní cóir dom bheith ag caitheamh anuas ar an aisteoir clúiteach nó is mór an leas a dhéanfadh Garage Ó Mórghuth do chúis Chónra na Gaeilge agus do mhuintir na Gaeilge ar fud na tíre.
ar an oilithreach ba chlúití one of the most famous pilgrims
" Bhí Rí Séamas IV ar an oilithreach ba chlúití a chuaigh ansin.
clúiteach famous
" Seicteachas a bheadh ann, dar liom, mura rachainn an bealach as gaiste fríd an cheantar clúiteach dílseach.
is clúití most famous
" Tá cúig scannán déag faisnéise déanta aige agus is é “Teenage Kicks”, faoin bhanna ceoil The Undertones, an ceann is clúití acu.
mar bhall d'fhoireann chlúiteach peile Átha Cliath as a member of an infamous Dublin football team
" Bhuaigh sé bonn Uile Éireann sa bhliain 1983 mar bhall d'fhoireann chlúiteach peile Átha Cliath ar a tugadh “ an dáréag aspal”.
múrphictiúr clúiteach famous mural
" Bhí Sinn Féin ar buile gur crochadh an póstaer seo taobh amuigh d’fhoighneamh s’acu ar Bhóthar na bhFál, an ceann a bhfuil múrphictiúr clúiteach Bobby Sands air, ach chaill siad an phointe; Bobby Sands féin, dúirt sé nárbh fhiú aon phoblacht nach raibh sóisialach.
amhránaí clúiteach, famous singer
" Amhrán mór de chuid thuaisceart na tíre is ea ‘The Lisburn Lass’ a bhí ag an amhránaí clúiteach, Geordie Hanna.
agus deilbhín beag clúiteach faoina n-ascaill acu. with a small little famous statue under their arms
" Bhí cuid de na daoine dóighiúla a sheas os comhair bholgáin na ngrianghrafadóirí agus os comhair na gcriúnna teilifíse a bhí tagtha ansin ó gach cearn den domhan lán dóchais go mbeidís ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus deilbhín beag clúiteach faoina n-ascaill acu.
ealaíontóir clúiteach famous artist
" Dar ndóigh, ní bhaineann an ceathrar seo leis an fhíorshaol; is cuid de shaothar ealaíne poiblí iad atá cruthaithe go speisialta ag an ealaíontóir clúiteach Julian Opie le ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh céad bliain Dhánlann Chathrach Hugh Lane don Nua-Ealaín.
ina cholún clúiteach in his famous column
" Ionsaí SquinterAn buille ba throime a bualadh ar Gerry Adams agus a pháirtí ná an t-ionsaí fíochmhar a rinne an scríbhneoir Squinter orthu ina cholún clúiteach ar an *Andersonstown News* coicís ó shin.
amhrán clúiteach famous song
" Samplaí sciobtha aige ó amhrán clúiteach Nina Simone, “Sinnerman”.
institiúidí clúiteacha famous institutions
" SparánachtaíI measc na n-ollscoileanna a bhfuil an Ghaeilge á teagasc iontu, tá na hinstitiúidí clúiteacha Notre Dame, Harvard, Boston College, Ollscoil Wisconsin agus Berkeley.
innealtóir clúiteach famous engineer
" ”Bhí Liam Óg O’Flynn and Andy Irvine páirteach sa taifeadadh chomh maith agus ba é Bill Leader, an léiritheoir agus innealtóir clúiteach as Sasana, a bhí i mbun cúrsaí fuaime.
an baincéir agus státaire clúiteach the famous banker and statesman
" Ní ba thábhachtaí fós, chuir sé aithne ar David Rockerfeller, an baincéir agus státaire clúiteach atá i bhfách go mór leis an domhandú agus ar garmhac leis an bhfear a bhunaigh Standard Oil é.
is clúití most well known
" Is é an Borgata an ceann is mó agus is clúití, agus an ceann ar ar thugamar ár n-aghaidh.
Clúiteach honoured
" Ba de barr an ghearáin sin a tháinig an Tóirse Clúiteach Cáiliúil sin chuig Tír na Naomh agus na nOllamh le camchuairt na hÉireann a dhéanamh – ach go ciúin! Tháinig an Tóirse i dtír i mbréagriocht in Iarthar Chorcaí, é i bhfolach i mburla i measc burlaí cócaoin ar snámh san fharraige amach ó Charn Uí Néid – an Tóirse i mburla amháin agus an deichniúr Síneach a bhí le hé a thionlacan i mburlaí eile.
clúiteach famous
" Chomh maith le scannán faisnéise a thaispeáint a rinne an scannánaí clúiteach Ken Burns faoin Seanadóir Ted Kennedy, labhair Kennedy é féin ag an gcoinbhinsiún, in ainneoin go bhfuil sé ag troid in aghaidh na hailse inchinne.
Conallach clúiteach famous Donegal person
" Tá an Conallach clúiteach, Bibi Baskin, ar dhuine de na stiúrthóirí atá ag plé leis.
craoltóir clúiteach famous broadcaster
" Agus é ag labhairt ag ócáid seolta DVD Gael-Linn i bPáirc an Chrócaigh, d’inis an craoltóir clúiteach, Mícheál Ó Muircheartaigh, scéal nó dhó faoi Christy Ring óna thaithí féin ar an bhfear.
chlúiteach famous
" Bhí muintir na Rómáine an-mhíshásta go raibh tír s’acusan léirithe mar pháirc súgartha ar théama Dracula agus samhlaíodh tírín bocht iathghlas ‘s againn féin ina portach donn agus píob mhór ag gobadh amach as a taobh thuaidh! Feictear triúr fear ina seasamh ar léarscáíl na Liotuáine ag déanamh a gcuid múin ar an Rúis agus scaifte sagart ag stracadh le bratach ildaite an phobail aeraigh a ardú ar thalamh cráifeach na Polainne - leagan scigaithrise den ghrianghraf chlúiteach de shaighdiúirí laochta Mheiriceá ar Iwo Jima sa Dara Cogadh Domhanda.
fhéile chlúiteach famous festival
" The Bottom South Bank - An Bun Deas Banc Seo mar a chuir Balor an Bundallán síos ar an fhéile chlúiteach: “Arís i mbliana tháinig daoine chun na féile seo ina mílte, iad ag stánadh lena mbéal ar leathadh ar na físeáin den saol mar a bhí in Éirinn roimh theacht an Bundesbank: daoine ag seinm ceoil, ag damhsa agus ag ól.
clúiteach famous
" Ní insíonn an ceamara bréag, mar a deir an seanfhocal, ach tá conspóid ar bun anois faoi iontaofacht pictiúr clúiteach amháin a ghlac Capa a thaispeáineann mílísteoir Spáinneach ag rith síos le fána á scaoileadh le hurchar agus é ag titim sa ghleo.
clúiteach famous
" Bhí bannaí ceoil agus grúpaí damhsa ar gach taobh díom ag batráil mo dhá chluais; bhí mé bodhraithe ag bodhráin, ag boscaí, ag bainseonna; mé ag iarraidh an chluas bhodhar a thabhairt do na bodhráin a bhí dá mbualadh ar gach taobh díom agus do The Bould O Donoghue, Ceann Comhairle na Dála agus fánaí clúiteach thar fhánaithe clúiteacha Theach Laighean a a bhí ag rith thart ó stáitse go stáitse ag óráidíocht ar áilleacht an cheoil agus ar shaibhreas an chultúir agus ar an tábhacht a bhain le cuireadh a thabhairt dó ar ais chuig Irish Fest 2010.
clúiteach famous
" Tá balla mór na Síne ann, balla Hadrian, balla Antonine, bhíodh balla clúiteach i mBeirlín agus tá an-chonspóid ar siúl faoi láthair faoi na ballaí atá na hIosraelaigh á dtógáil ar an Bhruach Thiar.
clúiteacha famous
" Ba iad na hailtirí clúiteacha O Donnell agus Tuomey as Baile Átha Claith a dhear an foirgneamh agus thuill an dearadh álainn nuálaíoch a rinne siad aitheantas mór ag an 11ú Biennale Idirnaisiúnta d’Ailtireacht sa Veinéis anuraidh.
clúiteach well known
" Spreag tuairimí Duchamp go leor ealaíontóirí eile ar nós Carl Andre i 1966 lena shaothar clúiteach ‘Equivalent V111’ agus Martin Creed a bhain Duais Turner i 2000 lena phíosa ‘The Lights going Off and On’.
clúiteach famous
" Ba chun donais a chuaigh cúrsaí i 1998 nuair a dúnmharaíodh an t-amhránaí clúiteach Lounès Matoub.
clúiteach famous
" Chun ceiliúradh a dhéanamh ar athdheonú an deontais, chuir Mac Slua Muirí Balor an Laoch Liteartha amach chun agallamh eisiach a chur ar iriseoir clúiteach.
clúiteach famous
" Duine fíorchuideachtúil a bhí ann, a mheall chuige féin cairde de gach aicme ó Shéarlas, Twysog - Taoiseach, nó Mac Rí na Breataine Bige go dtí an dornálaí clúiteach Freddie Mills.
clúiteach famous
" Ar an naoú lá déag de mhí Feabhra seo caite, sheas an galfaire clúiteach Tiger Woods os comhair dream beag daoine in Sawgress, Orlando i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus léigh sé ráiteas amach.
is clúití most famous
" Is cinnte gurb é an Sliabh Veasúiv, i ndeisceart na hIodáile, an bolcán is clúití san Eoraip.
clúiteach famous
" Cuir i gcás an scríbhneoir Mary Shelley, a chaith an samhradh in 1816 san Eilvéis lena fear céile, an file Percy Bysshe Shelley agus an file clúiteach An Tiarna Byron.
clúiteach famous
" Thóg sé trí seachtaine orthu beirt focal ar bith as béal a chéile a thuigbheáil, ach deirtear go bhfuiltear i ndiaidh an fhadhb sin a shárú le cuidiú ón aistritheoir idirnáisiúnta clúiteach Patsaí Dan Mac Ruairí.
chlúiteach famous
" Is é seo an chéad uair riamh a bhain saothar fuaime an duais chlúiteach agus tá sé ag dul i bhfeidhm ar go leor daoine, d’admhaigh bean amháin go raibh na deora léi ag éisteacht leis an cheol.
brúghrúpa clúiteach famous pressure group
" Righne Reachta ======== *‘Guns don’t kill people, people kill people’* an mana atá ag brúghrúpa clúiteach na n-úinéirí gunnaí sna Stáit Aontaithe, an NRA.
is clúití most famous
" Meastar go forleathan go bhfuil Ned Kelly, an ceithearnach coille a crochadh sa bhliain 1880 nuair nach raibh sé ach cúig bliana fichead, ar an duine Éireannach-Astrálach is clúití – nó míchlúití – i stair na hAstráile.
clúiteacha famous
" Dúradh le Balor alt a scríobh faoi ionsaithe an mhí seo, a léitheoirí dílse: ionsaithe! Bhuel, tiocfaidh na hionsaithe ar ball, ach idir an dá linn, cúpla focal faoinár gcuid cuairteoirí clúiteacha iomráiteacha.
ar chlúití a scileanna ragairneachta whose drinking skills were more famous
" Tá ciúnas an bháis sa longlann anois agus an long dobháite ar ghrinneall na mara; tá sárpheileadóir, ar chlúití a scileanna ragairneachta ná a scileanna peile in amanna, ar shlí na fírinne mar gheall ar an iomarca fuisce agus fuair aicme oibre dílseach bás ina sluaite ag an Somme mar gheall ar impiriúlachas an gheilleagair.
clúiteach ina gcáilíocht féin famous in their own right
" Tá ealaíontóirí roghnaithe ag Castro agus Viveros- Fauné atá clúiteach ina gcáilíocht féin agus a bhfuil dearcadh domhanda ag baint leis an leagan amach saíochta agus polaitíochta atá le fáil ina saothar.
clúiteach famous
" Cheannaigh an léiritheoir scannáin clúiteach Francis Ford Coppola na cearta don leabhar seo i 1979 agus tá sé ag tnúth go mór leis an lá a mbeidh an scannán le feiceáil sna pictiúrlanna.
an ráiteas clúiteach the famous statement
" D an ráiteas clúiteach uaidh:- *‘Sure we can’t all live on one small island’;* agus dúirt Pádraig Flynn (an iar-Theachta Dála, an t-iar-Aire Imshaoil, iar-Choimisinéir na hEorpa agus an t-iarbhall de Fhianna Fáil ), an rud céanna - *‘sure we couldn’t trust them as how they’d vote’!* Tá cuireadh tugtha, faoi dhó, do lucht gnó Gaelach i dtíortha thar lear a theacht go Farmleigh, i bPáirc an Fhionnuisce, le cuidiú linn in am ár gcruacháis.
clúiteach famous
" ’Sé John Doherty, an fidléir clúiteach, an duine is mó ar a rinne mé taifeadadh.
dhéantús clúiteach a famous brand
" Is fánach an duine a bheidh de bhrabach aige uaireadóir galánta nó mála gáifeach de dhéantús clúiteach i ndiaidh a chónaithe in A Coruña.
clúiteach famous
" Go deimhin bhí cuimhní cinn na seanmhná áirithe go hard i measc na leithscéalta a ríomh an t-iriseoir Frank McNally ina cholún clúiteach *“a history of Ireland in 100 Excuses.
clúiteacha famous
" Maithe & na Móruaisle Meallta Aige ============= Ós ag caint dúinn ar Leamh Ó Cuinneagáin, tá ceist mhór ag Balor na Súile Nimhe: cén draíocht atá ag fear Odious Gael a mheallann daoine clúiteacha go dtí an coláiste sin i nGleann Cholm Cille? Tá Balor den bharúil láidir go bhfuil Ó Cuinneagáin i ndiaidh a anam a dhíol leis an Diabhal.
is clúití ar domhan most famous in the world
" Níor leor dó Uachtarán na hÉireann agus iar-Uachtarán na hÉireann a bheith ag freastal ar an chúrsa ann – duine acu ar feadh ceithre bliana déag agus an duine eile díreach tosaithe i mbliana; beirt ambasadóirí de chuid na Breataine; ambasadóir na Sualainne; airí rialtais agus teachtaí Dála agus seanadóirí… Cé a shamhlaigh go dtabharfadh Daniel cuairt ar Ghleann i mbliana? Ní Daniel Day Lewis atá i gceist agam, ná Daniel Boone; ní Daniel Radcliffe a bhí ann, ná Daniel Craig; ach Daniel O Donnell, an Daniel is clúití ar domhan, réalta Thír Chonaill agus réalta na hÉireann.
an íomhá clúiteach famous image
" Chuir sé an íomhá clúiteach, “Domhan-Éirí” (Earthrise) a glacadh ó Apollo 8 i gcuimhne dom.
clúiteach famous
" Dráma clúiteach a scríobh an tÉireannach Samuel Beckett is ea Endgame agus is cosúil go bhfuil *“endgame”* de chineál éigin tosaithe anois sa tSiria.