Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag beartú a chlaímh brandishing his sword
" Tá an rí ag beartú a chlaímh inár dtreo.
claíomh sword
" I Learpholl, cuir i gcás, is é an chéad rud a fheiceann tú nuair a fhágann tú an príomhstáisiún ná dealbh den Ghinearál William Earle ó arm Shasana, clogad air, claíomh ina lámh aige agus a chos ar sciath Afracach.
claíomh sword
" Tá mo chlogad crua, mo sciath óir, claíomh géar na lainne glaise agus mo phéire sleá fós crochta go teolaí ar na rachtaí agam fá bhun na tuí agus fós cha dtáinig an Ginearál de Chateaubriand fá scread asail de mo dhún," a mhaíonn Balor Iarghnóch.
claíomh sword
" Ní cheadaítear claíomh a thabhairt isteach san óstán leat.
chlaíomh sword
" Sa chomhthéacs sin, thiocfadh leis na hÓglaigh an t-ardán a fhágáil, rud a bhéarfadh le fios d'aontachtaithe go raibh foréigean an IRA thart agus go dtiocfadh leo ansin suí síos agus a theacht ar réiteach le náisiúnaithe, gan *bogeyman* an IRA mar chlaíomh Damocles os cionn an phróiseis.
titim ar a chlaíomh fall on his sword
" Ainneoin na líomhaintí i gcoinne an Chairdinéil Connell a bheith ar a laghad chomh holc lena bhfuil á chur i leith an Chairdinéil Law i mBostún, ní léir go fóill go mothaíonn an Cairdinéal Connell go bhfuil dualgas air sampla fhear Bhostúin a leanúint agus titim ar a chlaíomh.
an tíogar claíomh-fhiaclach the saber-tooth tiger
" "Nuair a chruthaigh Dia daoine daonna, thug sé inchinní níos mó dóibh … agus bíonn muid ar dáir an t-am go léir, 24/7 … agus is mar gheall ar an mhiangas ard gnéasach seo a mhair muidne nuair a fuair an mamat ollach agus an tíogar claíomh-fhiaclach bás, agus ar éirigh linn maireachtáil san Oighearaois.
claíomh sword
" Ba nimhneamh agus ba díobhálach iad na briathra as a bhéal scaoilte dorcha agus ba throm, glioscarnach, ceannmhillteach a bhí an claíomh fada géar a bhí á chaitheamh aige ó lámh go lámh.
claíomh sword
" Stop mé, agus lig mé mo thaca leis na ráillí, tuirse an domhain orm - ag breathnú amach ar na scamaill scallta a bhí ar crochadh mar a bheadh fuil agus claíomh ann os cionn an chaolsáile agus an bhaile ghormdhuibh.
ar a chlaíomh on his sword
" Buaileadh an buille tubaisteach ceart go leor air, i mí an Mheithimh, nuair a fógraíodh torthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach, ach níor thit sé ar a chlaíomh.
claimhte loinnreacha shining swords
" Seo an tsráid ar a siúladh an tOrd Oráisteach am ar bith ba mhian leo agus bhíodh eagla mhór orm agus mé i mo pháiste roimh na claimhte loinnreacha, na miotóga bána, na hataí osréalaíocha agus an fuath a bhíodh i súile na bhfear agus iad ag siúl thart liom.
claimhte swords
" Tá an breathnú seo ann faoi na Briotanaigh: “Ní bhaineann an marcshlua úsáid as claimhte, agus ní théann na Briotanaigh ainniseacha ar mhuin capaill le gathanna a chaitheamh.
claimhte swords
" Tá an breathnú seo ann faoi na Briotanaigh: “Ní bhaineann an marcshlua úsáid as claimhte, agus ní théann na Briotanaigh ainniseacha ar mhuin capaill le gathanna a chaitheamh.
claíomh crosáidí crusade sword
" Bunaíodh an Academy Award of Merit, sa chruth a aithnítear go forleathan anois e, i 1928 agus is éard a bhí ann ná ridire ina sheasamh ar ríl scannáin agus claíomh crosáidí ina lámh aige.
claíomh géar na fíréantachta the sharp sword of righteousness
" Cé a bhí ina sheasamh idir mé agus maidneachan ach Éamonn Ó Doornail, an tEagarthóir Téagartha; clogad crua na ceartaiseachta fána cheann, sciath nuachtán crochta lena thaobh, claíomh géar na fíréantachta ina láimh dheas agus péire peann ina láimh eile, agus nuair a chonaic mé é gléasta mar a bhí agus solas niamhrach na húrmhaidine ag lonrú fríd a chuid gruaige cataí ciardhuibhe, dúirt mé gur mhór an trua nach raibh mo Canon EOS Digital liom nó nach gcreidfeadh duine ar bith ar chlár an domhain an chuma churata, oscartha, laochta a bhí air an mhaidin sin.
bhain sé a ceann den chailín lena chlaíomh. he beheaded the girl with his sword.
" Bhí Richard de Walton ar mire agus bhain sé a ceann den chailín lena chlaíomh.
gclaimhte swords
" Ar cheart go n-athainmneofaí an 11 sráid atá baiste as Banríon an Bháis, Victoria? Nó Chichester Street, a ainmníodh as Sir Arthur Chichester, fear a dúirt gur chóir úsáid a bhaint as gorta leis na hÉireannaigh a chloí mar nach raibh a gclaimhte gasta go leor.
gclaimhte swords
" Ní hé go bhfuil buille na gclaimhte nó gáir chatha le cluinstean, nó bhí trí céad bliain idir seasamh deireanach na bhfíor-Ghael agus an daonáireamh atá i gceist againn anseo.
claíomh sword
" Theacht dheirge an dá néal an mhaidin chiúin shamhraidh sin, chomh tiubh géar agus a nocht ball bán ar an lá, agus i ndiaidh dó *The Western People* agus *The Mayo News* a léamh ó chlúdach go clúdach, ghléas sé é féin fá choinne an chatha: clogad crua rothaíochta fána chasdlaoithe buí, sciath óir de Bhunreacht Fhine Gael crochta lena thaobh, claíomh géar na lainne glaise ina láimh dheas agus léine gheal ghorm an pháirtí ceangailte thart ar a cholainn chaol chaomh.
chlaíomh sword
" Bíodh an t-eolas sin agat mar chlaíomh chun gearradh trí do chuid slabhraí.
claimhte, sceana agus saigheada swords, knives and arrows
" Agus toisc go raibh níos mó bia, capall, claimhte, sceana agus saigheada a bhí déanta as iarann agus as cruach ag dreamanna áirithe daoine seachas a chéile, d’éirigh leis na dreamanna sin na dreamanna eile a chur faoi chois agus a chloí i gcogaí agus i gcathanna.
gur treise cleite ná claíomh the pen is mightier than the sword
" Is minic ráite gur treise cleite ná claíomh.
gur cheart dóibh titim ar an chlaíomh they ought to fall on their sword
" Ba bheag aontachtach a bhí in iarthar Dhún na nGall nó i ndeisceart Mhuineacháin ach ba bheag trioblóid a bheadh ag leithéid Sir James Craig cur ina luí ar mhuintir na dtrí chontae "caillte" gur cheart dóibh titim ar an chlaíomh.
claíomh géar na lainne glaise the sharp steel bladed sword
" Theacht dheirge an dá néal maidin chiúin san fhómhar, chomh tiubh géar agus a nocht ball bán ar an lá, ghléas Balor é féin fá choinne an tsiúil: clogad crua fána chloigeann caomh, dlochtán creamha ceangailte go docht thart ar a mhuineál, sciath titanium crochta lena thaobh, claíomh géar na lainne glaise ina láimh dheis agus dhá gha ina dhóid eile.
chlaimhte a bhualadh amach ina soic chéachta swords being turned into ploughshares
" Tiontaíodh compal míleata, Beairic Ebrington os comhair Halla na Cathrach ar an taobh eile den abhainn, ina piazza ealaíne díreach in am do thosach na bliana; beart a raibh intinn nath an Bhíobla faoi chlaimhte a bhualadh amach ina soic chéachta agus sleánna a thiontú ina gcorráin taobh thiar de ach, sa chás seo, gur deiseanna ealaíne an toradh a bhí ar an bhualadh amach.
nach bhfuil mar chlaíomh acu ach méarchlár who only have a keyboard for a sword
" Is í an fhadhb anois ná an t-idirdhealú a dhéanamh idir bagairtí cruthanta agus bagairtí atá fógartha ag daoine nach bhfuil mar chlaíomh acu ach méarchlár agus racht feirge as cuimse dá gcéasadh.
soc a dhéanamh dá chlaíomh to make a ploughshare of his sword
" Tá Balor ar tí a chuid sómhainní a dhíol, a luach a thabhairt don daibhir, soc a dhéanamh dá chlaíomh, é féin a bhearradh agus a lomadh, an deannach a chreathadh dá chuaráin agus dul trí chró snáthaide.