Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clabhsúr an end
" Cúpla lá pléisiúrtha ======= Chuir an eachtra sin clabhsúr le mo thuras timpeall an locha.
nuair a cuireadh clabhsúr ar chúrsaí when things were brought to an end
" Bhí an slua thar a bheith foighneach go dtí an deireadh ach nuair a cuireadh clabhsúr ar chúrsaí cheapfá go raibh Murchadh na nDóiteán feicthe acu agus an fonn abhaile a bhí ar chách.
ag druidim chun clabhsúir drawing to an end
" "Tá an bhliain ag druidim chun clabhsúir agus cuireann sé muid ag smaoineamh ar dheireadh cúrsaí: cúrsaí meatha, cúrsaí dorchachta agus diamhrachta agus doilbhe, cúrsaí duibhe agus duifin agus báis.
mar chlabhsúr ar an lá bringing the day to a close
" Is féidir leo turas a eagrú duit freisin i jípeanna speisialta amach sa ngaineamhlach ina mbíodh Lawrence na hAráibe gníomhach, agus béile traidisúnta amuigh faoin aer san oíche mar chlabhsúr ar an lá.
searmanas an chlabhsúir the closing ceremony
" Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.
clabhsúr closure
" Má amharcann sé siar ar a tharla, ar a chairde atá ar shlí na fírinne - ar Sheán Mac Diarmada go speisialta - agus ar a chomhrádaithe nach eol dó iad a bheith beo nó marbh - Conchubhar Ó Coileáin, Diarmuid Ó hEigeartaigh agus Gearóid Ó Súilleabháin - ní hannamh é ag smaoineamh ar an todhchaí nuair a chuirfear clabhsúr ar an obair ar chuir lucht Sheachtain na Cásca tús léi.
clabhsúr closure
" “Tá áthas orm go bhfuil clabhsúr curtha le ré (Michael) McDowell! Measaim go raibh tionchar diúltach aige ar chúrsaí polaitíochta.
clabhsúr closure
" Le cloí le híomháineachas Kipling, cuireadh clabhsúr le séasúr na “ndúramán láibeach” – nó i bhfocail shimplí, cuireadh clabhsúr leis an séasúr peile – san earrach, agus tá aird lucht leanúna an spóirt dírithe faoi láthair ar an spórt náisiúnta, an cruicéad.
cuirfear clabhsúr léi it'll come to an end
" Cuirfear tús le féile na bliana seo ar an 16 Eanáir agus cuirfear clabhsúr léi ar an 3 Feabhra.
a chuirfear clabhsúr leo, when they are closed
" Rachaidh sé go dtí an searmanas ag deireadh na gcluichí nuair a chuirfear clabhsúr leo, áfach, le seilbh a ghlacadh ar an tóirse don XXX Oilimpiad, a bheas ar siúl i Londain sa bhliain 2012.
a chuirfear clabhsúr leo, to take possession of the torch
" Rachaidh sé go dtí an searmanas ag deireadh na gcluichí nuair a chuirfear clabhsúr leo, áfach, le seilbh a ghlacadh ar an tóirse don XXX Oilimpiad, a bheas ar siúl i Londain sa bhliain 2012.
clabhsúr conclusion
" Cuireadh clabhsúr leis an seó le damhsa a rinne Dunne le ceol álainn traidisiúnta.
Cuirfear clabhsúr leis an bhféile the festival will come to an end
" Cuirfear clabhsúr leis an bhféile ar an 21 Meitheamh, dáta a roghnaíodh go speisialta le comóradh a dhéanamh ar chíréibeacha a bhí ar siúl i Nua-Eabhrac sa bhliain 1969.
clabhsúr closure
" Ba chosúil go raibh clabhsúr dearfach curtha leis an mbille sláinte i rith na Nollag, ach cuireadh caidhp an bháis ar sin fiú nuair a chaill na Daonlathaigh suíochán seanaid mí Eanáir.
clabhsúr an end, closure
" Chuir cinneadh na Cúirte Uachtaraí clabhsúr ar fheachtas a mhair breis is deich mbliana chun a chinntiú go mbeadh reachtaíocht ar fáil i nGaeilge a luaithe is a bheadh sé foilsithe i mBéarla.
clabhsúr an end
" Cuireann an féasta Eid el-Adha, féasta a bhí ar siúl i mbliana ar an 16/17/18 Samhain seo caite, clabhsúr leis an tréimhse ina mbíonn an oilithreacht bhliantúil chuig Meice ar siúl.
clabhsúr enclosure
" Chuir foilsiú na straitéise le linn seachtain na Nollag clabhsúr ar aistear fada a thosaigh le Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge sa bhliain 2006.
clabhsúr closed
" ” An Taoscach ‘ag Taoscadh an Scartaire’ =========== **Balor: “Áááá, bhuel, ceist a haon, a Thaoisigh thaoscaigh: caidé an chéad rud atá ar intinn agat a dhéanamh mar Thaoiseach?** Enda: “Taobh istigh de chéad lá cuirfear críoch agus clabhsúr agus conclúid le …” **Balor: “Leis an Seanad, a Thaoisigh?”** Enda: “Ní hea! Raiméis! Seafóid! Tá tú chomh holc leis an bheirt a bhí ag cur isteach orm gan stad ar TG4.
ina chlabhsúr finishing of (the night)
" Mar a bheifí ag súil leis mar sin, tugadh tús áite don cheol i gcónaí – go fiú má bhí an ‘Birdy Song’ ina chlabhsúr ag an tiománaí bus! Le linn mo chuairte go dtí an Rinn Bhriotánach, d’éirigh liom cuid de chosán Cabot a thaisteal chomh maith, bealach atá ainmnithe i gcuimhne ar John Cabot, Eorpach a tháinig chun na tíre sa chúigiú haois déag.
clabhsúr closure
" Cuid de na daoine a d'fhulaing, níl siad sasta maithiúnas a thabhairt cionn is nach bhfuil (an focal doiléir sin) ‘clabhsúr’ acu agus daoine eile ann atá ar theann a ndíchill dul chun cinn a dhéanamh, beag beann ar an aimsir chaite.
ní bheadh “clabhsúr” acu go deo na ndeor there’d be no closure
" Mar a dúirt a mháthair in agallamh amháin, ní bheadh “clabhsúr” acu go deo na ndeor mura mbeadh na dúnmharfóirí ag íoc as a n-ainghníomh.