Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cladach shore
" Ceantar fíorálainn suite idir na Rosa agus Cloich Cheannaola, idir sliabh is cladach, i gcoirneál thiar thuaidh Thír Chonaill atá i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.
chladach shore
" Tá paróiste Chill Chartha, idir chladach, ghleann agus chnoc, cuachta istigh idir paróistí na gCeall, Ard an Ratha agus Ghleann Cholm Cille, agus cósta thuaidh Bhá Dhún na nGall in iardheisceart na contae.
chladach shore
" Chuaigh mise agus Cristín ar thuras staire báid a d'eagraigh an National Trust, a thugann aire do chladach an locha.
chladaí shores
" Nuair a bhíonn lá maith ann, bíonn an t-oileán le feiceáil ina luí amuigh ag bun na spéire mar a bheadh fathach mór sínte siar ina chodladh; laetha eile ní bheadh a fhios agat go bhfuil sé ann mar go mbíonn sé clúdaithe i gceo agus an fharraige mhór ag briseadh ar na clocha fá chladaí an oileáin - ní gan ábhar a thugtar "Tonnaí Thoraí" ar an damhsa! Tá an t-oileán é féin trí mhíle ar fhad agus míle go leith ar leithead agus tá daonra 180 duine aige.
ar chladaigh an Aigéin Atlantaigh on the shores of the Atlantic Ocean
" Is baile é a d'fhás go horgánach, é scaipthe amach thar bhóithre beaga cúnga, iad ar fad beagnach ag teacht chun críche ar chladaigh an Aigéin Atlantaigh.
ar an chladach ó thuaidh on the north shore
" Bhí roinnt mhaith tiomána le déanamh againn ag an am seo, trasna bhuirg Staten Island ar fad, go hOspidéal Naomh Uinsionn ar an chladach ó thuaidh, ónár n-áit chónaithe ar an chladach ó dheas.
ag síneadh síos go cladach extending to the shore
" Tá an talamh roinnte suas ina phíosaí caola fada, ag síneadh síos go cladach.
chladach shore
" Ba ghnách linn suí síos ar leac leathan bán in aice leis an chladach ansin le lón a ithe tar éis an tsiúil fhada ó Ghleann.
chladaí shores
" Mhínigh Finbar dúinn go raibh cuid mhaith taighde déanta ag triúr seandálaithe eile, Wes Forsythe, Thomas McErlean, agus Rosemary McConkey, a chaith trí nó ceithre shéisiúr ag siúl ar chladaí an locha.
comhthreomhar leis an chladach parallel with the shore
" Tá dhá shráid comhthreomhar leis an chladach agus tithe agus siopaí atá péinteáilte bán le fáil orthu.
in aice leis an chladach. beside the shore.
" Oileán lom glas a bhí ann agus cnoic ísle air, agus cúpla foirgneamh scaipthe in aice leis an chladach.
ar chladach uaigneach on a lonely shore
" Chaith sé é féin isteach san fharraige, gan snámh aige: “Is iomaí uair a bhí mé i gcontúirt an bháis ón tráthnóna a léim mé isteach i seacht dtroithe uisce ar chladach uaigneach agus gan bang ar bith snámha agam.
na cladaigh charraigeacha. the rocky shores.
" Agus é óg, bhíodh sé ag fánaíocht go minic le buachaillí eile ar na haillte agus ar na cladaigh charraigeacha.
gar go maith don chladach, quite close to the shore,
" Bhí muid gar go maith don chladach, bhí bád againn, mar sin bhí an fíoruisce agus an sáile ag teacht le chéile díreach ag tóin an tí.
tríd an chladach through the shore
" Sa deireadh, thóg siad bóthar díreach tríd an chladach síos go dtí an ché.
chladaigh beaches
" Google Maps Chomh maith leis sin, bhaineamar úsáid as an ríomhaire agus an dangal gan sreang a thug mé liom chun eolas a aimsiú faoi ionaid turasóireachta éagsúla timpeall an chontae, faoi chladaigh dhifriúla, don réamhaisnéis aimsire agus le teacht ar eolas faoi na taoidí.
le cladach by the beach
" SMM: Cén cineál slatiascaireachta is fearr leat: loch, abhainn, nó farraige, de bhád nó le cladach? DÓS: Farraige.
siúl cladaigh a walk on the beach
" Ach ag féachaint arís air le linn siúl cladaigh, tá sé fós chomh casta – carraig anseo, dumhach ansiúd, droim ghainimh in áit eile.
le cladach by the beach
" Ní sheod í an aimsir spaisteoireachta is fearr le cladach faraor.
chladaigh an chuain the banks of the bay
" Bhí tacsaithe uisce ag iompar teaghlach ó áit go háit ar chladaigh an chuain ar a bhfuil Baltimore.
bhuail mé an cladach I landed
" Nuair a bhuail mé an cladach, gar do na mná a bhí ag ní éadaí, d’fhág mé an kayak agus thosaigh ag siúl suas an tsráid.
n-óstán chois cladaigh hotels by the beach
" Ba cheart a lua nach ionann an Ghailís agus Spáinn na gréine, ná Spáinn na n-óstán chois cladaigh, ná Spáinn na mangairí is na margaí ach chomh beag.
cladaigh beach
" Ach má bhíonn triúr gasúir óga sa charr atá ar bís faoin ionad campála/ cladaigh/ páirc súgartha, níor chóir bomaite breise a chaitheamh thar mar is gá sa charr.
An sliabh agus an cladach mountain land and seashore
" ?’ ‘An sliabh agus an cladach,’ arsa fear na háite.
i ngar don chladach close to the beach
" Ach níl sliabh ar bith i ngar don chladach i gceachtar den dá chás sin.
cladach, trá is sliabh beach, strand and mountain
" Áit ar leith í Cois Fharraige, dar leis: cladach, trá is sliabh, cathair álainn i ngar duit, agus traidisiún atá láidir go fóill, in ainneoin chuile shórt.
cladach beach
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain touched the edge of his coracle on beach of the bay

" Is breá le Liz Curtis am a chaitheamh ar chladaí Loch Cuan i gContae an Dúin.
mhachaire chladaigh coastal lands
" Tá Laoise Ní Chléirígh i ndiaidh súil a chaitheamh ar mhíolta beaga na linne, an phuitigh agus an mhachaire chladaigh, óir tá an loscann ag dúiseacht, an t-earc luachra ag snámh trí dhufair an fhéir agus tá an cnádán ag righniú leis ar bhán an ghailf in athuair.
siúl le cladach to walk on the beach
" Gheobhaimid deis an samhradh seo, má bhíonn an saol ina cheart, siúl le cladach agus feicfimid an cloigeann úd ag gobadh aníos go fiosrach ag faire isteach orainn.