Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúraimí clainne family duties
" De réir dealraimh, bhí na cúraimí clainne a bhí uirthi ag cur isteach, dar léi féin, ar an chaidreamh a bhí aige le fear ag an am.
cúlra clainne family background
" Ach bhí mise bródúil as an áit a dtáinig mé as agus an cúlra clainne a bhí agam agus ní raibh aon fhadhb agam riamh ag rá, 'Okay, siúd é mise, glacadh sibh liom nó ná glacadh sibh liom.
seachtar clainne seven children
" Chuir bás a athar isteach go mór air chomh maith; ní raibh seisean ach seacht mbliana is daichead d'aois nuair a cailleadh é agus d'fhág sé seachtar clainne ina dhiaidh.
ag tógáil clainne raising children
" Tuilleadh teaghlach ag tógáil clainne le Gaeilge.
nach bhfuil cúram clainne orthu who have no children
" Ach is daoine óga go leor acu nach bhfuil cúram clainne orthu, atá in ann a rá, 'Bhuel, is cuma má bhím as baile ar feadh seachtaine nó ar feadh míosa.
ag tógáil clainne raising my family
" Cinnte, agus cuireann sé seo as do lucht na Gaeilge, ní dhéarfainn gur trí Ghaeilge a bheinn ag tógáil clainne dá mbeinn thíos i gCluain Mealla, mar bheadh sé mínádúrtha agam clann a thógáil le Gaeilge i mo bhaile dúchais.
ag iompar clainne pregnant
" Bhí sise ag múineadh adhmadóireachta ansin ach bhí sí ag iompar clainne agus bhí ionadaí a raibh Gaeilge aige ag teastáil ar feadh cúpla mí.
ag tógáil clainne le Gaeilge raising children through Irish
" Chuir mé ceist ar Ó hAoláin an dúshlán mór é bheith ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht na laethanta seo.
dualgaisí clainne family responsibilities
" Tá a fhios agat mar a tharlaíonn rudaí, clann agus dualgaisí clainne do do tharraingt ó lár na cathrach.
máthair na clainne ceolmhaire the mother of the musical family
" Thosaigh mé ag dul isteach ar an bhFleadh Cheoil agus chabhraigh Máire Uí Raghallaigh, máthair na clainne ceolmhaire as Contae na Mí, liom tabhairt faoin sean-nós.
ag tógáil clainne. raising a family.
" Measann gach duine go mba chóir duit a bheith ag an bpointe sin sa saol, go mba chóir duit a bheith pósta agus ag tógáil clainne.
ag iompar clainne. pregnant.
" ” Baineann *Hush-a-Bye Baby *le cailín óg neamhphósta as Doire atá ag iompar clainne.
ag iompar clainne pregnant
" Bhí sí ag iompar clainne agus í ag fágáil na tíre agus ní raibh a fhios aici céard a bhí i ndán di ach go dtabharfaí í chun na hEorpa.
ceathrar clainne four children
" Níl páistí ar bith aici féin ná ag Bríd agus deir sí go bhfuil ceathrar clainne i dteaghlach a fir chéile ach nach bhfuil páistí ar bith acusan ach oiread.
breith clainne childbirth
" Ba gheall le breith clainne é an próiseas ar fad: bhí giniúint i gceist, tréimhse iompair agus faoin Déardaoin, beidh an toradh curtha ina steillebheatha againn ar scáileáin na tíre!Súil an fhir ceamara “Tá jab iontach déanta ag Jim Fahey agus táim cinnte go rachaidh an clár go mór i bhfeidhm ar dhaoine.
dáréag clainne twelve children
" Magoo “Bhí dáréag clainne ar mo thuismitheoirí, ochtar cailíní is ceathrar buachaillí.
ceathrar clainne 4 children
" Bhuail mé le fear amháin, Abdul a bhí air, a raibh ceathrar clainne air.
seisear clainne six children
" ” Ar ndóigh, ní hé Seán Óg an t-aon bhall den seisear clainne a bhíonn go minic i mbéal an phobail.
clainne children
" ” Ar ndóigh, ní hé Seán Óg an t-aon bhall den seisear clainne a bhíonn go minic i mbéal an phobail.
clainne children
" org/wiki/Gort_Inse_Guaire) Tá Judith pósta agus triúr clainne uirthi.
beirt clainne (of) two children
" Tugtar cuntas sa scéal ar eachtra a tharla ar oileán na Corsaice ina maraítear athair beirt clainne.
Tábhacht na Clainne the importance of the children
" Tábhacht na Clainne SMM: Ní bhfuair tú deis éalú ó na gasúir, bail ó Dhia orthu, ó thuaidh go Leitir Cheanainn (mar a bhfuil an tOireachtas) i mbliana? BMC: Is é an rud atá ag cur isteach orm faoin Oireachtas i mbliana, Oíche Shamhna! Gasúir ag gabháil amach! Ní féidir a bheith ag imeacht ó ghasúir Oíche Shamhna.
tinneas clainne childbirth
" Sin ráite, tá an teicneolaíocht chomh lárnach sin i mo shaol gur bhain mé úsáid as feidmhchlár iPhone is mé á tabhairt ar an saol! ‘*Labor Mate*’ a tugadh ar an bhfeidhmchlár seo a dhéanann taifeadadh ar chrapthaí le linn tinneas clainne.
dara duine clainne second born
" Cé gurb é an dara duine clainne agam é Odhrán, tháinig na deora liom nuair a chuala mé a ghlór don chéad uair.
ag tógáil clainne rearing children
" 3 Tacaíochtaí do na teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht, mar shampla, Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh, bunú gréasáin shóisialta don aos óg, athdhréachtú ar Scéim Labhairt na Gaeilge srl.
clainne children
" Níl aon fhocal ar leith do dheartháir ná deirfiúr ach tá focail ann don deartháir níos sine is níos óige agus an deirfiúr níos sine is níos óige araon mar go léirítear stádas i measc na clainne leo.
thiteann tinneas clainne ar becomes pregnant
" Go deimhin, rinneadh clár iomlán sa tsraith teilifíse *"30 Rock"* faoi seo le déanaí, nuair a thiteann tinneas clainne ar charachtar an-choimeádach agus í i gCeanada.
cúram clainne child care
" Cá bhfios cén eachtra a bheadh ar bun agam anois, fad is a bhí cúram clainne, cócaireacht, glanadh, cur agus baint ar siúl ag mná na háite.
cúraimí clainne family responsibilities
" Ní hé go bhfuilid gortaithe nó go bhfuil a bpoist ná cúraimí clainne á gcoinneáil sa bhaile.
ag iompar clainne pregnant
" Sólás agus solas í dó cé gur thréig sí é cúpla mí roimis theacht an chogaidh i 1914 nuair a thuig sí go himníoch go raibh sí ag iompar clainne.
ball clainne thar sáile family members abroad
" Tá cásanna sonraithe ag léiriú go mbíonn a fhios ag ball clainne thar sáile scéal nuachta sula mbíonn a fhios ag an duine ag baile fiú.
chúigear duine clainne five children
" Bhí Darach 18 bliana d’aois i Mí Márta i mbliana agus is é an duine is óige de chúigear duine clainne.
ag tógáil clainne i dtír iasachta raising a family in a foreign country
" Bheadh tuiscint ag na hÉireannaigh i Sasana ar théamaí an dráma seo: ag tógáil clainne i dtír iasachta; ag éisteacht leo ag fás aníos le blas *Scouse/Brummie/Cockney* ar a gcuid cainte; ag filleadh abhaile leo chun samhradh ídileach a chaitheamh i measc do mhuintire féin; agus an t-imni a bhionn ort faoi drochthionchar na cathrach móire orthu.
ag iompar clainne pregnant
" Bhí Lindy ag iompar clainne arís faoin am seo agus b’éigean dí a dara hiníon a thabhairt do Michael nuair a saolaíodh í sa phríosún.
tógáil clainne raising children
" Ceisteanna a bhaineann le tógáil clainne, le cúram seandaoine agus le daoine bochta.
ag tógáil clainne raising a family
" Caithfidh mé a rá go raibh drogall orm dul ag plé le polaitíocht arís, go háirid ó thaobh a bheith ag tógáil clainne agus mar sin de.
faoi chúrsaí clainne in matters of family planning
" Ba choitianta leis an Eaglais comhairle a chur ar an bpobal faoi chúrsaí clainne, faoin bpolaitíocht agus faoin tsochaí.
nach dóigh go mbáifí bean a bhí ag iompar clainne that a pregnant woman wouldn’t drown
" Bhí sé cloiste aici más fíor nach dóigh go mbáifí bean a bhí ag iompar clainne, a dála féin, ach a cloigeann a choinneáil os cionn an uisce.
ag tógáil clainne raising children
" An Teaghlach agus an Obair ============= **SMM: Tá tú ag tógáil clainne agus ag scríobh anseo i nGaillimh.
ról an tuismitheora agus na clainne the role of the parent and the children
" Beidh an leibhéal murtaill san Ísiltír ardaithe 15%, fágaim, ach in Éirinn, meastar go mbeifear ag súil le hardú 47%! Tá neart staidéir déanta ar ról an tuismitheora agus na clainne i gcúrsaí spóirt agus spraoi an pháiste atá róthrom.
as sláinte na clainne in regard to the children’s health
" Níl aon amhras ach go bhfuil freagracht ar leith ar thuismitheoirí as sláinte na clainne.
ag iompar clainne de dheascaibh ionsaí gnéis pregnant from rape
" B’é Brian Walsh againne a mhaígh i 1987: ‘*nowhere in the world is the right to personal liberty more fully protected than under the Irish Constitution*’, áiteamh a thug meas madra do chearta daoine homaighnéasacha, mná a bhí ag iompar clainne de dheascaibh ionsaí gnéis, nó d’íocóirí cánacha nár thug cead don Stát a gcuid airgid a thabhairt do fhorais chreideasa.
Tá athchiall ag an leagan ‘craobh clainne family tree (laurel) has a second meaning
" Tá athchiall ag an leagan ‘craobh clainne’ i ngnóthaí spóirt tharla go bhfacamar teaghlaigh gníomach agus ag breith na craoibhe leo ar pháirc na himeartha in imeacht na mblianta.