Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
claonadh tendency
" Cheana féin tá claonadh áirithe ann laochra a dhéanamh den dream ar bhithiúnaigh roimhe seo iad, agus vice versa.
claonadh tendency
" Bhí an claonadh seo aige féin tráth ach deir sé go bhfuil ceacht foghlamtha aige.
claonadh tendency
" " Deir sí go bhfuil claonadh ann airgead a chur ar fáil d'ealaíontóirí a bhfuil clú bainte amach acu cheana, seachas é a thabhairt do dhaoine atá ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír.
claonadh na heite deise right-wing leaning
" Tá an Páirtí Daonlathach tar éis claonadh na heite deise a thabhairt don Chomhrialtas FF/PD.
claonadh tendency
" Deir sí, áfach, go raibh an claonadh ann sna caogaidí fiú an Ghaeilge agus an Béarla a mheascadh agus gur minic a deireadh daoine rudaí mar "Táim ag *cycl*áil ar mo *bhicycle*".
Claonadh iontach neamhghnách a very unusual tendency
" Claonadh iontach neamhghnách a bhí sa mhéadú ollmhór seo sna blianta le linn agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir.
an-chlaonta prejudiced
" " Chuir mé in iúl don bheirt acu gur shíl mé go raibh an bharúil seo an-chlaonta ar fad, ach ní raibh siad sásta bogadh ar chor ar bith.
claonadh tendency
" Ar feadh i bhfad, choimeád pócaí folmha agus ansmacht na hEaglaise Caitlicí srian ar ár gclaonadh chun ólacháin.
claonta prejudiced
" De réir na tuarascála, "Report on the promotion and protection of the right to freedom of opinion and expression", tá mar a bheadh "libel chill" i bhfeidhm sa stát seo ar an ábhar go bhfeictear do na meáin gur snámh in aghaidh easa é cás clúmhillte a throid mar gur minic an giúiré claonta ina gcoinne.
seasamh claonta biased stand
" seasamh claonta ======= Is cinnte go bhfuil a gcúiseanna féin ag taidhleoirí Theach Uíbh Eachach maidir leis an seasamh claonta atá á ghlacadh acu sa chogadh fuar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tíortha Moslamacha an Mheánoirthir agus thuaisceart na hAfraice.
claonadh láidir strong tendency
" "Níl sé faiseanta an corp a léiriú ar bhealach traidisiúnta; tá claonadh láidir ann faoi láthair é a dhéanamh teibí.
claonadh chun foréigin tendency towards violence
" Tá fianaise ann go méadaíonn *crack *an claonadh chun foréigin i ndaoine.
claonta biased
" Mar sin féin, ní shamhlóinn go mbeadh sé aon phioc níos claonta ná Sky, ná CNN, ná Fox TV.
aon phioc níos claonta any more biased
" Mar sin féin, ní shamhlóinn go mbeadh sé aon phioc níos claonta ná Sky, ná CNN, ná Fox TV.
claonadh tendency
" Thiocfadh leat a rá go bhfuil Robert Ballagh, a shaothar agus go leor de na gníomhaíochtaí breise a bhfuil lámh aige iontu ag troid in éadan na héiginneachta agus an claonadh a bheith leithscéalach a mhothaigh Louis Cullen.
claonadh tendency
" De bharr gurb iad cúinsí oidhreachtúla agus aistí bia ón am a chuaigh thart is cúis le raimhre go minic, agus de bharr go dteipeann ar 95-98% d'aistí bia thar trí bliana, tá an méid seo le rá ag an NAAFA: "Tá sé ag éirí soiléir gur fearr do dhaoine a bhfuil claonadh acu a bheith ramhar fanacht ag meáchan trom, ach seasmhach, agus díriú ar aclaíocht phearsanta in áit na tanaíochta.
claonadh tendency
"claonadh ag na Gréagaigh a bheith chomh mór céanna in aghaidh coinbhinsiúin agus chomh fáilteach is atá na hÉireannaigh, ach b'fhearr daoibh teacht anseo go bhfeice sibh féin na cosúlachtaí sin.
chlaonadh tendency
" Tá an dream atá i gcoinne an dlí nua ag rá gur sampla eile é den chlaonadh atá ag an stát a bheith ag iarraidh smacht róláidir a fháil ar shaol an tsaoránaigh.
claonadh tendency
" " Measann Lillis go bhfuil claonadh róláidir ann a bheith ag brú na Gaeilge ar dhaoine sa tír seo agus go bhfuil an-díobháil déanta ag an chur chuige sin.
claonta biased
" Agus, cé gur maith an rud é comparáid a dhéanamh, b'fhéidir, cén cuspóir atá agat agus tú ag déanamh na comparáide sin?" Ghoill sé ar Lillis go raibh lucht an tsean-nóis i nGaeltachtaí eile na tíre, go háirithe i gConamara, claonta i gcoinne stíl Dhún na nGall ar feadh i bhfad.
claonadh tendency
" Níl aon dabht freisin ach go bhfuil claonadh sa CLG cur i gcoinne brú de shaghas ar bith.
chlaonadh géiniteach chun foréigin genetic lust for violence
" Claonadh chun foréigin ======= D'úsáid na nuachtáin, na scolardaigh agus daoine eile a mheas gur dream gan úsáid a bhí sna hinimircigh Éireannacha, mar aon leis an pháirtí Daonlathach (faoi stiúir an duine míchlúitigh sin, Boss Tweed), na círéibeacha le léiriú gur dream a bhí sna Caitlicigh Éireannacha nach n-éireodh leo choíche an ceann is fearr a fháil ar an chlaonadh géiniteach chun foréigin agus mí-oird a bhain leo.
claonadh tendency
" " Agus an smaoiníonn sí uirthi féin mar chuid de thraidisiúin físe na hÉireann? "Ní smaoiníonn! Faoi láthair tá claonadh i dtreo na péintéireachta tapaidh, taosaí ann, le neart léaslínte.
claonta biased
" Ní raibh siad sásta freagracht ar bith a ghlacadh as chomh lochtach agus chomh claonta is a bhí an t-eolas a tugadh dóibh nó faoin gcaoi ar bhain siad úsáid as.
claonadh tendency
" Chreid Nixon é féin gur "tragóid uafásach" a bhí i dTuaisceart Éireann, agus go raibh claonadh ag rialtas na Breataine, "in ainneoin a ndea-thréithe go léir, cúrsaí a láimhseáil go mícheart i gcónaí in Éirinn.
claon a mite, a little bit
" " Fuair an bheirt fhear bád beag deismir agus, i ndiaidh traenáil cineál ainniseach, bhí siad i gceannas báid a raibh siad claon beag aineolach uirthi.
dhíon claonta inclined roof
" Ba bheag nár thug mé faoi deara na litreacha glasa scríofa ar fhuinneog taobh thiar de dhíon claonta na Cathrach Toirmiscthe: STARBUCKS COFFEE.
claonta prejudiced
" Cuireadh in iúl do na healaíontóirí an mhí seo caite nach bhféadfaí an scannán áirithe seo a thaispeáint sa Tate de bhrí go ndéanfadh sé an giúiré atá ag éisteacht le cás Faryadi Sarwar Zardad san Old Bailey claonta.
claonadh tendency
" Dúirt an Grúpa Campbell-Bewley, úinéirí na gcaifí, nach raibh na suímh stairiúla i dtiúin níos mó le dearcadh an phobail, ainneoin go ndearnadh athchóiriú costasach orthu le blianta beaga anuas, agus go raibh claonadh ag custaiméirí an lae inniu dul chuig caifí atá níos lú agus níos pearsanta.
an Túr Claonta the Leaning Tower
" " Níl Hotel Rinascente i bhfad ón áit is clúití i bPisa, an Túr Claonta.
claonadh chun coiriúlachta a tendency towards criminality
" In arm ar bith, bíonn i gcónaí daoine le claonadh chun coiriúlachta agus nuair a chríochnaíonn cogadh agus iad díomhaoin is minic go ngéilltear don chlaonadh seo.
chlaonadh tendency
" Sampla suntasach den chlaonadh seo is ea *Ghostship *(1998) a rinneadh in ómós do na longa solais agus a gcuid criúnna, a shaothraigh go crua ar feadh na mblianta ar chóstaí na hÉireann.
claonadh polaitiúil political bias
" Tá gá le córas lárnaithe nuachta chun na tuairiscí ar fad a scagadh agus chun iarracht éigin a dhéanamh na fíricí a chinntiú – cé go mbeidh spás ann i gcónaí do thuairimíocht agus claonadh polaitiúil ar scéalta.
claonadh tendency
" Dá bharr sin, beidh claonadh ag go leor daoine ó dheas, ó thuaidh agus sa Bhreatain, polaiteoirí ina measc, a gcúl a thabhairt leis na Sé Chontae, agus tá an baol ann nach ndéanfar na geallúintí a tugadh i gComhaontú Aoine an Chéasta do náisiúnaithe na Sé Chontae a chomhlíonadh.
claonadh tendency
" Thar aon rud eile, is é an claonadh thar na blianta ag údaráis stáit seasamh le fianaise an Gharda Síochána, fiú ar uairibh agus fios ag gach mac máthar é a bheith bréagach (mar a tharla i "gCás Leanaí Chiarraí" i 1985), a chruthaigh an cultúr neamhfhreagrach sa Gharda Síochána.
ag claonadh i ngach treo inclining in every direction
" Tá atmaisféar iontach sa reilig, atá lán leaca uaighe ag claonadh i ngach treo.
claonadh tendency
" Ar ndóigh, nuair a smaoiníonn daoine ar an teileachomaitéireacht, tá an claonadh acu díriú ar na rudaí dearfacha ar fad.
chlaon sé a cheann he nodded
" Ní raibh ann labhairt ach rinne sé iarracht de gháire beag agus chlaon sé a cheann mar fhreagra.
Chlaon Pól a cheann Pól nodded
" Chlaon Pól a cheann agus siúd amach an doras é.
chlaon sí a ceann ina dtreo she nodded in their direction
" Cé go ndearna an cailín úr gáire beag leo agus gur chlaon sí a ceann ina dtreo ar dhóigh iontach gnaíúil, ba bheag an tsócmhainn di é.
Chlaon Tomás a cheann ina treo Tomás nodded in her direction
" ” Chlaon Tomás a cheann ina treo, ag tabhairt le fios di gur thuig sé go maith cad é a bhí fúthu.
claonta prejudiced
" Ach níl sé claonta – deir sé go ndearnadh coireanna uafásacha “ar an dá thaobh” – ag tabhairt aspalóide don tríú “taobh”, na Sasanaigh.
a chlaonadh siar to incline it back
" Dá gcasfadh sé a chloigeann agus é a chlaonadh siar idir a ghuaillí bheadh lán a shúl aige den mhullach ba mhó ar domhan, é ag lonradh faoi sholas an mheán lae.
leis an chlaonadh náisiúnta with the national tendency
" (Mar a tharlaíonn sé, ba chlár a rinneadh faoi bhean as Conamara – Caitlín Maude – a bhí i gceist leis an aon eisceacht amháin!) Tá caithréim Chonamara sna duaiseanna cumarsáide ag teacht leis an chlaonadh náisiúnta ó thaobh cúrsaí Gaeilge de.
claonadh prejudice
" Tá an claonadh seo i dtreo Chonamara le feiceáil go háirithe sna meáin Ghaeilge.
claonadh tendency
" Bíonn claonadh ag an phobal vóta a chaitheamh in aghaidh rialtais reatha go háirithe ceann atá ann rófhada.
claon beag níos lú a little smaller
" Ó thaobh méid de, tá an áit seo claon beag níos lú ná an Vatacáin agus tá an-chuid Polannach iomráiteach curtha ann.
ag claonadh a chloiginn i dtreo na gréine inclining his head towards the sun
" Bhraithfeá gur duine é atá ag éirí amach as trinsí an teagaisc agus atá ag claonadh a chloiginn i dtreo na gréine den chéad uair le fada.
Agus ní dóigh liom go bhfuilim claonta! And I don't think I'm biased!
" Agus ní dóigh liom go bhfuilim claonta! Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
claonadh osréalaíoch surreal tendency
" Bhí claonadh osréalaíoch go minic i saothar luath Freud agus léiríodh sé daoine agus plandaí ar bhealaí neamhghnácha.
claonadh inclination
" Le cois logainmneacha agus ainmneacha pearsanta, nach ndearnadh mórán athruithe orthu riamh, tá claonadh anois “cúpla focal” Maoraise a shníomh isteach i gcomhrá Béarla - i gcás daoine nach bhfuil ach na nathanna gearra cainte sin ar eolas acu, fiú.
chlaonadar i dtreo na rialacha nua. they began to in the direction of the new rules.
" Thaitin na rialacha láimhsithe, chomh maith leis an liathróid ubhchruthach, le cuid mhaith de na hollscoileanna Meiriceánacha freisin, agus chlaonadar i dtreo na rialacha nua.
claonadh tendancy
" Dúirt Warhol féin gur spreag Tennessee Williams é mar go raibh claonadh aigesean gach rud a choinneáil i dtaisce i gcófraí.
bródúil as a gclaonadh gnéasach proud of their sexual orientation
" Theastaigh ó na daoine a bhí páirteach inti a rá os ard go poiblí go bhfuil siad bródúil as a gclaonadh gnéasach agus as a bhféiniúlacht.
an claonadh the tendency
" Bhí an claonadh aici glacadh le beagnach gach tairiscint agus dá bharr sin bhí sí páirteach i gclár nó dhó nach bhfuil sí róbhródúil astu anois.
go nochtfar a gclaonadh gnéasach that their sexual orientation will be uncovered
" Mar gheall air seo, bíonn faitíos ar go leor múinteoirí aeracha go nochtfar a gclaonadh gnéasach ar eagla go mbrisfí as a bpost iad dá bharr.
a gclaonadh gnéasach. their sexual orientation.
" **Ach déarfadh formhór na ndaoine aeracha nach rogha stíle maireachtála é a gclaonadh gnéasach.
Claonadh cúisíoch coitianta a fairly common inclination
"Claonadh cúisíoch coitianta atá ag an lucht léirmheastóireachta sa lá atá inniu ann ná míniú a lorg ar gach rud.
ag claonadh leis siding with, going towards
" Den chuid is mó, is sna stáit "ghorma" (is é sin, na stáit atá ag claonadh leis na Daonlathaigh) atá na príomhchathracha móra –Massachusetts, Nua Eabhrac, California, agus Illinois, cuir i gcás.
claonta i leith biased towards
" ” Mire mhílaoiseach Ach má tá Palin claonta i leith Iosrael (d’inis sí do Shimon Peres nach raibh ach bratach amháin ina hoifig!), tá a leathbhádóir sinsearach, John McCain, splanctha i ndiaidh na tíre bige sin.
chlaonadh polaitiúil political leanings
" Níl mé ag maíomh gur cheart duine a dhícháilliú siocair gur ball de pháirtí polaitiúil é, ach ba cheart go mbeadh critéir chinnte ann ina mbeadh cumas an duine, beag beann ar a chlaonadh polaitiúil, ar an chloch is mó ar an phaidrín.
Chlaon leaned over
" Chlaon bean mheánaosta - bandia na stuaime b’fhéidir! - a ceann i mo leith is dúirt go cneasta, “ní cúrsa ólta fíona é seo ach cúrsa blaiseadh fíona.
meáin chlaonta biased media
" A bhuíochas do na meáin chlaonta - nó saonta, b’fhéidir - ceaptar go forleathan go ndearna rialtas Ariel Sharon an díscoir aontaobhach sin chun cabhrú le ‘próiseas na síochána.
claonadh inclination
" Ni féidir a bheith ródhian ar na Meiriceánaigh a bhfuil íomhá róglóraithe acu d’Éirinn - déanaimid ar fad é, agus is coitianta i bhfad an claonadh seo nuair a bhímid i bhfad as baile nó i bhfad ón áit as a dtáinig ár muintir.
chlaonadh tendency
" Tá ciallachais mhóra ag an chlaonadh seo ar ndóigh do shochaí na hÉireann frí chéile ó tharla go measann lucht saineolais sa réimse seo go mbíonn dea-eisleamáirí fireanna de dhíth go mór ar ghasúirí agus iad ag teacht i méadaíocht - ar bhuachaillí ach go háirithe.
claonadh inclination
" A cháil titithe go mór ar na mallaibh, áfach, de dheasca na tubaiste a bhain le príosún Halla Uí Dhroighneáin a bheith caite i dtraipisí agus faoina chuid claonadh i dtreo na heite deise agus coir an Diamhaslú á dhleathú aige.
claonadh inclination
" A cháil titithe go mór ar na mallaibh, áfach, de dheasca na tubaiste a bhain le príosún Halla Uí Dhroighneáin a bheith caite i dtraipisí agus faoina chuid claonadh i dtreo na heite deise agus coir an Diamhaslú á dhleathú aige.
tuairimí claonta warped views
" Dúirt sé go raibh an feachtas ‘Face Equality’ ar chuir siad tús leis ar na mallaibh agus a dhéanann agóid in éadan tuairimí claonta, de dhith go géar.
claonadh inclination
" Feictear an claonadh céanna sa líon mac léinn in ollscoileanna eile ar nós Toulouse-Le Mirail agus Montpellier 3.
claonadh inclination
" Tá a fhios agam go bhfuil speictream leathan cúlrach, tionchar agus claonadh thart orm ag ’ul i bhfeidhm orm agus le tarraingt uathu.
chlaon leaned
" Bhreathnaigh an mac léinn faoi dheis agus faoi chlé agus chlaon a chloigeann isteach chugam go ciúin agus dúirt de chogar mogar, "An Mafia.
chlaonadh angle
" Ní Lia Duine ná Ráiteas Chuir daoine áirithe a chlaonadh féin ar scéal Mary MacKillop a luaithe is a chualathas fógra na Vatacáine.
claonta biased
" Tá Cuach claonta go mór i dtreo na Breataine.
chlaonann a anam perverts his soul
" Tá cluinte agam faoi chara carad de mo chuid a thiomáineann bus agus a chlaonann a anam le hobair lá Sabóide anois is arís.
Chlaon leaned
" Chlaon an bainisteoir a cheann beagáinín de leataobh lena mheangadh a cheilt.
claonadh gnéis sexual leaning
" Bhí cur síos ann mar gheall ar an rochtain a bhí acu d’eolas tábhachtach agus do shonraí pearsanta íogair ar nós claonadh gnéis agus a gcuid laigí ar nós dúil sa deoch mheisciúil.
claonadh inclination
" Thug sé faoin obair sin gan an claonadh stairiúil a chuir bac ar phríomhairí na Breataine san am a chuaigh thart agus bhí ceannairí an dá phobal sásta obair leis dá bharr sin.
gclaonadh tendency
" Tá bánú na tuaithe ar siúl le blianta fada chomh maith, agus meastar go gcuirfear leis an gclaonadh seo i ngeall ar an triomach a thit amach ní ba mhinice le fiche bliain anuas.
claonadh inclination
" In ainneoin an claonadh a bheadh ort gach rud a fheiceáil ag an aon am amháin, is dócha gur fearr i bhfad roinnt rudaí ar leith a roghnú le déanamh agus an méid sin a fheiceáil ar do shuaimhneas.
claonadh chun foréigin tendency towards violence
" Eachtra ab ea é a tharraing aird na tíre sna laethanta a lean Domhnach na náire, lá a thug léargas dúinn uair amháin eile ar aghaidh de chuid CLG a thagann chun cinn rómhinic agus is é sin, an claonadh chun foréigin agus na hainrialach ar an bpáirc agus ar an gclaí.
claonadh uimhreach number inclination
" Ní bhaineann an deacracht sin le séimhiú, le hurú, le claonadh uimhreach, le claochchlú foircinn faoi réir thuisil, ná lena dhath mar iad.
gan chlaonadh unbiased
" Finné an uile ní, airdeall, gan ghníomh, gan chlaonadh, gan dúil.
claonadh tendency
" Le haon chaitheamh amháin, ní fios cén toradh a bheadh ann, ach le himeacht aimsire éiríonn sé soiléir go bhfuil claonadh ann.
claonadh scoilteach analytic inclination
" Ta gaol casta idir teanga, ciall agus machnamh, ach tá fianaise ann go bhfuil nós mhodh na eolaíochta, an cleachtas a bheith ag smaoineamh i dtéarmaí adamhacha agus réadacha, dlúthceangailte le claonadh scoilteach sa Bhéarla.
claonadh i leith a preference towards
" Tugtar claonadh i leith an stáisiúin mar gheall ar na cláracha cainte a bhíonn ar siúl acu tráthnóna.
claonta crooked
" Nuair a dhúnmharaíonn póilíní claonta mac léi, is gaire dá croí an díoltas ná an deor.
claonta biased
" Mar gheall ar ainmniúchán George Bush, tá tromlach cúigear sa naonúr breithiúna atá claonta i dtreo na heite deise.
gclaonadh tendency
" Tá líon na ndaoine ar fheirmeacha agus atá fostaithe ar an talamh san abhantrach ag laghdú le blianta fada anuas agus cuireadh go mór leis an gclaonadh seo le linn an triomaigh thuas.
claonta biased
" Thaispeáin a chuid taighde go bhfuil na meáin claonta go mór i dtreo na n-Iosraelach.
claonadh inclination
" Tá an claonadh seo feicthe arís agus arís eile ag gníomhaithe éagsúla.
claonadh tendency
" Nuair a chuirtear torthaí an mheastacháin 2004-05 i gcomórtas le torthaí an NHS a rinneadh sa bhliain 1995, is léir go bhfuil an claonadh seo i dtreo an iomarca meáchain ag dul in olcas.
chlaonadh leaning(s)
" Shainmhínigh Sachs ceithre chineálacha den fhírinne don Truth and Reconciliation Commission agus ba chuma leis fé chlaonadh pholaitiúil na tuairisce oifigiúil uathu.
claonadh sealadach a temporary fashion
" Ceist eile ar ndóigh ná an fiú athbheochan a dhéanamh ar bhlaganna na Gaeilge nó ar cheart glacadh leis gur claonadh sealadach, gearrshaolach a bhí i mblagadóireacht na Gaeilge a d’imigh le sruth nuair a tháinig an crú ar an tairne.
gclaonadh gnéis sexual orientation
" D’fhéadfadh sé nár ghlac a muintir lena gclaonadh gnéis agus nach raibh fáilte rompu sa teach a thuilleadh.
claonta biased
" Ach táim beagáinín claonta – shiúlas féin i mbróga ‘Estragon’ i léiriú Dan Donovan in Everyman Chorcaí siar i gclochaois amaitéarach na seascadaí.
claonadh tendency
" Is léir gur faoi phobal Gaeilge Mheiriceá Thuaidh atá sé, an claonadh seo a stopadh.
claonta biased
" Maith dom mar sin má bhraitheann tú go bhfuilim rud beag claonta ar cheist an chóipchirt sa ré dhigiteach.
claonadh angle, leaning
" Toisc ná raibh na scileanna liteartha seo ag cosmhuintir na gcath, ’sé sin na saighdiúirí íosaicmeacha ach go háirithe, ní fhéadfaí a rá gur chuir siad claonadh liteartha ex post facto ar a gcuid scríbhinní.
claonta i leith biased in favour
" Tá sé scríofa agam roimhe seo i mBeo (eagráin 18 & 48) faoin dóigh ina bhfuil na póilíní i Learpholl claonta i leith na ndílseoirí agus i gcoinne na nÉireannach agus, ar an drochuair, bhí an claonadh seo le feiceáil arís i mbliana (18.
an claonadh seo this bias
" Tá sé scríofa agam roimhe seo i mBeo (eagráin 18 & 48) faoin dóigh ina bhfuil na póilíní i Learpholl claonta i leith na ndílseoirí agus i gcoinne na nÉireannach agus, ar an drochuair, bhí an claonadh seo le feiceáil arís i mbliana (18.