Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
claonpháirteachas collusion
" Ar an toirt, mhaígh Poblachtánaigh gur claonpháirteachas a bhí i gceist, ach ar an láimh eile, tá daoine ann nach gcreidfeadh go ndéanfadh fórsaí slándála dleathacha a leithéid, ainneoin na "appalling vistas" a chonaic muid le 30 bliain anuas.
chlaonpháirteachais collusion
" Cásanna clúiteacha ======= Tá ceist an chlaonpháirteachais beo beathaíoch go fóill, agus cásanna clúiteacha Pat Finucane agus Rosemary Nelson, ach bhí íospartaigh eile ann nach mbíonn a n-ainmneacha sna páipéir chomh minic sin, leithéidí Loughlin McGinn nó Roseanne Mallon.
claonpháirteachas praghsála pricing collusion
" Agus an tionscal fón póca á phlé sna meáin chumarsáide, is minic focail mar "fáisceadh" in úsáid agus claonpháirteachas praghsála á chur i leith na gcomhlachtaí móra.
chlaonpháirteachas neamhinste tacit collusion
" De réir na hanailíse atá déanta ag an rialtóir, tá fianaise ann de "chlaonpháirteachas neamhinste" idir 02 agus Vodafone faoi láthair (dhá dhream a bhfuil 90% den mhargadh acu).
claonpháirteachas collusion
" I Meitheamh 2003 bhronn aturnae mhuintir Fullerton comhad ar an Aire McDowell ina raibh fianaise úr ó fhinné nua, fianaise ní hamháin a chaith amhras ar iompar na nGardaí, ach fianaise a thacaigh leo siúd a chreid go raibh claonpháirteachas i gceist i ndúnmharú an Uasail Fullerton.
cineálacha éagsúla claonpháirteachais different types of collusion
" Dúirt Stevens ina thríú tuarascáil – tá milliún leathanach curtha i dtoll a chéile ag foireann Stevens ar chás Pat Finucane – go raibh cineálacha éagsúla claonpháirteachais ann.
claonpháirteachas collusion
" Bhí iniúchóir ó na Náisiúin Aontaithe buartha go raibh sí i gcontúirt mhór ach, de réir an fhiosrúcháin a cuireadh ar bun lena dúnmharú a iniúchadh, níl fianaise ar bith ann go raibh claonpháirteachas idir an RUC agus na dílseoirí a shíob an carr a raibh sí ann ach níor thug an RUC cosaint ar bith do Rosemary agus a fhios acu go raibh sí i mbaol.
leabhar úr ar an chlaonpháirteachas a new book on the collusion
" Chonaic mé seachtain mheasartha chorrach – dhá dhráma a bhain leis na Trioblóidí, Ian Cobain ón Guardian ag caint ar an chiapadh a chleacht Arm na Breataine ón Dara Cogadh Domhanda ar aghaidh, goltrón darb ainm Philomena faoi na neachtlanna Maighdilíneacha ach ba é The Conquest of Happiness, dráma bunaithe ar fhealsúnacht an tsíochánaí Bertrand Russell, agus leabhar úr ar an chlaonpháirteachas is mó a chuaigh i bhfeidhm orm.
claonpháirteachas collusion
" Tá gach seans ann, dar le Dónall Ó Maolfabhail, go n-éireoidh leis na fiosrúcháin atá á mbunú ag rialtais na hÉireann agus na Breataine claonpháirteachas idir Arm na Breataine agus dílseoirí sna Sé Chontae a chruthú.
claonpháirteachas collusion
" Thángthas ar thuilleadh fianaise le tamall anuas go raibh claonpháirteachas i gceist idir na fórsaí cosanta agus na dílseoirí sna Sé Chontae.
claonpháirteachas leanúnach continuous collusion
" Tá go leor fianaise ann go raibh claonpháirteachas leanúnach i gceist idir na fórsaí slándála sna Sé Chontae agus paraimíleataigh dhílseacha ach, mar a mhíníonn Robert McMillen, níl an toil pholaitiúil ann dul i ngleic leis an scannal.