Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clasaicigh classics
" Tá mé féin den tuairim nach mba chóir don fhoghlaimeoir bacadh leis an chineál sin leabhartha ach i ndiaidh dó dianstaidéar a dhéanamh ar Ghaeilge na Gaeltachta - na clasaicigh, ar nós shaothar mhuintir Ghrianna, Mháirtín Uí Chadhain, Pheig agus an dream sin uilig - agus thairis sin, caithfidh sé roinnt mhaith díolamaí béaloideasa a léamh.
clasaiceach classical
" Chomh maith leis sin, nuair a thosaigh mé sa chéad bhliain ní raibh aon cheol clasaiceach agam.
samhloidí ón litríocht chlasaiceach imagery from classical literature
" Tá blaisín samhloidí ón litríocht chlasaiceach ann - is carbhad a bhád beag, mar shampla - agus tá macallaí na salm ann freisin.
hailtireacht chlasaiceach mheánaoiseach classical medieval architecture
" Céard a thug go Poblacht na Seice in aon chor mé? Cinnte tá Prág go hálainn mar chathair, lena hailtireacht chlasaiceach mheánaoiseach, beoir bhlasta agus mná áille, ach canathaobh go dteastódh uait fanacht ann seachas ar do laethanta saoire amháin, mar a dhéanann gach éinne eile? Nó an bhfuil tú as do mheabhair ar fad? B'in iad na ceisteanna infhoilsithe a cuireadh orm nuair a chuir mé in iúl do mo chairde agus mo ghaolta go rabhas ag glacadh le post ag múineadh Gaeilge san ollscoil ansin.
déithe clasaiceacha classical gods
" Tá líon dochreidte dealbh thart ar bhallaí agus ar dhíonta na cathrach - naoimh, déithe clasaiceacha, maighdeana mara, sclábhaithe fiú.
an Léann Clasaiceach Classics
" ” Rinne Fisk céim amháin – an Léann Clasaiceach agus an Teangeolaíocht - in Ollscoil Lancaster agus an dara céim, sa Pholaitíocht, i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.
an fhliúit chlasaiceach classical flute
" CÓD: Is fear fliúite é Johnny a sheinneann an veidhlín níos minicí ná an fhliúit, sárcheoltóir é atá oilte i mórán saghsanna eile ceoil, ar nós an cheoil chlasaicigh (múineann sé an fhliúit chlasaiceach) agus snagcheoil, ach ar mo chuma féin, tá a chroí i gceol Shliabh Luachra.
ceol clasaiceach den scoth excellent classical music
" Bíonn ceol clasaiceach den scoth le cloisteáil san Fhéile Idirnáisiúnta.
drámaí clasaiceacha agus nua-aoiseacha, classical and modern plays,
" Léiríonn Rough Magic drámaí clasaiceacha agus nua-aoiseacha, chomh maith le drámaí nua Éireannacha.
ag canadh bhailéid chlasaiceacha na hAlban. singing the classical ballads of Scotland.
" Deir an t-amhránaí mór le rá Dick Gaughan go raibh Robertson ar an amhránaí is fearr dá chuala sé riamh ag canadh bhailéid chlasaiceacha na hAlban.
ceoltóirí clasaiceacha classical musicians
" ** ** AÓF: Cén saghas daoine a cheannaíonn boghanna uait? NB: 90% de mo chuid custaiméirí is ceoltóirí clasaiceacha iad cé go bhfuil roinnt ceoltóirí traidisiúnta atá ag seinm go proifisiúnta tar éis boghanna a fháil uaim.
ó thaobh an cheoil chlasaicigh de in terms of classic music
" * Cloisim an dóigh a ndeachaigh an oiliúint a fuair sí ó thaobh an cheoil chlasaicigh de chun sochair di – tá sé le sonrú sa chomhcheol agus i struchtúr an cheoil é féin.
bunaithe ar cheol clasaiceach. based on classical music.
" Ag an am, bhí an siollabas bunaithe ar cheol clasaiceach.
oiliúint chlasaiceach classical training
" Is as Contae Liatroma í mo mháthair agus rinne sise cinnte de go bhfuair muid oiliúint chlasaiceach sa cheol chomh maith.
ré chlasaiceach classical era
" Rúiseach doscúch é Artur Chilingarov, a bhfuil 80 bliain slánaithe aige, agus an chuma air gur tháinig sé díreach ó ré chlasaiceach na dtaiscéalaithe, féasóg mhairnéalaigh san áireamh.
ag plé na nua-aoisithe clasaiceacha discussing modern classics
" Thugamar tamall ag plé na nua-aoisithe clasaiceacha – go háirithe Thomas Mann, Dostoevsky agus Proust.